Seoltar gníomh forfheidhmithe chomhordaithe ar an gceart go ndéanfaí léirscriosadh
05th Mí Márta 2025
Tá áthas ar an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) a fhógairt go mbeidh sé páirteach sa Chreat Forfheidhmithe Chomhordaithe de chuid an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí don bhliain 2025. Beidh 32 Údarás Maoirseachta ar fud an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch páirteach sa Chreat ar fud na bliana 2025, a bheidh dírithe ar an “gceart go ndéanfaí léirscriosadh” i gcomhréir le hAirteagal 17 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS). Tá an ceart go ndéanfaí léirscriosadh, ar a dtugtar freisin an “ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad”, ar cheann de na topaicí is coitianta sna ceisteanna agus sna gearáin a fhaigheann an Coimisiún ó ábhair sonraí. Tá sé ar cheann de na bunchlocha de RGCS freisin. Leis an gceart go ndéanfaí léirscriosadh, cuirtear ar a gcumas do dhaoine aonair a shocrú go léirscriosfadh an rialaitheoir sonraí a sonraí gan moill mhíchuí, i gcás go bhfuil feidhm ag ceann amháin de roinnt coinníollacha.
Glacfaidh an Coimisiún páirt sa ghníomh seo trí cheistneoirí a sheoladh chuig 40 rialaitheoir sonraí ar fud na n-earnálacha poiblí agus príobháideacha chun cabhrú le cleachtadh aimsiú fíoras. Déanfar na torthaí a chomhiomlánú agus a anailísiú le chéile chun léargas níos doimhne a ghiniúint ar an topaic, rud a réiteoidh an bealach le haghaidh gníomh spriocdhírithe leantach ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais Eorpaigh araon.
Tá an gníomh seo ar an gceathrú tionscnamh faoin gCreat Forfheidhmithe Chomhordaithe, a n-áirítear lena chuid cuspóirí comhoibriú a chothú idir údaráis chosanta sonraí. Rannchuidigh an Coimisiún leis an ngníomh faoin gCreat Forfheidhmithe Chomhordaithe maidir leis an gceart rochtana don bhliain 2024 i mí Feabhra anuraidh.
Tuilleadh faisnéise:
Preaseisiúint ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí an 5 Márta 2025.
Ba leis na nithe seo a leanas a bhain na gníomhartha roimhe faoin gCreat Forfheidhmithe Chomhordaithe: