Fógraíonn an Coimisiún um Chosaint Sonraí gur cuireadh tús le fiosrúchán ar X Internet Unlimited Company (XIUC)
11th Mí Aibreán 2025
I mí na Samhna 2018, fuaireamar gearán ó ábhar sonraí maidir le hiarraidh ar rochtain ar a shonraí pearsanta, rud a bhí comhdhéanta de phíosaí scannáin TCI ar am agus dáta ar leith. Rinneadh an iarraidh chuig club gailf, an rialaitheoir sonraí.
Chuir an t-ábhar sonraí ar fáil dúinn an comhfhreagras tosaigh a fuarthas ón gclub gailf . Sa chomhfhreagras sin, fiafraíodh den ábhar sonraí cén fáth a raibh na píosaí scannáin ag teastáil uaidh . I gcomhfhreagras a fuarthas ina dhiaidh sin, chuir an club in iúl don ábhar sonraí gur tháinig sé ar fhadhb leis na bogearraí córais TCI agus nach raibh an club in ann na píosaí scannáin a iarradh a sholáthar don ábhar sonraí dá bharr.
Measadh go bhféadfaí an gearán a réiteach go cairdiúil faoi alt 109 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018.
Mar chuid den phróiseas réitigh chairdiúil, d’iarramar míniúchán ón gclub gailf ar cén fáth nach rabhthas in ann na píosaí scannáin TCI a iarradh a sholáthar don ghearánach.
D’inis an club gailf dúinn nach raibh a chóras TCI i mbun feidhme ar an dáta ar ina leith a d’iarr an t-ábhar sonraí na píosaí scannáin agus gurbh amhlaidh nár tháinig sé ar an eolas faoi sin ach ag an am a bhí sé ag iarraidh cloí leis an iarraidh ar rochtain . Ní raibh an Coimisiún sásta le cé chomh ginearálta is a bhí an míniúchán sin agus d’éiligh sé míniúchán níos mionsonraithe i scríbhinn ar na fadhbanna a bhí ag dul i bhfeidhm ar an gcóras TCI, ar mhíniúchán é a d’fhéadfaí a thabhairt don ghearánach freisin . Mar fhreagra ar an iarraidh sin, sheol cuideachta slándála an chlub gailf litir chugainn . Tugadh breac- chuntas inti ar na fadhbanna a bhí ann leis an gcóras TCI, lenar áiríodh an fhíric gur theip ar an tiomántán crua ar an gcóras TCI agus nach raibh an córas TCI i mbun feidhme le tamall roimhe sin . Bhí an Coimisiún sásta leis an míniúchán teicniúil a tugadh . D’aontaigh an club gailf go bhféadfaí an litir sin a chomhroinnt leis an ngearánach freisin . Bhí an gearánach sásta leis an míniúchán, rud as ar tháinig réiteach cairdiúil ar an ngearán .
Léirítear sa chás seo gurb amhlaidh, fiú i gcás go bhfuil sé ag obair ar son réiteach cairdiúil ar ghearán a éascú nó a shocrú, go mbeidh an Coimisiún ag súil fós le cuntasacht thar ceann an rialaitheora nó an phróiseálaí agus go háirithe go mionscrúdóidh an Coimisiún na míniúcháin agus na cúiseanna a thugtar maidir le neamhchomhlíon- adh a oibleagáidí ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí . Déanfaidh sé amhlaidh chun a chinntiú gurb infhíoraithe agus intaispeánta atá an seasamh a chuirtear ar aghaidh .
Ceithre bliana tar éis imscrúdú a chur i gcrích, d’iarr duine aonair go gceartófaí gnéithe den Tuarascáil inmheánach maidir leis an imscrúdú. Cuireadh an Tuarascáil le chéile tar éis imscrúdú neamhspleách inar cuireadh an duine aonair faoi agallamh mar fhinné. Ní raibh an duine aonair ina ábhar don imscrúdú.
