An laímhseáil a dhéanann an Coimisiún um Chosaint Sonraí ar Iarrataí ar Rochtain d’Ábhar Sonraí

07th Mí Márta 2025

Tá sainordú ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí gearáin a láimhseáil ó dhaoine aonair, lena n-áirítear iarrataí ar rochtain ar shonraí pearsanta (Airteagal 15 RGCS). Leagtar síos in Airteagal 15 RGCS oibleagáid ghinearálta lena gceanglaítear ar eagraíocht a dhearbhú ar dtús cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta an duine aonair á bpróiseáil.

Ina theannta sin, le hAirteagal 15(1) RGCS, tugtar teideal do dhuine aonair faisnéis a fháil ó eagraíocht maidir leis na nithe seo a leanas:

  • an chríoch ar chuici atá sonraí pearsanta á bpróiseáil;
  • na catagóirí sonraí pearsanta lena mbaineann;
  • na faighteoirí nó na catagóirí faighteoirí ar nochtadh nó a nochtfar na sonraí pearsanta dóibh;
  • i gcás inar féidir, an tréimhse a meastar go stórálfar na sonraí pearsanta lena linn.

Leis an bhfaisnéis sin, cumasaítear do dhuine aonair measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil próiseáil a sonraí pearsanta dleathach, agus cinntítear freisin go bhfuil duine aonair in ann cearta eile a fheidhmiú faoi RGCS, amhail an ceart go ndéanfaí léirscriosadh agus an ceart go ndéanfaí ceartúcháin in imthosca áirithe.

Agus í ag freagairt d’iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí, beidh eagraíocht i dteideal srian a chur le heisiúint sonraí pearsanta más rud é go bhféadfaidh sí brath ar shrianta in RGCS nó san Acht um Chosaint Sonraí, 2018. I gcás den sórt sin, ní mór don eagraíocht a bheith in ann an chúis le haon srianta a léiriú.

I gcás go bhfuil i dtaifid sonraí pearsanta an duine aonair agus sonraí pearsanta duine nó daoine eile araon, ceadaítear le RGCS (Airteagal 15(4)) don eagraíocht an fhaisnéis sin a choinneáil siar más rud é go bhféadfadh nochtadh na faisnéise dochar a dhéanamh don duine nó do na daoine eile lena mbaineann. Sampla de sin is ea cás ina n-áirítear le taifid liachta nó leis na nótaí ar sheisiún comhairleoireachta, mar shampla, faisnéis a bhaineann leis an duine aonair agus lena c(h)éile, lena (h)iarchéile, lena p(h)áirtnéir, lena leanaí nó le tríú páirtithe eile araon. Agus breithniú á dhéanamh ar chur i bhfeidhm féideartha an tsriain sin faoi RGCS, ba cheart d’eagraíocht a bheith in ann a léiriú cén fáth a measann sí go bhfuil an srian infheidhme, agus ba cheart an méid sin a bheith taifeadta aici. Ba cheart di a bheith in ann freisin mionsonraí a thabhairt faoin dóigh ar thángthas ar an gcinneadh agus faoi na hiarrachtaí a rinneadh chun cearta na ndaoine uile lena mbaineann a bhreithniú (mar atá leagtha amach sna Treoirlínte maidir le Cearta Ábhar Sonraí ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí). 

Faoi alt 60(3)(b) den Acht um Chosaint Sonraí, 2018, beidh eagraíocht i dteideal freisin faisnéis a choinneáil siar ó dhuine aonair a mhéid gurb éard atá san fhaisnéis sin tuairim i dtaobh duine aonair a cuireadh in iúl ar mhodh rúin.

Is minic a láimhseálann an Coimisiún gearáin ó dhaoine aonair a bhfuil imní orthu nár thug eagraíochtaí aghaidh go cuí ar an iarraidh uathu ar rochtain ar a sonraí pearsanta.

Agus gearán ó dhuine aonair á láimhseáil, is gnách go scrúdóidh an Coimisiún aon srianta a bhfuil an eagraíocht ag brath orthu chun sonraí pearsanta duine aonair a choinneáil siar, agus é ag iarraidh a mheasúnú cé acu a cuireadh nó nár cuireadh na srianta i bhfeidhm i gceart in imthosca ar leith an ghearáin. Le linn scrúdú a dhéanamh ar a bhailí atá na srianta, rachaidh an Coimisiún i dteagmháil leis an eagraíocht agus cuirfidh sé ceisteanna imscrúdaitheacha áirithe uirthi. Cabhróidh na freagraí ar na ceisteanna sin leis an gCoimisiún cinneadh a dhéanamh ar a bhailí atá na srianta a cuireadh i bhfeidhm i ngach cás.

Is maith is eol don Choimisiún na híogaireachtaí a bhaineann le gearáin áirithe. Maidir le haon fhaisnéis a sholáthraítear don Choimisiún le linn nithe a bhfuil íogaireacht ar leith ag baint leo a láimhseáil, coinnítear faoi rún daingean í agus ní chomhroinntear le haon duine lasmuigh den Choimisiún í.

I gcás go bhfuil i dtaifid faisnéis phearsanta an duine aonair iarrthaigh agus faisnéis phearsanta daoine eile araon (amhail céile/páirtnéir/leanbh an duine aonair), ní mór cearta na bpáirtithe eile sin – lena n-áirítear an ceart atá acu chun na beatha agus an ceart atá acu chun sláine fhisiciúil – a chothromú leis an gceart atá ag an duine aonair iarrthach rochtain a fháil ar fhaisnéis faoi cé na sonraí pearsanta a bhaineann leis/léi atá ar áireamh sna taifid sin. I bhfocail eile, ní mó go huathoibríoch an ceart chun rochtain a fháil ar fhaisnéis faoi cé na sonraí pearsanta atá ar áireamh in aon taifead ná na cearta atá ag tríú páirtithe.

Ní mór údar fianaiseach a bheith le haon srian ar an gceart rochtana nó ar an gceart chun faisnéis a fháil, agus aird á tabhairt ar chomhthéacs sonrach an cháis lena mbaineann. I gcás “taifead measctha” ina bhfuil sonraí pearsanta an duine aonair iarrthaigh agus sonraí pearsanta tríú páirtithe gaolmhara araon (amhail céile/páirtnéir/leanbh an iarrthóra), is léir go bhféadfadh riosca sainaitheanta díobhála don chéile/páirtnéir/leanbh de dheasca an fhaisnéis a nochtadh don duine aonair iarrthach údar a thabhairt leis an bhfaisnéis lena mbaineann a choinneáil siar. Ina theannta sin, i gcásanna fíor-íogaire inar rídhócha go mbeidh eisiúint sonraí pearsanta ina cúis le díobhálacha agus rioscaí suntasacha do dhaoine eile, is í an toimhde ghinearálta go bhféadfar srian a chur leis an gceart rochtana. Ba cheart cinntí den sórt sin a dhoiciméadú, agus ceanglaítear ar na heagraíochtaí lena mbaineann obair i gcomhar leis an gCoimisiún i modh rúin i bhfeidhmiú a fheidhmeanna. Tá an Coimisiún ar fáil chun an cur chuige is fearr a phlé le heagraíochtaí agus chun comhairle a chur orthu ina leith agus, nuair is gá, tá sé ar fáil freisin chun teacht le chéile leo chun saincheisteanna fíor-íogaire a iniúchadh.