Cás-Staidéir CCTV

 

TCI a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar limistéar feithimh gan bearta trédhearcachta leordhóthanacha

Bhí duine aonair fostaithe i gclinic liachta, a bhain leas as píosaí scannáin TCI den seomra feithimh chun amanna feithimh othar a mheasúnú. Le linn don chlinic liachta na píosaí scannáin TCI a athbhreithniú i láthair an fhostaí, fuair an fostaí amach gur taifeadadh a íomhá leis an gcóras TCI ar fud a fhostaíochta ar fad gan é a bheith ar an eolas faoi sin. Rinne an duine aonair iarracht an tsaincheist a réiteach leis an gclinic liachta, ach ní raibh sé sásta ar deireadh leis an bhfreagra a fuair sé. Rinne sé gearán leis an gCoimisiún ansin. 

Chuaigh an Coimisiún i dteagmháil leis an gclinic liachta chun a fhiafraí de cén bunús dlí a bhí aige do shonraí pearsanta a phróiseáil ar an mbealach seo. Thug an clinic liachta le fios go raibh beartas TCI i bhfeidhm aige sular thosaigh an duine aonair ag obair leis agus go raibh sé mar chuspóir leis an gcóras TCI sláinte agus sábháilteacht a chuid ball foirne agus cliant a chinntiú. D’iarr an Coimisiún cóip den bheartas TCI agus, le linn dó an beartas a athbhreithniú, thug sé faoi deara gur dréachtaíodh an beartas roimh thabhairt isteach RGCS agus nár tugadh é cothrom le dáta ó shin i leith. 

Trí chaidreamh a dhéanamh leis an duine aonair, shuigh an Coimisiún nár cuireadh an duine aonair ar an eolas go raibh TCI i bhfeidhm i gcónaí, lenar áiríodh sna limistéir inar oibrigh sé, nuair a chuaigh sé isteach sa chlinic den chéad uair. Bhí comhartha beag amháin ann ar dhoras isteach an chlinic á rá go raibh TCI i bhfeidhm, ach níor sonraíodh air go raibh na ceamaraí TCI ag taifeadadh laistigh d’fhoirgneamh an chlinic. 

Le linn don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar an ngearán, ghlac an clinic liachta bearta chun srian a chur le taifeadadh ag an gcóras ionas nach mbeadh sé i bhfeidhm le linn uaireanta gnó a thuilleadh. 

Sa chás seo, chinn an Coimisiún nár thug an clinic liachta bunús dleathach bailí faoi Airteagal 6 RGCS don chineál faireacháin seo. Níor chomhlíon an clinic liachta na hoibleagáidí trédhearcachta atá air faoi Airteagal 13 RGCS ach oiread, toisc nár chuir sé in iúl do dhaoine aonair tráth ar bith go bpróiseálfaí a sonraí pearsanta leis an gcóras TCI, trína n-íomhá a thaifeadadh, le linn dóibh a bheith sa chlinic. 

Mar gheall ar an srian deonach a chuir an clinic liachta leis na ceamaraí TCI ionas nach n-oibreodh siad ach amháin lasmuigh d’uaireanta gnó, rinne an Coimisiún caidreamh leis an gclinic liachta chun moltaí agus treoir a thabhairt dó maidir le húsáid TCI. De bhun an chaidrimh sin, mhéadaigh an clinic liachta méid agus líon na gcomharthaí lena gcuirtear baill foirne agus othair ar an eolas faoi úsáid TCI agus faoi mhionsonraí teagmhála an rialaitheora sonraí i gcomhlíonadh  a oibleagáidí.
 

Key Takeaway

  • Tá ríthábhacht ag baint le cothroime agus le trédhearcacht maidir le beartais chuí phríobháideachtaagus nósanna imeachta cuí príobháideachta a chur chun feidhme. Mar riail ghinearálta, ba cheart do dhaoine a bheith ar an eolas go bhfuil a sonraí pearsanta á bpróiseáil ag rialaitheoir sonraí.  
  • Bearta simplí trínar féidir gearáin den sórt seo a sheachaint is ea comharthaí cuí a chur in airde maidir le húsáid TCI agus a chinntiú go dtugtar cóip den bheartas reatha TCI do bhaill foirne. 

Cás-Staidéir CCTV

 

Mainneachtain freagra a thabhairt ar iarraidh ar phíosaí scannáin TCI

Fuair an Coimisiún gearán ó dhuine aonair a rinne iarraidh rochtana chuig cuideachta iompair. D’iarr an duine aonair cóip de phíosaí scannáin TCI de thimpiste a bhí aige le ceann amháin de bhusanna na cuideachta iompair. Ní bhfuair an duine aonair aon fhreagra ar an iarraidh sin. 

