Cás-Staidéir Léirscriosadh
Torthaí innill cuardaigh do chéadainm agus sloinne duine aonair
Rinne duine aonair teagmháil le cuideachta innill cuardaigh chun a iarraidh go mbainfeadh roinnt suíomhanna Gréasáin ailt ina raibh a ainm féin, toisc gur chreid sé nach raibh na hailt sin ábhartha dá shaol ná dá imthosca a thuilleadh. Sa fhreagra uaithi, chuir an eagraíocht innill cuardaigh in iúl don duine aonair nár chomhlíon na hiarrataí uaidh na critéir le haghaidh na hailt a bhaint. Ní raibh an duine aonair sásta leis an bhfreagra sin, agus rinne sé gearán leis an gCoimisiún.
Féach Tuilleadh EolaisTuismitheoir a bheith ag déanamh iarraidh léirscriosta do leanbh is aosach anois
Rinne carthanas teagmháil leis an gCoimisiún chun comhairle a iarraidh maidir le fiosrú a fuair sé ó thuismitheoir. Bhí an tuismitheoir ag fiafraí an bhféadfadh sé a iarraidh go léirscriosfaí sonraí pearsanta a linbh. Chuaigh na sonraí a bhí i gceist siar roinnt blianta nuair a bhí an leanbh ina mhionaoiseach. Is aosach é anois, áfach, agus bhí an tuismitheoir, a bhí mar chaomhnóir aige ag an am, ag iarraidh a fháil amach an bhféadfadh sé a iarraidh go fóill go léirscriosfaí na sonraí.
Féach Tuilleadh EolaisGearán a bhain le mainneachtain fostóra ionchasaigh iarraidh léirscriosta a chomhlíonadh
Bhain an gearán seo leis an mainneachtain líomhnaithe freagra a thabhairt ar iarraidh léirscriosta a rinne duine aonair chuig fostóir ionchasach de bhun Airteagal 17 RGCS.
Féach Tuilleadh EolaisIarraidh léirscriosta a bhain le díol réadmhaoine
Chuir ceannaitheoir ionchasach tús le ceannach éascaithe réadmhaoine trí idirghabhálaí eastáit réadaigh. Tamaillín ina dhiaidh sin, tharraing díoltóir na réadmhaoine siar ón díol. Mar chuid den phróiseas ceannaigh, thug an ceannaitheoir ionchasach cóip dá aitheantas, cruthúnas seolta agus mionsonraí bainc don idirghabhálaí eastáit réadaigh. Tar éis an chliste sa phróiseas, d’iarr an ceannaitheoir ionchasach go léirscriosfaí a shonraí pearsanta de bhun Airteagal 17 RGCS.
Féach Tuilleadh EolaisMainneachtain iarraidh léirscriosta a chomhlíonadh a bhain le cuntas cearrbhachais ar líne
D’oscail duine aonair cuntas ar líne le geallghlacadóir agus chuir sé suim airgid i dtaisce sa chuntas. Tar éis dó iarracht a dhéanamh an feidhmchlár (“aip”) a bhaineann leis an tseirbhís a íoslódáil, thuig an duine aonair go tapa nach raibh an aip comhoiriúnach lena fhón póca. An lá dár gcionn, chuir an duine aonair iarraidh léirscriosta faoi bhráid an gheallghlacadóra faoi Airteagal 17 RGCS. Dhiúltaigh an geallghlacadóir don iarraidh léirscriosta a chomhlíonadh, á lua go raibh oibleagáidí dlíthiúla air na sonraí pearsanta a choinneáil toisc go ndearnadh cistí a chur i dtaisce sa chuntas agus a aistarraingt uaidh, rud a d’fhág gur ‘chustaiméir’ é. Bhí an duine aonair míshásta leis an bhfreagra sin toisc nár aontaigh sé gur ‘chustaiméir’ de chuid an gheallghlacadóra é toisc nár chuir sé aon gheall tríd an gcuntas, bíodh sé ar líne nó tríd an aip.
Féach Tuilleadh EolaisMainneachtain iarraidh léirscriosta a chomhlíonadh a bhain le sonraí leighis
Rinne duine aonair teagmháil leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí tar éis do sholáthraí cúram sláinte diúltú don iarraidh léirscriosta uaidh. D’iarr an duine aonair go léirscriosfaí na sonraí stairiúla sláinte uile a shealbhaigh an soláthraí cúram sláinte faoi. Luaigh sé go raibh na sonraí sin mícheart toisc gur bhain siad le mídhiagnóis líomhnaithe.
