Cás-Staidéir Nochtadh / Nochtadh Neamhúdaraithe
EComhroinnt iomarcach sonraí catagóire speisialta le tríú páirtí chun treoir a lorg thar ceann fostaí
Chuir duine aonair doiciméadacht liachta faoi bhráid oifigeach míchumais a fhostóra chun socruithe réasúnacha a iarraidh lena dtacófaí leis a chuid oibre a dhéanamh laistigh d’eagraíocht earnála poiblí. Ba é an t-oifigeach míchumais an pointe teagmhála lárnach agus an soláthraí seirbhíse do gach ball foirne faoi mhíchumas a bhí ag obair don eagraíocht, agus bhí cúis ag an duine aonair le teagmháil a dhéanamh leis an oifigeach míchumais ó am go chéile le linn a
chuid fostaíochta.
Sonraí catagóire speisialta de chuid fostaí a bheith á nochtadh ag a fhostóir do sholáthraí seirbhísí tríú páirtí, gan toiliú an fhostaí
Chuir duine aonair iarraidh rochtana faoi bhráid a fhostóra, ar fiontar beag agus meánmhéide é a sholáthraíonn seirbhísí gnólacht le gnólacht. Mar gheall ar an doiciméadacht a sholáthair an eagraíocht don duine aonair mar fhreagra ar an iarraidh, chuir an duine aonair gearán faoi bhráid an Choimisiúin á líomhain go ndearna an eagraíocht a shonraí pearsanta, lenar áiríodh sonraí catagóire speisialta, a nochtadh go neamhdhleathach do thríú páirtí, ar Soláthraí Seirbhísí Acmhainní Daonna (soláthraí Acmhainní Daonna) é.
Féach Tuilleadh EolaisSonraí sláinte ceirde a phróiseáil
Chuir duine aonair gearán faoi bhráid an Choimisiúin tar éis do shaoráid liachta a shonraí liachta a nochtadh dá fhostóir. D’fhreastail an duine aonair ar an tsaoráid liachta ar iarraidh a fhostóra, mar gheall ar é a bheith as láthair ón obair le fada ar shaoire bhreoiteachta. Le linn an chomhairliúcháin ag an tsaoráid liachta, fiafraíodh den duine aonair faoina stair liachta, rud nach raibh aon bhaint dhíreach aige lena bhreoiteacht reatha. Thug an tsaoráid liachta cóip iomlán dá nótaí comhairliúcháin d’fhostóir an duine aonair. Áiríodh leo sin sonraí liachta stairiúla an duine aonair.
Féach Tuilleadh EolaisSonraí pearsanta a nochtadh do ghníomhaireacht bailiúcháin fiach
Rinne duine aonair teagmháil leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí tar éis do sholáthraí seirbhíse fuinnimh próiseáil bhreise a dhéanamh ar a shonraí pearsanta agus iad a chomhroinnt le tríú páirtí, ar gníomhaireacht bailiúcháin fiach é. Chuir an duine aonair a chonradh leis an soláthraí seirbhíse i gcrích agus fuair sé a shonrasc deiridh as na seirbhísí a soláthraíodh. Cheistigh an duine aonair roinnt de na muirir ar an sonrasc, ach ní bhfuair sé aon fhreagra ón soláthraí seirbhíse. Ina ionad sin, rinne gníomhaireacht bailiúcháin fiach teagmháil leis.
Féach Tuilleadh EolaisSonraí sláinte agus airgeadais a nochtadh do thríú páirtí
Chuir duine aonair iarraidh saorála faisnéise faoi bhráid a iarfhostóra, ar Gníomhaireacht Stáit é. Tar éis dó freagra a fháil ar an iarratas sin ar shaoráil faisnéise, fuair an duine amach gur nocht an Ghníomhaireacht Stáit a shonraí airgeadais agus a sonraí pearsanta de chatagóir speisialta – eadhon, sonraí sláinte – do thríú páirtí gaolmhar. Rinne an duine aonair gearán leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí.
Féach Tuilleadh EolaisEaspa bearta slándála cuí nochtadh neamhúdaraithe i dtimpeallacht ionad oibre
Fuair an DPC gearán maidir le fostóir, ar chuideachta déantúsaíochta a bhí inti, inar maíodh go raibh a fhaisnéis phríobháideach, lena n-áirítear coinní le dochtúir na cuideachta, sonraí maidir le héileamh ar dhíobháil phearsanta a bhí á dhéanamh i gcoinne na cuideachta agus sonraí maidir le próiseas smachta a rinneadh i gcoinne an ghearánaigh curtha ar ‘C-Drive’ comhroinnte na cuideachta, go raibh teacht ag duine ar bith laistigh den chuideachta uirthi, agus gur fágadh cóip de na sonraí ar CD-ROM ar dheasc an ghearánaigh.
