Cás-Staidéir Nochtadh / Nochtadh Neamhúdaraithe

 

Sonraí a bheith á dtarchur ag Roinn Rialtais trí WhatsApp (An dlí is infheidhme — na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003 (na hAchtanna))

Fuaireamar gearán in aghaidh na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála á líomhain gur chomhroinn an misean i gCaireo, an Éigipt, sonraí pearsanta an ghearánaigh le tríú páirtí (a fhostóir) gan a eolas ná a thoiliú agus gur mhainnigh an Roinn sonraí pearsanta an ghearánaigh a choinneáil slán sábháilte, agus WhatsApp á úsáid aici chun na sonraí a tharchur chuig a fhostóir. Bhain an cás seo leis an bpróiseáil ar shonraí pearsanta an ghearánaigh, a tugadh in iarratas ar víosa ghearrthéarmach a chuir sé isteach chun scrúdú a dhéanamh in Éirinn.

Le linn ár n-imscrúdaithe, chuir an Roinn in iúl dúinn go mbíonn sé mar ghnáthchleachtas aici cruinneas agus iomláine na n-iarratas agus bailíocht na ndoiciméad tacaíochta a mheas agus iarratais ar víosa á bpróiseáil aici. Dar leis an Roinn, tháinig amhras chun cinn faoina fhírinní a bhí doiciméad tacaíochta amháin a chuir an gearánach isteach, rud ar airbheartaíodh gur shínigh a fhostóir é. Chun bailíocht an doiciméid a fhíorú, rinne ball foirne i misean Chaireo teagmháil leis an bhfostóir (ar oifigeach de chuid gníomhaireacht rialtais san Éigipt é, a raibh a ainm agus a shíniú le feiceáil ar an doiciméad) thar an teileafón toisc go raibh sé sa riocht is fearr chun an bharántúlacht a fhíorú. Dheimhnigh an fostóir gur ghá dó an doiciméad a fheiceáil sula bhféadfadh sé é a fhíorú. Ós rud é nach raibh aon seoladh ríomhphoist oifigiúil aige, ní raibh sé in ann é a fháil ach amháin trí WhatsApp. D’inis an Roinn dúinn gurbh amhlaidh, sular sheol sí na sonraí trí WhatsApp, go ndearna sí measúnú riosca áitiúil, ar lena linn a d’fhéach sí ar an tslándáil/an criptiú a bhaineann le WhatsApp. Bunaithe ar an gcriptiú ó cheann ceann atá ar fáil ar WhatsApp agus mar gheall ar phráinne an iarratais ar víosa, mar a leag an gearánach amach san iarratas uaidh, tháinig an Roinn ar an gconclúid go raibh sé sin ar an modh tarchuir is sláine a bhí ar fáil. Sa chomhthéacs sin, chuir an Roinn in iúl dúinn nach bhfuil rochtain ag a lán oifigeach rialtais agus státseirbhíseach san Éigipt ar chuntais/córais ríomhphoist oifigiúla agus go n-úsáideann siad seirbhísí amhail Gmail, Hotmail, WhatsApp agus Viber go minic chun gnó oifigiúil a sheoladh. Sa chás seo, dheimhnigh an t-oifigeach rialtais a bhí i gceist go raibh WhatsApp ar an aon mhodh cumarsáide amháin a bhí ar fáil dó. Seoladh na doiciméid trí WhatsApp ach úsáid a bhaint as fón póca an aon bhaill foirne amháin i misean Chaireo a raibh WhatsApp aige. Scriosadh na doiciméid ón ngléas díreach tar éis iad a sheoladh. Mar a tharla ar deireadh, d’inis an t-oifigeach do mhisean Chaireo go raibh na doiciméid calaoiseach agus diúltaíodh don iarratas ar víosa dá bharr sin.