Chuir an duine aonair an iarraidh ceartúcháin faoi bhráid an rialaitheora sonraí, arbh é fostóir an duine aonair sa Tionscal Oideachais é. Mar chuid den iarraidh uaidh, luaigh an duine aonair go raibh na sonraí pearsanta míchruinn, neamhiomlán nó míthreorach i roinnt áiteanna den Tuarascáil agus d’iarr sé go gceartófaí na sonraí sin de réir Airteagal 16 RGCS. Sa fhreagra uaidh don duine aonair, luaigh an soláthraí oideachais nach bhféadfadh sé an Tuarascáil a cheartú ach go bhféadfadh sé srian a chur le rochtain ar an Tuarascáil. Ós rud é go raibh an duine aonair míshásta leis an bhfreagra sin, chuir sé gearán faoi bhráid an Choimisiúin um Chosaint Sonraí (an Coimisiún).
Ní dearbhchearta iad cearta cosanta sonraí, agus ní bheidh rialaitheoirí sonraí in ann iarrataí ó ábhair sonraí a chomhlíonadh i gcásanna áirithe. Sa chás seo, scrúdaigh an Coimisiún cé acu a bhí nó nach raibh an ceart ag an soláthraí oideachais nuair a dhiúltaigh sé don iarraidh ceartúcháin ar dtús.
Mar chuid den phróiseas sin, dheimhnigh an soláthraí oideachais don Choimisiún gur tharla sé, mar gheall ar an méid ama a chuaigh thart ó cruthaíodh an Tuarascáil, gur scriosadh nótaí an imscrúdaitheora. D’fhág sé sin nach raibh sé in ann na míchruinnis líomhnaithe a sheiceáil. Mar gheall air sin, dúirt an soláthraí oideachais go bhféadfadh sé ráiteas forlíontach a chur leis an Tuarascáil faoi Airteagal 16 RGCS, lena bhforáiltear do chásanna ina bhfuil sonraí pearsanta neamhiomlán. Dá ndéanfaí amhlaidh, tharraingeofaí sa ráiteas forlíontach aird ar easaontas an duine aonair agus thaifeadfaí seasamh an duine aonair ann.
Mar chuid den phróiseas réitigh chairdiúil, cuireadh an togra ón rialaitheoir faoi bhráid an duine aonair lena bhreithniú. Dhiúltaigh an duine aonair don togra toisc go raibh sé den tuairim go raibh an Tuarascáil neamhiomlán toisc nár tagraíodh inti don fhianaise ar fad a thug sé agus toisc, sna cásanna sin inar tagraíodh don fhianaise uaidh, gur bhraith sé gur tógadh as comhthéacs í. Sa fhreagra uaidh, d’éiligh an duine aonair go n-athscríobhfaí an Tuarascáil chun go gcuirfí a fhianaise ar fad ar áireamh inti. Cheadódh sé an Tuarascáil athscríofa ansin agus dhéanfadh sé í a shíniú agus a dhátú i láthair bheirt fhinnéithe neamhspleácha dá rogha. D’iarr sé leithscéal scríofa iomlán freisin, rud a dhéanfadh an duine aonair é a cheadú, a shíniú agus a dhátú arís i láthair bheirt fhinnéithe neamhspleácha dá rogha. Chuirfí an leithscéal sin ar aghaidh chuig gach ball ábhartha a bhí fostaithe ag an soláthraí oideachais thar thréimhse shonraithe naoi mbliana.
