Cás-Staidéir Nochtadh / Nochtadh Neamhúdaraithe

 

Nochtadh Gan Toiliú

Rinne duine aonair gearán leis an gCoimisiún á rá go ndearna an Biúró um Shócmhainní Coiriúla (CAB) a mhionsonraí pearsanta airgeadais a nochtadh, gan toiliú a fháil uaidh, do roinnt daoine aonair ar ina n-aghaidh a thionscain CAB imeachtaí dlí. Chuir CAB in iúl don Choimisiún gur faoi na hAchtanna um Fháltais ó Choireacht, 1996 go 2016, a tionscnaíodh na himeachtaí a bhí i gceist. Is é an cuspóir atá leis na hAchtanna sin sainaithint agus coigistiú a dhéanamh ar mhaoin ar suíodh chun sástacht na hArd-Chúirte gurb iad na fáltais ó choireacht iad. Luaigh CAB go raibh an fhaisnéis a bhí sna doiciméid ábhair ag teastáil chun foinse na maoine a bhí ina hábhar do na himeachtaí a shuí. Leag CAB amach go raibh sonraí pearsanta an duine aonair a bhí i gceist fite fuaite i sonraí pearsanta na ndaoine aonair a bhí á n-ionchúiseamh agus nach bhféadfaí na sonraí sin a cheilt ó na doiciméid chúirte. Thug an Coimisiún faoi deara go rialaítear imeachtaí den sórt sin le halt 158(1) den Acht um Chosaint Sonraí, 2018 (an tAcht), lena bhforáiltear go bhféadfar srian a chur le GDPR agus leis an Treoir maidir le Cosaint Sonraí i réimse Fhorfheidhmiú an Dlí, mar atá trasuite san Acht, chun cosaint neamhspleáchais bhreithiúnaigh agus imeachtaí breithiúnacha a chinntiú.

Mar atá leagtha amach in alt 101(2) den Acht, níl an Coimisiún inniúil chun maoirseacht a dhéanamh ar oibríochtaí próiseála sonraí na gcúirteanna le linn dóibh gníomhú ina gcáil bhreithiúnach. Chuir an Coimisiún in iúl don ghearánach gur ullmhaigh CAB na doiciméid chúirte chun críocha imeachtaí cúirte agus go sanntar do bhreitheamh a ceapadh de bhun alt 157 den Acht an dualgas chun maoirseacht a dhéanamh ar oibríochtaí próiseála sonraí na gcúirteanna le linn dóibh gníomhú ina gcáil bhreithiúnach.