Fógraíonn an Coimisiún um Chosaint Sonraí gur cuireadh tús le fiosrúchán ar X Internet Unlimited Company (XIUC)
11th Mí Aibreán 2025
D’fhógair an Coimisiún um Chosaint Sonraí inniu gur cuireadh tús le fiosrúchán ar phróiseáil sonraí pearsanta a bhí i bpostálacha a raibh rochtain ag an bpobal orthu agus ar phostáil úsáideoirí san Aontas Eorpach/sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch iad ar ardán meán sóisialta ‘X’, ar phróiseáil í a rinneadh chun samhlacha intleachta saorga giniúnaí a oiliúint, go háirithe Samhlacha Móra Teanga Grok. Scrúdófar san fhiosrúchán a mhéid a comhlíonadh raon príomhfhorálacha den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), lena n-áirítear i ndáil le dlíthiúlacht agus trédhearcacht na próiseála.
Is é Grok an t-ainm a thugtar ar ghrúpa samhlacha intleachta saorga atá forbartha ag xAI. I measc nithe eile, úsáidtear na Samhlacha Móra Teanga sin chun uirlis fiosraithe intleachta saorga giniúnaí/Chabot, atá ar fáil ar ardán X, a chumhachtú. Cosúil le Samhlacha Móra Teanga nua-aimseartha eile, rinneadh Samhlacha Móra Teanga Grok a fhorbairt agus a oiliúint ar bhonn raon éagsúil sonraí. Breithneofar san fhiosrúchán seo raon saincheisteanna difriúla a bhaineann leis an úsáid a baineadh as fothacar de na sonraí sin a bhí faoi rialú ag XIUC[1] - ba iad sin, sonraí pearsanta a bhí i bpostálacha a raibh rochtain ag an bpobal orthu agus ar phostáil úsáideoirí san Aontas Eorpach/sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch iad ar ardán meán sóisialta ‘X’. Is é cuspóir an fhiosrúcháin seo a chinneadh cé acu a próiseáladh nó nár próiseáladh na sonraí pearsanta sin go dleathach chun Samhlacha Móra Teanga Grok a oiliúint.
An cinneadh chun an fiosrúchán a sheoladh faoi alt 110 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018, rud a rinne an Dr Des Hogan agus Dale Sunderland, na Coimisinéirí Cosanta Sonraí, cuireadh in iúl do XIUC é an tseachtain seo.
[1] Chuir XIUC in iúl don Choimisiún an 25 Márta 2025 go n-athrófaí ainm an eintitis Éireannaigh agus an Rialaitheora Sonraí d’úsáideoirí X san Aontas Eorpach ó Twitter International Unlimited Company (‘TIUC’) go X Internet Unlimited Company an 1 Aibreán 2025 mar chuid den iarracht atá ar bun Twitter a athbhrandáil mar X.