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach bhfuil sé mar ról ag an gCoimisiún obair an imscrúdaitheora neamhspleách a athmheasúnú ná a athdhéanamh ná an bonn a bhaint den tuairim ghairmiúil a bhí ag saineolaí. Ní thagann an méid sin faoin gceart go ndéanfaí ceartúcháin faoi Airteagal 16 RGCS ach oiread. Thug an t-imscrúdaitheoir neamhspleách an measúnú gairmiúil uaidh ar an bhfianaise ar fad a bailíodh le linn an imscrúdaithe, agus bhí lánrogha ghairmiúil aige a chinneadhcén t-ábhar a bhí ábhartha dá chur ar áireamh sa Tuarascáil. Ba é cuspóir nafianaise ón duine aonair eolas a thabhairt don imscrúdaitheoir neamhspleách ionas go bhféadfadh sé an t-imscrúdú uaidh a chur i gcrích agus tuarascáil a dhréachtú ar bhonn an mheasúnaithe uaidh. An fíoras nach n-aontaíonn an duine aonair leis an measúnú, níor fhág sé go bhfuil an Tuarascáil míchruinn nó neamhiomlán.
Sa fhreagra uaidh, luaigh an soláthraí oideachais gurbh amhlaidh, ós rud é nárbh údar na Tuarascála é, nach bhféadfadh sé leasú a dhéanamh ar a bhfuil sa Tuarascáil. Mar mhodh chun an gearán seo a réiteach, áfach, dúirt sé go bhféadfadh sé sonraí pearsanta míchruinne ar shainaithin an duine aonair iad a cheartú trí ráiteas forlíontach a dhéanamh. Dúirt sé freisin go bhféadfadh sé an Tuarascáil a scriosadh, rud lena scoirfí de shonraí pearsanta an duine aonair a phróiseáil. Níor ghlac an duine aonair leis an tairiscint sin ach oiread.
D’ainneoin gur dhiúltaigh an duine aonair don tairiscint ón soláthraí oideachais an Tuarascáil a léirscriosadh, chinn an Coimisiún go bhféadfaí an Tuarascáil a léirscriosadh más rud é nár ghá don soláthraí oideachais a thuilleadh í a choinneáil. De rogha air sin, ba cheart don soláthraí oideachais na míchruinnis a bhfuil fianaise orthu a cheartú agus an ráiteas forlíontach a chur leis chun cuntas níos cruinne a thabhairt ar na himeachtaí.
Sa chás seo, líomhain duine aonair go ndearna cuideachta bainistíochta réadmhaoine a shonraí pearsanta – a ainm, a sheoladh agus a sheoladh ríomhphoist – a choinneáil agus a phróiseáil go neamhdhleathach.
Fuair an duine aonair ríomhphost gan iarraidh ina raibh nuachtlitir ón gcuideachta, cé nach raibh aon chaidreamh gnó aige leis an gcuideachta le roinnt blianta. Rinne an duine aonair teagmháil leis an gcuideachta chun a fháil amach cén fáth ar choinnigh sí a shonraí pearsanta. Luaigh an chuideachta go raibh sí roimhe sin ina gníomhaire bainistíochta d’fhorbairt cónaithe ar leith ina raibh leas gnó ag an duine aonair. Dúirt sí gur sheol sí an ríomhphost de bhotún. D’inis an chuideachta don duine aonair go raibh sí tar éis a shonraí pearsanta a scriosadh óna bunachar sonraí.
Ní raibh an duine aonair sásta leis an bhfreagra a fuair sé ón gcuideachta agus chuir sé gearán faoi bhráid an Choimisiúin um Chosaint Sonraí. Tar éis don Choimisiún teagmháil a dhéanamh leis an gcuideachta, mhínigh an chuideachta go raibh sí roimhe sin ina gníomhaire bainistíochta do chuideachta bainistíochta úinéirí agus, tar éis fhoirceannadh an chonartha a bhí aici leis an gcuideachta bainistíochta úinéirí, gur mhainnigh sí sonraí pearsanta an duine aonair a scriosadh óna bunachar sonraí.
