Cás-Staidéir Gearáin maidir le hIarrataí Rochtana

 

Cinneadh Airteagal 60 maidir le Airbnb Ireland UC — Freagra moillithe ar Iarraidh Rochtana agus Iarraidh Léirscriosta

Taisceadh gearán in aghaidh Airbnb Ireland UC (“Airbnb”) le Coimisinéir Bheirlín um Chosaint Sonraí agus Saoráil Faisnéise (“Údarás Cosanta Sonraí Bheirlín”). Aistríodh an gearán chuig Coimisiún na hÉireann um Chosaint Sonraí (“an Coimisiún”) ansin lena láimhseáil aige ina cháil mar phríomhúdarás maoirseachta.

Líomhain an gearánach gur mhainnigh Airbnb iarraidh léirscriosta agus iarraidh rochtana ina dhiaidh sin a chuir sé faoina bhráid a chomhlíonadh laistigh den chreat ama reachtúil. Ina theannta sin, luaigh an gearánach gur tharla sé, nuair a chuir sé an iarraidh léirscriosta uaidh isteach, gur iarr Airbnb air a aitheantas a fhíorú trí fhótachóip dá dhoiciméad aitheantais (“aitheantas”) a sholáthar, rud nár soláthraíodh do Airbnb roimhe sin. Ar dtús, d’fhéach an Coimisiún leis an ngearán seo a réiteach go cairdiúil trína phróiseas láimhseála gearán . Níor éirigh leis teacht ar réiteach cairdiúil, áfach, agus osclaíodh fiosrúchán ar an gcás. Ba iad seo a leanas na saincheisteanna lena n-iniúchadh agus lena gcinneadh ag an bhfiosrúchán ón gCoimisiún: (i) cé acu a bhí nó nach raibh bunús dleathach ag Airbnb le cóip d’aitheantas an ghearánaigh a iarraidh tar éis dó iarraidh léirscriosta a chur isteach de bhun Airteagal 17 RGCS; (ii) cé acu a láimhseáil nó nár láimhseáil Airbnb an iarraidh léirscriosta sin i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta agus leis an Acht um Chosaint Sonraí, 2018; agus (iii) cé acu a láimhseáil nó nár láimhseáil Airbnb an iarraidh rochtana ón ngearánach i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta agus leis an Acht um Chosaint Sonraí, 2018. Thug Airbnb freagra ar na líomhaintí ón ngearánach, agus é ag tabhairt údar leis an iarraidh uaidh ar aitheantas fótagrafach mar gheall ar na héifeachtaí díobhálacha a bheadh ann dá scriosfaí cuntas go héagórach. Chuir Airbnb in iúl gur féidir le dochar suntasach fíorshaoil a bheith ag baint le cuntas Airbnb a scriosadh go calaoiseach, lena n-áirítear, i gcás na n-óstach, an dochar eacnamaíoch a bhaineann le háirithintí a chealú agus leis an dea-thoil a gnóthaíodh sa chuntas a chailleadh agus, i gcás na n-aíonna, an baol go gcaillfeadh siad cóiríocht agus iad ag taisteal thar lear. Luaigh Airbnb nach rioscaí beagbhríocha iad sin agus nach mór bearta cuí a dhéanamh chun dul i ngleic leo . Luaigh sé freisin gur cruthúnas iontaofa aitheantais é doiciméad aitheantais a sholáthar chun iarraidh léirscriosta a fhíordheimhniú agus nach gcuireann sé aon ualach díréireach ar an duine aonair atá ag déanamh na hiarrata. D’áitigh sé gur féidir aitheantas fótagrafach a mheas a bheith ina dhroichead fianaiseach idir aitheantas ar líne agus aitheantas as line.

Chomhlíon Airbnb an iarraidh léirscriosta ón ngearánach ar deireadh. Bhailíochtaigh sé aitheantas an ghearánaigh trí rogha a thabhairt dó logáil isteach ina chuntas chun a aitheantas a fhíorú, gan aon ghá le haitheantas a sholáthar. Tar éis idirghabháil ón gCoimisiún, chomhlíon Airbnb an iarraidh rochtana ón ngearánach. Tar éis dó an fiosrúchán uaidh a chur i gcrích, ghlac an Coimisiún an cinneadh uaidh i ndáil leis an ngearán seo de réir Airteagal 60(7) RGCS an 14 Meán Fómhair 2022. Chinn an Coimisiún gur sháraigh Airbnb Ireland UC, an rialaitheoir sonraí, an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí mar a leanas:

Airteagal 5(1)(c) RGCS

Chinn an Coimisiún gur sháraigh Airbnb prionsabal an íoslaghdaithe sonraí, de bhun Airteagal 5(1)(c) RGCS, nu- air a cheangail sé ar an ngearánach a aitheantas a fhíorú trí chóip dá aitheantas fótagrafach a chur isteach. Tharla an sárú seo in imthosca ina raibh réitigh nach raibh chomh sonraíbhunaithe céanna ar cheist an fhíorúcháin aitheantais ar fáil do Airbnb.

Airteagal 6(1) RGCS

Chinn an Coimisiún gur tharla sé, in imthosca sonra- cha an ghearáin seo, nach raibh an leas dlisteanach a shaothraigh an rialaitheoir ina bhunús dleathach bailí faoi Airteagal 6 RGCS le cóip d’aitheantas fótagrafach an ghearánaigh a iarraidh chun an iarraidh léirscriosta uaidh a phróiseáil.

Airteagal 12(3) RGCS

Chinn an Coimisiún gur sháraigh Airbnb Airteagal 12(3) RGCS i ndáil leis an dóigh ar láimhseáil sé an iarraidh rochtana ón ngearánach  Tharla an sárú seo nuair a mhainnigh Airbnb faisnéis a sholáthar don ghearánach faoin ngníomh a rinneadh i dtaca leis an iarraidh rochta- na uaidh laistigh de mhí amháin ón iarraidh a fháil.

I bhfianaise mhéid na sáruithe, d’eisigh an Coimisiún iomardú chuig Airbnb Ireland UC, de bhun Airteagal 58(2)(b) RGCS . Ina theannta sin, d’ordaigh an Coimisiún do Airbnb Ireland UC, de bhun Airteagal 58(2)(d), leasú a dhéanamh ar a bheartais agus a nósanna imeachta inmheánacha le haghaidh iarrataí léirscriosta a láimhseáil chun a chinntiú nach gceanglófaí ar ábhair sonraí a thuilleadh cóip d’aitheantas fótagrafach a sholáthar nuair a dhéanann siad iarrataí léirscriosta sonraí, ach amháin i gcás go bhféadfaidh sé bunús dlí le déanamh amhlaidh a léiriú . D’ordaigh an Coimisiún do Airbnb Ireland UC mionsonraí faoina bheartais agus a nósanna imeachta inmheánacha athbhreithnithe a sholáthar dó faoin 4 Samhain 2022 . Chomhlíon Airbnb an t-ordú sin faoin spriocdháta socraithe.

