Cás-Staidéir Gearáin maidir le hIarrataí Rochtana

 

Eisíodh Fógra Forfheidhmiúcháin mar gheall ar fhreagra neamhiomlán a thabhairt ar iarraidh rochtana

Fuair an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) gearán inar thug ionadaí an ghearánaigh le fios go raibh sé ag iarraidh gearán foirmiúil a dhéanamh maidir leis an moill a chuir Comhlacht Poiblí, ar Tusla é, ar shonraí ina raibh sonraí pearsanta a chliaint a eisiúint, de bhun iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí. Luaigh an t-ionadaí freisin nár tugadh freagra iomlán ar an iarraidh rochtana ón ngearánach agus go raibh na taifid ina raibh sonraí pearsanta á bhfáil aige ina bpíosaí le dhá bhliain anuas. Níorbh eol d’ionadaí an ghearánaigh an méid sonraí pearsanta a bhí fós amuigh i ndáil leis an iarraidh rochtana óna chliant. 

Thosaigh an Coimisiún ag déanamh scrúdú ar an ngearán trí theagmháil a dhéanamh le Tusla, agus é ag iarraidh air cóip de na sonraí pearsanta uile a shealbhaigh nó a rialaigh sé i ndáil leis an duine aonair a sholáthar don duine aonair nó fógra a thabhairt don duine aonair faoin gcinneadh uaidh diúltú don iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí, agus sainaithint á déanamh ar aon srian reachtúil a raibh sé ag brath air chun a shonraí a choimeád siar. 

Mar fhreagra air sin, dúirt an rialaitheoir sonraí go mbeadh sé in ann sonraí pearsanta a eisiúint chuig an ábhar sonraí laistigh de chreat ama sonraithe. Chuaigh an spriocdháta sin thart, áfach, gan taifid iomlána ina raibh sonraí pearsanta a eisiúint chuig an ábhar sonraí. Tar éis don Choimisiún plé leis an ní, dúirt an rialaitheoir sonraí gurbh amhlaidh, mar gheall ar an méid sonraí pearsanta lena mbaineann, a d’eiseofaí sonraí pearsanta an duine aonair ina mbaisceanna. Bheadh an scaoileadh sin faoi réir srianta a chur i bhfeidhm i leith sonraí neamhphearsanta tríú páirtí, i leith pribhléid ghairmiúil dlí agus i gcás gur dhíspeagadh imeachtaí cúirte a bheadh in eisiúint na sonraí pearsanta. 

Dheimhnigh aturnae an ghearánaigh ina dhiaidh sin go bhfuair sé sciar de shonraí pearsanta a chliaint. Chuir sé in iúl, áfach, gur folaíodh cuid mhór de na sonraí sin. Shoiléirigh sé cé na taifid ina raibh sonraí pearsanta an duine aonair a bhí fós amuigh agus a bhí á lorg aige i dteannta na sonraí pearsanta eile a bhí á bpróiseáil. Malartaíodh méid fairsing comhfhreagrais idir Tusla agus an Coimisiún ar feadh tréimhse fhada ama ansin, ar lena linn a mhainnigh an rialaitheoir sonraí roinnt spriocdhátaí a chomhlíonadh i ndáil le taifid ina raibh sonraí pearsanta a eisiúint agus/nó a mhainnigh Tusla freagra a thabhairt ar chomhfhreagras ón gCoimisiún agus ó ionadaí an ábhair sonraí. 

