Fógraíonn an Coimisiún um Chosaint Sonraí gur cuireadh tús le fiosrúchán ar X Internet Unlimited Company (XIUC)
11th Mí Aibreán 2025
Fuair an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) ceist ó dhuine aonair a bhain le cás a raibh an chuma air gur cuireadh a réadmhaoin ar áireamh de thaisme ar fhógra ar fhoilsigh suíomh Gréasáin réadmhaoine é. Chuir an duine aonair in iúl gur fhoilsigh an suíomh Gréasáin réadmhaoine íomhá de réadmhaoin a bhí ar díol agus íomhá de roinnt réadmhaoine comharsanacha eile ar a shuíomh Gréasáin. Ba é úinéir ceann amháin de na réadmhaoine eile sin an duine aonair a rinne teagmháil leis an gCoimisiún.
Rinne an duine aonair teagmháil leis an gCoimisiún tríd an ríomhphost ar an gcéad dul síos chun a ábhar imní a chur in iúl. Chuir sé glao teileafóin ar Dheasc Chabhrach an Choimisiúin tamaillín ina dhiaidh sin freisin. Le linn an ghlao ar an Deasc Chabhrach, chuir an duine aonair in iúl don Choimisiún go raibh grianghraf dá theach agus a sheoladh le feiceáil san íomhá.
Sa fhreagra a tugadh dó ar an bhfaisnéis sin, cuireadh an duine aonair ar an eolas faoi na sé bhunús dhleathacha le sonraí pearsanta a phróiseáil faoi Airteagal 6 RGCS. Cuireadh é ar an eolas freisin faoin sainmhíniú ar shonraí pearsanta, mar atá leagtha amach in RGCS, is é sin: faisnéis a bhaineann le duine beo atá sainaitheanta nó atá in-sainaitheanta (gairtear ‘ábhar sonraí’ de dhuine den sórt sin).
Cé go ndúradh leis an duine aonair freisin nárbh ionann íomhá de réadmhaoin, agus íomhá den sórt sin amháin, agus sonraí pearsanta, dúradh leis freisin go bhféadfadh go mbeadh sé i dteideal a iarraidh go léirscriosfaí na sonraí sin ón suíomh Gréasáin réadmhaoine toisc go raibh seoladh na réadmhaoine agus uimhir an tí le feiceáil san íomhá. Mhol an Coimisiún go ndéanfadh an duine aonair, ar an gcéad dul síos, teagmháil i scríbhinn le húinéirí an tsuímh Gréasáin réadmhaoine ina n-iarrfaí go mbainfí a réadmhaoin de na híomhánna foilsithe ar an suíomh Gréasáin.
Tar éis dó an chomhairle ón gCoimisiún a leanúint, chuaigh an duine aonair i dteagmháil leis an gCoimisiún chun a chur in iúl gur chomhlíon úinéirí an tsuímh Gréasáin réadmhaoine an iarraidh ón duine aonair go pras agus gur bhain sé an íomhá dá réadmhaoin óna shuíomh Gréasáin.
Fuair an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) gearán inar thug ionadaí an ghearánaigh le fios go raibh sé ag iarraidh gearán foirmiúil a dhéanamh maidir leis an moill a chuir Comhlacht Poiblí, ar Tusla é, ar shonraí ina raibh sonraí pearsanta a chliaint a eisiúint, de bhun iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí. Luaigh an t-ionadaí freisin nár tugadh freagra iomlán ar an iarraidh rochtana ón ngearánach agus go raibh na taifid ina raibh sonraí pearsanta á bhfáil aige ina bpíosaí le dhá bhliain anuas. Níorbh eol d’ionadaí an ghearánaigh an méid sonraí pearsanta a bhí fós amuigh i ndáil leis an iarraidh rochtana óna chliant.
Thosaigh an Coimisiún ag déanamh scrúdú ar an ngearán trí theagmháil a dhéanamh le Tusla, agus é ag iarraidh air cóip de na sonraí pearsanta uile a shealbhaigh nó a rialaigh sé i ndáil leis an duine aonair a sholáthar don duine aonair nó fógra a thabhairt don duine aonair faoin gcinneadh uaidh diúltú don iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí, agus sainaithint á déanamh ar aon srian reachtúil a raibh sé ag brath air chun a shonraí a choimeád siar.
