Cás-Staidéir Fógra Sáraithe Sonraí
Sonraí Pearsanta a Nochtadh de Thaisme ar Líne
Thuairiscigh institiúid tríú leibhéal sárú sonraí don Choimisiún maidir le suirbhé a rinne sí ar iarmhic léinn. Gach bliain, rinneadh suirbhé ar mhic léinn a bhain céim amach le déanaí chun sonraí a bhailiú faoina gcuid staidéir breise agus faoina gcuid fostaíochta. Úsáideadh na sonraí sin ansin chun tuarascáil a fhoilsiú ar thorthaí céimithe. Rinneadh na staitisticí achoimre, nach raibh anaithnidithe sa chás seo agus ina raibh sonraí pearsanta, a fhoilsiú ar shuíomh Gréasáin na hinstitiúide.
Agus é ag caitheamh súil ar na tuarascálacha don bhliain 2023, thug duine den phobal faoi deara go raibh sé in ann amharc ar shonraí pearsanta na bhfreagraithe suirbhé trí dheaschliceáil ar na táblaí, agus tharraing sé aird na hinstitiúide air sin. Áiríodh leis na sonraí sin ainm, faisnéis tuarastail, agus mionsonraí faoi obair nó faoi staidéar breise. Bhain an institiúid tríú leibhéal den suíomh Gréasáin an tuarascáil sin agus tuarascálacha eile a bhí ar fáil go seachtrach agus ar measadh go bhféadfadh an fhadhb chéanna a bheith ag baint leo. Chomh maith leis sin, d’iarr an institiúid tríú leibhéal dearbhuithe ar an duine aonair a d’aimsigh an tacar sonraí nach ndearna sé na sonraí pearsanta a shábháil ná a chomhroinnt.
Mar chuid den imscrúdú ar an sárú seo, chuir an institiúid in iúl don Choimisiún gur tugadh córas nua le haghaidh tuarascálacha a tháirgeadh isteach sa bhliain 2022 agus gurbh í an easpa cur amach ar an gcóras nua sin a bhí taobh thiar de na sonraí a bheith á bhfoilsiú i bhformáid neamh-anaithnidithe. Chun laghdú a dhéanamh ar an dóchúlacht go dtarlódh an tsaincheist seo arís, rinne an institiúid athbhreithniú ar a próisis inmheánacha le haghaidh tuarascálacha a ghiniúint, agus rinne sí idirchaidreamh lena foirne inmheánacha TF chun a chinntiú go bhfuil bearta teicneolaíocha cuí i bhfeidhm anois.
Cás-Staidéir Fógra Sáraithe Sonraí
Sárú ar Stóráil Comhad Digiteach
Thuairiscigh institiúid tríú leibhéal sárú sonraí don Choimisiún maidir le stóráil deimhnithe dochtúra mac léinn do chúrsa ar leith. Tháinig mac léinn amháin ar dheimhnithe dochtúra a bhain le mic léinn eile agus é ag iarraidh a dheimhniú féin a uaslódáil chuig Timpeallacht Fhíorúil Foghlama na hinstitiúide. Thug an institiúid fógra don Oifigeach Cosanta Sonraí faoi sin láithreach, agus bhain a rannóg TF na comhaid sin den chóras.
Rinne an Coimisiún measúnú ar an bhfógra agus, i bhfianaise chineál na sonraí catagóire speisialta (sonraí sláinte) a bhí i gceist, d’iarr sé tuilleadh faisnéise ar an eagraíocht. Tar éis don eagraíocht imscrúdú a dhéanamh ar an ní, suíodh gurbh í earráid an duine a bhí taobh thiar de mhíchumraíocht ar an Timpeallacht Fhíorúil Foghlama, rud a d’fhág gur taispeánadh deimhnithe dochtúra do ghrúpa mac léinn, seachas do chomhordaitheoir/léachtóir an chúrsa agus don duine sin amháin.