Mar chuid den scrúdú ar an ngearán seo, d’fhéach an Coimisiún lena shuí cé acu a bhí nó nach raibh bunús dleathach ag an gcuideachta le sonraí pearsanta an duine aonair a phróiseáil trí iad a choinneáil tar éis dheireadh an chonartha lena mbaineann. D’inis an chuideachta don Choimisiún go raibh sí ag brath ar Airteagal 6(1)(a) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (“RGCS”), ina luaitear go mbeidh próiseáil dleathach i gcás go bhfuil toiliú tugtha ag ábhar sonraí. Luaigh an chuideachta freisin go gceanglaítear uirthi faoin Acht um Sheirbhísí Maoine (Rialáil), 2011, sonraí a choinneáil ar feadh tréimhse nach lú ná sé bliana. Dúirt an chuideachta gur trí dhearmad a choinnigh sí sonraí pearsanta an duine aonair tar éis na tréimhse coinneála sé bliana. Shuigh sí freisin gur de dheasca earráid riaracháin a fuair an duine aonair an ríomhphost gan iarraidh.
Ghlac an chuideachta leis nach raibh aon bhunús dleathach aici a thuilleadh le sonraí pearsanta an duine aonair a phróiseáil trí iad a choinneáil tar éis na tréimhse sé bliana agus dheimhnigh sí gur scrios sí na sonraí pearsanta uile a bhain leis an duine aonair. Dheimhnigh an chuideachta freisin na bearta a rinne sí chun feabhas a chur ar na nósanna imeachta le haghaidh a bunachar sonraí teagmhálaithe a bhainistiú chun a chinntiú nach ndéanfaí próiseáil neamhdhleathach den chineál sin arís.
Dá réir sin, níor chloígh an chuideachta leis na prionsabail a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta de réir Airteagal 5(1)(b) RGCS (‘teorannú de réir cuspóra’) nuair a bhain sí úsáid as mionsonraí teagmhála an duine aonair chun nuachtlitir a sheoladh chuige, toisc nár cheart di mionsonraí teagmhála an duine aonair a choinneáil ar feadh na tréimhse ama sin. Níor chloígh sí ach oiread le hAirteagal 5(1)(e) RGCS (‘teorannú stórála’) nuair a choinnigh sí sonraí pearsanta lenar cumasaíodh an duine aonair a shainaithint ar feadh tréimhse a bhí níos faide ná mar ba ghá chun na críche ar chuici a fuarthas na sonraí pearsanta ar dtús.
D’eisigh an Coimisiún moltaí chuig an gcuideachta maidir leis na hoibleagáidí atá uirthi a chinntiú go bhfuil an phróiseáil ar fad dleathach, cothrom agus trédhearcach, mar a cheanglaítear faoi Airteagal 5 RGCS, agus go gcuirtear bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme chun gur féidir léi a chinntiú go ndéantar próiseáil de réir RGCS agus chun gur féidir léi an méid sin a thaispeáint.
Fuair an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) ceist ó dhuine aonair a bhain le cás a raibh an chuma air gur cuireadh a réadmhaoin ar áireamh de thaisme ar fhógra ar fhoilsigh suíomh Gréasáin réadmhaoine é. Chuir an duine aonair in iúl gur fhoilsigh an suíomh Gréasáin réadmhaoine íomhá de réadmhaoin a bhí ar díol agus íomhá de roinnt réadmhaoine comharsanacha eile ar a shuíomh Gréasáin. Ba é úinéir ceann amháin de na réadmhaoine eile sin an duine aonair a rinne teagmháil leis an gCoimisiún.
Rinne an duine aonair teagmháil leis an gCoimisiún tríd an ríomhphost ar an gcéad dul síos chun a ábhar imní a chur in iúl. Chuir sé glao teileafóin ar Dheasc Chabhrach an Choimisiúin tamaillín ina dhiaidh sin freisin. Le linn an ghlao ar an Deasc Chabhrach, chuir an duine aonair in iúl don Choimisiún go raibh grianghraf dá theach agus a sheoladh le feiceáil san íomhá.
