Cás-Staidéir Gearáin maidir le hIarrataí Rochtana

 

Taifid ina raibh sonraí pearsanta a choimeád siar

Fuair an Coimisiún gearán ó dhuine aonair maidir le taifid ina raibh sonraí pearsanta a bheith á gcoimeád siar mar fhreagra ar iarraidh rochtana. Rinne an duine aonair iarraidh rochtana chuig soláthraí seirbhíse airgeadais faoi Airteagal 15 RGCS, tar éis morgáiste an duine aonair a dhíol leis an eagraíocht sin. 

Dúirt an eagraíocht go raibh sonraí pearsanta á gcoimeád siar ón gcustaiméir ar aon dul le halt 60(3)(b) den Acht um Chosaint Sonraí, 2018 (Acht 2018). Luaigh  an eagraíocht “nach ionann doiciméid urrúsúcháin agus sonraí pearsanta  [an ghearánaigh]”. 

Mhínigh an Coimisiún don eagraíocht an sainmhíniú atá ar shonraí pearsanta faoi Airteagal 4(1) RGCS. Mhínigh sé freisin di go dtarlódh sé, dá mbeadh sonraí pearsanta an duine aonair in aon cheann de na doiciméid luaite a bhí á gcoimeád siar, go mbeadh soiléiriú ag teastáil maidir leis an spleáchas ar na srianta a bhí á gcur i bhfeidhm. Fuair an Coimisiún freagra ón eagraíocht á dhearbhú nach raibh aon sonraí pearsanta sna doiciméid urrúsúcháin, agus tagairt bhreise á déanamh aici do “litir freagartha deiridh” a d’eisigh sí chuig an duine aonair. Ina dhiaidh sin, d’iarr an Coimisiún cóip den “litir freagartha deiridh” sin. D’iarr sé freisin liosta de na sonraí pearsanta a líomhnaíodh a bheith fós amuigh agus aon fhaisnéis eile faoi shuíomh aon taifead ina raibh sonraí pearsanta an duine aonair. D’iarr an Coimisiún ar an eagraíocht freisin breac-chuntas sonrach a thabhairt ar gach taifead ina raibh sonraí pearsanta a bhí á gcoimeád siar agus ar an mbunús reachtúil do dhéanamh amhlaidh. 

Luaigh an eagraíocht ar dtús go raibh sí ag brath ar ailt 60(3) agus 60(7) d’Acht 2018 chun gan na doiciméid a eisiúint. D’fhiosraigh an Coimisiún a thuilleadh na srianta a bhí á gcur i bhfeidhm ag an eagraíocht. De bhun an chaidrimh sin, dheimhnigh an eagraíocht don Choimisiún nach mbeadh sí ag brath a thuilleadh ar aon chuid d’alt 60 d’Acht 2018 chun sonraí pearsanta an duine aonair a choimeád siar. I bhfianaise na hidirghabhála ón gCoimisiún, thug an eagraíocht don duine aonair a shonraí pearsanta a  cuireadh srian leo roimhe sin. 

Tar éis na doiciméid sin a eisiúint, chuir an duine aonair in iúl go raibh sonraí pearsanta breise ann, agus d’iarr sé cóipeanna de ráitis mhorgáiste ó bhliain ar leith. D’fhiosraigh an Coimisiún é sin leis an eagraíocht, agus d’eisigh sí na sonraí pearsanta breise chuig an duine aonair ansin. Chinn an Coimisiún gur mhainnigh an eagraíocht freagra a thabhairt ar an iarraidh rochtana laistigh den chreat ama atá sonraithe faoi Airteagal 12(3) RGCS.

Key Takeaway

  • Ceanglaítear ar eagraíochtaí bearta eagraíochtúla iomchuí a chur i bhfeidhm chun a chinntiú go bhfuil siad in ann freagra a thabhairt ar aon iarrataí ar chearta a fheidhmiú laistigh de na creataí ama atá leagtha síos faoi RGCS. Agus iad ag iarraidh brath ar shrian a chur i bhfeidhm chun rochtain ar shonraí pearsanta a choimeád siar, ní mór d’eagraíochtaí scrúdú críochnúil a dhéanamh ar a bhailí atá srianta den sórt sin chun a chinntiú nach gcoimeádtar sonraí pearsanta siar go mícheart. 