Rinne an Coimisiún teagmháil leis an Oifigeach Cosanta Sonraí don chuideachta iompair, agus chuir sé é ar an eolas faoin ngearán. 

Mheabhraigh an Coimisiún don chuideachta iompair na hoibleagáidí atá air faoi RGCS, agus a haird á tarraingt ar Airteagal 12(3) RGCS, ina sonraítear go bhfuil oibleagáid ar eagraíochtaí freagra a thabhairt ar iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí ó dhuine aonair laistigh den chreat ama reachtúil. Mar chuid den  chaidreamh, leag an Coimisiún amlíne síos inar ghá don chuideachta iompair  freagra a thabhairt don duine aonair agus cóip de na píosaí scannáin TCI a sholáthar dó. Chomhlíon an chuideachta iompair an t-ordú ón gCoimisiún, agus dheimhnigh an duine aonair go bhfuair sé na sonraí pearsanta a iarradh.

Key Takeaway

  • Ba cheart d’eagraíochtaí a bheith ar an eolas gur sonraí pearsanta chun críocha an dlí cosanta sonraí iad píosaí scannáin agus íomhánna a ghabhtar le córais TCI agus ina bhfuil daoine aonair  in-sainaitheanta.  
  • Is féidir tuilleadh faisnéise faoin ábhar seo a aimsiú ag: TCI Baile   
  • Ceanglaítear ar eagraíochtaí bearta eagraíochtúla iomchuí a chur i bhfeidhm chun a chinntiú go bhfuil siad in ann freagra a thabhairt ar aon iarrataí ar chearta a fheidhmiú laistigh de na creataí ama atá leagtha síos faoi RGCS. 

Cás-Staidéir CCTV

 

TCI Baile

Le linn na bliana 2024, fuair an Coimisiún 157 ngearán ó dhaoine aonair maidir le feistí taifeadta a úsáid, mar shampla córais TCI baile agus cloigíní dorais cliste a bheith á n-úsáid ag daoine aonair príobháideacha chun a dteach agus a réadmhaoin a chosaint.  

Le linn dó gearáin den sórt sin a scrúdú, féachann an Coimisiún ar cé acu a thagann nó nach dtagann an phróiseáil sonraí pearsanta a dhéantar leis na feistí sin faoi raon feidhme RGCS. Is amhlaidh atá mar gheall ar an díolúine tís atá ann faoi Airteagal 2(2)(c) RGCS, rud a bhfuil feidhm aige i gcás go bpróiseálann duine nádúrtha sonraí pearsanta agus nach ndéanann sé/sí amhlaidh ach amháin le linn gníomhaíocht phearsanta nó tís.  Ó thaobh TCI agus cloigíní dorais cliste de, ciallaíonn sé sin gur dóigh go mbeidh feidhm ag an díolúine tís i bhformhór na gcásanna fad a ghabhtar na híomhánna laistigh de theorainn theach an duine aonair agus nach n-úsáidtear iad ach amháin chun críocha pearsanta. Mar sin féin, i gcás go n-oibrítear feiste chun íomhánna a ghabháil de dhaoine lasmuigh de theorainn an tí (i spásanna poiblí nó i réadmhaoin chomharsanach), níl daoine aonair in ann leas a bhaint as an díolúine tís a thuilleadh. Sna himthosca sin, ní mór don oibritheoir ceamara athrú a dhéanamh ar an dóigh a ngabhtar íomhánna leis an bhfeiste chun na híomhánna a theorannú d’áiteanna laistigh dá réadmhaoin féin agus do na háiteanna sin amháin nó ní mór dó/di an dlí cosanta sonraí agus na hoibleagáidí atá air/uirthi mar rialaitheoir sonraí a chomhlíonadh.

Ceann amháin de na gearáin ar scrúdaigh an Coimisiún iad sa bhliain 2024 ba ea gearán ó dhuine aonair á líomhain go raibh a chomharsa ag baint úsáid as an gcóras TCI ar fad, agus roinnt ceamaraí éagsúla i gceist leis, chun a shonraí pearsanta a ghabháil. Rinne an Coimisiún teagmháil leis an oibritheoir ceamara ansin, a sholáthair píosaí scannáin ón gcóras TCI dó. Le linn na píosaí scannáin a soláthraíodh don Choimisiún a scrúdú, tugadh faoi deara go raibh roinnt de na ceamaraí á n-úsáid chun limistéir lasmuigh de theorainn theach an oibritheora féin a ghabháil agus gur bhréagcheamaraí iad na ceamaraí eile.  Rinne an Coimisiún caidreamh leis an oibritheoir chun na feistí ábhartha a chur i gcomhréir leis an díolúine tís. 