Sa fhreagra a tugadh dó ar an bhfaisnéis sin, cuireadh an duine aonair ar an eolas faoi na sé bhunús dhleathacha le sonraí pearsanta a phróiseáil faoi Airteagal 6 RGCS. Cuireadh é ar an eolas freisin faoin sainmhíniú ar shonraí pearsanta, mar atá leagtha amach in RGCS, is é sin: faisnéis a bhaineann le duine beo atá sainaitheanta nó atá in-sainaitheanta (gairtear ‘ábhar sonraí’ de dhuine den sórt sin).
Cé go ndúradh leis an duine aonair freisin nárbh ionann íomhá de réadmhaoin, agus íomhá den sórt sin amháin, agus sonraí pearsanta, dúradh leis freisin go bhféadfadh go mbeadh sé i dteideal a iarraidh go léirscriosfaí na sonraí sin ón suíomh Gréasáin réadmhaoine toisc go raibh seoladh na réadmhaoine agus uimhir an tí le feiceáil san íomhá. Mhol an Coimisiún go ndéanfadh an duine aonair, ar an gcéad dul síos, teagmháil i scríbhinn le húinéirí an tsuímh Gréasáin réadmhaoine ina n-iarrfaí go mbainfí a réadmhaoin de na híomhánna foilsithe ar an suíomh Gréasáin.
Tar éis dó an chomhairle ón gCoimisiún a leanúint, chuaigh an duine aonair i dteagmháil leis an gCoimisiún chun a chur in iúl gur chomhlíon úinéirí an tsuímh Gréasáin réadmhaoine an iarraidh ón duine aonair go pras agus gur bhain sé an íomhá dá réadmhaoin óna shuíomh Gréasáin.
Fuair an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) gearán inar thug ionadaí an ghearánaigh le fios go raibh sé ag iarraidh gearán foirmiúil a dhéanamh maidir leis an moill a chuir Comhlacht Poiblí, ar Tusla é, ar shonraí ina raibh sonraí pearsanta a chliaint a eisiúint, de bhun iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí. Luaigh an t-ionadaí freisin nár tugadh freagra iomlán ar an iarraidh rochtana ón ngearánach agus go raibh na taifid ina raibh sonraí pearsanta á bhfáil aige ina bpíosaí le dhá bhliain anuas. Níorbh eol d’ionadaí an ghearánaigh an méid sonraí pearsanta a bhí fós amuigh i ndáil leis an iarraidh rochtana óna chliant.
Thosaigh an Coimisiún ag déanamh scrúdú ar an ngearán trí theagmháil a dhéanamh le Tusla, agus é ag iarraidh air cóip de na sonraí pearsanta uile a shealbhaigh nó a rialaigh sé i ndáil leis an duine aonair a sholáthar don duine aonair nó fógra a thabhairt don duine aonair faoin gcinneadh uaidh diúltú don iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí, agus sainaithint á déanamh ar aon srian reachtúil a raibh sé ag brath air chun a shonraí a choimeád siar.
Mar fhreagra air sin, dúirt an rialaitheoir sonraí go mbeadh sé in ann sonraí pearsanta a eisiúint chuig an ábhar sonraí laistigh de chreat ama sonraithe. Chuaigh an spriocdháta sin thart, áfach, gan taifid iomlána ina raibh sonraí pearsanta a eisiúint chuig an ábhar sonraí. Tar éis don Choimisiún plé leis an ní, dúirt an rialaitheoir sonraí gurbh amhlaidh, mar gheall ar an méid sonraí pearsanta lena mbaineann, a d’eiseofaí sonraí pearsanta an duine aonair ina mbaisceanna. Bheadh an scaoileadh sin faoi réir srianta a chur i bhfeidhm i leith sonraí neamhphearsanta tríú páirtí, i leith pribhléid ghairmiúil dlí agus i gcás gur dhíspeagadh imeachtaí cúirte a bheadh in eisiúint na sonraí pearsanta.