Féach Tuilleadh EolaisAn Ceart go nDéanfaí Léirscriosadh agus Ábhar arna Ghiniúint ag Úsáideoirí
Bhain an gearán seo le diúltú a rinne an rialaitheoir sonraí ar dtús géilleadh d’iarratas ar léirscriosadh a rinne an gearánaí, de réir Airteagail 17 GDPR. Thaisc an gearánaí a ghearán ar dtús trí Údarás Cosanta Sonraí na Spáinne, an AEPD, a d’aistrigh an gearán ina dhiaidh sin go dtí an DPC mar Phríomhúdarás Maoirseachta.
Féach Tuilleadh EolaisAn Ceart go nDéanfaí Ligean i nDearmad (Microsoft)
Bhain an gearán le míshástacht an duine aonair leis an bhfreagra a thug an Rialaitheoir Sonraí (cuideachta ilnáisiúnta teicneolaíochta) ar an iarraidh a rinne sé go ndéanfaí ligean i ndearmad de bhun Airteagal 17 GDPR. D’iarr an duine aonair go ndíliostófaí seacht n-aimsitheoir aonfhoirmeacha acmhainne (URL) a tugadh mar thorthaí nuair a cuardaíodh ainm an duine aonair ar inneall cuardaigh an Rialaitheora Sonraí. Dheimhnigh an Rialaitheoir Sonraí don duine gur díliostáladh na URLanna. Mar sin féin, léirigh cuardach ar ainm an duine aonair, a rinne a n-ionadaí dlíthiúil, gur leanadh de na URLanna a sheoladh ar ais. Rinne an CCS athbhreithniú ar na URLanna nuair a fuair sé an gearán agus dheimhnigh sé go raibh na URLanna fós á gcur ar ais.
Féach Tuilleadh EolaisAn Ceart go nDéanfaí Ligean i nDearmad (Microsoft)
Bhain an gearán le míshástacht an duine aonair leis an bhfreagra a thug an Rialaitheoir Sonraí (cuideachta ilnáisiúnta teicneolaíochta) ar an iarraidh a rinne sé go ndéanfaí ligean i ndearmad de bhun Airteagal 17 GDPR. D’iarr an duine aonair go ndíliostófaí seacht n-aimsitheoir aonfhoirmeacha acmhainne (URL) a tugadh mar thorthaí nuair a cuardaíodh ainm an duine aonair ar inneall cuardaigh an Rialaitheora Sonraí. Luaigh an duine aonair go raibh a uimhir Chéannachta Náisiúnta ar áireamh sna URLanna a tugadh mar thorthaí agus bhí imní air go mbeadh sé i mbaol méadaithe goid chéannachta mar gheall ar an bhfáil a bhí ar an uimhir sin.
Féach Tuilleadh EolaisBaint a bheith ag bailitheoir fiach
Rinne ábhar sonraí teagmháil leis an DPC toisc nach raibh sé sásta leis na freagraí a fuarthas i leith iarratas duine ar a shonraí agus i leith iarratas ar scriosadh. Tugadh an cás seo in aghaidh bailitheoir fiach agus chuir an t-ábhar sonraí ábhar imní in iúl faoin mbealach ina bhfuarthas a chuid sonraí pearsanta. Mhínigh an t-ábhar sonraí gur glanadh an fiach ach go raibh sé fós ag fáil litreacha ó bhailitheoir fiach. Tagraíodh sa litir seo do shuim a bhí fós le réiteach i ndáil le tríú páirtí.
Féach Tuilleadh EolaisCoimeád sonraí pearsanta duine atá faoi aois ag Gníomhaireacht Stáit
Sa chás seo, bhí iarratas déanta ag gearánaigh an cháis roimhe seo go scriosfadh gníomhaireacht stáit Éireannach comhad a bhain le heachtra ar scoil ina raibh a leanbh óg páirteach, agus a cuireadh in iúl don ghníomhaireacht sa chéad dul síos. Cé go raibh cinneadh déanta ag an nGníomhaireacht nár ghá tuilleadh imscrúdaithe a dhéanamh ar an eachtra, dhiúltaigh sí sonraí pearsanta an duine faoi aois a scriosadh — ag tabhairt le fios go gcoimeádtar a leithéid de chomhaid go dtí go mbaineann an duine faoi aois faoi thrácht aois 25 bliana amach.