Mheas an eagraíocht ar dtús go raibh ardriosca ag baint leis an sárú. Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar na sonraí sáraithe agus ar na rioscaí a bhí ann do chearta agus saoirsí na ndaoine aonair a ndearnadh difear dóibh, áfach, measadh nach raibh an riosca chomh hard céanna. Agus cur chuige an-chúramach á ghlacadh aici, chinn an eagraíocht na daoine aonair a ndearnadh difear dóibh a chur ar an eolas faoin sárú.
Chun a shocrú nach dtiocfadh cás den sórt seo chun cinn arís, d’eisigh an institiúid ríomhphost chuig gach ball foirne chun a mheabhrú dóibh gan an Timpeallacht Fhíorúil Foghlama a úsáid le haghaidh sonraí pearsanta a chur isteach. Chuir an institiúid teachtaireachtaí leis an ardán Timpeallachta Fíorúla Foghlama freisin chun na hoibleagáidí cosanta sonraí atá orthu agus an córas á úsáid acu a mheabhrú do bhaill foirne agus do mhic léinn araon.
Rinne an eagraíocht caidreamh le soláthraí na Timpeallachta Fíorúla Foghlama chun bearta a thabhairt isteach chun a chinntiú go ndéantar sonraí pearsanta a stóráil agus a phróiseáil go slán agus go gcumraítear socruithe slándála go cuí.
Cás-Staidéir Fógra Sáraithe Sonraí
Ionsaí Ríomhphoist Fioscaireachta san Earnáil Craolacháin
Thug eagraíocht a oibríonn san earnáil craolacháin fógra don Choimisiún faoi shárú sonraí a bhain le fostaí a d’fhreagair do ríomhphost fioscaireachta. Sa ríomhphost sin, a airbheartaíodh a bheith ina fhógra le haghaidh folúntas inmheánach, iarradh ar an bhfostaí a dhintiúir ardáin stórála ríomhphost agus sonraí a chur isteach, mar aon lena Leid Fíordheimhniúcháin Ilfhachtóra. Tar éis an fhaisnéis sin a fháil ón bhfostaí, bhí an drochghníomhaí a sheol an ríomhphost
fioscaireachta in ann rochtain a fháil ar chuntas ardáin stórála ríomhphost agus sonraí an fhostaí lena mbaineann.
Áiríodh leis na catagóirí sonraí pearsanta a bhféadfadh an drochghníomhaí rochtain a fháil orthu ainmneacha, seoltaí ríomhphoist, grianghraif/físeáin, sonraí airgeadais, agus sonraí catagóire speisialta (sonraí sláinte). Áiríodh leis na daoine aonair a ndearnadh difear dóibh fostaithe laistigh den eagraíocht agus teagmhálaithe tríú páirtí a chuaigh i dteagmháil leis an gcraoltóir.
Tháinig an eagraíocht ar an eolas faoin sárú nuair a thuairiscigh an fostaí fadhbanna le logáil isteach ina ardán stórála ríomhphost agus sonraí. Cé gur díchumasaíodh an cuntas a ndearnadh fioscaireacht air go huathoibríoch tar éis 17 nóiméad le córais braite fioscaireachta na heagraíochta, rinneadh foireann inmheánach TF na heagraíochta an cuntas a athghníomhachtú de láimh ansin de bhotún. Léiríodh in athbhreithniú láimhe ar logaí iniúchta go ndearnadh roinnt iarrachtaí amhrasacha chun logáil isteach ó roinnt láithreacha éagsúla. Dá réir sin, athshocraíodh an cuntas, agus cuireadh cosc buan ar an drochghníomhaí logáil isteach ann.
Mheabhraigh an Coimisiún don eagraíocht na hoibleagáidí atá uirthi mar rialaitheoir sonraí. Ina dhiaidh sin, chuir an eagraíocht bearta coisctheacha chun feidhme chun laghdú a dhéanamh ar an dóchúlacht go dtarlódh sárú den sórt seo arís. Áiríodh leis na bearta sin scagairí turscair/fioscaireachta a chur i bhfeidhm, a mheabhrú do na baill foirne uile a bheith cúramach agus iad ag oscailt ríomhphoist sheachtracha, tuilleadh cleachtaí oiliúna agus feasachta foirne a sheoladh, agus treoirlínte nua a eisiúint maidir le cuntais úsáideora atá ar fionraí a athghníomhachtú.
