Cás-Staidéir Nochtadh / Nochtadh Neamhúdaraithe
Sonraí pearsanta comhalta arna nochtadh ag comhar creidmheasa le gnólacht imscrúduithe príobháideacha
Bhí an gearánach sa chás seo ina iasachtaí ó chomhar creidmheasa agus bhí sé maíte ina leith go raibh sé i riaráiste ar iasacht. Mhaígh an comhar creidmheasa nach raibh sé in ann teagmháil a dhéanamh leis an ngearánach. Nocht an comhar creidmheasa sonraí pearsanta de chuid an ghearánaigh le gnólacht imscrúduithe príobháideacha d’fhonn an gearánach a aimsiú agus cumarsáid a dhéanamh leis. Áiríodh leis na sonraí a nochtadh ainm, seoladh, iar-sheoladh, stádas teaghlaigh agus stádas fostaíochta an ghearánaigh. Thart ar ceithre bliana ina dhiaidh sin, fuair an gearánach amach faoin nochtadh sin agus rinne sé gearán leis an DPC.
Chuir an gnólacht imscrúduithe príobháideacha deireadh le trádáil roinnt blianta roimh an ngearán agus dá bhrí sin, ní raibh sé in ann cuidiú le himscrúdú an DPC. D’iarr an DPC ar an gcomhar creidmheasa míniú a thabhairt ar an mbunús dlí ar a nocht sé na sonraí, mar aon leis an bhfáth ar cheap sé go raibh sé riachtanach é sin a dhéanamh. Chuir an comhar creidmheasa in iúl don DPC nach raibh conradh i scríbhinn aige leis an ngnólacht imscrúduithe príobháideacha, mar gheall air sin, d’iarr an DPC air sonraí a chur ar fáil maidir le haon pholasaí nó nós imeachta príobháideach maidir leis an tráth ag a raibh sé iomchuí dul i mbun plé leis an ngnólacht.
Maidir leis an mbunús dlí a bhí leis an nochtadh, mhaígh an comhar creidmheasa go raibh sé riachtanach chun críocha tabhairt faoi leas dlisteanach agus chun a chonradh leis an ngearánach a chomhlíonadh. Chomh maith leis sin, thagair sé d’alt 71(2) den Acht um Chomhar Creidmheasa 1997 ina gceadaítear do chomhar creidmheasa faisnéis chuntais chomhalta a nochtadh nuair atá Banc Ceannais na hÉireann (Clárai- theoir na gComhar Creidmheasa roimhe seo) go bhfuil sé riachtanach é sin a dhéanamh chun airgead scair- shealbhóirí nó taisceoirí a chosaint nó chun leasanna an chomhair chreidmheasa a chosaint. (Ní raibh an comhar creidmheasa in ann a lua ar léirigh an Banc Ceannais tuairim dá leithéid i ndáil leis an gcás seo.)
D’áitigh an comhar creidmheasa go raibh an nochtadh riachtanach toisc nach raibh sé in ann teagmháil a dhéanamh leis an ngearánach trí litir, tríd an nguthán, nó trí aturnae an ghearánaigh. Ina thuairim féin, bhí an gearánach ag féachaint lena iarrachtaí i ndáil lena thaifid a nuashonrú agus an iasacht gan íoc a phlé a sheachaint. (D’easaontaigh an gearánach go láidir leis sin, á thabhairt le fios go ndearna sé aisíocaíochtaí tamall gairid sula ndeachaigh an creidmheasa i dteagmháil leis an ngnólacht imscrúduithe inmheánacha.)
Chuir an comhar creidmheasa in iúl don DPC gur dhéileáil a pholasaí rialaithe creidmheasa le cásanna inar moladh gur chóir iasacht neamhchomhlíonta comhalta a dhíscríobh ina dhrochfhiach. Sula ndéanfaí é sin, tugadh treoir sna forálacha ábhartha gur chóir go ndéanfadh an comhar creidmheasa “gach iarracht…dul i dteagmháil leis an gcomhalta, lena n-áirítear cúnamh a fháil ó thríú páirtí” agus iarracht a dhéanamh leanúint leis na socruithe a comhaontaíodh agus cuidiú a thabhairt i ndáil leis an bhfiach a bhailiú.
