Cás-Staidéir Gearáin maidir le hIarrataí Rochtana
Oibleagáid cúiseanna a thabhairt agus rochtain ar shonraí pearsanta á diúltú
Bhí seilbh ag an ngearánach roimhe sin ar mhaoin i bhforbraíocht arna bhainistiú ag cuideachta bhainistíochta. Rinne an gearánach iarratas ar rochtain ar shonraí chuig an gcuideachta bhainistíochta ach i dtuairim an ghearánaigh mhainnigh an rialaitheoir sonraí sonraí pearsanta uile an ghearánaigh a chur ar fáil sa fhreagra a tugadh.
Cinneadh gurbh é an chuideachta bhainistíochta an rialaitheoir sonraí de bharr gur rialaigh sí ábhar agus úsáid shonraí pearsanta an ghearánaigh chun críocha ról na cuideachta mar chuideachta bhainistíochta i leith forbraíocht ina raibh seilbh ag an ngearánach ar mhaoin. Is éard a bhí sna sonraí atá faoi thrácht (i measc nithe eile) ná ainm agus seoladh an ghearánaigh . Sonraí pearsanta a bhí i gceist de bharr go bhféadfaí an gearánach a aithint astu agus de bharr gur bhain siad leis an ngearánach mar dhuine aonair.
Le linn don scrúdú a rinne an DPC ar an ngearán, chuir an rialaitheoir sonraí cuntas ar fáil maidir le comhad ina raibh sonraí pearsanta uile an ghearánaigh a bhí á gcoinneáil siar ar an mbonn go raibh siad faoi phribhléid go dlíthiúil. Níor tagraíodh don chomhad i bhfreagra an rialaitheora sonraí ar iarraidh an ghearánaigh ar rochtain. Tugadh faoi deara gur cheart don rialaitheoir sonraí tagairt a dhéanamh don chomhad seo mar aon leis an gcúis nó na cúiseanna ar dhiúltaigh sé an comhad a chur ar fáil don ghearánach, ina fhreagra ar iarraidh an ghearánaigh ar rochtain.
Ansin scrúdaigh an DPC ar chuir an rialaitheoir sonraí sonraí uile an ghearánaigh ar fáil don ghearánach, de réir mar a éilítear ó reachtaíocht. Thug an DPC dá aire gur chuir an gearánach cuntais shonracha mhionsonraithe ar fáil maidir leis na sonraí ar chreid an gearánach nár cuireadh iad ar fáil. Mar fhreagra, luaigh an rialaitheoir sonraí nár choinnigh sé sonraí i dtaca le cúrsaí ar chreid sé go raibh deireadh leo agus go ndearna sé sonraí uile an ghearánaigh a bhí á gcoinneáil ag an rialaitheoir sonraí ar dháta an iarrata ar rochtain a chur ar fáil don ghearánach. Bhí an oifig den tuairim go raibh sé inchreidte nach gcoinneodh an rialaitheoir sonraí sonraí pearsanta ar feadh tréimhse éiginnte. Bhí an DPC sásta gur chuir an rialaitheoir sonraí sonraí pearsanta uile an ghearánaigh ar fáil don ghearánach, (lasmuigh den chomhad ar mhaígh an rialaitheoir sonraí pribhléid dhlíthiúil ina leith, mar a leagtar amach thuas). Dá bhrí sin, ní raibh aon sárú eile ar an reachtaíocht .
Faoi Airteagal 15 den GDPR, tá sé de cheart ag ábhar sonraí rochtain a fháil ón rialaitheoir sonraí ar shonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi, agus atá á bpróiseáil. Níl feidhm ag an gceart sin, áfach, maidir le sonraí pearsanta arna bpróiseáil chun comhairle dlí a lorg, a fháil nó a thabhairt, ná le sonraí pearsanta a bhféadfaí éileamh ar phribhléid a dhéanamh ina leith chun críocha nó le linn imeachtaí dlí (Alt 60(3)(a)(iv) den Acht um Chosaint Sonraí 2018). I gcás ina ndiúltaíonn rialaitheoir sonraí iarraidh ar rochtain ar shonraí pearsanta a chomhlíonadh, éilítear faoi Airteagal 12 den GDPR go gcuirfear an duine is ábhar do na sonraí ar an eolas gan mhoill maidir leis na cúiseanna a bhí leis an diúltú sin.