Cás-Staidéir Gearáin maidir le hIarrataí Rochtana

 

Diúltú d’Iarraidh ar Rochtain d’Ábhar Sonraí ó dhuine aonair nár chustaiméir é

Fuair an Coimisiún gearán ó dhuine aonair i ndáil le hiarraidh rochtana a rinneadh chuig soláthraí seirbhíse Idirlín. Dar leis an duine aonair, chuir sé glao ar an gcuideachta maidir leis an bhféidearthacht a bhí ann seirbhísí leathanbhanda a athrú, agus mheas sé go raibh an leibhéal seirbhíse a fuair sé ón ngníomhaire um sheirbhís do chustaiméirí míshásúil. Mar thoradh air sin, rinne sé iarraidh rochtana chun cóip a fháil dá shonraí pearsanta a bhí á bpróiseáil ag  an gcuideachta.   

Sa fhreagra uaithi ar an iarraidh rochtana sin, d’iarr an chuideachta tuilleadh faisnéise ar an duine aonair, lenar áiríodh a uimhir chuntais.  Dúirt an duine aonair leis an gcuideachta nach raibh sé in ann uimhir chuntais a sholáthar, toisc nár chustaiméir é, á rá nach raibh ann ach custaiméir féideartha a bhí ag fiosrú  faoina sheirbhís leathanbhanda a athrú.  Sa fhreagra uaithi, d’inis an chuideachta  don duine aonair nach bhféadfadh sí an iarraidh rochtana a phróiseáil gan aon uimhir chuntais. Rinne an duine aonair gearán leis an gCoimisiún ansin.

Tar éis an gearán a fháil, chuaigh an Coimisiún i dteagmháil leis an soláthraí seirbhíse Idirlín chun a shuí cén fáth nach bhféadfaí an iarraidh rochtana a phróiseáil gan aon uimhir chuntais agus freastal ar an iarraidh rochtana ón  duine aonair. 

Thug an chuideachta freagra pras don Choimisiún, agus í ag glacadh leis nár cheart don ghníomhaire a bhí ag déileáil leis an duine aonair a rá leis nach bhféadfadh an chuideachta an iarraidh rochtana a phróiseáil. Mhínigh sí freisin nár lean an gníomhaire sin an próiseas ceart le haghaidh déileáil le hiarrataí rochtana ó dhaoine nach custaiméirí iad, agus dúirt sí go gcuirfí oiliúint bhreis cosanta sonraí ar an ngníomhaire lena mbaineann. Sholáthair an chuideachta cóip dá shonraí pearsanta don duine aonair freisin. Cé go bhfuair sé cóip dá shonraí pearsanta, dheimhnigh an duine aonair nár réitíodh an ní ach amháin  tar éis idirghabháil ón gCoimisiún.

Key Takeaway

  • Faoi Airteagal 15(3) RGCS, tá oibleagáid ar eagraíocht cóip a sholáthar de na sonraí pearsanta, is cuma cé acu is custaiméir de chuid na heagraíochta é/í an duine aonair nó nach ea.  Léirítear sa chás ar leith seo an tábhacht a bhaineann le hoiliúint cosanta sonraí – oiliúint athnuachana san áireamh – a chur ar gach fostaí a dhéileálann le custaiméirí chun a chinntiú go seastar i ngach cás leis an gceart atá ag duine aonair rochtain a fháil ar a s(h)onraí pearsanta agus go soláthraíonn eagraíochtaí faisnéis chuí chruinn don phobal.

Cás-Staidéir Gearáin maidir le hIarrataí Rochtana

 

Rochtain a iarraidh ar thaifid liachta siblín éagtha

Rinne duine aonair teagmháil leis an gCoimisiún chun a fhiafraí conas rochtain a fháil ar thaifid liachta a shiblín éagtha, a fuair bás go tragóideach mar naíonán cuid mhór blianta roimhe sin. Ós rud é gur éag an bheirt tuismitheoirí roinnt blianta ó shin freisin, ní raibh an duine aonair in ann faisnéis a fháil faoi na himthosca a bhí taobh thiar de bhás a shiblín.