Féach Tuilleadh EolaisFaisnéis airgeadais a bheith á seoladh mar chóip charbóin chuig bialann go hearráideach (An dlí is infheidhme — na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003 (na hAchtanna))
Fuaireamar gearán a bhain le nochtadh líomhnaithe shonraí pearsanta na ngearánach do thríú páirtí ag comhlacht díoltóireachta mótarfheithiclí. Chun carr a cheannach trí Phlean Conartha Pearsanta, thug na gearánaigh cóipeanna dá gceadúnais tiomána agus dá sonraí bainc don chomhlacht díoltóireachta. Áiríodh leis na sonraí sin ráitis bhainc agus lánsonraí cuntais. Cuireadh iad ar áireamh ina dhiaidh sin i ríomhphost a seoladh ón gcomhlacht díoltóireachta chuig seoladh ríomhphoist tríú páirtí, a measadh a bheith ina sheoladh atá bainteach le banc. Cuimsíodh sa ríomhphost sin ceadúnais tiomána agus sonraí bainc na ngearánach. Bhí imní ar na gearánaigh gur sheoladh ríomhphoist de chuid bialainne a bhí i seoladh ríomhphoist an tríú páirtí. Rinne siad teagmháil leis an gcomhlacht díoltóireachta faoi sin. Dearbhaíodh dóibh, áfach, gur le banc a bhain an seoladh ríomhphoist i gceist agus go raibh an seoladh ríomhphoist slán.
Féach Tuilleadh EolaisFSS/ Ghníomhaireacht um Chúram Sláinte
In 2019, fuair an DPC gearán maidir le nochtadh sonraí othair trí theachtaire Facebook ag taisceoir ospidéil maidir lena bheith i láthair ag Aonad Luath- Thoirchis ospidéil. Tar éis scrúdú a dhéanamh ar an ngearán, shoiléirigh FSS don CCS go raibh gníomhaire cúraim sláinte a d’fhoilsigh an FSS i mbun an taisce ospidéil a nocht faisnéis phearsanta an othair. Rinne an DPC teagmháil leis an ngníomhaireacht agus lorg sí nuashonrú maidir lena imscrúdú inmheánach, sonraí ar aon ghníomh feabhais chomh maith le sonraí faoi aon ghníomh araíonachta a rinneadh i gcoinne an fhostaí i gceist. Ag an am céanna, chuir an CCS in iúl don FSS, mar go ndéanann sé conradh ar an gcuideachta atá i gceist chun foireann ghníomhaireachta a chur ar fáil chun obair san ospidéal, gurb é FSS an rialaitheoir sonraí i ndeireadh na dála maidir leis na sonraí pearsanta sa chás seo.
Féach Tuilleadh EolaisGrianghraf a Nochtadh agus a Fhoilsiú gan Údarú
Rinne ábhar sonraí gearán leis an DPC maidir le foilsiú íomhá, ainm agus cuid de sheoladh a linbh i nuachtán creidimh. Fuarthas an t-íomhá a úsáideadh san fhoilseachán ar dtús ó leathanach Facebook grúpa creidimh. Chuir an t-ábhar sonraí in iúl don DPC nár tugadh cead úsáid níos leithne a bhaint as an íomhá trí é a fhoilsiú sa nuachtán. Bá é príobháideacht an linbh an t-ábhar imní a tháinig chun cinn mar gheall gur úsáid an nuachtán íomhá, ainm agus cuid de sheoladh an linbh. I gcomhfhreagras a seoladh go díreach idir an t-ábhar sonraí agus an nuachtán, luaigh an t-ábhar sonraí Airteagal 9 den GDPR maidir le sonraí pearsanta catagóire speisialta, a bhfuil feidhm aige dá ghearán toisc gur nochtadh faisnéis maidir le creideamh an linbh san íomhá.