Cás-Staidéir Gearáin maidir le hIarrataí Rochtana

 

Nochtadh, toiliú próiseála a tharraing siar agus iarratas duine ar a shonraí/ar a sonraí

Thug ábhar sonraí gearán chomh fada leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (DPC) in aghaidh a n-iarfhostóra (an rialaitheoir sonraí). Bhí líon údair imní maidir le cosaint sonraí ag an ábhar sonraí, eadhon:

1 . Nochtadh a seoladh ríomhphoist pearsanta trína bheith san áireamh sa réimse Cóip Charbóin (CC)

2 . A n-íomhá a chur san áireamh ar chuntas meáin shói- sialta an rialaitheora sonraí

3 . Ní raibh an t-ábhar sonraí sásta leis an fhreagra a fuair sé/sí ón rialaitheoir sonraí maidir le hiarratas duine ar a shonraí/a sonraí

Ar aon dul lena n-imscrúdú ar an ngearán, rinne an DPC teagmháil agus chomhroinn mionsonraí maidir le gearán an ábhair sonraí leis an rialaitheoir sonraí . Chuir an rialai- theoir sonraí in iúl don DPC gur shínigh an t-ábhar sonraí comhaontú réitithe roimhe seo, a rinne tarscaoileadh ar a gcearta chun gearán nó éileamh a dhéanamh in aghaidh an chomhlachta faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988, 2003 agus 2018 . Mar fhreagra, chuir an DPC in iúl don rialaitheoir sonraí nach raibh siadsan mar pháirtí sa chomhaontú agus go raibh oibleagáid reachtúil ar an DPC imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin a mhéid is cuí . Is ábhar idir an rialaitheoir sonraí agus an ábhar sonraí forfheidh- miú aon chonradh réitithe .

Maidir leis nochtadh seoladh ríomhphoist an ábhair sonraí, i ngrúpa ríomhphoist, d’admhaigh an rialaitheoir sonraí gur chóir feidhm an Chóip Charbóin Fholaithe (BCC) a úsáid sa chás seo . Chuir an rialaitheoir sonraí in iúl freisin gur tuairiscíodh an eachtra seo mar shárú don DPC faoin Airteagal 33 de Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR) agus go raibh bearta breise curtha i bhfeidhm ar fhaitíos go dtarlódh an eachtra arís . Rinneadh oiliúint foirne a leathadh amach agus tá seoladh ríomhphoist an ábhair sonraí bainte as na seoltaí ríomhphoist uathbhailithe atá ar chomhad . Thug an DPC imthosca an tsáraithe a d’eascair ar aird mar thoradh ar earráid dhaoine agus níor aithníodh an sárú mar shaincheist chórasach .

D’iarr an t-ábhar sonraí faoi Airteagal 17 den GDPR, go mbainfí a n-íomhá de láithreán meán sóisialta an rialai- theora sonraí gan moill mhíchuí . Tharraing an t-ábhar sonraí a dtoiliú don phróiseáil siar faoi Airteagal 17(1)(b) den GDPR . Thug an rialaitheoir sonraí faoi chuardach ar a meáin shóisialta agus fuair réidh le haon phostálacha lena n-aithneofaí an t-ábhar sonraí . Chuir an rialaitheoir sonraí in iúl, sa chás gur bhain tríú páirtithe tuilleadh úsáide as na híomhánna seo, go mbeidh ar an ábhar sonraí iarratas scriosta a chur faoi bhráid na n-eagraíochtaí seo go díreach .

Rinne an t-ábhar sonraí iarratas duine ar shonraí faoi Airteagal 15 den GDPR ar an rialaitheoir sonraí . Chomhlíon an rialaitheoir sonraí an t-iarratas; mar sin féin, cuireadh srianta i bhfeidhm faoi Alt 162 d’Achtanna na bliana 2018 chun teorannú a dhéanamh ar rochtain an ábhair sonraí chuig comhfhreagras idir an rialaitheoir sonraí agus a gcomhairleoirí dlí . Cé go dtugann an DPC ar aird gur ceart bunúsach atá i gceart an duine aonair sonraí pearsanta a rochtain agus nach mór aon teorannú a léiriú go cruinn, níl an ceanglas go mbeidh teorannú cearta an ábhair sonraí riachtanach agus comhréireacht, laistigh d’alt 162 d’Acht na bliana 2018 . Dá réir sin, ní féidir gach iarratas rochtana a chomhlíonadh agus bunaithe ar an fhaisnéis a cuireadh ar fáil don DPC, tháinig an DPC ar an gcinneadh nár chóir an comhfhreagras idir an rialaitheoir sonraí agus a gcom- hairleoirí dlí a scaoileadh mar fhreagra ar iarratas rochtana duine ar shonraí .

Sa bhreis ar an méid atá thuas, thug an DPC ar aird gur theip ar an rialaitheoir sonraí a gcuid oibleagáidí faoi Airteagal 12(3) den GDPR a chomhlíonadh sa chás seo, ní mór do rialaitheoirí sonraí iarratais cosanta sonraí ó ábhair sonraí a fhreagairt laistigh d’aon mhí amháin ó fhaightear an t-iarratas sin . Mar sin féin, tugadh ar aird gur chuir an rialaitheoir sonraí síneadh le tréimhse freagartha iarratas duine ar shonraí tar éis den tréimhse ama tosaigh d’aon mhí amháin a bheith dulta i léig .

Dá réir sin, scríobh an DPC, faoil alt 109(5)(f) chuig an rialai- theoir sonraí agus mheabhraigh a gcuid oibleagáidí dóibh faoi Airteagal 12(3) agus Airteagal 33 den GDPR .

Cás-Staidéir Gearáin maidir le hIarrataí Rochtana

 

Rochtain ar fhaisnéis a bhaineann le measúnú creidmheasa bainc

Sa ghearán seo, rinne an gearánach iarratas chuig banc faoi reachtaíocht um chosaint sonraí le go gcuirfí cóip ar fáil don ghearánach de na sonraí pearsanta ar fad a choinnigh an banc maidir leis. Mhaígh an gearánach, go sonrach, gur theip ar an mbanc aon anailísí inmheánacha a sholáthar dó inar úsáideadh sonraí pearsanta an ghearánaigh chun teacht ar an méid creidmheasa a thabharfadh an banc dó.

Dheimhnigh an Oifig seo gur aithníodh an banc ar an rialaitheoir sonraí ábhartha i ndáil leis an ngearán, ós rud é gur rialaigh sé sonraí pearsanta a chuir an gearánach ar fáil don bhanc le linn iarratas a dhéanamh ar iasacht. Bhí na sonraí a bhí i gceist ina sonraí pearsanta a bhain leis an ngearánach (a chuimsigh, i measc nithe eile, foirm iarratais ar iasacht chomhlánaithe agus doiciméid tacaíochta) toisc go bhféadfaí an gearánach a aithint iontu agus gur bhain na sonraí leis an ngearánach mar dhuine aonair. Dá bhrí sin, bhí an oifig seo sásta gur chóir imscrúdú a dhéanamh ar an ngearán seo lena chinneadh an raibh sárú ar an reachtaíocht um chosaint sonraí i gceist nó nach raibh.