Mheas an Coimisiún nach bhféadfaí an gearán seo a réiteach go cairdiúil. Mheas sé é a bheith cuí an próiseas sin a chur i gcrích agus Fógra Forfheidhmiúcháin a eisiúint de bhun alt 109(5)(d)(i) den Acht um Chosaint Sonraí, 2018, chun ceanglas a chur ar an rialaitheoir sonraí na taifid sonraí pearsanta a bhí fágtha a thabhairt don ábhar sonraí laistigh de chreat ama sonraithe. Leis an bhfógra sin, cuireadh Tusla an eolas faoin méid seo a leanas: 

“Aon duine (is rialaitheoir sonraí nó próiseálaí sonraí) a mhainneoidh, gan leithscéal réasúnach, ceanglas a bheidh sonraithe i bhfógra forfheidhmiúcháin a chomhlíonadh, nó a dhiúltóidh do cheanglas den sórt sin a chomhlíonadh, beidh sé nó sí ciontach i gcion faoi alt 133(9) den Acht um Chosaint Sonraí, 2018, agus dlífear (i) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil d’aicme A nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó (ii) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €250,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.” 

Mar thoradh ar an bhFógra Forfheidhmiúcháin sin a eisiúint, eisíodh na taifid a bhí fágtha chuig an ábhar sonraí laistigh den chreat ama a bhí sonraithe san Fhógra Forfheidhmiúcháin. 

Key Takeaway

  • Bhí cumarsáid fhairsing idir an Coimisiún, Tusla agus ionadaí an ábhair sonraí i gceist leis an ngearán seo a scrúdú. Ní eiseofaí aon Fhógra Forfheidhmiúcháin ar bith sachás seo dá mba rud é gur thug an rialaitheoir sonraí freagra ar an iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí ar bhealach cuí agus laistigh de chreataí ama comhaontaithe. Léirítear sa chás seo na hiarmhairtí a bhíonn ann nuair a mhainníonn rialaitheoir sonraí na hoibleagáidí atá air faoi Airteagal 15 RGCS a chomhlíonadh. Ba cheart do rialaitheoirí sonraí na hiarmhairtí sin a bhreithniú tar éis iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí afháil faoi Airteagal 15 RGCS agus féachaint lena chinntiú go n-urramaítear an ceart bunúsach rochtana do gach ábhar sonraí.
  • Ba cheart d’eagraíochtaí a thabhairt faoi deara go gcoimeádann an CCS taifead ar ghearáin a fhaightear atá mar chuid d’aon bhreithniú ar ghníomh a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, lena n-áirítear moltaí chun fiosrúchán a dhéanamh agus cumhachtaí foirmiúla a fheidhmiú a thuilleadh mar iomardú.

Cás-Staidéir Gearáin maidir le hIarrataí Rochtana

 

Mainneachtain freagra a thabhairt ar Iarraidh Rochtana

Fuair an Coimisiún um Chosaint Sonraí gearán ó dhuine aonair a rinne iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí chuig ospidéal stáit chun cóip a fháil den fhaisnéis ar fad a bhí ag an ospidéal stáit maidir leis. Ní bhfuair an duine aonair aon fhreagra ar an iarraidh sin.

Tar éis dó a chinntiú go raibh ag an gCoimisiún an fhaisnéis ar fad a bhí ag teastáil chun dul chun cinn a dhéanamh ar an ngearán ón duine aonair, rinne an Coimisiún idirghabháil thapa chun an ní a réiteach. Chuige sin, rinne an Coimisiún teagmháil leis an Oifigeach Cosanta Sonraí don Ghrúpa Ospidéal agus chuir sé in iúl dó go bhfuaireamar gearán ó dhuine aonair maidir le mainneachtain freagra a thabhairt ar iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí.

Mheabhraigh an Coimisiún don ospidéal na hoibleagáidí atá air faoi RGCS, agus a aird á tarraingt ar Airteagal 12(3) RGCS, ina sonraítear go bhfuil oibleagáid ar rialaitheoirí freagra a thabhairt ar an iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí ón duine aonair laistigh den chreat ama reachtúil. Mar chuid den chaidreamh, thug an Coimisiún amlíne don ospidéal chun freagra a thabhairt don duine aonair agus chun cóip de na sonraí pearsanta a sholáthar dó.  Chomhlíon an rialaitheoir sonraí an t-ordachán ón gCoimisiún. Tar éis dó a dheimhniú leis an duine aonair go bhfuair sé an fhaisnéis ar fad a d’iarr sé, d’eisigh an Coimisiún comhairle chuig an rialaitheoir sonraí, agus na hoibleagáidí atá air go sonrach faoi Airteagail 12 agus an ceanglas chun faisnéis a thabhairt faoi ghníomhartha a rinneadh i dtaca leis an iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí á meabhrú dó.