Féach Tuilleadh EolaisNochtadh Gan Toiliú
Rinne duine aonair gearán leis an gCoimisiún á rá go ndearna an Biúró um Shócmhainní Coiriúla (CAB) a mhionsonraí pearsanta airgeadais a nochtadh, gan toiliú a fháil uaidh, do roinnt daoine aonair ar ina n-aghaidh a thionscain CAB imeachtaí dlí. Chuir CAB in iúl don Choimisiún gur faoi na hAchtanna um Fháltais ó Choireacht, 1996 go 2016, a tionscnaíodh na himeachtaí a bhí i gceist. Is é an cuspóir atá leis na hAchtanna sin sainaithint agus coigistiú a dhéanamh ar mhaoin ar suíodh chun sástacht na hArd-Chúirte gurb iad na fáltais ó choireacht iad. Luaigh CAB go raibh an fhaisnéis a bhí sna doiciméid ábhair ag teastáil chun foinse na maoine a bhí ina hábhar do na himeachtaí a shuí. Leag CAB amach go raibh sonraí pearsanta an duine aonair a bhí i gceist fite fuaite i sonraí pearsanta na ndaoine aonair a bhí á n-ionchúiseamh agus nach bhféadfaí na sonraí sin a cheilt ó na doiciméid chúirte. Thug an Coimisiún faoi deara go rialaítear imeachtaí den sórt sin le halt 158(1) den Acht um Chosaint Sonraí, 2018 (an tAcht), lena bhforáiltear go bhféadfar srian a chur le GDPR agus leis an Treoir maidir le Cosaint Sonraí i réimse Fhorfheidhmiú an Dlí, mar atá trasuite san Acht, chun cosaint neamhspleáchais bhreithiúnaigh agus imeachtaí breithiúnacha a chinntiú.
Féach Tuilleadh EolaisNochtadh líomhnaithe shonraí pearsanta an ghearánaigh ag údarás áitiúil (Gearán Sáraithe Shonraí)
Fuair an DPC gearán ó dhuine aonair maidir le nochtadh líomhnaithe shonraí pearsanta an ghearánaigh ag údarás áitiúil. Líomhnaigh an gearánach go raibh ainm an ghearánaigh, a sheoladh poist agus eolas a bhain le híocaíocht cúnaimh tithíochta go hearráideach chuig tríú páirtí nochtaithe ag an údarás áitiúil. Bhí an t-údarás áitiúil tar éis cur in iúl don duine aonair gur tharla an nochtadh seo. Bhí an duine aonair míshásta, áfach, leis na bearta a rinne an t-údarás áitiúil mar fhreagra ar an nochtadh agus níor mhian leis dul i dteagmháil tuilleadh leis an údarás áitiúil agus é i gceist réiteach cairdiúil an ghearáin a lorg.
Féach Tuilleadh EolaisNochtadh neamhúdaraithe i dtimpeallacht ionad oibre
Mhaígh an gearánach go raibh a shonraí pearsanta inrochtana ag daoine neamhúdaraithe, lena n-áirítear iarchomhghleacaithe agus tríú páirtithe seachtracha, mar gheall ar phróiseáil neamhshlán a rinne a iarfhostóir.
Féach Tuilleadh EolaisNochtadh neamhúdaraithe taifead ríomhshonrasctha fóin póca, ina raibh sonraí pearsanta, ag cuideachta teileachumarsáide, d’iarfhostóir an ábhair sonraí (An dlí is infheidhme: Na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003)
D’iarr an gearánach, i rith tréimhse fostaíochta san am atá caite, ar an cuideachta teileachumarsáide (“an cuideachta teileachumarsáide”) a huimhir fóin póca phearsanta a nascadh le cuntas an fhostóra a bhí aici ag an am. Chuir sin ar chumas an ghearánaigh leas a bhaint as lascaine a bhain le cód grúpa An cuideachta teileachumarsáide an fhostóra sin. Cé gur athraíodh an t-ainm ar chuntas an ghearánaigh go dtí ainm an iar-fhostóra, bhain seoladh baile an ghearánaigh leis an gcuntas i gcónaí agus ba é an gearánach a bhí freagrach i gcónaí as aon bhillí a íoc. Nuair a tháinig deireadh leis an gcaidreamh fostaíochta sin, rinne an gearánach teagmháil le An cuideachta teileachumarsáide agus d’iarr (i) go gcuirfí srian ar an rochtain a bhí ag a hiar-fhostóir ar a cuntais fóin póca; agus (ii) an cuntas a dheighilt ó chuntas a hiar-fhostóra. De bhun an iarrata sin, ghlac bainisteoir cuntais de chuid an cuideachta teileachumarsáide roinnt céimeanna ag ceapadh (go mícheart) go ndéanfaí cuntas an ghearánaigh a dheighilt ó chuntas a iar-fhostóra. Tháinig an gearánach chun fios a bheith aici, áfach, gur lean a hiar-fhostóir ar aghaidh ag déanamh rochtana ar a taifid chuntais i ndiaidh di an iarraidh sin a dhéanamh. De bhun fiosrúchán breise ón ngearánach, tháinig an cuideachta teileachumarsáide ar a earráid agus rinne cuntas an ghearánaigh a dheighilt ó chuntas a hiar-fhostóra ar deireadh.