Cás-Staidéir Margaíocht Dhíreach Leictreonach
Ionchúiseamh Thérapie Clinic, ag trádáil dó mar Valterous Limited
I mí Feabhra 2024, fuair an Coimisiún fógra ó dhuine aonair á líomhain go bhfuair sé cumarsáid ríomhphoist gan iarraidh ó Thérapie Clinic. Sholáthair an duine aonair don Choimisiún cóip dá shainroghanna pearsanta margaíochta agus cóip de chumarsáid ríomhphoist gan iarraidh.
Tar éis an ní a imscrúdú a thuilleadh, dheimhnigh Thérapie Clinic don Choimisiún go raibh an gearánach ina chliant dá chuid agus nár thug sé aon toiliú le cumarsáidí margaíochta a fháil. Rinne Thérapie Clinic imscrúdú inmheánach ansin, ina bhfuarthas amach gur sheol ball foirne i gceann amháin dá chlinicí an teachtaireacht ríomhphoist lena mbaineann de láimh.
Níor theachtaireacht chórasghinte é an ríomhphost. Dá bhrí sin, níor cuireadh aon sásra um rogha an diúltaithe ar áireamh sa chumarsáid. Mar sin, fuair an duine aonair ríomhphost margaíochta gan iarraidh gan aon rogha a bheith aige diúltú do theachtaireachtaí margaíochta eile a fháil. Ós rud é gur eisigh an Coimisiún rabhadh chuig Thérapie Clinic i mí Feabhra 2023 maidir le gearán roimhe, chinn an Coimisiún ionchúiseamh a dhéanamh de bhun an ghearáin seo.
An 25 Deireadh Fómhair 2024, ionchúisíodh Thérapie Clinic i leith ríomhphoist gan iarraidh a sheoladh chuig custaiméir a dhiúltaigh do chumarsáidí margaíochta a fháil roimhe sin. Cinneadh gur sháraigh an chuideachta Rialachán 13(12)(c) agus Rialachán 13(13)(a)(i) de I.R. Uimh. 336 de 2011 – Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Líonraí agus Seirbhísí Cumarsáide Leictreonaí) (Príobháideacht agus Cumarsáid Leictreonach), 2011. In ionad ciontú agus fíneáil a ghearradh, d’ordaigh Cúirt Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath don chuideachta síntiús €325 a thabhairt do Little Flower Penny Dinners, ar carthanas é, agus costais dlí an Choimisiúin a íoc.
Cás-Staidéir Margaíocht Dhíreach Leictreonach
Ionchúiseamh Google Ireland Limited
I mí na Samhna 2023, fuair an Coimisiún fógra ó dhuine aonair á líomhain go bhfuair sé cumarsáidí margaíochta gan iarraidh thar an teileafón ó Google Ireland Limited. Fuair an duine aonair lena mbaineann trí ghlao teileafóin ar leith laistigh de thréimhse ceithre huaire an chloig ó ionadaithe díolacháin a bhí ag gníomhú thar ceann Google Ireland Limited. Sheol an Coimisiún imscrúdú ansin, ar lena linn a dheimhnigh Google Ireland Limited gur thug conraitheoir tríú páirtí dá chuid neamhaird ar an iarraidh a rinne an duine aonair roimhe sin chun diúltú do chumarsáidí margaíochta. Ba mar thoradh ar an neamhaird sin a cuireadh roinnt glaonna ar an duine aonair.
D’eisigh an Coimisiún rabhadh chuig Google Ireland Limited roimhe sin i mí Iúil 2023 maidir le glaonna teileafóin gan iarraidh a cuireadh gan toiliú ar an duine aonair céanna. Mar chuid den rabhadh sin, tugadh fógra do Google Ireland Limited go bhféadfaí é a ionchúiseamh dá bhfaigheadh an duine aonair aon ghlaonna teileafóin eile.