Bhí an gearánach sa chás seo fós míshásta, agus d’iarr sé mionsonraí breise faoi na ceamaraí ar an gCoimisiún. D’inis an Coimisiún don duine aonair ansin nach bhféadfadh sé aon fhaisnéis eile a thabhairt fad a bhí na ceamaraí á n-oibriú laistigh de pharaiméadair na díolúine tís agus/nó fad a bhí siad ina mbréagcheamaraí.
Is féidir tuilleadh faisnéise faoi TCI baile a aimsiú ag:

Key Takeaway

  • Má tá córas TCI baile á oibriú agat, ba cheart duit a chinntiú nach bhfuil tú ag gabháil aon chosán poiblí ná aon bhóthar poiblí. Níor cheart do cheamaraí a bheith in ann amharc ar thithe ná gairdíní comharsan in aon imthosca.
  • Má tá feidhm ag an díolúine tís maidir le ceamaraí TCI baile a oibriú, ní mheastar gur rialaitheoirí sonraí iad na hoibritheoirí chun críocha RGCS. Dá réir sin, níl aon ról le himirt ag an gCoimisiún in imthosca den sórt sin. I gcás go bhfuil ábhair imní acu faoi chóras TCI a gcomharsan, molann an Coimisiún do dhaoine aonair dul i dteagmháil go díreach leis  an gcomharsa féin ar dtús,  ionas gur féidir teacht ar  réiteach sásúil.  
  • Mar gheall ar chineál na gcóras TCI baile, agus mar gheall ar an leas a d’fhéadfaí a bhaint as na forálacha de RGCS agus as aon díolúintí faoin dlí cosanta sonraí ina leith, ceanglaítear ar an gCoimisiún aird a thabhairt ar imthosca ar leith gach cáis aonair a láimhseálann sé.
  • I gcás go bhfuil córas TCI  baile á oibriú i gcomhréir leis  an díolúine tís, ní nochtfaidh an Coimisiún mionsonraí an chórais sin d’aon ghearánach, toisc nach gcuirfí RGCS i bhfeidhm i gcás den sórt sin agus go bhféadfadh aon nochtadh den sórt sin slándáil an oibritheora TCI baile a chur i mbaol. 

Cás-Staidéir Fógra Sáraithe Sonraí

 

Sonraí Pearsanta a Nochtadh de Thaisme ar Líne

Thuairiscigh institiúid tríú leibhéal sárú sonraí don Choimisiún maidir le suirbhé a rinne sí ar iarmhic léinn. Gach bliain, rinneadh suirbhé ar mhic léinn a bhain céim amach le déanaí chun sonraí a bhailiú faoina gcuid staidéir breise agus faoina gcuid fostaíochta. Úsáideadh na sonraí sin ansin chun tuarascáil a fhoilsiú ar thorthaí céimithe. Rinneadh na staitisticí achoimre, nach raibh anaithnidithe sa chás seo agus ina raibh sonraí pearsanta, a fhoilsiú ar shuíomh Gréasáin  na hinstitiúide. 

Agus é ag caitheamh súil ar na tuarascálacha don bhliain 2023, thug duine den phobal faoi deara go raibh sé in ann amharc ar shonraí pearsanta na bhfreagraithe suirbhé trí dheaschliceáil ar na táblaí, agus tharraing sé aird na hinstitiúide air sin. Áiríodh leis na sonraí sin ainm, faisnéis tuarastail, agus mionsonraí faoi obair nó faoi staidéar breise. Bhain an institiúid tríú leibhéal den suíomh Gréasáin an tuarascáil sin agus tuarascálacha eile a bhí ar fáil go seachtrach agus ar measadh go bhféadfadh an fhadhb chéanna a bheith ag baint leo. Chomh maith leis sin, d’iarr an institiúid tríú leibhéal dearbhuithe ar an duine aonair a d’aimsigh an tacar sonraí nach ndearna sé na sonraí pearsanta a shábháil ná a chomhroinnt. 

