Fionnachtana sa Tuarascáil Náisiúnta ón gCoimisiún faoin gCreatlach Forfheidhmithe Comhordaithe do 2024
21st Mí Eanair 2025
Sa bhliain 2024, ghlac an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) páirt sa tríú gníomhaíocht chomhordaithe de chuid an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí (EDPB), inar díríodh ar an gCeart Rochtana. Bhí sé mar aidhm leis an ngníomhaíocht sin measúnú a dhéanamh ar an leibhéal feasachta agus tuisceana atá ann i measc rialaitheoirí sonraí ar Threoirlínte 01/2022 ó EDPB maidir leis an gceart rochtana. Tá ríthábhacht ag baint leis an gceart rochtana maidir le cosaint sonraí agus bíonn sé ar cheann amháin de na cearta is minice a fheidhmítear. Cuireann sé ar chumas daoine a fhíorú cé acu a phróiseálann nó nach bpróiseálann eagraíochtaí a sonraí pearsanta i gcomhréir leis an dlí.
Chun rannchuidiú leis an tionscnamh sin, sheol an Coimisiún cleachtadh cuimsitheach aimsithe fíoras trí cheistneoir a dháileadh ar 30 eagraíocht ar fud earnálacha éagsúla. Anailísíodh na freagraí a fuarthas agus cuireadh iad ar áireamh sa tuarascáil náisiúnta ón gCoimisiún, rud a ghabhann leis an bpríomhthuarascáil ó EDPB.
Seo a leanas roinnt de na príomhfhionnachtana sa tuarascáil náisiúnta ón gCoimisiún
- Ba iad eagraíochtaí a raibh cleachtais dhea-struchtúrtha agus foirne comhlíonta ar bun acu le haghaidh iarrataí ar rochtain d’ábhar sonraí a láimhseáil na heagraíochtaí a léirigh na leibhéil is airde chomhlíonta agus feasachta i ndáil leis na forálacha den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí.
- I bhformhór na gcásanna, bhí na próisis inmheánacha le haghaidh iarrataí ar rochtain d’ábhar sonraí a bhainistiú doiciméadaithe ar bhealach níos fearr i measc eagraíochtaí a fuair líon mór iarrataí den sórt sin ná i measc eagraíochtaí nach bhfuair an oiread sin iarrataí den sórt sin.
- Bhí eagraíochtaí a raibh córais uathoibrithe sreafa oibre, uirlisí digiteacha, bogearraí nó córais ticéadaithe in úsáid acu níos éifeachtaí ná eagraíochtaí eile i ndáil le hiarrataí rochtana a bhainistiú agus a rianú.
- Maidir le cinneadh a dhéanamh ar an raon feidhme sonraí pearsanta le linn freagra a thabhairt ar iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí, thugamar faoi deara go bhfuil dea-chleachtais ar bun i measc freagraithe a leanann seicliosta maidir le cén áit a sealbhaítear sonraí pearsanta, lena n-áirítear dea-úsáid a bhaint as Taifead ar Ghníomhaíochtaí Próiseála, lena sainaithneofar cé acu atá nó nach bhfuil aon sonraí nua á bpróiseáil.
Tá an tuarascáil náisiúnta ón gCoimisiún agus an tuarascáil ó EDPB araon ar fáil anois ar shuíomh Gréasáin EDPB, atá le fáil anseo.