Cás-Staidéir Nochtadh / Nochtadh Neamhúdaraithe

 

Sonraí sláinte ceirde a phróiseáil

Chuir duine aonair gearán faoi bhráid an Choimisiúin tar éis do shaoráid liachta a shonraí liachta a nochtadh dá fhostóir. D’fhreastail an duine aonair ar an tsaoráid liachta ar iarraidh a fhostóra, mar gheall ar é a bheith as láthair ón obair le fada ar shaoire bhreoiteachta. Le linn an chomhairliúcháin ag an tsaoráid liachta, fiafraíodh den duine aonair faoina stair liachta, rud nach raibh aon bhaint dhíreach aige lena bhreoiteacht reatha. Thug an tsaoráid liachta cóip iomlán dá nótaí comhairliúcháin d’fhostóir an duine aonair. Áiríodh leo sin sonraí liachta stairiúla an duine aonair.

I gcomhfhreagras leis an gCoimisiún, chuir an tsaoráid liachta in iúl go raibh sé mar ghnáthchleachtas aici sonraí liachta a chomhroinnt idir gairmithe liachta. Mar sin féin, níor cheart ach an t-íosmhéid sonraí atá riachtanach a chomhroinnt le rannóg acmhainní daonna aon duine aonair, á chur in iúl cé acu atá nó nach bhfuil an fostaí feidhmiúil chun obair. Sa chás seo, chomhroinn an tsaoráid liachta sonraí liachta iomlána an duine aonair le haltra cleachtóra an fhostóra, ar gairmí liachta é. Rinne sí tuilleadh próiseála ar na sonraí sin freisin trí na sonraí liachta iomlána a chomhroinnt leis an rannóg acmhainní daonna. 

Luaigh an tsaoráid liachta freisin gur nochtadh an tuairisc liachta iomlán go mícheart do rannóg acmhainní daonna an duine aonair. Thug sí le fios gur tharlasé, tar éis glao teileafóin le fostóir an duine aonair, gur iarr bainisteoir laistigh den rannóg acmhainní daonna cóip den tuairisc liachta inar mionsonraíodh feidhmiúlacht an duine aonair chun obair. Luaigh an tsaoráid liachta gur ghlac síleis, agus dul amú uirthi, gur thoiligh an duine aonair leis an iarraidh sin. Dá réir sin,thug sí na sonraí liachta iomlána don rannóg acmhainní daonna ina dhiaidh sin.

Faoi Airteagal 9 RGCS, meastar gur “catagóir speisialta sonraí pearsanta” iad sonraí liachta, nó sonraí pearsanta a bhaineann leis an tsláinte. Tá sonraí den sórt sin faoi réir rialacha sonracha, mar gheall ar iad a bheith de chineál fíoríogair agus mar gheall ar an riosca ar leith a chruthófaí do chearta agus saoirsí bunúsacha ábhar sonraí dá bpróiseálfaí iad. Ní ceadmhach sonraí liachta a phróiseáil ach amháin i gcásanna áirithe, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 9(2) RGCS, i gcomhar le hAirteagal 6 RGCS. Ina theannta sin, baineann Airteagal 5(1) (f) RGCS le prionsabal na sláine agus na rúndachta a mhéid a bhaineann le sonraí pearsanta a phróiseáil. Áirítear leis sin cosaint ar phróiseáil neamhdhleathach. Sa chás seo, d’inis an tsaoráid liachta don Choimisiún nár chuir sí in iúl don duine aonair tráth an chomhairliúcháin go ndéanfaí tuilleadh próiseála ar a shonraí liachta ná go nochtfaí iad dá fhostóir.

Ós rud é gur mhainnigh an tsaoráid liachta bunús dleathach a thaispeáint don phróiseáil, chinn an Coimisiún go raibh an phróiseáil neamhdhleathach agus nach raibh sí i gcomhréir le ceanglais RGCS. 

Tar éis an gearán cosanta sonraí a chur i gcrích, rinne an Coimisiún tuilleadh caidrimh leis an tsaoráid liachta i ndáil lena cuid cleachtas agus beartas  cosanta sonraí.

Key Takeaway

  • Ní mór do rialaitheoirí sonraí a bheith in ann bunús dleathach don phróiseáil a thaispeáint i ngach cás, go háirithe in imthoscainarb ionann na sonraí pearsantaagus sonraí catagóire speisialta, a bhfuil cosaintí breise acu faoi Airteagal 9 RGCS.