Aithníonn an Coimisiún a íogaire atá fiosruithe den sórt seo agus, i ngach cás, freagraíonn sé dóibh le comhbhá agus le meas. Sa chás seo, cuireadh in iúl don duine aonair go bhfuil sonraí pearsanta sainmhínithe mar a leanas in Airteagal 4(1) RGCS: “aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (ábhar sonraí)”. Mar sin féin, mar atá leagtha amach in Aithris 27 RGCS, níl feidhm ag an dlí cosanta sonraí maidir le sonraí pearsanta daoine éagtha. D’ainneoin chineál íogair an fhiosraithe a dúisíodh, agus cé go bhféadfadh an eagraíocht a roghnú na sonraí a bhí á n-iarraidh a eisiúint, chuir an Coimisiún in iúl, mar atá leagtha amach thuas, nach bhféadfadh sé iallach a chur ar an eagraíocht na sonraí a eisiúint toisc nach raibh aon oibleagáid ar an eagraíocht déanamh amhlaidh faoi RGCS. 

Mar thoradh air sin, luaigh an Coimisiún nach bhféadfaí an dlí cosanta sonraí a chur i bhfeidhm maidir leis an tsaincheist lena mbaineann agus, dá réir sin, nár tháinig na hábhair imní a tarraingíodh anuas faoi shainchúram an Choimisiúin. Ar an drochuair, d’fhág sé sin nach raibh an Oifig in ann cabhrú leis an duine aonair sa chás seo.

Key Takeaway

  • Beag beann ar a íogaire atá cásanna cosúil leis an gceann seo, tá oibleagáid ar an gCoimisiún a chur in iúl dóibh sin a tharraingíonn fiosrú anuas leis nach gcumhdaítear leis an reachtaíocht cosanta sonraí ach “duine nádúrtha” agus nach dtugtar leis an dlí cosanta sonraí aon rochtain ar shonraí pearsanta a bhaineann le daoine aonair éagtha. Tuigeann an Coimisiún an suaitheadh a ghabhann le nithe a bhaineann le gaolta éagtha, agus déanfaidh sé a dhícheall i gcónaí na fíorais, a mhéid a bhaineann siad le cosaint sonraí, a chur in iúl ar an mbealach is tuisceanaí is féidir agus é ag tabhairt freagra ar fhiosruithe den chineál seo.

Cás-Staidéir Gearáin maidir le hIarrataí Rochtana

 

Mainneachtain freagra a thabhairt ar iarraidh rochtana

Fuair an Coimisiún gearán maidir le duine aonair a rinne iarraidh rochtana faoi Airteagal 15 RGCS chuig ospidéal poiblí/stáit chun cóip a fháil den fhaisnéis ar fad a bhí á sealbhú faoi. Bhí an freagra ón ospidéal fós amuigh tar éis níos mó ná mí amháin, cé gur tugadh le fios san fhaisnéis a tugadh don Choimisiún go raibh aird phráinneach le tabhairt ar an ní seo mar gheall ar shláinte an duine aonair.   

Rinne an Coimisiún teagmháil leis an Oifigeach Cosanta Sonraí don Ghrúpa Ospidéal thar an teileafón agus tríd an ríomhphost chun é a chur ar an eolas faoi phráinn an ghearáin, agus d’iarr sé air freagra a thabhairt go pras d’ionadaithe an duine aonair, agus cóip d’fhaisnéis phearsanta an duine aonair á soláthar dóibh mar chuid den chaidreamh. Lean an t-ospidéal na treoracha ón gCoimisiún.

Cé gur admhaigh an t-ospidéal go bhfuarthas an iarraidh laistigh de mhí amháin tar éis í a fháil, ba tar éis idirghabháil ón gCoimisiún, agus tar éis na hidirghabhála sin amháin, a soláthraíodh don duine aonair na sonraí pearsanta a raibh sé  ina dteideal.   