Le linn imscrúdú a dhéanamh ar an ngearán seo, chuaigh an Oifig seo i dteagmháil leis an mbanc i ndáil le cineál ar bith na sonraí pearsanta a d’fhéadfadh an gearánach bheith ina dteideal. Bhí an banc den tuairim nach raibh an gearánach i dteideal shonraí a anailíse inmheánaí agus algartaim ná aon tairseacha cinnteoireachta inmheánacha ar ar bhunaigh sé a chinneadh i leith iasachtú toisc, i dtuairim an bhainc, nach raibh an fhaisnéis seo ina sonraí pearsanta, agus, chomh maith leis sin, go raibh an fhaisnéis íogair don mhargadh agus ina maoin int- leachtúil de chuid an bhainc. Go háirithe, níor chuir an banc mionsonraí ar fáil don ghearánach maidir le scór creidmheasa an ghearánaigh ná an t-áireamh a rinne an banc ar ghlanioncam indiúscartha an ghearánaigh atá mar chuid dá chritéir mheasúnaithe ar chreidmheas.

Bhreithnigh an Oifig seo na míniúcháin a thug an banc agus ghlac an Oifig an tuairim go raibh figiúr glanioncaim indiúscartha agus raon creidmheasa an ghearánaigh araon ina sonraí pearsanta a bhain leis an ngearánach toisc go bhféadfaí an gearánach a aithint ó na sonraí agus gur bhain siad leis an ngearánach mar dhuine aonair . Chomh maith leis sin, ós rud é nár aithin an banc eisceacht ábhartha faoin reachtaíocht um chosaint sonraí ar trí sin a bhféadfadh sé na sonraí seo a choimeád siar ón ngearánach, mheas an Oifig gur theip ar an mbanc cloí le hiarratas an ghearánaigh maidir le teacht a bheith aige ar a chuid sonraí. Mar sin féin, d’aontaigh an Oifig seo nach raibh na samhlacha scórála creidmheasa a d’úsáid an banc ina phróiseas measúnaithe ar chreidmheas ina sonraí pearsanta a bhain leis an ngearánach, agus, dá réir sin, nach raibh an gearánach i dteideal cóip den fhaisnéis seo a fháil.

Ar deireadh, bhreithnigh an oifig seo gur sháraigh an banc a chuid oibleagáidí tuilleadh faoin reachtaíocht um chosaint sonraí toisc nár thug sé freagra ar an iarratas a rinne an gearánach laistigh den teorainn ama reachtúil is infheidhme.

Faoi Airteagal 15 den GDPR, tá sé de cheart ag ábhair sonraí deimhniú a fháil ó rialaitheoirí sonraí cé acu atá sonraí pearsanta a bhaineann leo á bpróiseáil nó nach bhfuil, agus i gcás ina bhfuil, teacht a bheith acu ar na sonraí pearsanta sin. Ní bhaineann an ceart seo ach le sonraí pearsanta an ábhair sonraí, arb é is ciall leis sin aon fhaisnéis a bhaineann leis an ábhar sonraí sin ina n-aithnítear an t-ábhar sonraí nó ina bhfuil an t-ábhar sonraí inaitheanta. Ní mór do rialaitheoir sonraí freagra a thabhairt ar iarratas ar rochtain ó ábhar sonraí gan mhoill mhíchuí agus laistigh de mhí amháin ar an iarratas a fháil i gcás ar bith. Mar sin féin, tá an ceart ar rochtain ar shonraí pearsanta faoi réir líon eisceachtaí faoin GDPR agus faoin Acht um Chosaint Sonraí 2018 (go háirithe, ailt 59 go 61), ar nós cás ina ndéanfaí dochar do chearta agus saoirsí daoine eile an t-iarratas ar rochtain a chomhlíonadh.

Cás-Staidéir Gearáin maidir le hIarrataí Rochtana

 

An bunús dlíthiúil i leith próiseáil agus slándáil na próiseála

Thaisc ábhar sonraí gearán leis an DPC in aghaidh rialaitheoir sonraí i ndiaidh freagra mall ar iarratas duine ar a shonraí. Bhí an t-ábhar sonraí imníoch faoin bpróiseáil a bhí á dhéanamh ar a shonraí pearsanta idir an rialaitheoir sonraí agus tríú páirtí, fiosraitheoir HR (fiosraitheoir). Bhain na hábhair imní leis an mbunús dlíthiúil a bhí le sonraí pearsanta an ábhair sonraí a phróiseáil agus slándáil na próiseála a bhí á déanamh ar na sonraí pearsanta, toisc gur úsáid an fiosraitheoir cuntas Gmail le linn an scrúdaithe.

Chuir an t-ábhar sonraí a cheart i bhfeidhm faoi Airteagal 15 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR) trí rochtain ar a shonraí pearsanta a iarraidh. Mar sin féin, ní bhfuair sé freagra ar a iarraidh laistigh de mhí amháin de réir mar a éilítear faoi Airteagal 12(3) den GDPR. I ndiaidh tréimhse dhá mhí gan aon fhreagra a fháil fós, chuir an t-ábhar sonraí an rialaitheoir sonraí ar an eolas go dtaiscfí gearán leis an DPC . I ndiaidh teagmháil a rinne an DPC, chuir an rialaitheoir sonraí na sonraí pearsanta ábhartha a bhí ábhartha don iarratas duine ar a shonraí ar fáil agus mhínigh sé go raibh moill i gceist mar gheall ar earráid theicniúil sa chóras ríomhphoist. Ag an bpointe seo, bhí an t-ábhar sonraí sásta go bhfuair sé na sonraí pearsanta ar fad a iarradh mar aon le roinnt sonraí breise eile . Níor bhain na sonraí seo leis an ábhar sonraí agus rinneadh an t-atheagrú a leasú.

I ndiaidh athbhreithniú a dhéanamh ar na sonraí pearsanta a fuarthas, chuir an t-ábhar sonraí ábhar imní in iúl maidir leis an bpróiseáil a bhí á dhéanamh ar a shonraí pearsanta idir an rialaitheoir sonraí agus an fiosraitheoir. Mar chuid dá iniúchadh, chuaigh an DPC i dteagmháil leis an rialaitheoir sonraí maidir leis an gceist seo. Luaigh an ri- alaitheoir sonraí alt 46 den Acht um Chosaint Sonraí 2018 (Acht 2018) agus Airteagail 6(1)(c) agus Airteagal 9(2)(b) dá bhunús dlíthiúil i leith na sonraí pearsanta a phróiseáil . Chomh maith leis sin, bhí an t-ábhar sonraí ina fhostaí, mar sin, tharraing an rialaitheoir sonraí aird ar a chuid oibleagáidí dlíthiúla faoin Acht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair 2005 de réir mar atá leagtha amach ina Lámhleabhar d’Fhostaithe. Cheistigh an t-ábhar sonraí an bunús dlíthiúil seo toisc nár cuireadh é ar an eolas faoi sin roimhe seo.