Sháraigh Google Ireland Limited na rialacha lena rialaítear glaonna margaíochta teileafóin gan iarraidh, toisc gur lean an chuideachta le glaonna margaíochta teileafóin a chur ar an duine aonair tar éis dó a thoiliú a tharraingt siar go sainráite.
Ag Cúirt Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath an 25 Deireadh Fómhair 2024, phléadáil Google Ireland Limited ciontach in dhá chúiseamh i nglaonna margaíochta teileafóin gan iarraidh a chur faoi Rialachán 13 de I.R. Uimh. 336 de 2011 – Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Líonraí agus Seirbhísí Cumarsáide Leictreonaí) (Príobháideacht agus Cumarsáid Leictreonach), 2011. In ionad ciontú agus fíneáil a ghearradh, d’ordaigh Cúirt Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath don chuideachta ranníocaíocht €1,500 a dhéanamh le Little Flower Penny Dinners, ar carthanas é, agus costais dlí an Choimisiúin a íoc.
Cás-Staidéir Margaíocht Dhíreach Leictreonach
Ionchúiseamh Supermac’s Ireland Limited
I mí Lúnasa 2023, fuair an Coimisiún gearán ó dhuine aonair á líomhain go bhfuair sé teachtaireachtaí margaíochta SMS gan iarraidh ó Supermac’s Ireland Limited. Sheol an Coimisiún imscrúdú ansin, ar lena linn a mhínigh Supermac’s Ireland Limited gur chláraigh an duine aonair dá chóras ordaithe ar líne sa bhliain 2018 agus gur chuir sé tic ag an am sin leis an mbosca le haghaidh cumarsáidí margaíochta SMS agus ríomhphoist a fháil. Rinne an duine aonair ordú ar líne ina dhiaidh sin sa bhliain 2023, agus cuireadh le liosta margaíochta gníomhaí é chun críocha cumarsáidí SMS.
D’iarr an Coimisiún go mbainfí mionsonraí an duine aonair den liosta margaíochta gníomhaí i mí Lúnasa 2023. Dheimhnigh Supermac’s Ireland Limited don Choimisiún ansin gur baineadh an duine aonair go rathúil dá liosta margaíochta. Rinne an duine aonair teagmháil leis an gCoimisiún an athuair i mí Dheireadh Fómhair 2023, áfach, chun a rá leis go bhfuair sé cumarsáidí margaíochta SMS sa bhreis ó Supermac’s Ireland Limited, cé gur thug sé a fhocal gur baineadh an duine aonair de liostaí margaíochta. Tar éis an ní a imscrúdú a thuilleadh, chuir Supermac’s Ireland in iúl don Choimisiún nár baineadh uimhir theileafóin an duine aonair i gceart mar gheall ar earráid theicniúil a rinne a fhochonraitheoir.
Suíodh san imscrúdú a rinne an Coimisiún ar an ngearán seo nach raibh toiliú bailí ag Supermac’s Ireland Limited chun cumarsáidí margaíochta leictreonaí a sheoladh chuig an duine aonair lena mbaineann. Ós rud é gur eisigh an Coimisiún rabhadh chuig an gcuideachta i mí Feabhra 2023 maidir le gearán roimhe, chinn an Coimisiún an cás a ionchúiseamh.
Os comhair an Bhreithimh Fahy i gCúirt Dúiche na Gaillimhe an 3 Meán Fómhair 2024, phléadáil Supermac’s Ireland Limited ciontach i gcúig chúiseamh i dteachtaireachtaí margaíochta SMS gan iarraidh a sheoladh faoi Rialachán 13(7) agus faoi Rialachán 13(13)(a)(i) de I.R. Uimh. 336 de 2011 – Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Líonraí agus Seirbhísí Cumarsáide Leictreonaí)(Príobháideacht agus Cumarsáid Leictreonach), 2011. In ionad ciontú agus fíneáil a ghearradh, d’ordaigh Cúirt Dúiche na Gaillimhe don chuideachta ranníocaíocht €3,500 a dhéanamh le Clann Shíomóin, Gaillimh, agus le COPE Galway. Ceanglaíodh ar an gcuideachta costais dlí an Choimisiúin a íoc freisin.
