Seo í Morgane Nerrou, Anailísí Dlí sa Choimisiún um Chosaint Sonraí

 A collage of pictures depicting technology and data uses, with Morgane Nerrou in the centre image.

An Ról

Imríonn Anailísí Dlí príomhról i gceann de na rialálaithe cosanta sonraí is feiceálaí agus is gníomhaí san Eoraip, agus deiseanna ann chun rannchuidiú le hobair fhairsing an Choimisiúin um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) ar an leibhéal náisiúnta agus leis an ról ardiomrá uathúil atá aige i maoirseacht a dhéanamh ar eagraíochtaí idirnáisiúnta móra atá bunaithe in Éirinn. Is é atá i gceist leis an ról, atá coibhéiseach le ról an taighdeora dlí, ná taighde dlí agus anailís dlí a dhéanamh agus tacaíocht dlí a sholáthar ar fud raon leathan de ghníomhaíochtaí an Choimisiúin. Mar thoradh air sin, glacann Anailísithe Dlí páirt i raon éagsúil saincheisteanna substainteacha cosanta sonraí agus i nithe nua dlí agus rialála.

 

Morgane Nerrou

Chuaigh mé isteach sa Choimisiún um Chosaint Sonraí i mí na Nollag 2024 mar Anailísí Dlí san Fhoireann Gnóthaí Idir-Rialála. Is é cuspóir an aonaid ná caidreamh straitéiseach le húdaráis rialála eile in Éirinn agus thar lear a chothú agus a bhainistiú, á chinntiú go n-urramaítear an chosaint sonraí pearsanta ar fud na rialála digití dá réir. Bíonn éagsúlacht ann i mo chuid oibre laethúla, ach baineann sí den chuid is mó le taighde dlí a dhéanamh. Déanaim taighde dlí chun saincheisteanna praiticiúla rialála a réiteach agus rannchuidím le doiciméid dhlíthiúla agus bheartais a dhréachtú. Mar shampla, ullmhaím nótaí faisnéise le haghaidh comhdhálacha agus imeachtaí cainte; déanaim anailís ar an dlí cosanta sonraí chun cabhrú le freagra a thabhairt ar ghearáin; agus ullmhaím anailísí cuimsitheacha ar an reachtaíocht Eorpach agus ar an reachtaíocht náisiúnta chun na dóigheanna a bhforluíonn siad ar dhlíthe cosanta sonraí a shainaithint agus a thuiscint. Rud eile atá i gceist le mo ról is ea obair i gcomhar le heagraíochtaí eile ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach.

Tá cúlra dlí agam, agus céim i ndlí na Fraince, Máistreacht sa léann Eorpach agus céim MPhil i nDlí agus Rialachas an Aontais Eorpaigh ó ollscoileanna Francacha agus Éireannacha agam. Sula ndeachaigh mé isteach sa Choimisiún, d’oibrigh mé mar Thaighdeoir Dlí sa Choimisiún um Athchóiriú an Dlí agus in Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí.

Rinne mé iarratas ar ról an Anailísí Dlí toisc go bhfaca mé éagsúlacht na mball foirne sa Choimisiún um Chosaint Sonraí ó thaobh cúlra de agus éagsúlacht na hoibre a dhéantar sa Choimisiún. Is áit iontach le hobair ann é, go háirithe ós rud é go n-imríonn an Coimisiún ról lárnach sa dlí um chosaint sonraí a fhorfheidhmiú. Is áit oibre thacúil ghairmiúil í freisin inar féidir le daoine á ngairm a fhorbairt.

Bíonn mo chuid oibre laethúla measartha éagsúil – ní bhíonn aon ghnáthlá ann!  Téama coitianta i mo chuid oibre laethúla is ea taighde dlí a dhéanamh chun tuiscint a fháil ar an gcaoi a n-idirghníomhaíonn an tsraith reachtaíochta digití leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus le reachtaíocht eile cosanta sonraí.  Bíonn éagsúlacht ann sa chomhthéacs ina n-úsáidtear an taighde dlí sin ach folaíonn sé saincheisteanna suimiúla agus nua dlí.

Is iad an éagsúlacht oibre agus an deis eolas cuimsitheach ar an dlí a fhorbairt na gnéithe is luachmhaire de mo ról sa Choimisiún. Is deis iontach é ról an Anailísí Dlí mo chuid saineolais ar an taighde dlí a úsáid agus scileanna nua a fhorbairt i réimse a bhíonn ag athrú go tapa agus atá thar a bheith ábhartha i saol an lae inniu. Bíonn tionchar ag an dlí cosanta sonraí ar gach réimse den dlí, beagnach, agus múnlaíonn sé an gnáthshaol laethúil, go háirithe laistigh den réimse digiteach méadaitheach.

Sa ról seo, faighim léargas luachmhar ar dhlí an Aontais Eorpaigh agus ar dhlí riaracháin na hÉireann araon. Faighim an deis a fheiceáil conas a oibríonn prionsabail dhlíthiúla an Aontais Eorpaigh i gcásanna praiticiúla, go háirithe i réimsí casta ina bhforluíonn an chosaint sonraí ar chreataí beartais dhigitigh eile. Ag an am céanna, déileálaim le nósanna imeachta riaracháin ós údarás rialála náisiúnta é an Coimisiún. Is é atá i gceist leis sin tuiscint a fháil ar an gcaoi a ndéanann comhlachtaí poiblí Éireannacha cinntí agus a gcomhoibríonn siad le rialálaithe eile. Mar sin de, is deis uathúil í seo a fheiceáil conas a chuirtear dlí an Aontais Eorpaigh chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta agus conas a idirghníomhaíonn an dá chóras le chéile.