Key Takeaway

  • Ceanglaítear ar eagraíochtaí bearta eagraíochtúla iomchuí a chur i bhfeidhm chun a chinntiú go bhfuil siad in ann freagra a thabhairt ar aon iarrataí ar chearta a fheidhmiú laistigh de na creataí ama atá leagtha síos faoi RGCS. Níor cheart d’eagraíochtaí fanacht le hidirghabháil ón Rialálaí chun freagairt go pras d’iarrataí ar rochtain d’ábhar sonraí. 

An Suirbhé ar Dhearcadh an Phobail 2025 ón gCoimisiún

19th Mí Meitheamh 2025

I gcomhthráth le foilsiú na Tuarascála Bliantúla don bhliain 2024, d’eisigh an Coimisiún um Chosaint Sonraí na torthaí ar Shuirbhé neamhspleách ar Dhearcadh an Phobail freisin. Ba i mí na Bealtaine 2025 a seoladh an suirbhé, rud a rinneadh mar chuid d’athbhreithniú lár téarma ar an Straitéis Rialála 2022-2027 ón gCoimisiún. ...

Cás-Staidéir Fógra Sáraithe Sonraí

 

Ardriosca féideartha a tháinig as sonraí míchruinne sa Lárchiste Creidmheasa

Fuair an Coimisiún fógra ó rialaitheoir a bhí ag plé le nithe airgeadais. Bhain an fógra le duine aonair ar tuairiscíodh a chuntas go mícheart don Lárchiste Creidmheasa. Cheannaigh an rialaitheoir cuntas an duine aonair mar chuid de dhíol punainne sa bhliain 2015 agus níorbh eol dó gur breithníodh an duine aonair ina fhéimheach sa bhliain 2014. Ní thagann daoine aonair a dearbhaíodh a bheith ina bhféimheach faoi raon feidhme na n-oibleagáidí tuairiscithe don Lárchiste Creidmheasa. Ní intuairiscithe don Lárchiste ach oiread atá cuntais ar ina leith a rinneadh tuairisceáin roimh thosach feidhme an Lárchiste Creidmheasa an 30 Meitheamh 2017.

Bhí deacracht ag an duine aonair iasacht a fháil toisc go ndearna an rialaitheoir a thaifead sa Lárchiste Creidmheasa, atá infheicthe ag institiúidí iasachtaí eile, a thuairisciú de bhotún a bheith beo agus i riaráiste . Measadh go raibh ardriosca ann do chearta agus saoirsí an duine aonair . Dá réir sin, chuir an rialaitheoir an duine aonair ar an eolas faoin sárú faoi Airteagal 34 RGCS . Thug an Coimisiún deimhniú don rialaitheoir gur leasaíodh taifead an duine aonair sa Lárchiste Creidmheasa . Mar mhaolú, thug an rialaitheoir bearta isteach lena gcean- glaítear ar dhíoltóirí punann faisnéis faoi dhaoine aonair, amhail féimheachtaí, a nochtadh .

Key Takeaway

  • Tá an cás seo mar fhianaise ar a thábhachtaí atá sé go mbeadh córais i bhfeidhm chun slándáil agus sláine sonraí pearsanta a chinntiú faoi Airteagal 5(1)(d) RGCS . Ba cheart do rialaitheoirí bheith ar an eolas faoi na sonraí pearsanta a shealbhaíonn siad faoi dhaoine aonair agus ba cheart dóibh bearta a bheith i bhfeidhm acu chun sonraí a mheas nuair a fhaigheann siad ó pháirtithe eile iad
  • Tá an cás seo mar fhianaise freisin ar an dualgas atá ar rialaitheoirí a chinntiú nach ndéantar aon athrú ar shonraí pearsanta agus nach ndéantar aon nochtadh neamhúdaraithe orthu don Lárchiste Creidmheasa, is cuma cé acu atá siad ceart nó mícheart, i gcás go gcruthódh sé sin riosca do dhaoine aonair.