Mar chuid den imscrúdú ar an sárú seo, chuir an institiúid in iúl don Choimisiún gur tugadh córas nua le haghaidh tuarascálacha a tháirgeadh isteach sa bhliain 2022 agus gurbh í an easpa cur amach ar an gcóras nua sin a bhí taobh thiar de na sonraí a bheith á bhfoilsiú i bhformáid neamh-anaithnidithe. Chun laghdú a dhéanamh ar an dóchúlacht go dtarlódh an tsaincheist seo arís, rinne an institiúid athbhreithniú ar a próisis inmheánacha le haghaidh tuarascálacha a ghiniúint, agus rinne sí idirchaidreamh lena foirne inmheánacha TF chun a chinntiú go bhfuil bearta teicneolaíocha cuí i bhfeidhm anois.

Key Takeaway

  • Nuair a roghnaíonn eagraíochtaí aon staitisticí a fhoilsiú ar shuíomhanna Gréasáin, ní mór dóibh a chinntiú nach bhfuil aon sonraí pearsanta sna staitisticí sin ach amháin i gcás go bhfuil bunús dleathach soiléir ann do na sonraí sin a phróiseáil. Is féidir é sin a dhéanamh trí shonraí a chomhiomlánú, a anaithnidiú nó a fholú. Ceanglaítear ar eagraíochtaí a chinntiú nach dtaispeántar aon sonraí pearsanta neamhúdaraithe go poiblí gan bunús dleathach. 

Cás-Staidéir Fógra Sáraithe Sonraí

 

Sárú ar Stóráil Comhad Digiteach

Thuairiscigh institiúid tríú leibhéal sárú sonraí don Choimisiún maidir le stóráil deimhnithe dochtúra mac léinn do chúrsa ar leith. Tháinig mac léinn amháin ar dheimhnithe dochtúra a bhain le mic léinn eile agus é ag iarraidh a dheimhniú féin a uaslódáil chuig Timpeallacht Fhíorúil Foghlama na hinstitiúide. Thug an institiúid fógra don Oifigeach Cosanta Sonraí faoi sin láithreach, agus bhain a rannóg TF na comhaid sin den chóras.

Rinne an Coimisiún measúnú ar an bhfógra agus, i bhfianaise chineál na sonraí catagóire speisialta (sonraí sláinte) a bhí i gceist, d’iarr sé tuilleadh faisnéise ar an eagraíocht. Tar éis don eagraíocht imscrúdú a dhéanamh ar an ní, suíodh gurbh í earráid an duine a bhí taobh thiar de mhíchumraíocht ar an Timpeallacht Fhíorúil Foghlama, rud a d’fhág gur taispeánadh deimhnithe dochtúra do ghrúpa mac léinn, seachas do chomhordaitheoir/léachtóir an chúrsa agus don duine  sin amháin. 

Mheas an eagraíocht ar dtús go raibh ardriosca ag baint leis an sárú. Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar na sonraí sáraithe agus ar na rioscaí a bhí ann do chearta agus saoirsí na ndaoine aonair a ndearnadh difear dóibh, áfach, measadh nach raibh an riosca chomh hard céanna. Agus cur chuige an-chúramach á ghlacadh aici, chinn an eagraíocht na daoine aonair a ndearnadh difear dóibh a chur ar an eolas faoin sárú.  

Chun a shocrú nach dtiocfadh cás den sórt seo chun cinn arís, d’eisigh an institiúid ríomhphost chuig gach ball foirne chun a mheabhrú dóibh gan an Timpeallacht Fhíorúil Foghlama a úsáid le haghaidh sonraí pearsanta a chur isteach. Chuir an institiúid teachtaireachtaí leis an ardán Timpeallachta Fíorúla Foghlama freisin chun na hoibleagáidí cosanta sonraí atá orthu agus an córas á úsáid acu a mheabhrú do bhaill foirne agus do mhic léinn araon.

Rinne an eagraíocht caidreamh le soláthraí na Timpeallachta Fíorúla Foghlama chun bearta a thabhairt isteach chun a chinntiú go ndéantar sonraí pearsanta a stóráil agus a phróiseáil go slán agus go gcumraítear socruithe slándála go cuí.

Key Takeaway

  • Agus leas á bhaint acu as córais lena gceanglaítear ar dhuine aonair sonraí pearsanta amhail deimhnithe dochtúra a uaslódáil, ba cheart d’eagraíochtaí a bheith eolach ar a thábhachtaí atá sé a chinntiú go ndéantar na sonraí a fháil, a rochtain agus a phróiseáil go slán. Ba cheart aon ghnéithe slándála atá ar fáil a chumrú go cuí, agus ba cheart d’úsáideoirí an chórais a bheith láneolach ar a bhfuil riachtanach. Níor cheart ach sonraí pearsanta atá riachtanach a uaslódáil. Is féidir le heagraíochtaí an méid sin a chinntiú trí theachtaireachtaí soiléire agus trí oiliúint. 