Cás-Staidéir Margaíocht Dhíreach Leictreonach
Ionchúiseamh Pulse Gym, ag trádáil dó mar Energie Fitness Dublin 8
I mí Dheireadh Fómhair 2023, fuair an Coimisiún fógra ó dhuine aonair maidir le teachtaireachtaí margaíochta SMS gan iarraidh a fuarthas ó Pulse Gym, ag trádáil dó mar Energie Fitness Dublin 8. Seoladh imscrúdú ansin, ar lena linn a mhínigh Pulse Gym gur tharla sé, nuair a chláraigh aon duine mar bhall ar líne, gur aontaigh an duine sin le téarmaí agus coinníollacha Pulse Gym. Áiríodh leis na téarmaí agus coinníollacha sin tagairt do thoiliú a thabhairt le hábhair mhargaíochta a fháil trí mheán leictreonach.
Cé gur iarr an Coimisiún cóip den toiliú dá dtagraítear faoi Airteagal 7 RGCS, ní raibh Pulse Gym in ann cóip den sórt sin a sholáthar. Chuir an Coimisiún in iúl gur gá toiliú le margaíocht a bheith sonrach, feasach agus gan athbhrí agus a bheith tugtha faoi shaoirse agus nár cheadmhach do Pulse Gym toiliú le próiseáil sonraí pearsanta daoine aonair a “chuachadh” chun críocha eile.
Le linn an imscrúdaithe, dheimhnigh Pulse Gym freisin nár éirigh leis an duine aonair rogha an diúltaithe a fheidhmiú toisc go raibh locht ann ar bhogearraí an
tsoláthraí seirbhíse.
Eisíodh rabhadh chuig Pulse Gym roimhe sin tar éis imscrúdú a dhéanamh ar ghearán den chineál céanna i mí Iúil 2023. Mar chuid den rabhadh sin, chuir an Coimisiún Pulse Gym ar an eolas faoi na ceanglais atá air a chinntiú nach bhfuil ina liosta seachadta ach mionsonraí na ndaoine aonair sin a thoiligh go sainráite le cumarsáidí margaíochta a fháil agus a chinntiú go bhfuil daoine in ann rogha an diúltaithe a fheidhmiú agus go n-urramaítear iarrataí rogha an diúltaithe. Tar éis an gearán eile seo a fháil i mí Dheireadh Fómhair 2023, áfach, ba léir nár cuireadh chun feidhme na hathruithe uile a sainaithníodh sa litir rabhaidh ón gCoimisiún. Mar thoradh air sin, chinn an Coimisiún imeachtaí ionchúisimh a thionscnamh sa chás seo.
Ag Cúirt Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath an 27 Bealtaine 2024, phléadáil Pulse Gym ciontach i gcúiseamh amháin i dteachtaireachtaí margaíochta SMS gan iarraidh a sheoladh faoi Rialachán 13 de I.R. Uimh. 336 de 2011 – Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Líonraí agus Seirbhísí Cumarsáide Leictreonaí) (Príobháideacht agus Cumarsáid Leictreonach), 2011. In ionad ciontú agus fíneáil a ghearradh, chuir an Breitheamh Halpin an tAcht Promhaidh i bhfeidhm, agus tugadh ordú don chuideachta síntiús €700 a thabhairt do Little Flower Penny Dinners, ar carthanas é, agus costais dlí an Choimisiúin a íoc ina n-iomláine.
Cás-Staidéir Cruinneas
Sonraí pearsanta a cheartú
D’eitil duine aonair le haerlíne chuig ceann scríbe san Eoraip. Cailleadh bagáiste an duine aonair agus é ag tógáil na heitilte fillte. Tar éis dó an tsaincheist a thuairisciú ag an aerfort, fuair sé duillín ‘bagáiste ar iarraidh’ ar a raibh ainm duine aonair eile ach ar a raibh mionsonraí cearta faoin mbagáiste a bhí ar iarraidh.