Maidir leis an bhfiosraitheoir, mhínigh an t-ábhar imní nár lorgaíodh aon chead i leith na sonraí pearsanta bheith á bpróiseáil idir an rialaitheoir sonraí agus an fiosraitheoir. Mhínigh an rialaitheoir sonraí nach raibh cead ar an aon bhunús dlíthiúil faoin GDPR agus luaigh sé Airteagal 6(1) (b) dá bhunús dlíthiúil. Cheistigh an t-ábhar sonraí an bunús dlíthiúil seo á lua nach raibh an phróiseáil a rinne an fiosraitheoir riachtanach i leith an conradh fostaíochta a chomhlíonadh. Chomh maith leis sin, chuir an t-ábhar sonraí ábhar imní in iúl mar gheall ar thrédhearcacht toisc nach mbeadh sé ag súil go ndéanfadh fiosraitheoir próiseáil ar a shonraí pearsanta nuair a bhí an conradh fostaíochta á shíniú. Nuair a ceistíodh an rialaitheoir sonraí faoi chuntas Gmail bheith á úsáid ag an bhfiosraitheoir, luaigh sé go mbeadh an ríomhphost idir an rialaitheoir sonraí agus an cuntas Gmail criptithe agus nach raibh aon fhianaise ann gur baineadh de shonraí pearsanta an ábhair sonraí.

Le linn an gearán a fhiosrú, tháinig ceist chun cinn maidir leis an bhfiosraitheoir bheith ina chomhrialaitheoir nó ina phróiseálaí sonraí. Ghlac an t-ábhar sonraí an tuairim go raibh an fiosraitheoir ina phróiseálaí sonraí ach luaigh an rialaitheoir sonraí go raibh an fiosraitheoir ina rialai- theoir sonraí as a cheart féin, agus mar thoradh air sin, ní raibh aon riachtanais i gceist faoi Airteagal 28 den GDPR.

Scrúdaigh an DPC fíricí an ghearáin seo agus fuair sé amach gur cuireadh liosta de dhaoine aonair ar fáil don fhiosraitheoir chun agallamh a chur orthu d’fhonn an tuarascáil seo a chur le chéile agus ó na téarmaí tagartha, liostaítear agallaimh ar an bpríomh-mhodh le faisnéis a bhailiú chun a thuarascáil a chur le chéile. Thug an DPC faoi deara freisin gur cuireadh cosc ar an bhfiosraitheoir aon smachtbhannaí a tháinig chun cinn as torthaí na tuarascála a chinneadh ná a chur i bhfeidhm. Bunaithe ar an bhfaisnéis seo, dhearbhaigh an DPC go raibh an fios- raitheoir ina phróiseálaí sonraí thar ceann an rialaitheora sonraí agus thug sé faoi deara gur theip ar an rialaitheoir sonraí conradh a chur ar fáil idir é féin agus an fiosrai- theoir de réir mar a éilítear faoi Airteagal 28(3) den GDPR.

Toisc gur theip ar an rialaitheoir sonraí cloí leis an oibleagáid i leith mí amháin faoi Airteagal 12(3) den GDPR, mheabhraigh an DPC don rialaitheoir sonraí maidir lena chuid oibleagáidí faoi Airteagal 24 chun bearta cuí teicniúla agus eagraíochtúla a chur i bhfeidhm d’fhonn comhlíonadh an GDPR a chinntiú. Agus é sin á dhéanamh, ba chóir don rialaitheoir sonraí a chinntiú freisin nach gcuireann sé ar fáil ach sonraí pearsanta atá ábhartha don iarratas duine ar a shonraí atá idir lámha agus go bhfolaíonn sé sonraí pearsanta ó thríú páirtithe . Ar an dara dul síos, maidir leis an mbunús dlíthiúil ar a raibh an rialaitheoir sonraí ag brath, bhí an DPC sásta go raibh bunúis dhlíthiúla dá leithéid réasúnach; mar sin féin, moladh dó baill foirne a chur ar an eolas ina pholasaithe cosanta sonraí do bhaill foirne go bhféadfadh sé brath ar alt 46 d’Acht 2018 agus na hAirteagail 6(1)(c) agus 9(2) (b) den GDPR maidir le sonraí pearsanta na mball foirne a phróiseáil. Chomh maith leis sin, faoi alt 109(5)(f) d’Acht 2018, mhol an DPC go gcinnteodh an rialaitheoir sonraí go bhfuil conradh i bhfeidhm nuair atá fiosraitheoir rannpháirteach, go ndéanfadh sé tástáil ar phróisis eagraíochtúla agus teicniúla ar bhonn rialta, agus ar deireadh, go gcuirfeadh sé seoladh ríomhphoist de chuid na heagraíochta ar fáil don fhiosraitheoir.

Cás-Staidéir Gearáin maidir le hIarrataí Rochtana

 

Próiseáil i gcomhthéacs imscrúdú san ionad oibre

Bhí baint ag an ngearánaí le himscrúdú san ionad oibre i ndiaidh líomhaintí a rinne an gearánaí i gcoinne comhghleacaí. Cheap fostóir an ghearánaí gnólacht comhairleoireachta neamhspleách (“an Chuideachta Chomhairliúcháin”) chun an t-imscrúdú a dhéanamh agus bhí torthaí na Cuideachta Comhairleoireachta faoi réir athbhreithniú ag painéal neamhspleách.

Tar éis an t-imscrúdú san ionad oibre a thabhairt chun críche, rinne an gearánaí iarratas ar rochtain sonraí chuig a bhfostóir agus cuireadh roinnt doiciméad ar fáil i ndiaidh an iarratais sin . Bhí an gearánaí den tuairim, áfach, nár freagraíodh an t-iarratas go hiomlán. Mar shampla, mhaígh an gearánaí go raibh na ráitis a thug finné (le linn an imscrúdaithe), a cuireadh ar fáil don ghearánaí, míchruinn ó thaobh na bhfíricí de agus nár cuireadh doiciméid áirithe ar fáil don ghearánaí (amhail logaí rochtana ar chomhaid phearsanta an ghearánaí). Líomhain an gearánaí freisin gur nocht a fhostóir, le comhghleacaithe an ghearánaí, sonraí faoi fheidhmíocht oibre an ghearánaí, socruithe saoire breoiteachta agus cóipeanna de dhuillíní pá an ghearánaí. Ar deireadh, mhaígh an gearánaí gur theip ar a bhfostóir cloí le hiarratais an ghearánaí ar cheartú na ráitis finné (a líomhnaigh an gearánaí a bhí mícheart ó thaobh fíricí de).

Cruthaíodh gurbh é fostóir an ghearánaí an rialai- theoir sonraí toisc gur rialaigh sé sonraí an ghearánaí i gcomhthéacs an imscrúdaithe san ionad oibre . Sna sonraí sin, bhí faisnéis phárolla an ghearánaí, faisnéis a bhaineann le saoire bhreoiteachta an ghearánaí agus ráitis finné a bhaineann leis an ngearánaí. Sonraí pearsanta a bhí sna sonraí toisc gur bhain siad leis an ngearánaí mar dhuine ar leith agus d’fhéadfaí an gearánaí a aithint uaidh.