Dheimhnigh aturnae an ghearánaigh ina dhiaidh sin go bhfuair sé sciar de shonraí pearsanta a chliaint. Chuir sé in iúl, áfach, gur folaíodh cuid mhór de na sonraí sin. Shoiléirigh sé cé na taifid ina raibh sonraí pearsanta an duine aonair a bhí fós amuigh agus a bhí á lorg aige i dteannta na sonraí pearsanta eile a bhí á bpróiseáil. Malartaíodh méid fairsing comhfhreagrais idir Tusla agus an Coimisiún ar feadh tréimhse fhada ama ansin, ar lena linn a mhainnigh an rialaitheoir sonraí roinnt spriocdhátaí a chomhlíonadh i ndáil le taifid ina raibh sonraí pearsanta a eisiúint agus/nó a mhainnigh Tusla freagra a thabhairt ar chomhfhreagras ón gCoimisiún agus ó ionadaí an ábhair sonraí.
Mheas an Coimisiún nach bhféadfaí an gearán seo a réiteach go cairdiúil. Mheas sé é a bheith cuí an próiseas sin a chur i gcrích agus Fógra Forfheidhmiúcháin a eisiúint de bhun alt 109(5)(d)(i) den Acht um Chosaint Sonraí, 2018, chun ceanglas a chur ar an rialaitheoir sonraí na taifid sonraí pearsanta a bhí fágtha a thabhairt don ábhar sonraí laistigh de chreat ama sonraithe. Leis an bhfógra sin, cuireadh Tusla an eolas faoin méid seo a leanas:
“Aon duine (is rialaitheoir sonraí nó próiseálaí sonraí) a mhainneoidh, gan leithscéal réasúnach, ceanglas a bheidh sonraithe i bhfógra forfheidhmiúcháin a chomhlíonadh, nó a dhiúltóidh do cheanglas den sórt sin a chomhlíonadh, beidh sé nó sí ciontach i gcion faoi alt 133(9) den Acht um Chosaint Sonraí, 2018, agus dlífear (i) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil d’aicme A nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó (ii) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €250,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.”
Mar thoradh ar an bhFógra Forfheidhmiúcháin sin a eisiúint, eisíodh na taifid a bhí fágtha chuig an ábhar sonraí laistigh den chreat ama a bhí sonraithe san Fhógra Forfheidhmiúcháin.
Fuair an Coimisiún um Chosaint Sonraí gearán ó dhuine aonair a rinne iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí chuig ospidéal stáit chun cóip a fháil den fhaisnéis ar fad a bhí ag an ospidéal stáit maidir leis. Ní bhfuair an duine aonair aon fhreagra ar an iarraidh sin.
Tar éis dó a chinntiú go raibh ag an gCoimisiún an fhaisnéis ar fad a bhí ag teastáil chun dul chun cinn a dhéanamh ar an ngearán ón duine aonair, rinne an Coimisiún idirghabháil thapa chun an ní a réiteach. Chuige sin, rinne an Coimisiún teagmháil leis an Oifigeach Cosanta Sonraí don Ghrúpa Ospidéal agus chuir sé in iúl dó go bhfuaireamar gearán ó dhuine aonair maidir le mainneachtain freagra a thabhairt ar iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí.
Mheabhraigh an Coimisiún don ospidéal na hoibleagáidí atá air faoi RGCS, agus a aird á tarraingt ar Airteagal 12(3) RGCS, ina sonraítear go bhfuil oibleagáid ar rialaitheoirí freagra a thabhairt ar an iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí ón duine aonair laistigh den chreat ama reachtúil. Mar chuid den chaidreamh, thug an Coimisiún amlíne don ospidéal chun freagra a thabhairt don duine aonair agus chun cóip de na sonraí pearsanta a sholáthar dó. Chomhlíon an rialaitheoir sonraí an t-ordachán ón gCoimisiún. Tar éis dó a dheimhniú leis an duine aonair go bhfuair sé an fhaisnéis ar fad a d’iarr sé, d’eisigh an Coimisiún comhairle chuig an rialaitheoir sonraí, agus na hoibleagáidí atá air go sonrach faoi Airteagail 12 agus an ceanglas chun faisnéis a thabhairt faoi ghníomhartha a rinneadh i dtaca leis an iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí á meabhrú dó.
