Cás-Staidéir Cruinneas
Sonraí pearsanta a cheartú
D’eitil duine aonair le haerlíne chuig ceann scríbe san Eoraip. Cailleadh bagáiste an duine aonair agus é ag tógáil na heitilte fillte. Tar éis dó an tsaincheist a thuairisciú ag an aerfort, fuair sé duillín ‘bagáiste ar iarraidh’ ar a raibh ainm duine aonair eile ach ar a raibh mionsonraí cearta faoin mbagáiste a bhí ar iarraidh.
Féach Tuilleadh EolaisFaisnéis mhíchruinn á coinneáil ar chóras baincéireachta
Sa chás seo, bhí morgáiste ar mhaoin ag an ngearánach chomh maith le duine aonair eile. D’fhág an gearánach agus an duine aonair eile an mhaoin bhunaidh agus d’aistrigh an bheirt acu go seoltaí ar leith. In ainneoin gurbh eol don bhanc é sin, sheol banc an ghearánaigh comhfhreagras a bhain le morgáiste an ghearánaigh chuig seanseoladh an ghearánaigh, áit ar oscail na tionóntaí in situ é.
Féach Tuilleadh EolaisIarraidh maidir leis an gceart go ndéanfaí ceartúcháin chuig Cúram Sláinte
Fuaireamar gearán i gcoinne An Cúram Sláinte, mar gheall gur dhiúltaigh sé iarraidh maidir leis an gceart go ndéanfaí ceartúcháin faoi Airteagal 16 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. Líomhain an gearánach go raibh a ainm á litriú go mícheart ar a ríomhchóras trí bhíthin an síneadh fada, aiceann atá mar chuid de theanga scríofa na Gaeilge, a fhágáil ar lár.
Féach Tuilleadh EolaisCruinneas sonraí
Sa chás seo, rinne an gearánach gearán le comhlacht rialála gairmiúil maidir le hiompar duine rialáilte. Níor thacaigh an comhlacht rialála gairmiúil leis an ngearán sin. Ina ghearán chuig an DPC, mhaígh an gearánach gur thaifead an comhlacht rialála gairmiúil sonraí pearsanta a bhain leis go míchruinn i miontuairiscí an chruinnithe. Chomh maith leis sin, mhaígh an gearánach gur thaifead an comhlacht rialála gairmiúil na sonraí pearsanta céanna a bhain leis an ngearánach go míchruinn i litir a sheol sé chuig tríú páirtí.
Féach Tuilleadh EolaisRéiteach Cairdiúil — Cruthúnas Aitheantais agus Íoslaghdú Sonraí
Fuair an DPC gearán, trí Údarás Cosanta Sonraí Bheirlín, ó dhuine aonair maidir le hiarratas a rinne sé le rialaitheoir sonraí chun athrú a dhéanamh leis an seoladh ríomhphoist a bhain lena chuntas custaiméara. Rinne an gearánach an iarratas tríd an fheidhm comhrá ar líne de chuid an rialaitheora sonraí agus cuireadh in iúl dó ina dhiaidh sin go mbeadh cóip de cháipéis aitheantais ag teastáil chun úinéireacht an chuntais a fhíordheimhniú sular bhféadfaí leanúint leis an iarratas. Dhiúltaigh an gearánach an t-eolas seo a chur ar fáil agus mar sin níor lean an rialaitheoir sonraí lena iarratas ag an am sin.
Féach Tuilleadh Eolais