Chuir an duine aonair a ábhair imní in iúl go pras don aerlíne, agus é ag iarraidh teacht ar réiteach chun a chinntiú go ndéanfaí a bhagáiste a rianú agus a shainaithint i gceart. Beag beann ar iarrachtaí an chustaiméara, áfach, ní raibh an aerlíne in ann an tsaincheist a réiteach go sásúil, agus dhiúltaigh sí ticéad nua a eisiúint chun an t-ainm ceart a léiriú ar an duillín bagáiste. Mar thoradh air sin, chinn an duine aonair an ní a ghéarú a thuilleadh trí ghearán a chomhdú leis an gCoimisiún.
Mar fhreagra air sin, rinne an Coimisiún idirchaidreamh le hOifigeach Cosanta Sonraí na haerlíne chun an taifeadadh mícheart sonraí pearsanta a phlé. Leag an Coimisiún béim ar a thábhachtaí atá láimhseáil sonraí cruinne agus ar na himpleachtaí a bhíonn ag earráidí sonraí ar eispéiris an chustaiméara. Tríd an idirghabháil sin, d’oibrigh an tOifigeach Cosanta Sonraí go tapa chun an scéal a chur ina cheart, á chinntiú go bhfuair an duine aonair duillín nuashonraithe bagáiste ar a raibh an t-ainm ceart.
Bhí an duillín nuashonraithe sin ríthábhachtach don duine aonair seo toisc gur chuir sé ar a chumas éileamh a chomhdú lena sholáthraí árachais i leith an bhagáiste chaillte. Léirítear sa chás seo an tábhacht a bhaineann le cleachtais éifeachtacha bhainistíochta sonraí, agus is féidir é a úsáid chun a mheabhrú d’eagraíochtaí tús áite a thabhairt do choimeád taifead cruinn agus do sheirbhís fhreagrúil do chustaiméirí, go háirithe i gcora a bhaineann le giuirléidí pearsanta.
Cás-Staidéir Léirscriosadh
Tuismitheoir a bheith ag déanamh iarraidh léirscriosta do leanbh is aosach anois
Rinne carthanas teagmháil leis an gCoimisiún chun comhairle a iarraidh maidir le fiosrú a fuair sé ó thuismitheoir. Bhí an tuismitheoir ag fiafraí an bhféadfadh sé a iarraidh go léirscriosfaí sonraí pearsanta a linbh. Chuaigh na sonraí a bhí i gceist siar roinnt blianta nuair a bhí an leanbh ina mhionaoiseach. Is aosach é anois, áfach, agus bhí an tuismitheoir, a bhí mar chaomhnóir aige ag an am, ag iarraidh a fháil amach an bhféadfadh sé a iarraidh go fóill go léirscriosfaí na sonraí.
Mhínigh an Coimisiún don charthanas go bhfuil leanbh sainmhínithe faoi alt 29 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018, mar dhuine aonair atá faoi bhun 18 mbliana d’aois. Ós rud é go bhfuil an duine aonair os cionn 18 mbliana d’aois anois, meastar gur aosach é. Mar sin, tá cumas dlíthiúil iomlán aige a chearta cosanta sonraí féin a fheidhmiú, lena n-áirítear an ceart chun a iarraidh go léirscriosfaí a shonraí pearsanta.
Cé nach raibh an tuismitheoir in ann a iarraidh go díreach a thuilleadh go léirscriosfaí na sonraí thar ceann an duine aonair lena mbaineann, shoiléirigh an Coimisiún go bhféadfadh an duine aonair lena mbaineann a roghnú litir údaráis a thabhairt dá thuismitheoir. D’fhéadfaí an rogha sin a chur in iúl don duine aonair lena mbaineann agus dá thuismitheoir araon. Le litir údaráis den sórt sin, cheadófaí don tuismitheoir gníomhú thar a cheann maidir leis an iarraidh léirscriosta sonraí a dhéanamh. Mheabhraigh an Coimisiún don charthanas go bhfuil sé de fhreagracht air a fhíorú agus a chinntiú go bhfuil aon iarraidh den
sórt sin bailí sna himthosca.