Mar fhreagra ar líomhain an ghearánaí nár freagraíodh a iarratas rochtana go hiomlán, dúirt an rialaitheoir sonraí, maidir le ráitis an fhinné, gur cuireadh cóipeanna de ráitis bhunaidh an fhinné ar fáil don ghearánaí a coinníodh ar chomhad an ghearána . Maidir leis na logaí rochtana, bhí an rialaitheoir sonraí den tuairim nach sonraí pearsanta iad sin (toisc gur coinníodh cuntas ar ghluaiseacht dhigiteach fostaithe eile ar chórais TF an rialaitheo- ra sonraí). I dtaca le cáipéisí éagsúla eile a mhaígh an gearánaí nach bhfuair sé, thug an rialaitheoir sonraí le fios, dá bhféadfadh an gearánaí sonraí na ndoiciméad sin a shonrú, go ndéanfadh sé líomhain an ghearánaí a mheas tuilleadh.

Maidir leis an ngearán gur nocht an rialaitheoir sonraí faoi fheidhmíocht oibre an ghearánaí le comhghleacaithe an ghearánaí, d’áitigh an rialaitheoir sonraí go bpléifí feidhmíocht an ghearánaí le bainisteoirí an ghearánaí agus dá bhrí sin, gur nochtadh é ar chúiseanna dlisteanacha gnó. I dtaca leis an ngearán a rinneadh faoi nochtadh sonraí maidir le saoire bhreoiteachta an ghearánaí, thug an rialaitheoir sonraí le fios nár nochtadh aon rud den sórt sin go bhfios dó. Ar deireadh, maidir leis an líomhain gur nochtadh duillíní pá an ghearánaí, d’áitigh an rialai- theoir sonraí gur cuireadh ar fáil iad d’fhostaí de chuid an rialaitheora sonraí le hathbhreithniú a dhéanamh orthu i gcomhthéacs cás ar leith a rinne an gearánaí.

Rinne an gearánaí iarratas freisin ar cheartú ráiteas finné, a líomhnaigh an gearánaí a bhí míchruinn ó thaobh na bhfíricí de. Mar sin féin, chuir an rialaitheoir sonraí in iúl gurbh ionann an méid a taifeadadh sna ráitis finné agus tuairimí na ndaoine a bhí i gceist agus, ar an mbonn sin, dhiúltaigh sé na ráitis finné a leasú. Bhí an DPC den tuairim go raibh cúig shaincheist le scrúdú aige maidir leis an ngearán. Tugtar achoimre thíos ar dhearcadh an DPC ar gach ceann de na saincheisteanna sin (faoi cheannteidil a léiríonn gach ceann de na cúig shaincheist).

Iarratas ar rochtain

Thug an DPC faoi deara go raibh iarratas bailí rochtana déanta ag an ngearánaí . Mar sin féin, tar éis dó an t-ábhar a bhreithniú tríd is tríd, bhí an DPC den tuairim nach raibh aon fhianaise ar fáil a thabharfadh le fios gur choinnigh an rialaitheoir sonraí faisnéis siar go neamhdhleathach.

Thug an DPC faoi deara, áfach, nár láimhseáladh iarratas rochtana sonraí an ghearánaí sa tréimhse ama a éilítear faoin reachtaíocht. Mar sin, bhí sárú cosanta sonraí déanta ag an rialaitheoir sonraí ina thaobh sin.

Faoi Airteagal 12(3) den GDPR, tá sé de cheart ag duine faoi réir sonraí rochtain a fháil ó rialaitheoir sonraí ar shonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi, atá á bpróiseáil . Ní mór don rialaitheoir sonraí freagra a thabhairt ar iarratas ar rochtain ábhair gan aon mhoill agus in aon chás laistigh de mhí amháin tar éis glacadh leis an iarratas:

 

Líomhain i dtaca le nochtadh neamhúdaraithe ar shonraí pearsanta an ghearánaí

Ní mór do rialaitheoirí bunús dleathach a bheith acu, faoin reachtaíocht um chosaint sonraí chun sonraí pearsanta a phróiseáil, lena n-áirítear na sonraí sin a nochtadh le tríú páirtí . Maidir le sonraí a nochtadh i dtaca le feidhmíocht oibre an ghearánaí, bhí an DPC den tuairim go raibh an phróiseáil sin dleathach ó tharla gur bhain sé le cúiseanna dlisteanacha gnó. Maidir le sonraí saoire breoiteachta a nochtadh, chinn an DPC nár tugadh dóthain faisnéise a bhain leis an teagmhas líomhnaithe chun a chinneadh ar sáraíodh an reachtaíocht. Maidir le nochtadh duillíní pá an ghearánaí, bhí an DPC den tuairim go raibh an nochtadh dleathach toisc gur nochtadh na duillíní pá chun cabhrú leis an rialaitheoir sonraí éileamh dlíthiúil ar leithligh a chosaint a rinne an gearánaí ina choinne.

Faoi Airteagal 6 den GDPR, ceanglaítear ar rialaitheoir sonraí bunús dlí a bheith leis an bpróiseáil ar aon sonraí pearsanta (lena n-áirítear iad a nochtadh). Áirítear ar na bunúis dlí sin atá bailí lena bpróiseáil (a) go bhfuil toiliú tugtha ag an ábhar sonraí, (b) go bhfuil gá leis an bpróiseáil chun conradh a chomhlíonadh a bhfuil an t-ábhar sonraí ina pháirtí ann, (c) go bhfuil gá leis an bpróiseáil chun oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an rialaitheoir sonraí faoina réir a chomhlíonadh, (d) go bhfuil gá leis an bpróiseáil chun leas an duine aonair a chosaint, (e) go bhfuil gá leis an bpróiseáil chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail, nó (f) go bhfuil gá leis an bpróiseáil chun críocha leasanna dlisteanacha a dtugann an rialaitheoir sonraí nó tríú páirtí faoi

.

Próiseáil chóir

Tá oibleagáid ar rialaitheoirí sonraí sonraí pearsanta a phróiseáil go cothrom. Le linn a imscrúdaithe, d’iarr an DPC ar an rialaitheoir sonraí a dheimhniú conas a  chomhlíon sé a oibleagáidí maidir le sonraí an ghearánaí a phróiseáil ar bhealach cóir, i dtaca le gach ceann de na nochtuithe líomhnaithe ar shonraí pearsanta an ghearánaí . Theip ar an rialaitheoir sonraí an fhaisnéis a theastaíonn a chur ar fáil agus mar sin, mheas an DPC gur theip ar an rialaitheoir sonraí sonraí an ghearánaí a phróiseáil, i gcomhréir le hoibleagáidí próiseála córa .

Faoin GDPR, ní mór sonraí pearsanta a phróiseáil go dleathach, go cothrom agus ar bhealach trédhearcach i ndáil leis an ábhar sonraí . Ceanglaítear leis an bprionsabal sin go ndéanfar faisnéis áirithe a chur ar fáil don ábhar sonraí faoi Airteagal 13 agus Airteagal 14 den GDPR maidir leis an oibríocht phróiseála a bheith ann agus chun críocha na hoibríochta sin. Ba cheart na hábhair sonraí a chur ar an eolas faoi rioscaí, rialacha, agus coimircí i ndáil le próiseáil a gcuid sonraí pearsanta . I gcás inar féidir sonraí pearsanta a nochtadh go dlisteanach d’fhaighteoir eile, ba cheart do rialaitheoirí sonraí an t-ábhar sonraí a chur ar an eolas nuair a nochtar na sonraí pearsanta den chéad uair don bhfaighteoir nó do chatagóirí faighteoirí na sonraí pearsanta.