.
Cás-Staidéir Gearáin maidir le hIarrataí Rochtana
Rochtain ar phíosa scannáin TCI
Bhain an gearán seo le freagra, a líomhnaítear a bheith neamhiomlán, ar iarratas rochtana le haghaidh píosa scannáin TCI a rinne an gearánach chuig institiúid oideachais. Dúirt an gearánach go ndearnadh iarracht ionsaithe líomhnaithe air. D’iarr an gearánach rochtain ar phíosa scannáin TCI ón am a tharla an t-ionsaí líomhnaithe, go háirithe i dtaca le tréimhse shonrach shainaitheanta ó dhá uillinn éagsúil an cheamara.
Mar fhreagra ar an iarratas ón eagraíocht, cuireadh líon áirithe stadán ón bpíosa scannáin TCI a bhain le ceamara amháin ar fáil don ghearánach. D’iarr an gearánach go gcuirfí stadán ar fáil i gcomhair gach soicind den taifead, ina raibh íomhá an ghearánaigh le feiceáil . Is é an freagra a fuarthas ón institiúid oideachais gur cuireadh gach píosa scannáin a bhí suntasach, i dtuairim an rialaitheora, ar fáil agus ó tharla go raibh timthriall taifeadta 30 lá i gceist leis na ceamaraí TCI, gur glanadh an píosa scannáin sin ó shin d’fhonn píosaí nua scannáin a thaifead. Shoiléirigh an rialaitheoir nár stóráil sé píosa scannáin ar bith mura raibh “ceanglas dleathach” ann amhlaidh a dhéanamh.
Thug an DPC dá aire, i gcás ina dhéantar iarraidh bhailí ar rochtain chuig rialaitheoir sonraí, nach mór don rialai- theoir sonraí an iarraidh a chomhlíonadh laistigh de thréimhse áirithe. (Mí a leagtar amach go ginearálta don tréimhse sin faoi Airteagal 12(3) den GDPR .) Tá an cear rochtana ar shonraí pearsanta ar cheann de na príom- hchearta bunúsacha dá bhforáiltear sa reachtaíocht um chosaint sonraí. I gcomhthéacs iarraidh ar rochtain ar phíosa scannáin TCI, go hiondúil teastaíonn oibleagáid an rialaitheora sonraí maidir le cóip de shonraí pearsanta an iarratasóra a chur ar fáil cóip den phíosa scannáin TCI, i bhfoirm físeáin, a chur ar fáil. I gcás nach bhfuil sé sin indéanta, amhail nuair nach féidir an píosa scannáin a chóipeáil go gléas eile go teicniúil, nó in imthosca eis- ceachtúla eile, féadfar glacadh leis go gcuirfí stadáin ar fáil don duine is ábhar do na sonraí mar rogha eile seachas píosa scannáin. In imthosca ina gcuirtear stadáin ar fáil, áfach, ba cheart don rialaitheoir sonraí stadán i gcomhair gach soicind den taifead ina bhfuil íomhá an ábhar sonraí le feiceáil ann a chur ar fáil don duine sin agus míniú a thabhairt ar an gcúis nach féidir an píosa scannáin a chur ar fáil i bhfoirm físeáin. Chomh maith leis sin ba cheart don rialaitheoir gach píosa scannáin a bhaineann leis an tréimhse a sonraíodh a chaomhnú go dtí go ndeimhneoidh an t-iarratasóir go bhfuil siad sásta leis an bhfreagra a tugadh .
De bharr nár chuir an rialaitheoir sonraí an píosa scannáin TCI a iarradh ná sraith iomlán stadán i dtaca leis an tréimhse shonraithe ar fáil don ghearánach, mhainnigh an rialaitheoir sonraí a oibleagáidí maidir le ceart rochtana a chomhlíonadh, ó thaobh ama de (Airteagal 12(3)) agus maidir le tacar lán agus iomlán a chur ar fáil de shonraí pearsanta a phróiseáil an rialatheoir (Airteagal 15).