Féach Tuilleadh EolaisIarraidh ar scriosadh agus spleáchas ar an gCód um Chosaint Tomhaltóirí
I ndiaidh iarratas a dhéanamh ar chárta creidmheasa nár éirigh leis, d’iarr an t-ábhar sonraí sa chás seo go scriosfaí a shonraí pearsanta faoi Airteagal 17 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR). Nuair a dhiúltaigh an rialaitheoir sonraí don iarratas ar scriosadh, chuir an t-ábhar sonraí ábhar imní in iúl don DPC go raibh a shonraí pearsanta á gcoinneáil go neamhdhleathach. Chuaigh an DPC i dteagmháil leis an rialaitheoir sonraí chun measúnú a dhéanamh ar an réasúnaíocht a bhain le diúltú dá leithéid.
Féach Tuilleadh Eolais
Iarrataí Rochtana agus Léirscriosta (Pinterest)
Bhain an gearán le míshástacht an duine aonair leis an bhfreagra a thug an Rialaitheoir Sonraí (cuideachta meán sóisialta) ar na hiarrataí rochtana agus léirscriosta a rinne sé de bhun Airteagal 15 GDPR agus Airteagal 17 GDPR faoi seach. Chuir an duine aonair na hiarrataí uaidh isteach tar éis a chuntas a chur ar fionraí, agus é ag iarraidh cóip a fháil dá shonraí pearsanta uile agus a shocrú go scriosfaí na sonraí sin ó chórais an Rialaitheora Sonraí. Cuireadh cuntas an duine aonair ar fionraí mar thoradh ar shárú ar bheartais turscair an Rialaitheora Sonraí. Thug an Rialaitheoir Sonraí freagra uathoibrithe ar na hiarrataí, inar luadh go ndearna sé athbhreithniú ar an gcuntas agus gur chinn sé gan an cuntas a athghníomhachtú toisc gur thug sé gníomhaíocht a sháraigh a bheartas turscair faoi deara. Mar thoradh air sin, ní raibh an duine aonair in ann a shonraí pearsanta a bhí stóráilte ar a chuntas a rochtain a thuilleadh. Mhaígh an duine aonair nach bhféadfadh an fhaisnéis sin bheith ceart toisc gurbh annamh a d’úsáideadh sé a chuntas, agus d’iarr sé freagra níos substaintiúla ar na hiarrataí rochtana agus léirscriosta uaidh.
Féach Tuilleadh EolaisIarratas ar dhíliostú a rinneadh chuig inneall cuardaigh idirlín
Rinne ábhar sonraí gearán in aghaidh inneall cuardaigh idirlín maidir leis an bhfreagra ón inneall cuardaigh i ndáil lena iarratas ar dhíoliostú. Bhain an gearán le dhá URL a tháinig aníos i ndiaidh ainm an duine aonair a chuardach ar an inneall cuardaigh. Le linn an gearán seo bheith á láimhseáil, chuir an duine aonair URL amháin eile san áireamh a raibh sé ag iarraidh ar an inneall cuardaigh é a dhíoliostú.
Féach Tuilleadh EolaisRéiteach Cairdiúil i nGearán Trasteorann — An Ceart go nDéanfaí Léirscriosadh
Fuair an DPC gearán ó dhuine aonair maidir le hiarratas ar léirscriosadh a rinne siad le rialaitheoir sonraí, ardán chun lóistín a chur in áirithe, de bhun Airteagail 17 GDPR. Chuir an gearánach tús le cuntas a chruthú ar ardán an rialaitheora sonraí ach chinn sé éirí as an bpróiseas sular chríochníodh é. Chuir an gearánach a iarratas ar léirscriosadh in iúl don rialaitheoir sonraí ansin trí ríomhphost agus ar an teileafón. Mar fhreagra ar an iarratas ar léirscriosadh, chuir an rialaitheoir sonraí in iúl don ghearánach go mbeadh cáipéis aitheantais de dhíth air chun an t-iarratas ar léirscriosadh a chomhlíonadh.
Féach Tuilleadh Eolais
Réiteach Cairdiúil — An Ceart go nDéanfaí Léirscriosadh
Bhain an gearán seo leis an líomhain nár tugadh freagrea ar iarratas ar léirscriosadh a rinne an gearánach le rialaitheoir sonraí de bhun Airteagail 17 GDPR.