Cás-Staidéir Fógra Sáraithe Sonraí

 

Ionsaí Ríomhphoist Fioscaireachta san Earnáil Craolacháin

Thug eagraíocht a oibríonn san earnáil craolacháin fógra don Choimisiún faoi shárú sonraí a bhain le fostaí a d’fhreagair do ríomhphost fioscaireachta. Sa ríomhphost sin, a airbheartaíodh a bheith ina fhógra le haghaidh folúntas inmheánach, iarradh ar an bhfostaí a dhintiúir ardáin stórála ríomhphost agus sonraí a chur isteach, mar aon lena Leid Fíordheimhniúcháin Ilfhachtóra. Tar éis an fhaisnéis sin a fháil ón bhfostaí, bhí an drochghníomhaí a sheol an ríomhphost
fioscaireachta in ann rochtain a fháil ar chuntas ardáin stórála ríomhphost agus sonraí an fhostaí lena mbaineann. 

Áiríodh leis na catagóirí sonraí pearsanta a bhféadfadh an drochghníomhaí rochtain a fháil orthu ainmneacha, seoltaí ríomhphoist, grianghraif/físeáin, sonraí airgeadais, agus sonraí catagóire speisialta (sonraí sláinte). Áiríodh leis na  daoine aonair a ndearnadh difear dóibh fostaithe laistigh den eagraíocht agus  teagmhálaithe tríú páirtí a chuaigh i dteagmháil leis an gcraoltóir.

Tháinig an eagraíocht ar an eolas faoin sárú nuair a thuairiscigh an fostaí fadhbanna le logáil isteach ina ardán stórála ríomhphost agus sonraí. Cé gur díchumasaíodh an cuntas a ndearnadh fioscaireacht air go huathoibríoch tar éis 17 nóiméad le córais braite fioscaireachta na heagraíochta, rinneadh foireann inmheánach TF na heagraíochta an cuntas a athghníomhachtú de láimh ansin de bhotún. Léiríodh in athbhreithniú láimhe ar logaí iniúchta go ndearnadh roinnt iarrachtaí amhrasacha chun logáil isteach ó roinnt láithreacha éagsúla. Dá réir sin, athshocraíodh an cuntas, agus cuireadh cosc buan ar an drochghníomhaí logáil isteach ann. 

Mheabhraigh an Coimisiún don eagraíocht na hoibleagáidí atá uirthi mar rialaitheoir sonraí. Ina dhiaidh sin, chuir an eagraíocht bearta coisctheacha chun feidhme chun laghdú a dhéanamh ar an dóchúlacht go dtarlódh sárú den sórt seo arís. Áiríodh leis na bearta sin scagairí turscair/fioscaireachta a chur i bhfeidhm, a mheabhrú do na baill foirne uile a bheith cúramach agus iad ag oscailt ríomhphoist sheachtracha, tuilleadh cleachtaí oiliúna agus feasachta foirne a sheoladh, agus treoirlínte nua a eisiúint maidir le cuntais úsáideora atá ar fionraí a athghníomhachtú. 

Key Takeaway

  • Ba cheart d’eagraíochtaí a bheith ar an eolas faoin tábhacht a bhaineann le bearta coisctheacha a úsáid i gcoinne sáruithe sonraí arb é atá iontu bearta teicniúla (brath fioscaireachta, scagairí turscair/ fioscaireachta) agus bearta eagraíochtúla (oiliúint/feasacht foirne, ionsaithe ionsamhlaithe fioscaireachta), agus ba cheart dóibh faireachán a dhéanamh ar na bearta sin agus a sheiceáil go bhfuil siad fós oiriúnach don fheidhm.

Cás-Staidéir Margaíocht Dhíreach Leictreonach

 

Ionchúiseamh Thérapie Clinic, ag trádáil dó mar Valterous Limited

I mí Feabhra 2024, fuair an Coimisiún fógra ó dhuine aonair á líomhain go bhfuair sé cumarsáid ríomhphoist gan iarraidh ó Thérapie Clinic. Sholáthair an duine aonair don Choimisiún cóip dá shainroghanna pearsanta margaíochta agus cóip de chumarsáid ríomhphoist gan iarraidh. 

Tar éis an ní a imscrúdú a thuilleadh, dheimhnigh Thérapie Clinic don Choimisiún go raibh an gearánach ina chliant dá chuid agus nár thug sé aon toiliú le cumarsáidí margaíochta a fháil. Rinne Thérapie Clinic imscrúdú inmheánach ansin, ina bhfuarthas amach gur sheol ball foirne i gceann amháin dá chlinicí an teachtaireacht ríomhphoist lena mbaineann de láimh. 

Níor theachtaireacht chórasghinte é an ríomhphost. Dá bhrí sin, níor cuireadh aon sásra um rogha an diúltaithe ar áireamh sa chumarsáid. Mar sin, fuair an duine aonair ríomhphost margaíochta gan iarraidh gan aon rogha a bheith aige diúltú do theachtaireachtaí margaíochta eile a fháil. Ós rud é gur eisigh an Coimisiún rabhadh chuig Thérapie Clinic i mí Feabhra 2023 maidir le gearán roimhe, chinn an Coimisiún ionchúiseamh a dhéanamh de bhun an ghearáin seo.

An 25 Deireadh Fómhair 2024, ionchúisíodh Thérapie Clinic i leith ríomhphoist gan iarraidh a sheoladh chuig custaiméir a dhiúltaigh do chumarsáidí margaíochta a fháil roimhe sin. Cinneadh gur sháraigh an chuideachta Rialachán 13(12)(c) agus Rialachán 13(13)(a)(i) de I.R. Uimh. 336 de 2011 – Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Líonraí agus Seirbhísí Cumarsáide Leictreonaí) (Príobháideacht agus Cumarsáid Leictreonach), 2011. In ionad ciontú agus fíneáil a ghearradh, d’ordaigh Cúirt Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath don chuideachta síntiús €325 a thabhairt do Little Flower Penny Dinners, ar carthanas é, agus costais dlí an Choimisiúin a íoc.
 

Key Takeaway

  • Léirítear go soiléir sa chás seo gur gá d’eagraíochtaí a gcuid beartas agus nósanna imeachta a chur in iúl go héifeachtach dá mbaill foirne go léir. Ní mór do chuideachtaí a chinntiú go bhfuil tuiscint iomlán ag baill foirne faoi na himpleachtaí a ghabhann le gníomhaíochtaí margaíochta ad hoc a dhéanamh lasmuigh d’fheidhmchláir agus córais mhargaíochta na cuideachta.  Ní mór sainroghanna pearsanta daoine aonair a urramú agus, a luaithe a roghnaíonn duine aonair gan cumarsáidí a fháil, níor cheart aon chumarsáidí margaíochta leictreonaí eile a sheoladh chuig an duine  aonair sin.

Cás-Staidéir Margaíocht Dhíreach Leictreonach

 

Ionchúiseamh Google Ireland Limited

I mí na Samhna 2023, fuair an Coimisiún fógra ó dhuine aonair á líomhain go bhfuair sé cumarsáidí margaíochta gan iarraidh thar an teileafón ó Google Ireland Limited. Fuair an duine aonair lena mbaineann trí ghlao teileafóin ar leith laistigh de thréimhse ceithre huaire an chloig ó ionadaithe díolacháin a bhí ag gníomhú thar ceann Google Ireland Limited. Sheol an Coimisiún imscrúdú ansin, ar lena linn a dheimhnigh Google Ireland Limited gur thug conraitheoir tríú páirtí dá chuid neamhaird ar an iarraidh a rinne an duine aonair roimhe sin chun diúltú do chumarsáidí margaíochta. Ba mar thoradh ar an neamhaird sin a cuireadh roinnt glaonna ar an duine aonair. 

D’eisigh an Coimisiún rabhadh chuig Google Ireland Limited roimhe sin i mí Iúil 2023 maidir le glaonna teileafóin gan iarraidh a cuireadh gan toiliú ar an duine  aonair céanna. Mar chuid den rabhadh sin, tugadh fógra do Google Ireland Limited go bhféadfaí é a ionchúiseamh dá bhfaigheadh an duine aonair aon ghlaonna teileafóin eile.

Sháraigh Google Ireland Limited na rialacha lena rialaítear glaonna margaíochta teileafóin gan iarraidh, toisc gur lean an chuideachta le glaonna margaíochta teileafóin a chur ar an duine aonair tar éis dó a thoiliú a tharraingt siar  go sainráite.

Ag Cúirt Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath an 25 Deireadh Fómhair 2024, phléadáil Google Ireland Limited ciontach in dhá chúiseamh i nglaonna margaíochta teileafóin gan iarraidh a chur faoi Rialachán 13 de I.R. Uimh. 336 de 2011 – Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Líonraí agus Seirbhísí Cumarsáide Leictreonaí) (Príobháideacht agus Cumarsáid Leictreonach), 2011. In ionad ciontú agus fíneáil a ghearradh, d’ordaigh Cúirt Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath don chuideachta ranníocaíocht €1,500 a dhéanamh le Little Flower Penny Dinners, ar carthanas é, agus costais dlí an Choimisiúin a íoc.

Key Takeaway

  • Léirítear sa chás seo an tábhacht a bhaineann le hiarrataí rogha an diúltaithe a bhainistiú go héifeachtach. Ceanglaítear toiliú sainráite a fháil chun gníomhaíochtaí margaíochta dírí leictreonaí a sheoladh, lena n-áirítear glaonna margaíochta teileafóin. I gcás go mainníonn conraitheoir atá ag gníomhú thar ceann cuideachta beartais chorparáideacha agus nósanna imeachta corparáideacha a chomhlíonadh (e.g., glaonna gan iarraidh a chur ar dhuine a dhíliostáil agus a roghnaigh gan cumarsáidí den sórt sin a fháil), is ar an rialaitheoir sonraí atá an fhreagracht deiridh.

Cás-Staidéir Margaíocht Dhíreach Leictreonach

 

Ionchúiseamh Supermac’s Ireland Limited

I mí Lúnasa 2023, fuair an Coimisiún gearán ó dhuine aonair á líomhain go bhfuair sé teachtaireachtaí margaíochta SMS gan iarraidh ó Supermac’s Ireland Limited. Sheol an Coimisiún imscrúdú ansin, ar lena linn a mhínigh Supermac’s Ireland Limited gur chláraigh an duine aonair dá chóras ordaithe ar líne sa bhliain 2018 agus gur chuir sé tic ag an am sin leis an mbosca le haghaidh cumarsáidí margaíochta SMS agus ríomhphoist a fháil. Rinne an duine aonair ordú ar líne ina dhiaidh sin sa bhliain 2023, agus cuireadh le liosta margaíochta gníomhaí é chun críocha cumarsáidí SMS. 

D’iarr an Coimisiún go mbainfí mionsonraí an duine aonair den liosta margaíochta gníomhaí i mí Lúnasa 2023. Dheimhnigh Supermac’s Ireland Limited don Choimisiún ansin gur baineadh an duine aonair go rathúil dá liosta margaíochta. Rinne an duine aonair teagmháil leis an gCoimisiún an athuair i mí Dheireadh Fómhair 2023, áfach, chun a rá leis go bhfuair sé cumarsáidí margaíochta SMS sa bhreis ó Supermac’s Ireland Limited, cé gur thug sé a fhocal gur baineadh an duine aonair de liostaí margaíochta. Tar éis an ní a imscrúdú a thuilleadh, chuir Supermac’s Ireland in iúl don Choimisiún nár baineadh uimhir theileafóin an duine aonair i gceart mar gheall ar earráid theicniúil a rinne a fhochonraitheoir. 

Suíodh san imscrúdú a rinne an Coimisiún ar an ngearán seo nach raibh toiliú bailí ag Supermac’s Ireland Limited chun cumarsáidí margaíochta leictreonaí a sheoladh chuig an duine aonair lena mbaineann. Ós rud é gur eisigh an Coimisiún rabhadh chuig an gcuideachta i mí Feabhra 2023 maidir le gearán roimhe, chinn an Coimisiún an cás a ionchúiseamh. 

Os comhair an Bhreithimh Fahy i gCúirt Dúiche na Gaillimhe an 3 Meán Fómhair 2024, phléadáil Supermac’s Ireland Limited ciontach i gcúig chúiseamh i dteachtaireachtaí margaíochta SMS gan iarraidh a sheoladh faoi Rialachán 13(7) agus faoi Rialachán 13(13)(a)(i) de I.R. Uimh. 336 de 2011 – Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Líonraí agus Seirbhísí Cumarsáide Leictreonaí)(Príobháideacht agus Cumarsáid Leictreonach), 2011. In ionad ciontú agus fíneáil a ghearradh, d’ordaigh Cúirt Dúiche na Gaillimhe don chuideachta ranníocaíocht €3,500 a dhéanamh le Clann Shíomóin, Gaillimh, agus le COPE Galway. Ceanglaíodh ar an gcuideachta costais dlí an Choimisiúin a íoc freisin.

