Cás-Staidéir Nochtadh / Nochtadh Neamhúdaraithe

 

Tras-scríbhinn comhrá Gréasáin de chuid Ryanair a bheith á seoladh chuig custaiméir eile (An dlí is infheidhme — an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus an tAcht um Chosaint Sonraí, 2018)

Fuaireamar gearán ó ábhar sonraí a ndearna Ryanair an comhrá Gréasáin a bhí aige le fostaí de chuid Ryanair a nochtadh de thaisme i ríomhphost chuig duine eile a bhain úsáid as seirbhís comhrá Gréasáin Ryanair. I dtras-scríbhinn an chomhrá Gréasáin, tugadh ainm an ghearánaigh, ainm a pháirtnéara, a sheoladh ríomhphoist, a uimhir fóin agus a phleananna eitilte. D’inis an gearánach dúinn gurb é an duine ar seoladh tras-scríbhinn a chomhrá Gréasáin chuige trí earráid an duine a tharraing a aird ar an nochtadh.

Le linn dúinn an gearán a scrúdú, fuaireamar amach gurb é tríú páirtí a sholáthraíonn seirbhís comhrá Gréasáin bheo Ryanair, ar páirtí é atá ina phróiseálaí sonraí do Ryanair. Fuaireamar amach freisin go bhfuil feidhm uathlíonta ag an gcóras lena seoltar tras-scríbhinní na gcomhráite Gréasáin trí ríomhphost. Leis an bhfeidhm sin, líontar an réimse faighteora le seoladh ríomhphoist an chustaiméara dheireanaigh ar seoladh ríomhphost chuige . Ar an dáta a bhí i gceist, fuair an próiseálaí sonraí iarrataí ó cheathrar custaiméirí de chuid Ryanair ar thras-scríbhinní a gcomhráite Gréasáin . Phróiseáil an t-aon ghníomhaire amháin na hiarrataí sin. Dá ainneoin sin, ní dhearna an gníomhaire seoladh ríomhphoist an fhaighteora a athrú agus é ag seoladh na dtras-scríbhinní, rud a d’fhág gur seoladh iad chuig na faighteoirí míchearta. Chuir Ryanair in iúl dúinn gurb amhlaidh, chun a chinntiú nach dtiocfadh an fhadhb sin chun cinn choíche, gur dhíchumasaigh an próiseálaí sonraí an córas comhrá Gréasáin bheo agus gur cuireadh oiliúint athnuachana sa Rialachán Ginearálta ar an bhfoireann.

Is as úsáid a bhaint as na feidhmeanna uathlíonta i mbogearraí a eascraíonn an-chuid de na gearáin a fhaigheann an Coimisiún maidir leis an nochtadh neam- húdaraithe sonraí pearsanta i gcomhthéacs leictreonach e .g . ríomhphoist a bhfuil sonraí pearsanta iontu a bheith á seoladh chuig an bhfaighteoir mícheart. Cé go bhféadfadh go measfadh rialaitheoirí sonraí gur uirlis úsáideach sábhála ama í sin le haghaidh sonraí a iontráil, tá rioscaí dúchasacha ag baint léi i gcás go mbaintear úsáid aisti chun sonraí faighteora a líonadh chun críocha sonraí pearsanta a tharchur. Dá bhrí sin, ba cheart feidhmeanna uathlíonta a úsáid go cúramach agus, i gcás go gcinneann rialaitheoirí feidhm den sórt sin a chomhtháthú isteach ina mbogearraí chun críocha próiseála sonraí, ba cheart coimircí eile a úsáid, amhail bréagsheoltaí i dtús an leabhair sheoltaí nó leideanna ar an scáileán chun sonraí an fhaighteora a sheiceáil an athuair. Maidir leis an bprionsabal um shlándáil agus rúndacht sonraí pearsanta a chosaint, téann seisean agus cosaint sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú i dteannta a chéile. Is amhlaidh sin toisc go ndéantar na caighdeáin is airde le haghaidh sonraí pearsanta a chosaint a úsáid, go háirithe maidir le hiomláine, slándáil agus rúndacht sonraí pearsanta a áirithiú, nuair a bhíonn rialaitheoirí sonraí agus próiseálaithe sonraí ag ceapadh céimeanna i gclár próiseála sonraí pearsanta nó i mbogearraí próiseála sonraí pearsanta.