Cás-Staidéir Nochtadh / Nochtadh Neamhúdaraithe
Faisnéis airgeadais a bheith á seoladh mar chóip charbóin chuig bialann go hearráideach (An dlí is infheidhme — na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003 (na hAchtanna))
Fuaireamar gearán a bhain le nochtadh líomhnaithe shonraí pearsanta na ngearánach do thríú páirtí ag comhlacht díoltóireachta mótarfheithiclí. Chun carr a cheannach trí Phlean Conartha Pearsanta, thug na gearánaigh cóipeanna dá gceadúnais tiomána agus dá sonraí bainc don chomhlacht díoltóireachta. Áiríodh leis na sonraí sin ráitis bhainc agus lánsonraí cuntais. Cuireadh iad ar áireamh ina dhiaidh sin i ríomhphost a seoladh ón gcomhlacht díoltóireachta chuig seoladh ríomhphoist tríú páirtí, a measadh a bheith ina sheoladh atá bainteach le banc. Cuimsíodh sa ríomhphost sin ceadúnais tiomána agus sonraí bainc na ngearánach. Bhí imní ar na gearánaigh gur sheoladh ríomhphoist de chuid bialainne a bhí i seoladh ríomhphoist an tríú páirtí. Rinne siad teagmháil leis an gcomhlacht díoltóireachta faoi sin. Dearbhaíodh dóibh, áfach, gur le banc a bhain an seoladh ríomhphoist i gceist agus go raibh an seoladh ríomhphoist slán.
Bhí imní ar na gearánaigh fós faoi úinéireacht an tseolta ríomhphoist . Rinne siad taighde ar líne ar an ní agus ba dheimhin leo gur sheoladh ríomhphoist de chuid bialainne a bhí sa seoladh ríomhphoist . Chun na hábhair amhrais a bhí acu a dheimhniú, sheol cara leis na gearánaigh ríomhphost chuig an seoladh i gceist . Deimhníodh sa fhreagra a fuarthas gur sheoladh ríomhphoist de chuid bialainne é.
Le linn ár scrúdaithe, d’admhaigh an comhlacht díoltóireachta gur seoladh an ríomhphost go hearráide- ach chuig an seoladh mícheart . D’ainneoin na hadmhála sin, ba shoiléir nach ndearnadh aon iarracht ina dhiaidh sin dul i dteagmháil leis an mbialann chun a iarraidh go scriosfadh an faighteoir neamhbheartaithe an fhaisnéis a seoladh chuige go hearráideach. Ar ordú a fháil ón oifig seo, fuaireamar deimhniú go ndeachaigh an comhlacht díoltóireachta i dteagmháil leis an mbialann agus d’iarr sé go scriosfaí an ríomhphost, na doiciméid san áireamh. Chuir an comhlacht díoltóireachta moladh ar aghaidh le haghaidh teacht ar réiteach cairdiúil. Ghlac na gearánaigh leis an moladh sin.