Key Takeaway

  • Léirítear sa chás seo an tábhacht a bhaineann le liostaí margaíochta a chothabháil de réir sainroghanna pearsanta custaiméirí. Is ar an rialaitheoir sonraí atá an fhreagracht deiridh as na sonraí pearsanta a phróiseálann sé/sí, fiú amháini gcás go n-úsáideann sé/sí próiseálaithe tríú páirtí, amhail anfochonraitheoir a úsáideadh sa chás seo. Ní mór d’eagraíochtaí córais éifeachtacha a chur chun feidhme chun iarrataí rogha an diúltaithe a bhainistiú, agus ní mór dóibh a shocrú nach leanfar le cumarsáidí leictreonacha gan iarraidh a sheoladh.

Cás-Staidéir Margaíocht Dhíreach Leictreonach

 

Ionchúiseamh Pulse Gym, ag trádáil dó mar Energie Fitness Dublin 8

I mí Dheireadh Fómhair 2023, fuair an Coimisiún fógra ó dhuine aonair maidir le teachtaireachtaí margaíochta SMS gan iarraidh a fuarthas ó Pulse Gym, ag trádáil dó mar Energie Fitness Dublin 8. Seoladh imscrúdú ansin, ar lena linn a mhínigh Pulse Gym gur tharla sé, nuair a chláraigh aon duine mar bhall ar líne, gur aontaigh an duine sin le téarmaí agus coinníollacha Pulse Gym. Áiríodh leis na téarmaí agus coinníollacha sin tagairt do thoiliú a thabhairt le hábhair mhargaíochta a fháil trí mheán leictreonach. 


Cé gur iarr an Coimisiún cóip den toiliú dá dtagraítear faoi Airteagal 7 RGCS, ní raibh Pulse Gym in ann cóip den sórt sin a sholáthar. Chuir an Coimisiún in iúl gur gá toiliú le margaíocht a bheith sonrach, feasach agus gan athbhrí agus a bheith tugtha faoi shaoirse agus nár cheadmhach do Pulse Gym toiliú le próiseáil sonraí  pearsanta daoine aonair a “chuachadh” chun críocha eile. 

Le linn an imscrúdaithe, dheimhnigh Pulse Gym freisin nár éirigh leis an duine aonair rogha an diúltaithe a fheidhmiú toisc go raibh locht ann ar bhogearraí an
tsoláthraí seirbhíse. 

Eisíodh rabhadh chuig Pulse Gym roimhe sin tar éis imscrúdú a dhéanamh ar ghearán den chineál céanna i mí Iúil 2023. Mar chuid den rabhadh sin, chuir an Coimisiún Pulse Gym ar an eolas faoi na ceanglais atá air a chinntiú nach bhfuil ina liosta seachadta ach mionsonraí na ndaoine aonair sin a thoiligh go sainráite le cumarsáidí margaíochta a fháil agus a chinntiú go bhfuil daoine in ann rogha an diúltaithe a fheidhmiú agus go n-urramaítear iarrataí rogha an diúltaithe. Tar éis an gearán eile seo a fháil i mí Dheireadh Fómhair 2023, áfach, ba léir nár cuireadh chun feidhme na hathruithe uile a sainaithníodh sa litir rabhaidh ón gCoimisiún. Mar thoradh air sin, chinn an Coimisiún imeachtaí ionchúisimh a thionscnamh sa chás seo.

Ag Cúirt Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath an 27 Bealtaine 2024, phléadáil Pulse Gym ciontach i gcúiseamh amháin i dteachtaireachtaí margaíochta SMS gan iarraidh a sheoladh faoi Rialachán 13 de I.R. Uimh. 336 de 2011 – Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Líonraí agus Seirbhísí Cumarsáide Leictreonaí) (Príobháideacht agus Cumarsáid Leictreonach), 2011. In ionad ciontú agus fíneáil a ghearradh, chuir an Breitheamh Halpin an tAcht Promhaidh i bhfeidhm, agus tugadh ordú don chuideachta síntiús €700 a thabhairt do Little Flower Penny Dinners, ar carthanas é, agus costais dlí an Choimisiúin a íoc ina n-iomláine.

Key Takeaway

  • Léirítear sa chás seo an tábhacht a bhaineann lena chinntiú go dtarlaíonn sé, nuair a iarrtar toiliú chun críocha margaíochta, go bhfuil an toiliú sin indibhidiúlaithe, go bhfuil sé indealaithe go soiléir ó chineálacha eile toilithe, agus nach bhfuil sé “cuachta” isteach le hiarrataí eile ar thoiliú le gníomhaíochtaí próiseála sonraí. Ní mór d’eagraíochtaí a chinntiú freisin go bhfuil a nósanna imeachta um rogha an diúltaithe ag obair i gceart agus go dtástáiltear go tráthrialta iad ar mhaithe lena bhfeidhmiúlacht a chinntiú.