Cás-Staidéir Nochtadh / Nochtadh Neamhúdaraithe
Sárú sonraí ag an bPríomh-Oifigeach Staidrimh — Nochtadh sonraí P45 (An dlí is infheidhme — na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003)
Fuaireamar roinnt gearán go mall sa bhliain 2017 in aghaidh na Príomh-Oifige Staidrimh. Líomhnaíodh i ngach ceann díobh gur nocht an Phríomh-Oifig Staidrimh sonraí pearsanta na ngearánach lenar bhain gan a fhios dóibh agus gan toiliú a fháil uathu. Bhain na gearáin le sárú sonraí a thuairiscigh an Phríomh-Oifig Staidrimh dúinn (de réir an Chóid Chleachtais um Sháruithe Slándála i nDáil le Sonraí Pearsanta, ar cód cleachtais deonach é) agus do na daoine aonair lenar bhain freisin.
D’eascair an sárú sonraí as gníomhartha a rinne an Phríomh-Oifig Staidrimh chun freagra a thabhairt ar thrí iarraidh a fuarthas thar thréimhse cúig lá ó iar-áiritheoirí daonáirimh ar leith a bhí ag iarraidh a bhfaisnéise P45. Ní hé amháin gur sheol an Phríomh-Oifig Staidrimh faisnéis P45 na ndaoine lenar bhain, ach sheol sí faisnéis P45 na mílte áiritheoirí eile daonáirimh freisin. D’inis an Phríomh-Oifig Staidrimh dúinn gur sainaithníodh an sárú sonraí nuair a bhí ball foirne ag caitheamh súil ar an mbosca ríomhphoist míreanna seolta dá cuid, rud a rinneadh mar chuid de chleachtais chaighdeánacha díchill chuí na Príomh-Oifige Staidrimh. Dheimhnigh an Phríomh-Oifig Staidrimh gur cuimsíodh sonraí pearsanta amhail Uimhreacha PSP, dátaí breithe, seoltaí agus an tuilleamh ón bhfostaíocht mar áiritheoirí daonáirimh san fhaisnéis P45 tríú páirtí a nochtadh.
Le linn ár n-imscrúdaithe, chuir an Phríomh-Oifig Staidrimh in iúl dúinn gurbh amhlaidh, ar an sárú a aimsiú, gur thug sí fógra do na faighteoirí faoin earráid, a dheimhnigh ina dhiaidh sin i scríbhinn gur scrios siad na comhaid. D’inis an Phríomh-Oifig Staidrimh dúinn gur thug sí fógra do gach duine aonair lenar bhain faoi fhíricí an tsáraithe mar a bhain siad le gach duine aonair. Chuir an Phríomh-Oifig Staidrimh in iúl dúinn freisin gurb amhlaidh, tar éis an tsáraithe sonraí, gur chuir sé raon nósanna imeachta nua chun feidhme le haghaidh iarrataí P45 a láimhseáil. Áiríodh leo sin riail nach dtabharfaí freagra ar iarrataí P45 ach amháin trí chasadh an phoist ón uair sin i leith.
Bhí tionchar ag an sárú sonraí sin ar na mílte duine ar cuimsíodh a sonraí pearsanta sna comhaid a nochtadh go neamhdhleathach don triúr iar-áiritheoirí. B’amhlaidh go bunúsach gur i dtriarach a tharla an teagmhas, toisc gur le trí chumarsáid amach ar leith a ceanglaíodh na comhaid a nochtadh go hearráideach. Bheifí in ann an teagmhas sin a chosc dá mba rud é go raibh na próisis chuí i bhfeidhm ag an bPríomh-Oifig Staidrimh le haghaidh formhaoirseacht a dhéanamh ar eisiúint sonraí pearsanta a bhaineann le cáin.
D’eisigh an Coimisiún roinnt cinntí aonair ar na gearáin a fuarthas i dtaca leis an sárú. Chinn sé i ngach cás go ndearnadh sárú ar alt 2A(1) de na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003, toisc gur próiseáladh sonraí pearsanta gan bunús dlí, mar a bhí soiléir sa tuairisc sáraithe a sheol an Phríomh-Oifig Staidrimh chuig an gCoimisiún. Tar éis dó scrúdú a dhéanamh ar na bearta nua a chuir an Phríomh-Oifig Staidrimh chun feidhme chun a chinntiú nach dtarlódh a leithéid choíche, ba dheimhin leis an gCoimisiún gur thug sí aghaidh go cuim- sitheach ar na mainneachtainí ba chúis leis an teagmhas. Mar sin féin, bhí na nósanna imeachta eagraíochtúla nua sin ina léiriú gurbh amhlaidh, maidir leis na bearta a bhí i bhfeidhm roimhe le haghaidh freagra a thabhairt ar iarrataí ar fhaisnéis a bhaineann le cáin, go raibh siad easnamhach ó thaobh dhlíthiúlacht na próiseála agus shlándáil agus rúndacht na sonraí pearsanta atá á sealbhú ag an bPríomh-Oifig Staidrimh a chinntiú de.