 

An ceart go ndéanfaí ceartúcháin

Faoin reachtaíocht um Chosaint Sonraí, tá ceart ann chun sonraí pearsanta míchruinne a cheartú . Dheimhnigh an rialaitheoir sonraí anseo, áfach, gurbh ionann an méid a taifeadadh sna ráitis finné agus tuairimí na ndaoine a bhí i gceist. Glacadh leis an dearcadh, i gcás ina dtaifeadtar tuairim i gceart agus i gcás ina bhfuil an tuairim bunaithe go hoibiachtúil ar nithe a chreidfeadh an duine a thugann an tuairim a bheith fíor, nach bhfuil feidhm ag an gceart go ndéanfaí ceartúcháin.

Faoi Airteagal 5 den GDPR, ní mór sonraí pearsanta atá á bpróiseáil a bheith cruinn agus, nuair is gá, iad a bheith cothrom le dáta agus ceanglaítear ar rialaitheoirí sonraí a chinntiú go ndéantar gach beart réasúnta chun a chinntiú go scriostar nó go gceartaítear sonraí míchruinne, agus cuspóir a bpróiseála ar intinn. Faoi Airteagal 16 den GDPR, tá sé de cheart ag ábhar sonraí go gceartóidh rialaitheoir sonraí sonraí pearsanta míchruinne a bhaineann leis nó léi gan aon mhoill. Faoi alt 60 den Acht um Chosaint Sonraí 2018, áfach, tá an ceart seo teoranta sa mhéid is gur léiriú tuairime ó dhuine eile iad na sonraí pearsanta faoin ábhar sonraí a tugadh faoi rún nó ar an tuiscint go gcaithfeadh duine leis i modh rúin agus leas dlisteanach aige an fhaisnéis a fháil.

 

Sonraí pearsanta an ghearánaí a choimeád

D’iarr an DPC ar an rialaitheoir sonraí breac-chuntas a thabhairt ar an mbunús dlí maidir le sonraí pearsanta an ghearánaí a choinneáil (i .e . próiseáil) i dtaca le himscrúdú an ionaid oibre. Chuir an rialaitheoir sonraí in iúl go raibh na sonraí seo á gcoimeád d’fhonn iarratais agus achomhairc an ghearánaí a láimhseáil faoi phróisis reachtúla éagsúla . Ar an mbonn sin, bhí an DPC den tuairim go raibh sé dleathach go gcoinneofaí sonraí pearsanta an ghearánaí mar go raibh baint aige le cúiseanna dlisteanacha gnó. Faoin GDPR, ní hamháin go gcaithfidh bunús dleathach a bheith ag rialaitheoir sonraí chun sonraí pearsanta duine aonair a fháil ar dtús, ach ní mór bunús dlí leanúnach a bheith leis chun na sonraí sin a choinneáil de réir Airteagal 6, mar a leagtar amach thuas. Faoi Airteagal 5(1)(e) den GDPR, níl cead sonraí pearsanta a chuireann in iúl cé hé / cé hí an t-ábhar sonraí a choinneáil ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá chun na gcríoch dá bpróiseáiltear iad.

Cás-Staidéir Gearáin maidir le hIarrataí Rochtana

 

Iarrataí ar rochtain agus ábhar atá faoi phribhléid dhlíthiúil

Bhain an gearán seo le freagra neamhiomlán a bhí tugtha, a dúradh, ar iarrataí ar rochtain ó ábhar sonraí. Ba é cúlra an ghearáin seo gur chuir an gearánaí iarraidh rochtana faoi bhráid iontaobhaithe scéime pinsin (na “hIontaobhaithe”). Mar chuid dá bhfreagra ar an iarraidh ar rochtain, thagair na hIontaobhaithe do dhréachtlitir a bhain leis an ngearánaí; níor cuireadh an dréachtlitir seo ar fáil don ghearánaí, áfach.

Dearbhaíodh gurbh iad na hIontaobhaithe an rialaitheoir sonraí toisc go raibh smacht acu ar an ábhar agus ar úsáid shonraí pearsanta an ghearánaí chun críocha phinsean an ghearánaí. Is éard a bhí sna sonraí a bhain le hábhar ná (i measc nithe eile) faisnéis a bhain le fostaíocht agus pinsean an ghearánaí agus ba shonraí pearsanta iad toisc gur bhain siad leis an ngearánaí mar dhuine aonair agus go bhféadfaí an gearánaí a aithint uathu.

D’fhéach an rialaitheoir sonraí lena mhaíomh go raibh pribhléid dhlíthiúil ag an dréachtlitir agus, dá bhrí sin, nár ceanglaíodh ar an rialaitheoir sonraí í a chur ar fáil don ghearánaí. Lorg an Coimisinéir um Chosaint Sonraí tuilleadh eolais ón rialaitheoir sonraí maidir leis an maíomh gur bhain pribhléid leis an dréachtlitir. Mar fhreagra air sin, níor thug an rialaitheoir sonraí soiléireacht ar an mbunús a bhí leis an dearbhú go raibh pribhléid dhlíthiúil ag an dréachtlitir, ach thoiligh sé, áfach, na sonraí a chur ar fáil don ghearánaí.

Socraíodh, dá bhrí sin, gur theip ar an rialaitheoir sonraí a chruthú go raibh sé i dteideal brath ar an díolúine i ndáil le sonraí atá faoi phribhléid dhlíthiúil. Dá réir sin, ba cheart go mbeadh an litir curtha ar fáil don ghearánaí, mar fhreagra ar iarraidh rochtana an ghearánaí, laistigh den tréimhse ama atá leagtha amach sa reachtaíocht.

Faoi Airteagal 15 den GDPR, tá sé de cheart ag ábhar sonraí rochtain a fháil ó rialaitheoir sonraí ar shonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi, atá á bpróiseáil  Ní mór don rialaitheoir sonraí freagra a thabhairt ar iarratas ar rochtain ón ábhar sonraí gan rómhoill agus pé scéal é laistigh de mhí amháin ó bhí an t-iarratas faighte. Mar sin féin, níl feidhm ag an gceart rochtana ar shonraí pearsanta duine nuair a bhíonn sonraí pearsanta a bpróiseáil chun comhairle dlí a lorg, a fháil nó a thabhairt nó i gcás sonraí pearsanta a bhféadfaí pribhléid a dhearbhú ina leith chun críche imeachtaí dlíthiúla nó le linn imeachtaí dlíthiúla. Nuair a fhéachann rialaitheoir sonraí le pribhléid a dhearbhú i dtaca le faisnéis atá á lorg ag an té lena mbaineann sonraí, cuirfidh an DPC de cheangal ar an rialaitheoir sonraí, agus scrúdú a dhéanamh ar ghearán toisc a dhiúltaithe, faisnéis shuntasach a chur ar fáil, lena n-áirítear míniú ar an mbonn ar a bhfuil pribhléid á dhearbhú ag an rialaitheoir sonraí, ionas gur féidir bailíocht na pribhléide a mheas i gceart.