Ghabh an carthanas buíochas leis an gCoimisiún as an bhfreagra uaidh, agus dheimhnigh sé go gcomhroinnfeadh sé an fhaisnéis leis an duine aonair a rinne teagmháil leis ar dtús. A bhuí leis an treoir sin, cabhraíodh lena chinntiú go raibh tuiscint shoiléir ann ar chearta an duine aonair agus ar ról an charthanais araon, agus aitheantas á thabhairt an tráth céanna ar na castachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le hiarrataí a láimhseáil ó thuismitheoirí le leanaí aosacha.
Cás-Staidéir Margaíocht Dhíreach Leictreonach
Margaíocht dhíreach
Tharraing duine aonair fiosrú anuas leis an gCoimisiún maidir leis na cleachtais cumarsáide margaíochta a bhí ar bun ag aerlíne tar éis dó turas a thógáil leis an aerlíne sin. Tháinig an tsaincheist chun cinn nuair a fuair an duine aonair ríomhphost inar iarradh aiseolas ar thuras a thóg sé le déanaí, rud ar mheas sé gur ríomhphost margaíochta é. Rinne an duine aonair teagmháil leis an gCoimisiún á rá nach bhféadfadh sé rogha díliostála a aimsiú sa chumarsáid sin.
Ar mhaithe leis an tsaincheist a réiteach, bhí ar an duine aonair dul go suíomh Gréasáin na haerlíne chun an rogha díliostála a aimsiú. Dhoiciméadaigh sé an próiseas sin trí sheat scáileáin a thógáil, rud a thug sé don Choimisiún mar cheangaltán. Ina theannta sin, dúirt an duine aonair nach raibh sé cinnte faoi cé acu a chláraigh nó nár chláraigh sé don chumarsáid sin, agus é ag rá go ndéanann sé iarracht gan toiliú le margaíocht neamh-inmhianaithe. D’iarr an duine aonair soiléiriú maidir le cé acu a cheanglaítear nó nach gceanglaítear ar eagraíochtaí nasc díliostála a chur ar áireamh i ríomhphoist nó i suirbhéanna
nach mbaineann go díreach le seirbhís shonrach, amhail eitilt.
Sa fhreagra uaidh don duine aonair, chuir an Coimisiún in iúl gurb é an riail ghinearálta le haghaidh margaíocht dhíreach leictreonach faoi Rialachán 13 de na Rialacháin um Príobháideacht agus Cumarsáid Leictreonach (I.R. Uimh. 336 de 2011) ná gur gá toiliú dearfach a fháil ón bhfaighteoir. Is féidir margaíocht dhíreach a shainmhíniú freisin mar chumarsáidí a bhfuil mar aidhm leo táirge nó seirbhís a chur chun cinn nó an faighteoir a spreagadh fiosruithe breise a dhéanamh. Shoiléirigh an Coimisiún freisin nach margaíocht dhíreach é comhfhreagras a sheoltar chun críocha faisnéise nó aiseolais agus chun na gcríoch sin amháin. Mar sin féin, dá mbeadh inneachar margaíochta sna cumarsáidí sin, d’fhéadfaí iad a aicmiú mar mhargaíocht dhíreach. Sa chás sin, bheadh sé riachtanach rogha díliostála a chur ar áireamh iontu.
Tar éis an teachtaireacht cumarsáide a athbhreithniú sa chás ar leith seo, thug an Coimisiún faoi deara nach raibh aon inneachar margaíochta ar áireamh inti agus nach raibh an eagraíocht ach ag iarraidh aiseolas a fháil chun feabhas a chur ar an tseirbhís a thairgtear. Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún nár mhargaíocht dhíreach ná sárú ar chearta cosanta sonraí í an chumarsáid seo.