Cás-Staidéir Cuntasacht Ghinearálta
Gearán á rá gur iarr gníomhaireacht ligin méid iomarcach sonraí pearsanta
Thaisc duine aonair gearán leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) tar éis dó amharc ar réadmhaoin ar cíos. Sa ghearán uaidh, líomhain sé gur iarr an ghníomhaireacht ligin méid iomarcach sonraí pearsanta uaidh le linn an phróisis iarratais.
Féach Tuilleadh EolaisIarraidh ceartúcháin a chomhlíonadh go páirteach
Ceithre bliana tar éis imscrúdú a chur i gcrích, d’iarr duine aonair go gceartófaí gnéithe den Tuarascáil inmheánach maidir leis an imscrúdú. Cuireadh an Tuarascáil le chéile tar éis imscrúdú neamhspleách inar cuireadh an duine aonair faoi agallamh mar fhinné. Ní raibh an duine aonair ina ábhar don imscrúdú.
Féach Tuilleadh Eolaislíomhain á rá go ndearnadh sonraí a choinneáil agus a phróiseáil go neamhdhleathach i ndáil le nuachtlitir
Sa chás seo, líomhain duine aonair go ndearna cuideachta bainistíochta réadmhaoine a shonraí pearsanta – a ainm, a sheoladh agus a sheoladh ríomhphoist – a choinneáil agus a phróiseáil go neamhdhleathach.
Féach Tuilleadh EolaisLíomhain á rá gur fhoilsigh eagraíocht sonraí pearsanta
Fuair an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) ceist ó dhuine aonair a bhain le cás a raibh an chuma air gur cuireadh a réadmhaoin ar áireamh de thaisme ar fhógra ar fhoilsigh suíomh Gréasáin réadmhaoine é. Chuir an duine aonair in iúl gur fhoilsigh an suíomh Gréasáin réadmhaoine íomhá de réadmhaoin a bhí ar díol agus íomhá de roinnt réadmhaoine comharsanacha eile ar a shuíomh Gréasáin. Ba é úinéir ceann amháin de na réadmhaoine eile sin an duine aonair a rinne teagmháil leis an gCoimisiún.
Féach Tuilleadh Eolais