Cás-Staidéir Nochtadh / Nochtadh Neamhúdaraithe
Sonraí pearsanta a nochtadh do ghníomhaireacht bailiúcháin fiach
Rinne duine aonair teagmháil leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí tar éis do sholáthraí seirbhíse fuinnimh próiseáil bhreise a dhéanamh ar a shonraí pearsanta agus iad a chomhroinnt le tríú páirtí, ar gníomhaireacht bailiúcháin fiach é. Chuir an duine aonair a chonradh leis an soláthraí seirbhíse i gcrích agus fuair sé a shonrasc deiridh as na seirbhísí a soláthraíodh. Cheistigh an duine aonair roinnt de na muirir ar an sonrasc, ach ní bhfuair sé aon fhreagra ón soláthraí seirbhíse. Ina ionad sin, rinne gníomhaireacht bailiúcháin fiach teagmháil leis.
Rinne an Coimisiún um Chosaint Sonraí teagmháil leis an soláthraí seirbhíse, agus d’fhiafraigh sé de cén bunús dleathach a bhí aige leis an bpróiseáil faoi Airteagal 6 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (“RGCS”) i gcomhthéacs sonraí pearsanta an duine aonair a chomhroinnt le tríú páirtí, ar gníomhaireacht bailiúcháin fiach é. Ar dtús, luaigh an soláthraí seirbhíse gurbh é an bunús dleathach a bhí aige le sonraí pearsanta an duine aonair a phróiseáil ná Airteagal 6(1)(b) RGCS, ina luaitear go mbeidh próiseáil dleathach i gcás gur “...gá an phróiseáil a dhéanamh chun conradh ar páirtí ann an t-ábhar sonraí a chomhlíonadh...”. Mhínigh an soláthraí seirbhíse don Choimisiún gur le “táille luathscoir” a bhain easaontas an duine aonair leis an sonrasc agus gur cuireadh an táille sin leis an sonrasc toisc gur chealaigh an duine aonair an conradh leis an soláthraí seirbhíse sular comhlíonadh an fad aontaithe conartha. Dar leis an soláthraí seirbhíse, luaitear ina théarmaí agus coinníollacha go ngearrfar táille scoir ar chustaiméir i gcás go mbrisfidh sé an conradh leis an soláthraí seirbhíse. Dúirt an soláthraí seirbhíse freisin gur aontaigh an duine aonair lena théarmaí agus coinníollacha nuair a chláraigh sé leis an soláthraí seirbhíse.
Dúirt an soláthraí seirbhíse leis an gCoimisiún gur mhainnigh sé easaontas an duine aonair leis an sonrasc a thaifeadadh, rud a d’fhág ansin gur comhroinneadh sonraí pearsanta an duine aonair le tríú páirtí. Ghlac an soláthraí seirbhíse leis nár lean sé an nós imeachta inmheánach ceart agus é ag déileáil le fiacha faoi dhíospóid agus gur fhág sé sin go ndearnadh próiseáil mhícheart ar shonraí pearsanta an duine aonair. Dúirt sé, áfach, gurbh earráid dhaonna ba chúis leis sin.
Dá réir sin, mhainnigh an soláthraí seirbhíse a thaispeáint gur chomhlíon sé ceann amháin de na príomhphrionsabail atá in RGCS, is é sin: ní mór sonraí pearsanta a phróiseáil ar chaoi go n-áirithítear slándáil iomchuí na sonraí pearsanta, lena n-áirítear cosaint ar phróiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach, agus úsáidá baint as bearta iomchuí teicniúla nó eagraíochtúla, de réir Airteagal 5(1)(f) RGCS (‘sláine agus rúndacht’).
Ba cheart don soláthraí seirbhíse aird a bheith aige ar Airteagal 25 RGCS (‘cosaint sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú’) maidir lena chinntiú go leanann gach ball foirne na bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla dá chinntiú nach bpróiseáiltear mar réamhshocrú ach sonraí pearsanta atá riachtanach chun gach críche sonraí atá leis an bpróiseáil.
Mhol an Coimisiún don soláthraí seirbhíse gur cheart, i gcás go mbeadh easaontas beo ann i leith an chuntais, gur cheart dó a chinntiú go mbeadh a bhaill foirne ar an eolas faoin nós imeachta inmheánach le haghaidh an céanna a dhoiciméadú ionas nach dtarchuirfí an cuntas chuig gníomhaireacht bailiúcháin fiach go dtí go mbeadh an t-easaontas réitithe nó dúnta.