Cás-Staidéir Gearáin maidir le hIarrataí Rochtana

 

Oibleagáid cúiseanna a thabhairt agus rochtain ar shonraí pearsanta á diúltú

Bhí seilbh ag an ngearánach roimhe sin ar mhaoin i bhforbraíocht arna bhainistiú ag cuideachta bhainistíochta. Rinne an gearánach iarratas ar rochtain ar shonraí chuig an gcuideachta bhainistíochta ach i dtuairim an ghearánaigh mhainnigh an rialaitheoir sonraí sonraí pearsanta uile an ghearánaigh a chur ar fáil sa fhreagra a tugadh.

Cinneadh gurbh é an chuideachta bhainistíochta an rialaitheoir sonraí de bharr gur rialaigh sí ábhar agus úsáid shonraí pearsanta an ghearánaigh chun críocha ról na cuideachta mar chuideachta bhainistíochta i leith forbraíocht ina raibh seilbh ag an ngearánach ar mhaoin. Is éard a bhí sna sonraí atá faoi thrácht (i measc nithe eile) ná ainm agus seoladh an ghearánaigh . Sonraí pearsanta a bhí i gceist de bharr go bhféadfaí an gearánach a aithint astu agus de bharr gur bhain siad leis an ngearánach mar dhuine aonair.

Le linn don scrúdú a rinne an DPC ar an ngearán, chuir an rialaitheoir sonraí cuntas ar fáil maidir le comhad ina raibh sonraí pearsanta uile an ghearánaigh a bhí á gcoinneáil siar ar an mbonn go raibh siad faoi phribhléid go dlíthiúil. Níor tagraíodh don chomhad i bhfreagra an rialaitheora sonraí ar iarraidh an ghearánaigh ar rochtain. Tugadh faoi deara gur cheart don rialaitheoir sonraí tagairt a dhéanamh don chomhad seo mar aon leis an gcúis nó na cúiseanna ar dhiúltaigh sé an comhad a chur ar fáil don ghearánach, ina fhreagra ar iarraidh an ghearánaigh ar rochtain.

Ansin scrúdaigh an DPC ar chuir an rialaitheoir sonraí sonraí uile an ghearánaigh ar fáil don ghearánach, de réir mar a éilítear ó reachtaíocht. Thug an DPC dá aire gur chuir an gearánach cuntais shonracha mhionsonraithe ar fáil maidir leis na sonraí ar chreid an gearánach nár cuireadh iad ar fáil. Mar fhreagra, luaigh an rialaitheoir sonraí nár choinnigh sé sonraí i dtaca le cúrsaí ar chreid sé go raibh deireadh leo agus go ndearna sé sonraí uile an ghearánaigh a bhí á gcoinneáil ag an rialaitheoir sonraí ar dháta an iarrata ar rochtain a chur ar fáil don ghearánach. Bhí an oifig den tuairim go raibh sé inchreidte nach gcoinneodh an rialaitheoir sonraí sonraí pearsanta ar feadh tréimhse éiginnte. Bhí an DPC sásta gur chuir an rialaitheoir sonraí sonraí pearsanta uile an ghearánaigh ar fáil don ghearánach, (lasmuigh den chomhad ar mhaígh an rialaitheoir sonraí pribhléid dhlíthiúil ina leith, mar a leagtar amach thuas). Dá bhrí sin, ní raibh aon sárú eile ar an reachtaíocht .

Faoi Airteagal 15 den GDPR, tá sé de cheart ag ábhar sonraí rochtain a fháil ón rialaitheoir sonraí ar shonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi, agus atá á bpróiseáil. Níl feidhm ag an gceart sin, áfach, maidir le sonraí pearsanta arna bpróiseáil chun comhairle dlí a lorg, a fháil nó a thabhairt, ná le sonraí pearsanta a bhféadfaí éileamh ar phribhléid a dhéanamh ina leith chun críocha nó le linn imeachtaí dlí (Alt 60(3)(a)(iv) den Acht um Chosaint Sonraí 2018). I gcás ina ndiúltaíonn rialaitheoir sonraí iarraidh ar rochtain ar shonraí pearsanta a chomhlíonadh, éilítear faoi Airteagal 12 den GDPR go gcuirfear an duine is ábhar do na sonraí ar an eolas gan mhoill maidir leis na cúiseanna a bhí leis an diúltú sin.

.

Cás-Staidéir Gearáin maidir le hIarrataí Rochtana

 

Rochtain ar phíosa scannáin TCI

Bhain an gearán seo le freagra, a líomhnaítear a bheith neamhiomlán, ar iarratas rochtana le haghaidh píosa scannáin TCI a rinne an gearánach chuig institiúid oideachais. Dúirt an gearánach go ndearnadh iarracht ionsaithe líomhnaithe air. D’iarr an gearánach rochtain ar phíosa scannáin TCI ón am a tharla an t-ionsaí líomhnaithe, go háirithe i dtaca le tréimhse shonrach shainaitheanta ó dhá uillinn éagsúil an cheamara.

Mar fhreagra ar an iarratas ón eagraíocht, cuireadh líon áirithe stadán ón bpíosa scannáin TCI a bhain le ceamara amháin ar fáil don ghearánach. D’iarr an gearánach go gcuirfí stadán ar fáil i gcomhair gach soicind den taifead, ina raibh íomhá an ghearánaigh le feiceáil . Is é an freagra a fuarthas ón institiúid oideachais gur cuireadh gach píosa scannáin a bhí suntasach, i dtuairim an rialaitheora, ar fáil agus ó tharla go raibh timthriall taifeadta 30 lá i gceist leis na ceamaraí TCI, gur glanadh an píosa scannáin sin ó shin d’fhonn píosaí nua scannáin a thaifead. Shoiléirigh an rialaitheoir nár stóráil sé píosa scannáin ar bith mura raibh “ceanglas dleathach” ann amhlaidh a dhéanamh.

Thug an DPC dá aire, i gcás ina dhéantar iarraidh bhailí ar rochtain chuig rialaitheoir sonraí, nach mór don rialai- theoir sonraí an iarraidh a chomhlíonadh laistigh de thréimhse áirithe. (Mí a leagtar amach go ginearálta don tréimhse sin faoi Airteagal 12(3) den GDPR .) Tá an cear rochtana ar shonraí pearsanta ar cheann de na príom- hchearta bunúsacha dá bhforáiltear sa reachtaíocht um chosaint sonraí. I gcomhthéacs iarraidh ar rochtain ar phíosa scannáin TCI, go hiondúil teastaíonn oibleagáid an rialaitheora sonraí maidir le cóip de shonraí pearsanta an iarratasóra a chur ar fáil cóip den phíosa scannáin TCI, i bhfoirm físeáin, a chur ar fáil. I gcás nach bhfuil sé sin indéanta, amhail nuair nach féidir an píosa scannáin a chóipeáil go gléas eile go teicniúil, nó in imthosca eis- ceachtúla eile, féadfar glacadh leis go gcuirfí stadáin ar fáil don duine is ábhar do na sonraí mar rogha eile seachas píosa scannáin. In imthosca ina gcuirtear stadáin ar fáil, áfach, ba cheart don rialaitheoir sonraí stadán i gcomhair gach soicind den taifead ina bhfuil íomhá an ábhar sonraí le feiceáil ann a chur ar fáil don duine sin agus míniú a thabhairt ar an gcúis nach féidir an píosa scannáin a chur ar fáil i bhfoirm físeáin. Chomh maith leis sin ba cheart don rialaitheoir gach píosa scannáin a bhaineann leis an tréimhse a sonraíodh a chaomhnú go dtí go ndeimhneoidh an t-iarratasóir go bhfuil siad sásta leis an bhfreagra a tugadh .