Le linn ár n-imscrúdaithe, dúirt an gearánach linn go raibh cúiteamh arbh fhiú €3,000 é á lorg aige ón Roinn. Ba é sin an costas ar an scrúdú a dhéanamh in Éirinn, costas a chaill sé. Tar éis don Choimisiún a chur in iúl don ghearánach nach raibh sé de chumhacht aici cúiteamh a dhámhachtain, d’iarr an gearánach cinneadh foirmiúil ón gCoimisiún.

Agus é ag breithniú cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh sárú ar na hAchtanna nuair a sheol an Roinn sonraí pearsanta an ghearánaigh chuig an oifigeach a bhí i gceist trí WhatsApp, rinne an Coimisiún iarracht teacht ar na fíricí maidir le cé acu ba ghá nó nár ghá an fhaisnéis a bhí i gceist a tharchur ar an gcéad dul síos agus, ar an dara dul síos, cé acu a bhí nó nach raibh an tarchur slán, lenar áiríodh an cheist maidir le cé acu a bhí nó nach raibh an Roinn in ann modhanna níos sláine a úsáid chun na sonraí a tharchur. Ar an gcéad cheist, ba dheimhin leis an gCoimisiún gur ghá don Roinn sonraí pearsanta an ghearánaigh a chomhroinnt leis an oifigeach, a bhí ainmnithe mar fhostóir san iarratas ar víosa ghearrthéarmach agus ar airbheartaíodh gur shínigh sé doiciméid tacaíochta áirithe. Maidir leis sin, thugamar faoi deara go luaitear go sainráite sa bheartas príobháideachta ábhartha (an beartas atá i bhfeidhm ag Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann) gur ar an iarratasóir atá an dualgas cruthúnais i ndáil le haon iarratas ar víosa agus go bhféadfaidh an t-oifigeach víosa fíorú a dhéanamh ar aon fhianaise a chuirfear isteach chun tacú le hiarratas. Luaitear sa bheartas freisin go bhféadfar aon fhaisnéis a thabharfar i bhfoirm iarratais a nochtadh do rialtais eachtracha agus do chomhlachtaí eile, i measc daoine eile, chun críocha inimirce.

Ós rud é nach raibh aon mhodhanna slána eile ar fáil chun teagmháil a dhéanamh leis an oifigeach a bhí i gceist, ba dheimhin leis an gCoimisiún gur ghá an fhaisnéis a tharchur trí WhatsApp chun na sonraí pearsanta a phróiseáil chun na críche ar chuici soláthraíodh iad (incháilitheacht do víosa). Ba dheimhin leis freisin gur tugadh fógra don ghearánach á rá go bhféadfaí doiciméid tacaíochta a chomhroinnt le tríú páirtithe chun barántúlacht a fhíorú. Thug an Coimisiún aird freisin ar an bhfíric go bhfuarthas amach sa mheasúnú riosca áitiúil a rinne an Roinn gur tharla sé, sna himthosca, go raibh WhatsApp ar an modh tarchuir is sláine chun na sonraí pearsanta a sheoladh. Dá réir sin, chinn an Coimisiún gur ghníomhaigh an Roinn i gcomhréir leis na hAchtanna.

Key Takeaway

  • Ba chás eisceachtúil é seo, a d’eascair as na himthosca ar leith ar an talamh sa tír a bhí i gceist. B’amhlaidh go raibh WhatsApp ar an modh is sláine a bhí ar fáil chun faisnéis a tharchur chun críocha oifigiúla agus, cé gur oifigeach rialtais é, ní raibh aon rochtain ag fostóir an ghearánaigh ar chóras cumarsáide oifigiúil trína bhféadfaí na sonraí pearsanta a tharchur. Sa chás seo, cuireadh na príomhphrionsabail chosanta sonraí um riachtanas agus um chomhréireacht agus comhthéacs uathúil na próiseála a bhí i gceist sa mheá agus chinn an Coimisiún gur ghníomhaigh an Roinn i gcomhréir leis na hAchtanna. Ní dóigh go ndéanfaí an cinneadh céanna i gcás coibhéiseach ina raibh cainéil chumarsáide oifigiúla eile ar fáil chun na sonraí pearsanta a bhí sna doiciméid tacaíochta a tharchur.