Mheas an DPC an bunús dlí a bhí leis an nochtadh agus conradh próiseála sonraí bheith ann bheith ar na saincheisteanna lárnacha sa ghearán.
I bhfianaise na bhfíricí ar fad a cuireadh i láthair, agus ar bhonn na reachtaíochta is infheidhme, chinn an DPC go raibh leas dlisteanach ag an gcomhar creidmheasa agus é ag féachaint le sonraí teagmhála cothrom le dáta a fháil chun teagmháil a dhéanamh leis an ngearánach an athuair d’fhonn aisíoc na hiasachta a phlé. Bhí sé riachtanach sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha tabhairt faoi leas dlisteanach. Ghlac an DPC leis go bhféadfadh an nochtadh dul i gcion ar chearta bunúsacha agus leasanna dlisteanacha an ghearánaigh. Ina choinne sin, áfach, mar chuid den fheidhm shóisialta thábhachtach a chuireann comhair chreidmheasa ar fáil, éilíodh go mbeadh siad in ann gníomh a dhéanamh chun dul i dteagmháil le comhaltaí a dtiteann a n-iasachtaí i riaráiste. Ar an gcúis sin, bhí an nochtadh ag teastáil in ainneoin an dochar a d’fhéadfaí a dhéanamh do chearta agus saoirsí bunúsacha nó leasanna dlisteanacha an ghearánaigh. Dá bhrí sin, tugann an comhar creidmheasa dearbhú i ndáil le tabhairt faoina leas dlisteanach trí dhul i dteagmháil leis an ngearánach agus féachaint le haisíoc na hiasachta mar an bunús dlí i leith sonraí pearsanta a nochtadh le gnólacht imscrúduithe príobháideacha.
Chomh maith leis sin, bhreithnigh an DPC ar cuireadh bunús dlí ar fáil don nochtadh sa chás seo trí alt 71(2) d’Acht na gComhar Creidmheasa 1997. Thug an DPC faoi deara gur féidir bunús dlí a chur ar fáil i leith próiseáil trí oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh, ar nós faoi ordú cúirte nó foráil de chuid reachta. Mar sin féin, bhí alt 71(2) (lena n-áirítear an fhoráil a luaigh an comhar creidmheasa ina chuid aighneachtaí chuig an DPC) ceadaitheach seachas éigeantach maidir lena héifeacht: cé gur tugadh cead do chomhair creidmheasa faisnéis a nochtadh i gcúinsí áirithe, níor éilíodh orthu é sin a dhéanamh. Dá réir sin, níor tugadh údar don nochtadh san alt chun críocha na reachtaíochta cosanta sonraí is infheidhme.
Thug an DPC faoi deara nach mór an phróiseáil a dhéanann próiseálaí thar ceann rialaitheora a dhéanamh faoi théarmaí conradh i scríbhinn nó i riocht comhionann ina gcloítear leis an reachtaíocht cosanta sonraí is infheidhme, agus in gcinntítear go háirithe go gcomhlíonann an phróiseáil na hoibleagáidí a chuirtear i bhfeidhm ar an rialaitheoir. I dtuairim an DPC, ní raibh polasaí rialaithe creidmheasa an chomhair chreidmheasa leordhóthanach chun an riachtanas seo a chomhlíonadh, dá bhrí sin, theip ar an gcomhar creidmheasa a oibleagáid reachtúil a chomhlíonadh i ndáil leis sin.
Sa chás seo, tarraingítear aird ar roinnt saincheisteanna tábhachtacha do rialaitheoirí sonraí. Cibé uair a fhostaíonn rialaitheoir próiseálaí chun sonraí a phróiseáil thar a cheann, tá riachtanas soiléir ann go mbeadh conradh próiseála nó beart comhionann ann a chomhlíonann Airteagal 28(3) den GDPR nó reachtaíocht eile is infheidhme. Trí na conarthaí seo, déantar tairbhe do rialaitheoirí agus próiseálaithe araon trí shoiléiriú a thabhairt maidir leis an bpróiseáil atá ag teastáil agus an bealach ina gcuirfear í i gcrích. Chomh maith leis sin, tugtar cosaint d’ábhair sonraí trí shoiléireacht a chur ar fáil maidir leis an mbealach ina bhfuil a sonraí á bpróiseáil agus cé atá á bpróiseáil, mar aon leis na críocha dá bhfuil siad á bpróiseáil.