De bharr nár chuir an rialaitheoir sonraí an píosa scannáin TCI a iarradh ná sraith iomlán stadán i dtaca leis an tréimhse shonraithe ar fáil don ghearánach, mhainnigh an rialaitheoir sonraí a oibleagáidí maidir le ceart rochtana a chomhlíonadh, ó thaobh ama de (Airteagal 12(3)) agus maidir le tacar lán agus iomlán a chur ar fáil de shonraí pearsanta a phróiseáil an rialatheoir (Airteagal 15).

Cás-Staidéir Gearáin maidir le hIarrataí Rochtana

 

Mainneachtain iarraidh ar rochtain a fhreagairt go hiomlán

Bhain an gearán seo le hiarratas ar rochtain a rinne an gearánach. Bhí an gearánach míshásta gur dhiúltaigh an rialaitheoir sonraí, Comhairle Contae, dá iarratas ar rochtain ar chóip d’aon fhaisnéis faoin ngearánach arna choinneáil ag an rialaitheoir sonraí de láimh agus i bhfoirm leictreonach. Ina ionad sin chuir an rialaitheoir sonraí in iúl don ghearánach go raibh na comhaid a iarradh ar fáil ar líne nó ar fáil le breathnú orthu in áitreabh an rialaitheora sonraí.

Le linn don imscrúdú ar an ngearán seo a bheith ar bun, líomhain an gearánach nárbh ionann na comhaid a cuireadh ar fáil don ghearánach in áitreabh an rialaitheora sonraí agus na sonraí pearsanta uile a bhain leis an ngearánach a bhí á gcoinneáil ag an rialaitheoir sonraí. Bhí an rialaitheoir sonraí den tuairim, áfach, go raibh an iarraidh ar rochtain a rinne an gearánach teoranta do shonraí pearsanta arna choinneáil i dtaca le dhá iarratas pleanála. Ba é ba chúis leis sin gur luaigh an gearánach uimhreacha tagartha do na hiarratais phleanála ar an iarratas ar rochtain. Dá réir sin, d’fhéach an rialaitheoir sonraí le hidirdhealú a dhéanamh idir sonraí pearsanta a bhain leis na comhaid phleanála a bhí ar fáil go poiblí, ar soláthraíodh don ghearánach iad le breathnú orthu go poiblí, agus sonraí pearsanta a cruthaíodh tar éis gur diúltaíodh d’iarratas pleanála an ghearánaigh, ar mheas an rialaitheoir sonraí iad a bheith lasmuigh de scóip an iarrata ar rochtain.

Cé gur luaigh an gearánach dhá iarratas pleanála ar leith, gur cuireadh an iarraidh ar rochtain in iúl i dtéarmaí ginearálta agus lorg sé rochtain ar “aon fhaisnéis a choinníonn tú fúm i bhfoirm leictreonach nó de láimh”. Dá réir sin, measadh gur chuimsigh na sonraí pearsanta a lorg an gearánach na sonraí uile a d’eascair i gcomhthéacs theagmháil an ghearánaigh leis an rialaitheoir sonraí sular cuireadh an dá iarratas pleanála a sainaithníodh isteach agus na sonraí ar fad a d’eascair tar éis gur diúltaíodh do na hiarratais sin.

Cinneadh, de bharr cúinsí áirithe an cháis, gur sháraigh an rialaitheoir sonraí a chuid oibleagáidí cosanta sonraí nuair a mhainnigh sé cóip iomlán de shonraí pearsanta an ghearánaigh a sholáthar don ghearánach mar fhreagra ar an iarraidh ar rochtain laistigh den tréimhse  reachtúil. Faoin GDPR, baineann Airteagal 15 leis an gceart rochtana ag an ábhar sonraí faoi réir shonraí pearsanta a bhaineann leis an duine sin atá á gcoinneáil ag an rialai- theoir  In Airteagal 12(3) leagtar amach an coinníoll inarb éigean don rialaitheoir na sonraí pearsanta sin a chur ar fáil. Tá dualgas ar an rialaitheoir faisnéis faoin ngníomh a rinneadh faoi iarraidh dá leithéid sin a chur ar fáil gan mhoill mhíchuí agus go fiú is laistigh d’aon mhí amháin tar éis an iarraidh a fháil. Chomh maith leis sin leagtar imthosca amach san airteagal sin lena bhforáiltear do shíneadh a chur leis an tréimhse sin.

Cás-Staidéir Gearáin maidir le hIarrataí Rochtana

 

Teip freagra a thabhairt ar Iarratas Rochtana

Fuair an CCS gearán ó dhuine aonair maidir le hiarratas rochtana ábhar a rinne sé chuig eagraíocht (an rialtóir sonraí) ar chóip den fhaisnéis go léir a bhí á choinneáil maidir lena rannpháirtíocht leis an rialaitheoir sonraí. Ní bhfuair an duine freagra ar an iarratas seo. Rinne an CCS idirghabháil féachaint an bhféadfaí an cheist a réiteach go neamhfhoirmiúil.

Ní raibh an gearánach sásta go háirithe leis an bhfíric nár soláthraíodh doiciméid áirithe mar fhreagra ar a iarratas rochtana . Ba é seasamh an rialaitheora sonraí nár cuireadh na doiciméid ar fáil toisc gur soláthraíodh na sonraí pearsanta “i bhformáid eile”. Ní bhaineann cearta rochtana um chosaint sonraí le rochtain ar dhoiciméid per se . Baineann siad le rochtain ar shonraí pearsanta. Féadfar iarratas rochtana a chomhlíonadh trí achoimre iomlán ar a sonraí a sholáthar don duine i bhfoirm intuigthe. Caithfidh an fhoirm ina gcuirtear ar fáil é a bheith leordhóthanach chun ligean don iarratasóir a bheith feasach ar na sonraí pearsanta atá á bpróiseáil, seiceáil go bhfuil siad cruinn agus á bpróiseáil go dleathach. Tar éis scrúdú a dhéanamh ar na sonraí a chuir an rialaitheoir ar fáil sa chás seo, bhí an CCS sásta a chur in iúl don ghearánach gur soláthraíodh na sonraí go léir a raibh sé ina theideal faoin reachtaíocht um chosaint sonraí dó.