Cás-Staidéir Nochtadh / Nochtadh Neamhúdaraithe
Grianghraf a Nochtadh agus a Fhoilsiú gan Údarú
Rinne ábhar sonraí gearán leis an DPC maidir le foilsiú íomhá, ainm agus cuid de sheoladh a linbh i nuachtán creidimh. Fuarthas an t-íomhá a úsáideadh san fhoilseachán ar dtús ó leathanach Facebook grúpa creidimh. Chuir an t-ábhar sonraí in iúl don DPC nár tugadh cead úsáid níos leithne a bhaint as an íomhá trí é a fhoilsiú sa nuachtán. Bá é príobháideacht an linbh an t-ábhar imní a tháinig chun cinn mar gheall gur úsáid an nuachtán íomhá, ainm agus cuid de sheoladh an linbh. I gcomhfhreagras a seoladh go díreach idir an t-ábhar sonraí agus an nuachtán, luaigh an t-ábhar sonraí Airteagal 9 den GDPR maidir le sonraí pearsanta catagóire speisialta, a bhfuil feidhm aige dá ghearán toisc gur nochtadh faisnéis maidir le creideamh an linbh san íomhá.
Mar chuid dá imscrúdú, chuaigh an DPC i dteagmháil leis an rialaitheoir sonraí agus iarradh freagra ar an ngearán. Chuir an rialaitheoir sonraí in iúl don DPC nach raibh sé i gceist aige riamh cur as don ábhar sonraí ná dá theaghlach. Chonaic tuairisceoir íomhá ar leathanach Facebook an ghrúpa agus d’iarr sé cead é a úsáid ó chomhalta sinsearach sa ghrúpa creidimh, ina dhiaidh sin, thug an comhalta seo céad é a úsáid. Luaigh an nuachtán go raibh an t-íomhá ar fáil ar líne cheana féin trí leathanach Facebook an ghrúpa agus gur tógadh é ag imeacht poiblí agus gurbh é an seoladh a úsáideadh seoladh an grúpa creidimh agus nár seoladh pearsanta an linbh a bhí ann.
Mar fhreagra breise ar cheisteanna an DPC, chuir an nuachtán in iúl don DPC gurbh é an gnáthchleachtas a bhí acu cead a lorg chun íomhánna a thógáil agus a úsáid, agus ainneoin go raibh an íomhá ar fáil ar leathanach oscailte Facebook sa chás seo, chuaigh an nuachtán i dteagmháil leis an ngrúpa creidimh mar sin féin agus d’fhiafraigh an raibh cead faighte chun an t-íomhá a úsáid. Chuir comhalta sinsearach den ghrúpa creidimh a ndeachaigh siad i dteagmháil leis in iúl dóibh gur thug duine eile in loco parentis (ag gníomhú in ionad tuismitheora) cead. Luaigh an nuachtán leis an DPC, go raibh an duine seo “was acting in loco parentis as far as [the newspaper] was concerned and consent had been therefore given .” Chuir an nuachtán in iúl don DPC freisin go mbraitheann sé ar Airteagal 9(2)(a) agus 9(2)(e) den GDPR i leith sonraí pearsanta catagóire speisialta a phróiseáil. Chinn an nuachtán go raibh an leas dlisteanach riachtanach acu chun an grianghraf a fhoilsiú, go raibh an grianghraf san fhearann poiblí tríd an leathanach oscailte Facebook, gur thóg sé céimeanna lena chinntiú go raibh cead faighte chun an grianghraf a fhoilsiú agus go raibh an cead a tugadh leordhóthanach agus go raibh sé i dteideal brath air sin. Dúirt an nuachtán go raibh sé sásta gur chloígh sé lena chuid oibleagáidí ach go ndearna sé athbh- reithniú agus leasú ar a pholasaithe inmheánacha maidir leis an tsaincheist seo.
Chuir an DPC an freagra ar an ngearán ar fáil don ábhar sonraí agus d’fhiafraigh sé den ábhar sonraí ar mheas sé an ndeachthas i ngleic a dhóthain lena ábhar imní maidir le cosaint sonraí agus ar socraíodh go cairdiúil an t-ábhar imní. Chomh maith leis sin, iarradh ar an ábhar sonraí a chuid tuairimí a chur in iúl maidir leis an bhfreagra a thug an rialaitheoir sonraí. Thug an ábhar sonraí freagra lena chur in iúl don DPC nach raibh an cheist socraithe go cairdiúil agus gur cheart go bhfuarthas cead soiléir. Lean an DPC ar aghaidh le deireadh a chur leis an imscrúdú agus toradh a chur ar fáil don dá pháirtí de réir mar a éilítear faoi alt 109(5) den Acht um Chosaint Sonraí 2018 (Acht 2018).
Mhol an DPC don ábhar sonraí faoi alt 109(5)(c) d’Acht 2018 go raibh an míniú a chuir an rialaitheoir sonraí chun cinn maidir le sonraí pearsanta an linbh a phróiseáil i gcúinsí an ghearáin seo ina mhíniú réasúnach. Agus é seo á lua, scríobh an DPC chuig an nuachtán creidimh agus faoi alt 109(5)(f) d’Acht 2018, mhol sé breithniú a dhéanamh ar an gCód Cleachtais ó Chomhairle an Phreasa, go háirithe prionsabal 9, trína chinntítear go dtugtar meas don phrionsabal i leith sonraí a íoslaghdú, agus an beart cothromaíochta idir leas poiblí an fhoil- seacháin agus cearta agus leasanna ábhar sonraí a chur i bhfeidhm agus a thaifeadadh.