Cás-Staidéir Nochtadh / Nochtadh Neamhúdaraithe
Ainm agus uimhir ghutháin shoghluaiste iriseora á nochtadh ag pearsa poiblí
Bhí an gearánaí sa chás seo ina iriseoir a sheol ríomhphost chuig pearsa poiblí chun ceisteanna a chur maidir le cinntí a rinne an pearsa poiblí i ndáil lena chuid oibre. D’úsáid an pearsa poiblí a chuntas Twitter chun cóip den ríomhphost a fhoilsiú. Bhíothas in ann ainm, seoladh ríomhphoist oibre agus uimhir ghutháin shoghluaiste an iriseora a léamh sa chóip den ríomhphost a foilsíodh. D’inis an t-iriseoir faoi roinnt teachtaireachtaí téacs bagracha a fháil ina dhiaidh sin.
D’iarr an t-iriseoir ar an bpearsa poiblí an chóip fhoilsithe den ríomhphost a scriosadh. Rinne an pearsa poiblí amhlaidh, ach d’fhoilsigh sé Tweet freisin inar dúradh go raibh uimhir ghutháin shoghluaiste an iriseora ar fáil ar líne. Áiríodh leis sin nasc chuig teachtaireacht ar fhóram plé a phostáil an t-iriseoir sé bliana roimhe sin, nuair a bhí sé ina mhac léinn, ina raibh an uimhir ghutháin shoghluaiste chéanna . Rinne an t-iriseoir gearán leis an DPC. Mar chuid den imscrúdú, d’iarr an DPC ar an bpearsa poiblí an bunús dlíthiúil i ndáil le sonraí an iriseora a nochtadh a aithint. Sa fhreagra a thug an pearsa poiblí, ceistíodh arbh ionann ainm agus sonraí teagmhála an iriseora agus sonraí pearsanta. Áitíodh freisin, ós rud é gur chuir an t-iriseoir an fhaisnéis sin ar fáil ar an idirlíon roimhe sin, go raibh sé intuigthe gur thoiligh an t-iriseoir é bheith á foilsiú ag an bpearsa poiblí. Dhiúltaigh an t-iriseoir don dearbhú sin. Ghlac an DPC an seasamh go raibh ainm, seoladh ríomhphoist agus uimhir ghutháin shoghluaiste an iriseora ina sonraí pearsanta toisc go bhféadfaí an t-iriseoir a aithint go soiléir tríothu. Maidir leis an mbunús a bhí lena nochtadh, thug an DPC faoi deara, cé gur foráladh sa dlí um chosaint sonraí do roinnt bunús dlíthiúil i leith próiseáil, toiliú ab ea an t-aon bhunús a d’ardaigh an pearsa poiblí. Ba é tuairim an DPC nárbh ionann fiosrú ó na meáin ar an bpearsa poiblí ó iriseoir a bhí ag gníomhú sa cháil sin agus toiliú bailí i leith aon sonraí pearsanta san fhiosrú a roinnt. Ar na cúiseanna sin, bhí nochtadh na sonraí ag an bpearsa poiblí ina shárú ar an dlí um chosaint sonraí.