Féach Tuilleadh EolaisNochtadh ráiteas cuntais ag banc don ionadaí le sealbhóir comhchuntais
Bhí comhchuntas bainc le ball teaghlaigh ag an ngearánach sa chás seo. Ag teacht sna sála ar iarraidh a fháil ó aturnaetha an tsealbhóra eile den chomhchuntas, nocht an banc (an rialaitheoir sonraí) cóipeanna de ráitis bhainc a bhaineann leis an gcuntas, lenar áiríodh sonraí pearsanta an ghearánaigh, do na haturnaetha sin. Bhí imní ar an ngearánach nár chomhlíon an nochtadh sin an dlí um chosaint sonraí.
Féach Tuilleadh EolaisNochtadh Sonraí Íogaire
Rinne duine aonair gearán leis an CCS gur nocht Comhlacht Éadaí agus Bia a gcuid faisnéise liachta pearsanta trí chomhfhreagras poist a eisiúint leis na focail “Coeliac Mailing” priontáilte ar an taobh amuigh den chlúdach. Mar chuid d’áis Chárta Luach Stórais, shínigh an duine i gceist le ‘Deimhniú Bliantúil Caiteachais’ a fháil táirgí saor ó ghlútan a ceannaíodh i rith na bliana, a d’fhéadfaí a úsáid chun críocha cánach. Chuir an CCS in iúl don Store, faoi Airteagal 9 den GDPR, go meastar sonraí sláinte a bheith ina sonraí íogaire agus go dtugtar cosaint bhreise dóibh agus go gcaithfí na focail “Cóeliac Mailing” a thaispeáint i bhfianaise an Airteagail 9 den GDPR. Mar fhreagra air sin, chuir an Store in iúl don CCS gur threoraigh sé dá roinn margaíochta scor den fhoclaíocht seo a úsáid ar an taobh amuigh de clúdaigh do gach post amach anseo. Fáiltíonn an CCS roimh thoradh dearfach na rannpháirtíochta seo.
Féach Tuilleadh EolaisSárú sonraí ag an bPríomh-Oifigeach Staidrimh — Nochtadh sonraí P45 (An dlí is infheidhme — na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003)
Fuaireamar roinnt gearán go mall sa bhliain 2017 in aghaidh na Príomh-Oifige Staidrimh. Líomhnaíodh i ngach ceann díobh gur nocht an Phríomh-Oifig Staidrimh sonraí pearsanta na ngearánach lenar bhain gan a fhios dóibh agus gan toiliú a fháil uathu. Bhain na gearáin le sárú sonraí a thuairiscigh an Phríomh-Oifig Staidrimh dúinn (de réir an Chóid Chleachtais um Sháruithe Slándála i nDáil le Sonraí Pearsanta, ar cód cleachtais deonach é) agus do na daoine aonair lenar bhain freisin.
Féach Tuilleadh EolaisSonraí a bheith á dtarchur ag Roinn Rialtais trí WhatsApp (An dlí is infheidhme — na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003 (na hAchtanna))
Fuaireamar gearán in aghaidh na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála á líomhain gur chomhroinn an misean i gCaireo, an Éigipt, sonraí pearsanta an ghearánaigh le tríú páirtí (a fhostóir) gan a eolas ná a thoiliú agus gur mhainnigh an Roinn sonraí pearsanta an ghearánaigh a choinneáil slán sábháilte, agus WhatsApp á úsáid aici chun na sonraí a tharchur chuig a fhostóir. Bhain an cás seo leis an bpróiseáil ar shonraí pearsanta an ghearánaigh, a tugadh in iarratas ar víosa ghearrthéarmach a chuir sé isteach chun scrúdú a dhéanamh in Éirinn.
Féach Tuilleadh EolaisSonraí pearsanta comhalta arna nochtadh ag comhar creidmheasa le gnólacht imscrúduithe príobháideacha
Bhí an gearánach sa chás seo ina iasachtaí ó chomhar creidmheasa agus bhí sé maíte ina leith go raibh sé i riaráiste ar iasacht. Mhaígh an comhar creidmheasa nach raibh sé in ann teagmháil a dhéanamh leis an ngearánach. Nocht an comhar creidmheasa sonraí pearsanta de chuid an ghearánaigh le gnólacht imscrúduithe príobháideacha d’fhonn an gearánach a aimsiú agus cumarsáid a dhéanamh leis. Áiríodh leis na sonraí a nochtadh ainm, seoladh, iar-sheoladh, stádas teaghlaigh agus stádas fostaíochta an ghearánaigh. Thart ar ceithre bliana ina dhiaidh sin, fuair an gearánach amach faoin nochtadh sin agus rinne sé gearán leis an DPC.
