Cás-Staidéir Nochtadh / Nochtadh Neamhúdaraithe

 

Nochtadh ráiteas cuntais ag banc don ionadaí le sealbhóir comhchuntais

Bhí comhchuntas bainc le ball teaghlaigh ag an ngearánach sa chás seo. Ag teacht sna sála ar iarraidh a fháil ó aturnaetha an tsealbhóra eile den chomhchuntas, nocht an banc (an rialaitheoir sonraí) cóipeanna de ráitis bhainc a bhaineann leis an gcuntas, lenar áiríodh sonraí pearsanta an ghearánaigh, do na haturnaetha sin. Bhí imní ar an ngearánach nár chomhlíon an nochtadh sin an dlí um chosaint sonraí.

Le linn don Choimisiún déileáil leis an ngearán seo, leag an banc amach a sheasamh go bhfuil aon sealbhóir comhchuntais i dteideal mionsonraí agus faisnéis idirbhirt an chomhchuntais ina iomláine a rochtain . Bhí an banc den tuairim freisin gurb amhlaidh, maidir le haturnaetha atá ag gníomhú thar ceann a chustaiméirí, gur leor dó glacadh le deimhniú i scríbhinn ó aturnae ar a pháipéar ceannteidil á rá go ngníomhaíonn an t-aturnae thar ceann an chustaiméara mar údarás chun go bhféadfaidh an banc caidreamh a dhéanamh leis an aturnae ina cháil mar ionadaí leis an gcustaiméir de chuid an bhainc. Ceanglaítear leis an dlí um chosaint sonraí go ndéanfaí sonraí pearsanta a bhailiú nó a fháil chun críocha sonraithe sainráite dlisteanacha agus nach ndéanfaí iad a phróiseáil tuilleadh ar shlí atá ar neamhréir leis na críocha sin (prionsabal an “teorannaithe de réir cuspóra”); Sa chás seo, thug an Coimisiún faoi deara go bhfuair an banc sonraí pearsanta an ghearánaigh chun an comhchuntas a bhí ag an ngearánach leis an sealbhóir eile den chuntas a riar, lena n-áirítear íocaíochtaí a dhéanamh, faisnéis idirbhirt a bhailiú agus ráitis bhainc a ullmhú. Chonacthas don Choimisiún go raibh sé comhsheasmhach leis na téarmaí agus coinníollacha a leag an banc síos don chomhchuntas agus le treoracha sínithe an tsealbhóra cuntais ar an gcuntas (lena gceadófaí do cheachtar páirtí síniú le haghaidh idirbheart gan toiliú a fháil ón sealbhóir eile den chuntas) go bhféadfadh sealbhóir amháin den chuntas riar an chuntais a chur i gcrích gan toiliú a fháil ón sealbhóir eile. Ina fhianaise sin, mheas an Coimisiún, maidir le nochtadh ráiteas bainc d’aturnaetha an tsealbhóra eile den chomhchuntas, nach raibh sé sin ar neamhréir leis an gcríoch shonraithe fhollasach dhlisteanach ar chuici a fuair an banc sonraí pearsanta an ghearánaigh, i .e ., chun an comhchuntas a riar. Ar an dara dul síos, bhreithnigh an Coimisiún cé acu a bhí nó nach raibh bunús dleathach ag an mbanc do shonraí pearsanta an ghearánaigh a nochtadh, faoi mar a cheanglaítear faoin dlí um chosaint sonraí. Chuige sin, ba dheimhin leis an gCoimisiún go raibh an banc i dteideal brath ar bhunús dleathach na “leasanna dlisteanacha”, rud lena gceadaítear sonraí pearsanta a phróiseáil i gcás go bhfuil an phróiseáil sin riachtanach chun críocha na leasanna dlisteanacha atá á saothrú ag an rialaitheoir sonraí nó ag tríú páirtí. Sa chás seo, nocht an banc sonraí pearsanta an ghearánaigh ar an mbonn go raibh an t-aturnae ag gníomhú thar ceann an tsealbhóra eile den chomhchuntas agus go raibh sé ag lorg na ráiteas chun críocha dlisteanacha, eadhon, iniúchadh a dhéanamh ar ghnóthaí airgeadais an tsealbhóra eile den chuntas. In imthosca inarb amhlaidh, de bhun na dtreoracha sínithe ar an gcuntas, a bheadh an sealbhóir eile den chuntas i dteideal an cuntas a riar, ba dheimhin leis an gCoimisiún nach raibh aon chúis ag an mbanc lena chreidiúint nach mbeadh aon údar leis an nochtadh trí bhíthin aon dochar a dhéanamh do chearta bunúsacha nó saoirí bunúsacha an ghearánaigh. Dá réir sin, mheas an Coimisiún go raibh bunús dleathach ag an mbanc don nochtadh, is cuma cé acu a thug an gearánach toiliú nó nár thug. Sa deireadh, bhreithnigh an Coimisiún cé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon an banc na hoibleagáidí atá air faoin dlí um chosaint sonraí maidir le bearta cuí teicniúla agus eagraíochtúla a dhéanamh chun sonraí pearsanta a chosaint ar nochtadh neamhúdaraithe nó neamhdhleathach. Chuige sin, ghlac an Coimisiún le seasamh an bhainc, atá leagtha amach sna beartais uaidh, go raibh sé cuí glacadh le deimhniú i scríbhinn ó aturnae á rá go raibh sé údaraithe chun gníomhú thar ceann sealbhóir cuntais, gan aon chruthúnas breise a iarraidh. Maidir le beartas an bhainc ina leith sin, bhí sé bunaithe ar an bhfíoras go mbíonn dualgais ghairmiúla ar aturnae mar oifigeach de chuid na cúirte agus mar bhall de ghairm rialáilte.