Cuireann Coimisiún na hÉireann um Chosaint Sonraí dréachtchinneadh Airteagal 60 isteach maidir le fiosrúchán ar TikTok

24th Mí Feabhra 2025

Chuir an Coimisiún um Chosaint Sonraí dréachtchinneadh maidir le fiosrúchán ar TikTok Technology Limited (TikTok) faoi bhráid na n-údarás maoirseachta eile lena mbaineann ar fud an Aontais Eorpaigh/an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch Dé hAoine, an 21 Feabhra 2025.

Tosaíodh an fiosrúchán i mí Mheán Fómhair 2021, agus breithnítear sa dréachtchinneadh an dóigh a n-aistríonn TikTok sonraí pearsanta úsáideoirí a ardáin ón Aontas Eorpach/Limistéar Eorpach Eacnamaíoch chuig an tSín agus cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann TikTok an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí ina leith sin. Breithnítear sa dréachtchinneadh freisin cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann TikTok na hoibleagáidí trédhearcachta atá air i leith úsáideoirí, a mhéid a bhaineann le haistrithe sonraí den sórt sin.

Dúirt Graham Doyle, Leas-Choimisinéir:

“Mar phríomhúdarás maoirseachta do TikTok, d’osclaíomar an fiosrúchán seo i mí Mheán Fómhair 2021. An tseachtain seo caite, chuireamar an dréachtchinneadh uainn faoi bhráid ár gcomhghleacaithe chun a dtuairimí a fháil faoi. Tá sé sin mar chuid den phróiseas faoi Airteagal 60 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, áit a seolaimid dréachtchinntí chuig údaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann agus a gceanglaítear orthu a n-agóidí nó a mbarúlacha réasúnaithe ábhartha a sheoladh chugainn laistigh de mhí amháin."