Key Takeaway

  • Ba cheart d’eagraíochtaí a thabhairt faoi deara go gcoimeádann an Coimisiún taifead ar na gearáin a fhaightear, agus go gcuirfear é sin san áireamh in aon ghníomhaíocht fhéideartha amach anseo, lena n-áirítear tograí le haghaidh fiosrúchán a dhéanamh agus le haghaidh cumhachtaí foirmiúla a fheidhmiú tuilleadh.
  • Ba cheart d’eagraíochtaí a thabhairt faoi deara go gcoimeádann an CCS taifead ar ghearáin a fhaightear atá mar chuid d’aon bhreithniú ar ghníomh a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, lena n-áirítear moltaí chun fiosrúchán a dhéanamh agus cumhachtaí foirmiúla a fheidhmiú a thuilleadh mar iomardú.

Cás-Staidéir Gearáin maidir le hIarrataí Rochtana

 

Gearán a bhain le hIarraidh Rochtana ar iarradh go n-íocfaí táille ina leith

Fuair an Coimisiún um Chosaint Sonraí gearán ó aturnae i ndáil le hiarraidh rochtana a rinneadh chuig liachtlann chun cóip a fháil de shonraí pearsanta a chliaint. Bhain an gearán le héileamh a rinne an liachtlann chuig aturnae an ghearánaigh á iarraidh go n-íocfaí táille chun an iarraidh rochtana a phróiseáil. Chuir aturnae an ghearánaigh in iúl don liachtlann go bhfuil rochtain ar chóip de shonraí pearsanta saor in aisce faoi RGCS agus gurbh fhéidir gur de bhotún a eisíodh an litir inar iarradh go n-íocfaí táille.

Tar éis dó an gearán seo a fháil, chuaigh an Coimisiún i dteagmháil leis an liachtlann chun a fháil amach cén fáth ar iarr sí táille chun an iarraidh rochtana a phróiseáil agus chun deimhniú a fháil ón liachtlann maidir le cé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon sí an iarraidh rochtana.

Thug an liachtlann freagra pras don Choimisiún ansin, agus í ag glacadh leis nár cheart aon táille a iarraidh. Dúirt sí freisin gur cuireadh oiliúint bhreise cosanta sonraí ar bhaill foirne na liachtlainne maidir leis na hoibleagáidí atá orthu i leith othair a dhéanann iarrataí rochtana. D’inis an liachtlann don Choimisiún gur tugadh cóip de na sonraí pearsanta d’aturnae an ghearánaigh agus gur ghabh sí a leithscéal leis.

Key Takeaway

  • Faoi Airteagal 15(3) RGCS, tá oibleagáid ar rialaitheoir sonraí, amhail liachtlann, cóip a sholáthar de na sonraí pearsanta atá á bpróiseáil. I gcás go n-iarrfaidh an t-ábhar sonraí aon chóipeanna breise ina dhiaidh sin, féadfaidh an rialaitheoir sonraí táille réasúnach a ghearradh atá bunaithe ar chostais riaracháin. Níorbh athiarraidh í an iarraidh rochtana ar leith seo, áfach, agus níor cheart aon táille a iarraidh ina leith.

