Cás-Staidéir Nochtadh / Nochtadh Neamhúdaraithe

 

Sonraí sláinte agus airgeadais a nochtadh do thríú páirtí

Chuir duine aonair iarraidh saorála faisnéise faoi bhráid a iarfhostóra, ar Gníomhaireacht Stáit é. Tar éis dó freagra a fháil ar an iarratas sin ar shaoráil faisnéise, fuair an duine amach gur nocht an Ghníomhaireacht Stáit a shonraí airgeadais agus a sonraí pearsanta de chatagóir speisialta – eadhon, sonraí sláinte – do thríú páirtí gaolmhar. Rinne an duine aonair gearán leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí.

Cuireadh de chúram ar an gCoimisiún a scrúdú cé acu a rinne nó nach ndearna an Ghníomhaireacht Stáit próiseáil dhleathach, ar bhealach nach raibh iomarcach, ar shonraí pearsanta an duine aonair nuair a nocht ball foirne de chuid na Gníomhaireachta Stáit sonraí sláinte agus airgeadais an duine aonair do thríú páirtí bainteach. 

In imthoisc an cháis seo, rinne an duine aonair cumarsáid le ball den fhoireann acmhainní daonna ina cháil oifigiúil, ar lena linn a tharraing an duine aonair aird ar shaincheisteanna a bhain lena shláinte, lena stádas airgeadais agus lena shaol pearsanta. Mar gheall ar shaincheisteanna a bhain le sláinte an duine aonair, bhí sé i dteagmháil thráthrialta leis an mball foirne acmhainní daonna ina cháil oifigiúil. 

Tar éis cruinniú idir an duine aonair agus an ball foirne acmhainní daonna, sheol an ball sin achoimre ar an méid a pléadh chuig tríú páirtí bainteach, i.e., ball den tSeirbhís Chúnaimh d’Fhostaithe na Státseirbhíse. Soláthraíonn an tSeirbhís Chúnaimh Clár inmheánach Cúnaimh d’Fhostaithe do bhaill foirne státseirbhíse, rud ar féidir le fostaithe leas a bhaint as trí theagmháil a dhéanamh leis an tseirbhís. Is seirbhís chomhroinnte í a úsáideann na Gníomhaireachtaí Stáit uile chun tairbhe do gach fostaí, agus folláine fostaithe agus éifeachtacht eagraíochtúil á gcur chun cinn aici. 

Le linn an scrúdaithe ar seo, Luaigh an Ghníomhaireacht stáit gur dhleathach a bhí próiseáil na sonraí pearsanta agus comhroinnt shonraí pearsanta an duine aonair ag an mball foirne acmhainní daonna leis an mball den tSeirbhís Chúnaimh toisc gur chomhroinn an duine aonair na sonraí pearsanta faoi shaoirse leis an mball foirne acmhainní daonna agus, dá réir sin, gur thoiligh sé leis an bpróiseáil. Luaigh sí freisin gur ghnáthrud iad na seirbhísí forluiteacha agus an comhairliúchán idir an ball foirne acmhainní daonna agus an tSeirbhís Chúnaimh i ndáil leis an bhfostaí, go n-oibríonn an ball foirne acmhainní daonna agus an ball den tSeirbhís Chúnaimh araon faoi rún daingean le linn dóibh a ndualgais a chomhlíonadh, agus gur chuir an rud a chomhroinn an duine aonair leis an mball foirne acmhainní daonna an oiread sin imní ar an mball sin gur ghá dó é a nochtadh don bhall den tSeirbhís Chúnaimh chun treoir agus tacaíocht chuí a lorg agus chun tacú leis an duine aonair. Ba é seasamh na Gníomhaireachta Stáit, mar sin, nach raibh aon toirmeasc ann ar an nochtadh. 

D’ainneoin go raibh fíorimní ar an mball foirne acmhainní daonna faoi shláinte agus leas an duine aonair, chinn an Coimisiún nach raibh na himthosca ag teacht leis an bpráinn a bhaineann leis an mbeatha a chosaint agus go ndearnadh an phróiseáil toisc gur lorg an ball foirne acmhainní daonna treoir ón mball den tSeirbhís Chúnaimh chun déileáil go práinneach leis na saincheisteanna a tharraing an duine aonair anuas. 

Chinn an Coimisiún freisin nach bhféadfadh an Ghníomhaireacht Stáit a bheith ag brath ar thoiliú an duine aonair a bheith faighte aici chun a shonraí pearsanta a phróiseáil ar an mbealach sin toisc gurbh amhlaidh, cé gur chomhroinn an duine aonair na sonraí pearsanta faoi shaoirse leis an mball foirne acmhainní daonna, nár thug sé aon toiliú don bhall foirne sin na sonraí pearsanta sin a nochtadh ansin don bhall den tSeirbhís Chúnaimh. 

Níor thug an Ghníomhaireacht Stáit aon bhunús dleathach eile leis an bpróiseáil. Dá réir sin, chinn an Coimisiún nach raibh aon bhunús dleathach ag an nGníomhaireacht Stáit leis an bpróiseáil agus gur fhág sé sin go raibh an phróiseáil neamhdhleathach. 

Agus breithniú á dhéanamh ar na prionsabail a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta, chinn an Coimisiún gur chun críche sonraithe, follasaí agus dlisteanaí a fuair an Ghníomhaireacht Stáit na sonraí pearsanta, ba é sin chun cúnamh acmhainní daonna a thabhairt don duine aonair i leith na saincheisteanna a tharraing sé anuas leis an mball foirne acmhainní daonna. Mar an gcéanna, mar gheall ar an gcaidreamh bainteach idir an ball foirne acmhainní daonna ina cháil oifigiúil agus an ball den tSeirbhís Chúnaimh, ní dhearnadh aon phróiseáil bhreise ar shonraí pearsanta an duine aonair ar bhealach a bhí ar neamhréir leis an gcríoch ar chuici a fuarthas iad, toisc gur nochtadh na sonraí chun cúnamh a thabhairt don duine aonair i leith na saincheisteanna a tarraingíodh anuas, lenar áiríodh folláine fostaithe. 

Mar sin féin, chinn an Coimisiún gur mhó an méid sonraí pearsanta a nocht an Ghníomhaireacht Stáit ná an méid ba ghá chun cúnamh a lorg agus chun cúnamh a thabhairt don duine aonair. Dá réir sin, níor chloígh an Ghníomhaireacht Stáit le prionsabal an íoslaghdaithe sonraí. Ghlac an Ghníomhaireacht Stáit leis an gcinneadh sin. 

Key Takeaway

  • I gcomhthéacs fostaíochta, tagann chun cinn go minic an gá le sonraí pearsanta fostaithe a chomhroinnt le tríú páirtithe. Léirítear sa chás seo gurb amhlaidh,chun a chinntiú go dtarlaíonn an chomhroinnt i gcomhlíonadh na gceanglas cosanta sonraí, is gá oiliúint leanúnach a chur ar an bhfoireann ar fad maidir leis na hoibleagáidí atá orthu faoin dlí um chosaint sonraí. Ina theannta sin, ní mór do rialaitheoirí dícheall cuí a dhéanamh chun iad féin a shásamh go gcomhlíonann na gníomhaíochtaí próiseála sonraí uile na dlíthe um chosaint sonraí.
  • Bíonn an Coimisiún ag súil le cuntasacht thar ceann rialaitheoirí agus, le linn dó gearán a láimhseáil, mionscrúdóidh sé na míniúcháin agus na cúiseanna a thugann rialaitheoir chun a chinntiú gurb infhíoraithe agus intaispeánta atá an seasamh a chuirtear ar aghaidh.