Cás-Staidéir Nochtadh / Nochtadh Neamhúdaraithe

 

Sonraí catagóire speisialta de chuid fostaí a bheith á nochtadh ag a fhostóir do sholáthraí seirbhísí tríú páirtí, gan toiliú an fhostaí

Chuir duine aonair iarraidh rochtana faoi bhráid a fhostóra, ar fiontar beag agus meánmhéide é a sholáthraíonn seirbhísí gnólacht le gnólacht. Mar gheall ar an doiciméadacht a sholáthair an eagraíocht don duine aonair mar fhreagra ar an iarraidh, chuir an duine aonair gearán faoi bhráid an Choimisiúin á líomhain go ndearna an eagraíocht a shonraí pearsanta, lenar áiríodh sonraí catagóire speisialta, a nochtadh go neamhdhleathach do thríú páirtí, ar Soláthraí Seirbhísí Acmhainní Daonna (soláthraí Acmhainní Daonna) é. 

Le linn dó an fhaisnéis a soláthraíodh a scrúdú, ba léir don Choimisiún gur fhostaigh an eagraíocht soláthraí acmhainní daonna chun imscrúdú a dhéanamh ar líomhain bulaíochta a rinne an duine aonair i gcoinne comhoibrí. Sholáthair an eagraíocht catagóirí éagsúla de shonraí pearsanta an duine aonair don soláthraí acmhainní daonna. Áiríodh leo sin mionsonraí teagmhála pearsanta an duine aonair, sonraí liachta an duine aonair agus litir inar deimhníodh feidhmiúlacht an duine aonair chun páirt a ghlacadh san imscrúdú ar an mbulaíocht líomhnaithe.

Sholáthair an duine aonair fianaise don Choimisiún lenar cruthaíodh gur iarr sé ar an eagraíocht gan a shonraí pearsanta a nochtadh do thríú páirtí, agus mhaígh sé nár insíodh dó gur soláthraíodh a shonraí pearsanta don tríú páirtí. 

Mar chuid den scrúdú ar an ngearán, d’fhéach an Coimisiún lena shuí cé acu a bhí nó nach raibh bunús dleathach bailí ag an eagraíocht do shonraí pearsanta agus sonraí catagóire speisialta an duine aonair a nochtadh don soláthraí acmhainní daonna ar aon dul le hAirteagal 6 agus le hAirteagal 9 RGCS. D’fhéach an Coimisiún lena shuí freisin cé acu a bhí nó nach raibh na sonraí pearsanta a nochtadh don soláthraí acmhainní daonna ábhartha agus teoranta don mhéid ba ghá maidir leis na críocha dá ndearnadh iad a phróiseáil, i gcomhréir le prionsabal an íoslaghdaithe sonraí faoi Airteagal 5(1)(c) RGCS.

Sna freagraí a thug sí don Choimisiún, ba chosúil go raibh an eagraíocht ag brath ar Airteagal 6(1)(b) (conradh), ar Airteagal 6(1)(c) (oibleagáid dhlíthiúil) agus  ar Airteagal 6(1)(f) (leasanna dlisteanacha) RGCS mar bhunúis dhleathacha do  shonraí pearsanta an duine aonair a nochtadh don soláthraí acmhainní daonna.

Luaigh an eagraíocht go raibh cúiseanna dlisteanacha aici leis na sonraí pearsanta agus na sonraí liachta a sholáthar don soláthraí acmhainní daonna faoi théarmaí chonradh fostaíochta an duine aonair agus gur thoiligh an duine aonair le páirt a ghlacadh san imscrúdú ar an mbulaíocht líomhnaithe. Luaigh an eagraíocht freisin gur iarr an soláthraí acmhainní daonna uirthi litir dochtúra a fháil ón duine aonair chun a dheimhniú go mbeadh an duine aonair feidhmiúil chun páirt a ghlacadh san imscrúdú ar an mbulaíocht líomhnaithe.

Ghlac an Coimisiún leis go mbeadh sé riachtanach catagóirí áirithe de shonraí pearsanta an duine aonair a sholáthar don soláthraí acmhainní daonna faoi théarmaí a chonartha fostaíochta, ar aon dul le hAirteagal 6(1)(b) RGCS. Mar sin féin, mhainnigh an eagraíocht sainaithint a dhéanamh ar an oibleagáid dhlíthiúil ar luaigh sí go raibh sí le brath uirthi faoi Airteagal 6(1)(c) RGCS mar bhunús dleathach do na sonraí pearsanta a phróiseáil. Mhainnigh an eagraíocht freisin fianaise a sholáthar á léiriú go ndearna sí tástáil cothromúcháin faoi Airteagal 6(1)(f) RGCS sular sholáthair sí sonraí pearsanta an duine aonair don soláthraí acmhainní daonna. Ina theannta sin, mhainnigh an eagraíocht sainaithint a dhéanamh ar bhunús dleathach do shonraí liachta an duine aonair a nochtadh faoi Airteagal 9 RGCS. Rinne an Coimisiún tuilleadh caidrimh leis an eagraíocht chun a chinntiú go mbeadh sí eolach as seo amach ar na hoibleagáidí atá uirthi faoi RGCS i ndáil leis  na bunúis dhleathacha don phróiseáil.

Key Takeaway

  • Molann an Coimisiún d’eagraíochtaí gan sonraí pearsanta a phróiseáil ach amháin nuair is gá agus chun na críche luaite atá leis an bpróiseáil. 
  • Maidir leis sin, ní mór d’eagraíocht a bheith in ann a thaispeáint don Choimisiún gur féidir léi an fhaisnéis ábhartha a sholáthar a theastaíonn ón gCoimisiún chun a chinneadh go bhfuil na bunúis dhleathacha shainaitheanta faoi Airteagal 6 RGCS oiriúnach don phróiseáil sonraí pearsanta atá i gceist. Ní mór d’eagraíochtaí bunús dleathach a sholáthar freisin chun sonraí catagóire speisialta a phróiseáil faoi Airteagal 9 RGCS.