Féach Tuilleadh EolaisCinneadh Airteagal 60 maidir le Twitter International Company — Iarraidh ar Aitheantas, Iarraidh Léirscriosta
Taisceadh gearán in aghaidh Twitter International Company (“Twitter”) go díreach leis an gCoimisiún an 02 Iúil 2019. Dá réir sin, láimhseáil an Coimisiún an gearán ina cháil mar phríomhúdarás maoirseachta. Líomhain an gearánach gur tharla sé, tar éis a chuntas ar Twitter a chur ar fionraí, gur mhainnigh Twitter an creat ama reachtúil a chomhlíonadh i leith iarraidh léirscriosta a chuir sé faoina bhráid. Líomhain an gearánach freisin gur iarr Twitter cóip dá aitheantas fótagrafach chun go bhféadfadh sé an iarraidh léirscriosta uaidh a chur i ngníomh gan aon bhunús dlí a bheith aige le déanamh amhlaidh. Ar deireadh, líomhain an gearánach gur choinnigh Twitter a shonraí pearsanta tar éis na hiarrata léirscriosta uaidh gan aon bhunús dlí a bheith aige le déanamh amhlaidh.
Féach Tuilleadh EolaisPróiseáil neamhdhleathach agus iarratas scriosta
Tar éis turas ar shaoráid fóillíochta (an rialaitheoir sonraí), chuir ábhar sonraí gearán faoi bhráid an Choimisiúin um Chosaint Sonraí (DPC) mar go raibh siad míshásta maidir leis an mbealach a ndearna an rialaitheoir sonraí próiseáil ar a gcuid sonraí pearsanta. Theastaigh ón ábhar sonraí a gcearta faoi Airteagal 17 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR) a fheidhmiú, go ndéanfadh an eagraíocht a gcuid sonraí féin agus sonraí a dteaghlach a scrios. Roimh theagmháil a dhéanamh leis an DPC, d’iarr an t-ábhar sonraí go díreach ar an rialaitheoir sonraí a sonraí a scrios ach dhiúltaigh an rialaitheoir sonraí an t-iarratas seo.
Féach Tuilleadh EolaisPróiseáil neamhdhleathach ar ghrianghraf agus iarraidh léirscriosta
Rinne ábhar sonraí gearán leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (“an Coimisiún”) maidir le foilsiú a íomhá stairiúla i nuachtán (“rialaitheoir sonraí”). Mhínigh an t-ábhar sonraí don Choimisiún gur foilsíodh an t-alt gan fhios dó agus gan toiliú a fháil uaidh. Sula ndearna sé teagmháil leis an gCoimisiún, rinne an t-ábhar sonraí teagmháil leis an rialaitheoir sonraí chun aghaidh a thabhairt ar na húdair imní a bhí aige toisc go raibh sé den tuairim gur próiseáladh a shonraí pearsanta go neamhdhleathach. D’iarr sé go léirscriosfaí an íomhá ón nuachtán faoi Airteagal 17 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (“GDPR”). Dhiúltaigh an rialaitheoir sonraí do na heilimintí uile den iarraidh ón ábhar sonraí, áfach
Féach Tuilleadh EolaisSonraí arna gcoinneáil ag banc maidir le hiarratas ar iasacht a tarraingíodh siar
Sa chás seo, rinne an gearánach iarratas ar iasacht chuig banc. Tharraing an gearánach an t-iarratas ar iasacht siar ina dhiaidh sin agus scríobh sé chuig an mbanc á lua go raibh toiliú á tharraingt siar aige i leith aon sonraí pearsanta arna gcoinneáil ag an mbanc a phróiseáil maidir leis an iarratas ar iasacht agus inar iarradh go seolfaí ar ais na doiciméid ar fad ina raibh sonraí pearsanta an ghearánaigh. Mar fhreagra, chuir an banc in iúl don ghearánach gur chuir sé stop le sonraí pearsanta ar fad an ghearánaigh a phróiseáil, seachas na sonraí a coinníodh i dtaifid ar luaigh an banc gur éilíodh air iad a choinneáil agus a phróiseáil faoi Chód um Chosaint Tomhaltóirí Bhanc Ceannais na hÉireann. Ní raibh an gearánach sásta leis an bhfreagra sin, agus d’áitigh sé, ina ghearán chuig an Oifig seo, i gcúinsí ina bhfuair an banc sonraí pearsanta an ghearánaigh ar an mbonn gur thoiligh an gearánach, ní raibh cead ag an mbanc leanúint de na sonraí sin a phróiseáil ar bhunús dlí eile (i.e. próiseáil atá riachtanach d’fhonn oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an banc faoina réir a chomhlíonadh). D’áitigh an gearánach freisin go raibh an phróiseáil leanúnach a rinne an banc ar a shonraí pearsanta le haghaidh críche nach raibh comhoiriúnach leis an gcríoch ar bailíodh na sonraí ina leith ar dtús, de shárú ar an reachtaíocht um chosaint sonraí.
Féach Tuilleadh Eolais