Fuair an Coimisiún um Chosaint Sonraí gearán ó aturnae i ndáil le hiarraidh rochtana a rinneadh chuig liachtlann chun cóip a fháil de shonraí pearsanta a chliaint. Bhain an gearán le héileamh a rinne an liachtlann chuig aturnae an ghearánaigh á iarraidh go n-íocfaí táille chun an iarraidh rochtana a phróiseáil. Chuir aturnae an ghearánaigh in iúl don liachtlann go bhfuil rochtain ar chóip de shonraí pearsanta saor in aisce faoi RGCS agus gurbh fhéidir gur de bhotún a eisíodh an litir inar iarradh go n-íocfaí táille.
Tar éis dó an gearán seo a fháil, chuaigh an Coimisiún i dteagmháil leis an liachtlann chun a fháil amach cén fáth ar iarr sí táille chun an iarraidh rochtana a phróiseáil agus chun deimhniú a fháil ón liachtlann maidir le cé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon sí an iarraidh rochtana.
Thug an liachtlann freagra pras don Choimisiún ansin, agus í ag glacadh leis nár cheart aon táille a iarraidh. Dúirt sí freisin gur cuireadh oiliúint bhreise cosanta sonraí ar bhaill foirne na liachtlainne maidir leis na hoibleagáidí atá orthu i leith othair a dhéanann iarrataí rochtana. D’inis an liachtlann don Choimisiún gur tugadh cóip de na sonraí pearsanta d’aturnae an ghearánaigh agus gur ghabh sí a leithscéal leis.
Chuir duine aonair iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí faoi bhráid a iarfhostóra, ar cuideachta léiriúcháin físchluichí é. Chreid an duine aonair go raibh cúis ann lena mheas gur láimhseáil fostaí eile a raibh coinbhleacht leasa aige an iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí uaidh. Tharraing an duine aonair sin ábhar imní anuas leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí ansin, á líomhain, i measc nithe eile, gur chuir an tOifigeach Cosanta Sonraí (nach raibh an gearánach ar an eolas faoina chéannacht) moill d’aon ghnó ar an iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí uaidh a chomhlíonadh. D’fhiafraigh an gearánach den Choimisiún an raibh oibleagáid ar an gcuideachta léiriúcháin ainm na ndaoine aonair a raibh baint acu leis an iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí a láimhseáil a sholáthar.
Rinne an Coimisiún measúnú ar an gcreat dlíthiúil a bhaineann leis an gceist sin agus, sa fhreagra uaidh, thagair sé do mhír 73 de bhreithiúnas C-579/21 ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 15(4) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS). Soiléiríodh sa bhreithiúnas sin “nach féidir fostaithe an rialaitheora a mheas a bheith ina ‘bhfaighteoirí’ de réir bhrí Airteagal 15(1)(c) RGCS [...] nuair a phróiseálann siad sonraí pearsanta faoi údarás an rialaitheora sin agus de réir na dtreoracha uaidh”. Dá bharr sin, chuir an Coimisiún in iúl don ghearánach nach raibh sé i dteideal liosta a fháil de na fostaithe a raibh baint acu leis an bhfreagra uathu ar an iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí a ullmhú faoin gcatagóir “faighteoirí” dá bhforáiltear faoi Airteagal 15(1)(c) RGCS. Tar éis an mionsonra sin a shoiléiriú agus an cheist ón ngearánach a réiteach, cuireadh an cás i gcrích.
11th Mí Aibreán 2025
07th Mí Márta 2025