Mar fhreagra air sin, dúirt an rialaitheoir sonraí go mbeadh sé in ann sonraí pearsanta a eisiúint chuig an ábhar sonraí laistigh de chreat ama sonraithe. Chuaigh an spriocdháta sin thart, áfach, gan taifid iomlána ina raibh sonraí pearsanta a eisiúint chuig an ábhar sonraí. Tar éis don Choimisiún plé leis an ní, dúirt an rialaitheoir sonraí gurbh amhlaidh, mar gheall ar an méid sonraí pearsanta lena mbaineann, a d’eiseofaí sonraí pearsanta an duine aonair ina mbaisceanna. Bheadh an scaoileadh sin faoi réir srianta a chur i bhfeidhm i leith sonraí neamhphearsanta tríú páirtí, i leith pribhléid ghairmiúil dlí agus i gcás gur dhíspeagadh imeachtaí cúirte a bheadh in eisiúint na sonraí pearsanta.
Dheimhnigh aturnae an ghearánaigh ina dhiaidh sin go bhfuair sé sciar de shonraí pearsanta a chliaint. Chuir sé in iúl, áfach, gur folaíodh cuid mhór de na sonraí sin. Shoiléirigh sé cé na taifid ina raibh sonraí pearsanta an duine aonair a bhí fós amuigh agus a bhí á lorg aige i dteannta na sonraí pearsanta eile a bhí á bpróiseáil. Malartaíodh méid fairsing comhfhreagrais idir Tusla agus an Coimisiún ar feadh tréimhse fhada ama ansin, ar lena linn a mhainnigh an rialaitheoir sonraí roinnt spriocdhátaí a chomhlíonadh i ndáil le taifid ina raibh sonraí pearsanta a eisiúint agus/nó a mhainnigh Tusla freagra a thabhairt ar chomhfhreagras ón gCoimisiún agus ó ionadaí an ábhair sonraí.
Mheas an Coimisiún nach bhféadfaí an gearán seo a réiteach go cairdiúil. Mheas sé é a bheith cuí an próiseas sin a chur i gcrích agus Fógra Forfheidhmiúcháin a eisiúint de bhun alt 109(5)(d)(i) den Acht um Chosaint Sonraí, 2018, chun ceanglas a chur ar an rialaitheoir sonraí na taifid sonraí pearsanta a bhí fágtha a thabhairt don ábhar sonraí laistigh de chreat ama sonraithe. Leis an bhfógra sin, cuireadh Tusla an eolas faoin méid seo a leanas:
“Aon duine (is rialaitheoir sonraí nó próiseálaí sonraí) a mhainneoidh, gan leithscéal réasúnach, ceanglas a bheidh sonraithe i bhfógra forfheidhmiúcháin a chomhlíonadh, nó a dhiúltóidh do cheanglas den sórt sin a chomhlíonadh, beidh sé nó sí ciontach i gcion faoi alt 133(9) den Acht um Chosaint Sonraí, 2018, agus dlífear (i) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil d’aicme A nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó (ii) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €250,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.”
Mar thoradh ar an bhFógra Forfheidhmiúcháin sin a eisiúint, eisíodh na taifid a bhí fágtha chuig an ábhar sonraí laistigh den chreat ama a bhí sonraithe san Fhógra Forfheidhmiúcháin.
Fuair an Coimisiún um Chosaint Sonraí gearán ó dhuine aonair a rinne iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí chuig ospidéal stáit chun cóip a fháil den fhaisnéis ar fad a bhí ag an ospidéal stáit maidir leis. Ní bhfuair an duine aonair aon fhreagra ar an iarraidh sin.
Tar éis dó a chinntiú go raibh ag an gCoimisiún an fhaisnéis ar fad a bhí ag teastáil chun dul chun cinn a dhéanamh ar an ngearán ón duine aonair, rinne an Coimisiún idirghabháil thapa chun an ní a réiteach. Chuige sin, rinne an Coimisiún teagmháil leis an Oifigeach Cosanta Sonraí don Ghrúpa Ospidéal agus chuir sé in iúl dó go bhfuaireamar gearán ó dhuine aonair maidir le mainneachtain freagra a thabhairt ar iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí.