Cás-Staidéir Gearáin maidir le hIarrataí Rochtana

 

Iarraidh rochtana inar lorgaíodh sonraí tríú páirtí

Chuir duine aonair iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí faoi bhráid a iarfhostóra, ar cuideachta léiriúcháin físchluichí é. Chreid an duine aonair go raibh cúis ann lena mheas gur láimhseáil fostaí eile a raibh coinbhleacht leasa aige an iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí uaidh. Tharraing an duine aonair sin ábhar imní anuas leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí ansin, á líomhain, i measc nithe eile, gur chuir an tOifigeach Cosanta Sonraí (nach raibh an gearánach ar an eolas faoina chéannacht) moill d’aon ghnó ar an iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí uaidh a chomhlíonadh. D’fhiafraigh an gearánach den Choimisiún an raibh oibleagáid ar an gcuideachta léiriúcháin ainm na ndaoine aonair a raibh baint acu leis an iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí a láimhseáil a sholáthar.

Rinne an Coimisiún measúnú ar an gcreat dlíthiúil a bhaineann leis an gceist sin agus, sa fhreagra uaidh, thagair sé do mhír 73 de bhreithiúnas C-579/21 ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 15(4) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS). Soiléiríodh sa bhreithiúnas sin “nach féidir fostaithe an rialaitheora a mheas a bheith ina ‘bhfaighteoirí’ de réir bhrí Airteagal 15(1)(c) RGCS [...] nuair a phróiseálann siad sonraí pearsanta faoi údarás an rialaitheora sin agus de réir na dtreoracha uaidh”. Dá bharr sin, chuir an Coimisiún in iúl don ghearánach nach raibh sé i dteideal liosta a fháil de na fostaithe a raibh baint acu leis an bhfreagra uathu ar an iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí a ullmhú faoin gcatagóir “faighteoirí” dá bhforáiltear faoi Airteagal 15(1)(c) RGCS. Tar éis an mionsonra sin a shoiléiriú agus an cheist ón ngearánach a réiteach, cuireadh an cás i gcrích.

Key Takeaway

  • Níl daoine aonair i dteideal ach a sonraí pearsanta féin a fháil agus iarraidh rochtana á ndéanamh acu. Tríd is tríd, níl tú i dteideal ainmneacha ná sonraí pearsanta eile tríú páirtithe a fháil, cé gur féidir an méid sin a bheith faoi réir measúnuithe áirithe eile ar aon dul le hAirteagal 15(1)(c) agus Airteagal 15(4) RGCS.

Fógraíonn an Coimisiún um Chosaint Sonraí gur cuireadh tús le fiosrúchán ar X Internet Unlimited Company (XIUC)

11th Mí Aibreán 2025

D’fhógair an Coimisiún um Chosaint Sonraí inniu gur cuireadh tús le fiosrúchán ar phróiseáil sonraí pearsanta a bhí i bpostálacha a raibh rochtain ag an bpobal orthu agus ar phostáil úsáideoirí san Aontas Eorpach/sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch iad ar ardán meán sóisialta ‘X’, ar phróiseáil í a rinneadh chun samhlacha intleachta saorga giniúnaí a oiliúint, go háirithe Samhlacha Móra Teanga Gro ...

An laímhseáil a dhéanann an Coimisiún um Chosaint Sonraí ar Iarrataí ar Rochtain d’Ábhar Sonraí

07th Mí Márta 2025

Tá sainordú ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí gearáin a láimhseáil ó dhaoine aonair, lena n-áirítear iarrataí ar rochtain ar shonraí pearsanta (Airteagal 15 RGCS). Leagtar síos in Airteagal 15 RGCS oibleagáid ghinearálta lena gceanglaítear ar eagraíocht a dhearbhú ar dtús cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta an duine aonair á bpróiseáil. ...

Data protection authorities sign joint declaration on AI

11th Mí Feabhra 2025

Tá údaráis chosanta sonraí ó Éirinn, ón Astráil, ón gCóiré, ón bhFrainc agus ón Ríocht Aontaithe tar éis dearbhú comhpháirteach a shíniú chun a chur in iúl arís eile go bhfuil siad tiomanta do rialachas sonraí a chur chun feidhme lena gcuirtear chun cinn intleacht shaorga atá nuálach agus lena gcosnaítear príobháideacht. ...