Gairmeacha
Deiseanna Earcaíochta sa Choimisiún um Chosaint Sonraí
Is trí fheachtais a mbainistíonn Publicjobs iad a fhreastalaítear ar sciar suntasach dár riachtanais earcaíochta. Ina theannta sin, seolaimid earcaíocht dhíreach do phoist shonracha speisialtóra, ghairmiúla agus theicniúla, ar aon dul le ceanglais an cheadúnais earcaíochta atá againn ón gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí. Beidh naisc chuig gach comórtas gníomhach ar fáil anseo.
Stiúrthóir Dlí sa Choimisiún um Chosaint Sonraí
Tá an Coimisiún um Chosaint Sonraí ag iarraidh Stiúrthóir Dlí a cheapadh faoi láthair. Beidh cúlra comhairleach agus/nó dlíthíochta ag an iarrthóir rathúil, agus díriú láidir ar shaineolas agus ar eolas speisialtóra. Beidh an t-iarrthóir rathúil tiomanta do sheirbhís dlí bharrmhaith a sholáthar chun tacú le croífheidhmeanna rialála an Choimisiúin. Is deis chorraitheach é seo do dhuine dinimiciúil, inspreagtha agus cumasach ag a bhfuil taithí shubstaintiúil iomchuí chun ról tábhachtach ardcheannaireachta a líonadh laistigh den Choimisiún.
Lean an nasc chuig an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí chun iarratas a dhéanamh, Stiúrthóir Dlí sa Choimisiún um Chosaint Sonraí | An Coimisiún um Chosaint Sonraí - publicjobs.ie
Is é an Dáta Deiridh ar a nGlacfar le hIarratais ná Déardaoin an 9 Eanáir 2025
Teistiméireachtaí Foirne
- Seo í Emily Sugrue, Anailísí Dlí sa Choimisiún um Chosaint Sonraí
-
Seo í Julia Drennan, Coimisinéir Cúnta sa Choimisiún um Chosaint Sonraí
-
Seo í Katie O’Leary, Coimisinéir Cúnta sa Choimisiún um Chosaint Sonraí
-
Seo é Lorcan O’Connor, Anailísí Dlí sa Choimisiún um Chosaint Sonraí
-
Seo é Paul McDonagh-Forde, Dlíodóir Rialála Sinsearach sa Choimisiún um Chosaint Sonraí
-
Seo í Sorcha Montgomery, Anailísí Dlí sa Choimisiún um Chosaint Sonraí
Podchraoladh
Éist lenár bpodchraoladh le Sorcha Montgomery, Anailísí Dlí, agus le Julia Drennan, Coimisinéir Cúnta, a thugann léargas ar an saol mar Anailísí Dlí sa Choimisiún, lena n-áirítear na gnáthfhreagrachtaí laethúla, na peorcaisí agus na tairbhí a bhaineann leis an ról, mar aon leis na deiseanna le haghaidh tuilleadh fáis agus oiliúna.
Chun éisteacht leis an bpodchraoladh, cliceáil thíos chun é a sheinm (MP3, 5:29 nóiméad, i mBéarla).