Sharenting - Príomhleideanna

21st Mí na Samhna 2025

Measann a lán tuismitheoirí gur bealach chun nascadh go dearfach le cairde agus le baill teaghlaigh é garspriocanna tábhachtacha a phostáil agus a chomhroinnt, ach tá sé tábhachtach a chur san áireamh nach féidir le comhroinnt ar líne a bheith lánsábháilte riamh agus go bhfuil a lán rioscaí ag baint léi. ...

Fiosrúchán ar TikTok Technology Limited

Dáta an Chinnidh: 30 Aibreán 2025

An 30 Aibreán 2025, ghlac Coimisiún na hÉireann um Chosaint Sonraí (‘an Coimisiún’) cinneadh críochnaitheach i bhfiosrúchán reachtúil dá dheoin féin maidir le Sonraí de chuid Úsáideoirí sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) a d’aistrigh TikTok Technology Limited (‘TikTok’) chuig an tSín. Rinneadh an fiosrúchán de réir an Achta um Chosaint Sonraí, 2018, agus Airteagal 60 den Rialachán Ginearálta ón Aontas Eorpach maidir le Cosaint Sonraí (‘RGCS’). Bhí an Coimisiún inniúil chun gníomhú mar phríomhúdarás maoirseachta i leith na próiseála a bhí i gceist, de bhun Airteagal 56 RGCS. Sular glacadh é, chuir an Coimisiún dréacht den chinneadh uaidh faoi bhráid na nÚdarás Maoirseachta lena mBaineann i mí Feabhra 2025, mar a cheanglaítear faoi Airteagal 60(3) RGCS. Níor tharraing na hÚdaráis Mhaoirseachta lena mbaineann aon agóidí (chun críche Airteagal 60(4) RGCS) in aghaidh an dréachtchinnidh.

Cúlra an Phróisis Fiosrúcháin

Ba é a bhí i gceist leis na haistrithe sonraí pearsanta a breithníodh sa Chinneadh ná na Sonraí de chuid Úsáideoirí in LEE a d’aistrigh TikTok chuig an tSín tríd an gcianrochtain a bhí ag pearsanra de chuid ghrúpa cuideachtaí ByteDance sa tSín ar na sonraí pearsanta sin. Breithníodh sa Chinneadh cé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon na haistrithe sin Caibidil V RGCS. Breithníodh sa Chinneadh freisin cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh, maidir leis an bhfaisnéis a sholáthair TikTok d’úsáideoirí maidir le haistrithe den sórt sin, a chomhlíon sí ceanglais trédhearcachta TikTok mar a cheanglaítear le RGCS.

Achoimre ar Chinntí

Chinn an Coimisiún gur sháraigh TikTok Airteagal 46(1) RGCS le linn raon feidhme ama an Fhiosrúcháin nuair a mhainnigh sé a fhíorú, a ráthú agus a thaispeáint, agus é ag déanamh na nAistrithe Sonraí, gur tugadh do na sonraí pearsanta de chuid Úsáideoirí in LEE a bhí ina n-ábhar do na hAistrithe Sonraí leibhéal cosanta a bhí coibhéiseach go bunúsach leis sin a ráthaítear laistigh den Aontas Eorpach.

Chinn an Coimisiún gur sháraigh TikTok Airteagal 13(1)(f) RGCS ón 29 Iúil 2020 go dtí an 1 Nollaig 2022 nuair a mhainnigh sé faisnéis riachtanach a thabhairt d’ábhair sonraí faoi na hAistrithe Sonraí agus nuair a mhainnigh sé faisnéis a thabhairt dóibh gur bhain an phróiseáil leis an gcianrochtain a bhí ag pearsanra atá lonnaithe sa tSín ar shonraí pearsanta a stóráiltear i Singeapór agus sna Stáit Aontaithe.

Bearta Ceartaitheacha

Tar éis dó na sáruithe ar RGCS atá leagtha amach thuas a bhreithniú, chinn an Coimisiún na cumhachtaí ceartaitheacha seo a leanas a fheidhmiú de réir Airteagal 58(2) RGCS:

  • Ordú de bhun Airteagal 58(2)(j) RGCS lena gceanglaítear ar TikTok Ireland na hAistrithe Sonraí a chur ar fionraí.
  • Ordú de bhun Airteagal 58(2)(d) RGCS lena gceanglaítear ar TikTok Ireland an phróiseáil a chur i gcomhréir leis an reachtaíocht. Leis an ordú sin, ceanglaítear ar TikTok a áirithiú, a luaithe a thiocfaidh an t-ordú i bhfeidhm, go scoirfear láithreach de phróiseáil a dhéanamh ar aon Sonraí de chuid Úsáideoirí in LEE atá lonnaithe sa tSín ag an am sin mar thoradh ar an Réiteach Cianrochtana.
  • Dhá fhíneáil riaracháin de bhun Airteagal 58(2)(i) RGCS mar a leanas:
    • Fíneáil €485 mhilliún maidir le sárú TikTok ar Airteagal 46(1) RGCS.
    • Fíneáil €45 mhilliún maidir le sárú TikTok ar Airteagal 13(1)(f) RGCS.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, is féidir leat na nithe seo a leanas a íoslódáil:

An tEolas is Deireanaí Fós ón gCoimisiún maidir le hImscrúdú Prime Time RTÉ

06th Mí Deireadh Fomhair 2025

Tá an Coimisiún tar éis dul i dteagmháil leis an mbróicéir sonraí Éireannach a ndearnadh tagairt dó i gclár Prime Time RTÉ le déanaí a craoladh an 18 Meán Fómhair 2025. Arna iarraidh sin don Choimisiún, dheimhnigh an chuideachta go ndearna sí gach seirbhís a bhaineann le sonraí suímh a bhaineann le húsáideoirí Éireannacha a chur ar fionraí ar feadh 28 lá ar a laghad. ...

An tEolas is Deireanaí ón gCoimisiún maidir le hImscrúdú Prime Time RTÉ

26th Mí Meán Fomhair 2025

Agus úsáid á baint aige as a chumhachtaí reachtúla, fuair an Coimisiún an tseachtain seo céannacht an dá chuideachta agus an tacar sonraí a bhí i gcroílár chlár Prime Time RTÉ Déardaoin seo caite.  Tá ceann de na cuideachtaí lonnaithe in Éirinn, agus d’fhreastail an Coimisiún ar oifig i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo ina leith. ...

Ráiteas ón gCoimisiún maidir le hImscrúdú Prime Time RTÉ

18th Mí Meán Fomhair 2025

Tháinig an Coimisiún um Chosaint Sonraí ar an eolas faoin ní seo den chéad uair nuair a chuaigh Prime Time i dteagmháil leis, agus tá an-imní orainn faoi. Is féidir le sonraí suímh méid suntasach faisnéise a nochtadh faoi dhaoine aonair, lena n-áirítear faisnéis faoi nósanna agus pearsantacht aon duine aonair, agus faisnéis atá íogair ó nádúr. ...