Féach Tuilleadh EolaisTras-scríbhinn comhrá Gréasáin de chuid Ryanair a bheith á seoladh chuig custaiméir eile (An dlí is infheidhme — an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus an tAcht um Chosaint Sonraí, 2018)
Fuaireamar gearán ó ábhar sonraí a ndearna Ryanair an comhrá Gréasáin a bhí aige le fostaí de chuid Ryanair a nochtadh de thaisme i ríomhphost chuig duine eile a bhain úsáid as seirbhís comhrá Gréasáin Ryanair. I dtras-scríbhinn an chomhrá Gréasáin, tugadh ainm an ghearánaigh, ainm a pháirtnéara, a sheoladh ríomhphoist, a uimhir fóin agus a phleananna eitilte. D’inis an gearánach dúinn gurb é an duine ar seoladh tras-scríbhinn a chomhrá Gréasáin chuige trí earráid an duine a tharraing a aird ar an nochtadh.
Féach Tuilleadh EolaisAinm agus uimhir ghutháin shoghluaiste iriseora á nochtadh ag pearsa poiblí
Bhí an gearánaí sa chás seo ina iriseoir a sheol ríomhphost chuig pearsa poiblí chun ceisteanna a chur maidir le cinntí a rinne an pearsa poiblí i ndáil lena chuid oibre. D’úsáid an pearsa poiblí a chuntas Twitter chun cóip den ríomhphost a fhoilsiú. Bhíothas in ann ainm, seoladh ríomhphoist oibre agus uimhir ghutháin shoghluaiste an iriseora a léamh sa chóip den ríomhphost a foilsíodh. D’inis an t-iriseoir faoi roinnt teachtaireachtaí téacs bagracha a fháil ina dhiaidh sin.
Féach Tuilleadh EolaisBearta slándála cuí do shonraí sláinte a sheoltar trí ríomhphost
Fuair an DPC gearán ó thuismitheoir linbh ar nochtadh a shonraí sláinte le tríú páirtí anaithnid trí dhearmad. Bhí na sonraí coinnithe i ndoiciméad a bhí ceangailte le seoladh ríomhphoist mícheart ar sheol fostaí i gcomhlacht poiblí é.
Féach Tuilleadh EolaisNochtadh sonraí pearsanta (An Dlí is Infheidhme — an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus an tAcht um Chosaint Sonraí, 2018)
D’eisigh ábhar sonraí gearán chuig an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (“an Coimisiún”) i gcoinne a chuideachta bainistíochta úinéirí (“rialaitheoir sonraí”) maidir le nochtadh a shonraí pearsanta faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (“GDPR”). Mhínigh an t-ábhar sonraí don Choimisiún go ndearna cuideachta bainistíochta réadmhaoine ríomhphost inar cuimsíodh a shonraí pearsanta a scaipeadh thar ceann cuideachta bainistíochta úinéirí (“CBÚ”) agus gur cuimsíodh sa ríomhphost faisnéis maidir leis an íoc muirear bliantúil seirbhísí.
Féach Tuilleadh EolaisNochtadh sonraí pearsanta agus airgeadais do thríú páirtí agus iarratas scriosta
Chuir an t-ábhar sonraí a sonraí pearsanta agus airgeadais ar fáil d’eagraíocht (an rialaitheoir sonraí) mar chuid d’iarratas scéime a nduine muinteartha. Níor éirigh leis an iarratas agus eisíodh litir dhiúltaithe ar an iarratasóir, inar áiríodh, briseadh síos ar shonraí pearsanta agus airgeadais an ábhair sonraí. Rinne an t-ábhar sonraí gearán leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (DPC) maidir le heaspa trédhearcachta sa phróiseas iarratais agus nochtadh a sonraí pearsanta agus airgeadas dá nduine muinteartha. D’iarr an t-ábhar sonraí ar an rialaitheoir sonraí a sonraí pearsanta a sheoladh ar ais. Rinne an duine t-ábhar sonraí iarratas freisin go scriosfadh an rialaitheoir sonraí a sonraí pearsanta faoi Airteagal 17 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR), agus mura raibh scrios mar rogha, an bonn dlí atá acu lena chuid/lena cuid sonraí a choinneáil.
Féach Tuilleadh Eolais