Mheabhraigh an Coimisiún don ospidéal na hoibleagáidí atá air faoi RGCS, agus a aird á tarraingt ar Airteagal 12(3) RGCS, ina sonraítear go bhfuil oibleagáid ar rialaitheoirí freagra a thabhairt ar an iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí ón duine aonair laistigh den chreat ama reachtúil. Mar chuid den chaidreamh, thug an Coimisiún amlíne don ospidéal chun freagra a thabhairt don duine aonair agus chun cóip de na sonraí pearsanta a sholáthar dó. Chomhlíon an rialaitheoir sonraí an t-ordachán ón gCoimisiún. Tar éis dó a dheimhniú leis an duine aonair go bhfuair sé an fhaisnéis ar fad a d’iarr sé, d’eisigh an Coimisiún comhairle chuig an rialaitheoir sonraí, agus na hoibleagáidí atá air go sonrach faoi Airteagail 12 agus an ceanglas chun faisnéis a thabhairt faoi ghníomhartha a rinneadh i dtaca leis an iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí á meabhrú dó.
Fuair an Coimisiún um Chosaint Sonraí gearán ó aturnae i ndáil le hiarraidh rochtana a rinneadh chuig liachtlann chun cóip a fháil de shonraí pearsanta a chliaint. Bhain an gearán le héileamh a rinne an liachtlann chuig aturnae an ghearánaigh á iarraidh go n-íocfaí táille chun an iarraidh rochtana a phróiseáil. Chuir aturnae an ghearánaigh in iúl don liachtlann go bhfuil rochtain ar chóip de shonraí pearsanta saor in aisce faoi RGCS agus gurbh fhéidir gur de bhotún a eisíodh an litir inar iarradh go n-íocfaí táille.
Tar éis dó an gearán seo a fháil, chuaigh an Coimisiún i dteagmháil leis an liachtlann chun a fháil amach cén fáth ar iarr sí táille chun an iarraidh rochtana a phróiseáil agus chun deimhniú a fháil ón liachtlann maidir le cé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon sí an iarraidh rochtana.
Thug an liachtlann freagra pras don Choimisiún ansin, agus í ag glacadh leis nár cheart aon táille a iarraidh. Dúirt sí freisin gur cuireadh oiliúint bhreise cosanta sonraí ar bhaill foirne na liachtlainne maidir leis na hoibleagáidí atá orthu i leith othair a dhéanann iarrataí rochtana. D’inis an liachtlann don Choimisiún gur tugadh cóip de na sonraí pearsanta d’aturnae an ghearánaigh agus gur ghabh sí a leithscéal leis.
Chuir duine aonair iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí faoi bhráid a iarfhostóra, ar cuideachta léiriúcháin físchluichí é. Chreid an duine aonair go raibh cúis ann lena mheas gur láimhseáil fostaí eile a raibh coinbhleacht leasa aige an iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí uaidh. Tharraing an duine aonair sin ábhar imní anuas leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí ansin, á líomhain, i measc nithe eile, gur chuir an tOifigeach Cosanta Sonraí (nach raibh an gearánach ar an eolas faoina chéannacht) moill d’aon ghnó ar an iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí uaidh a chomhlíonadh. D’fhiafraigh an gearánach den Choimisiún an raibh oibleagáid ar an gcuideachta léiriúcháin ainm na ndaoine aonair a raibh baint acu leis an iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí a láimhseáil a sholáthar.
Rinne an Coimisiún measúnú ar an gcreat dlíthiúil a bhaineann leis an gceist sin agus, sa fhreagra uaidh, thagair sé do mhír 73 de bhreithiúnas C-579/21 ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 15(4) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS). Soiléiríodh sa bhreithiúnas sin “nach féidir fostaithe an rialaitheora a mheas a bheith ina ‘bhfaighteoirí’ de réir bhrí Airteagal 15(1)(c) RGCS [...] nuair a phróiseálann siad sonraí pearsanta faoi údarás an rialaitheora sin agus de réir na dtreoracha uaidh”. Dá bharr sin, chuir an Coimisiún in iúl don ghearánach nach raibh sé i dteideal liosta a fháil de na fostaithe a raibh baint acu leis an bhfreagra uathu ar an iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí a ullmhú faoin gcatagóir “faighteoirí” dá bhforáiltear faoi Airteagal 15(1)(c) RGCS. Tar éis an mionsonra sin a shoiléiriú agus an cheist ón ngearánach a réiteach, cuireadh an cás i gcrích.
11th Mí Aibreán 2025
07th Mí Márta 2025
05th Mí Márta 2025
24th Mí Feabhra 2025
11th Mí Feabhra 2025