Cás-Staidéir Gearáin maidir le hIarrataí Rochtana
Mainneachtain iarraidh ar rochtain a fhreagairt go hiomlán
Bhain an gearán seo le hiarratas ar rochtain a rinne an gearánach. Bhí an gearánach míshásta gur dhiúltaigh an rialaitheoir sonraí, Comhairle Contae, dá iarratas ar rochtain ar chóip d’aon fhaisnéis faoin ngearánach arna choinneáil ag an rialaitheoir sonraí de láimh agus i bhfoirm leictreonach. Ina ionad sin chuir an rialaitheoir sonraí in iúl don ghearánach go raibh na comhaid a iarradh ar fáil ar líne nó ar fáil le breathnú orthu in áitreabh an rialaitheora sonraí.
Le linn don imscrúdú ar an ngearán seo a bheith ar bun, líomhain an gearánach nárbh ionann na comhaid a cuireadh ar fáil don ghearánach in áitreabh an rialaitheora sonraí agus na sonraí pearsanta uile a bhain leis an ngearánach a bhí á gcoinneáil ag an rialaitheoir sonraí. Bhí an rialaitheoir sonraí den tuairim, áfach, go raibh an iarraidh ar rochtain a rinne an gearánach teoranta do shonraí pearsanta arna choinneáil i dtaca le dhá iarratas pleanála. Ba é ba chúis leis sin gur luaigh an gearánach uimhreacha tagartha do na hiarratais phleanála ar an iarratas ar rochtain. Dá réir sin, d’fhéach an rialaitheoir sonraí le hidirdhealú a dhéanamh idir sonraí pearsanta a bhain leis na comhaid phleanála a bhí ar fáil go poiblí, ar soláthraíodh don ghearánach iad le breathnú orthu go poiblí, agus sonraí pearsanta a cruthaíodh tar éis gur diúltaíodh d’iarratas pleanála an ghearánaigh, ar mheas an rialaitheoir sonraí iad a bheith lasmuigh de scóip an iarrata ar rochtain.
Cé gur luaigh an gearánach dhá iarratas pleanála ar leith, gur cuireadh an iarraidh ar rochtain in iúl i dtéarmaí ginearálta agus lorg sé rochtain ar “aon fhaisnéis a choinníonn tú fúm i bhfoirm leictreonach nó de láimh”. Dá réir sin, measadh gur chuimsigh na sonraí pearsanta a lorg an gearánach na sonraí uile a d’eascair i gcomhthéacs theagmháil an ghearánaigh leis an rialaitheoir sonraí sular cuireadh an dá iarratas pleanála a sainaithníodh isteach agus na sonraí ar fad a d’eascair tar éis gur diúltaíodh do na hiarratais sin.
Cinneadh, de bharr cúinsí áirithe an cháis, gur sháraigh an rialaitheoir sonraí a chuid oibleagáidí cosanta sonraí nuair a mhainnigh sé cóip iomlán de shonraí pearsanta an ghearánaigh a sholáthar don ghearánach mar fhreagra ar an iarraidh ar rochtain laistigh den tréimhse reachtúil. Faoin GDPR, baineann Airteagal 15 leis an gceart rochtana ag an ábhar sonraí faoi réir shonraí pearsanta a bhaineann leis an duine sin atá á gcoinneáil ag an rialai- theoir In Airteagal 12(3) leagtar amach an coinníoll inarb éigean don rialaitheoir na sonraí pearsanta sin a chur ar fáil. Tá dualgas ar an rialaitheoir faisnéis faoin ngníomh a rinneadh faoi iarraidh dá leithéid sin a chur ar fáil gan mhoill mhíchuí agus go fiú is laistigh d’aon mhí amháin tar éis an iarraidh a fháil. Chomh maith leis sin leagtar imthosca amach san airteagal sin lena bhforáiltear do shíneadh a chur leis an tréimhse sin.
Cás-Staidéir Gearáin maidir le hIarrataí Rochtana
Teip freagra a thabhairt ar Iarratas Rochtana
Fuair an CCS gearán ó dhuine aonair maidir le hiarratas rochtana ábhar a rinne sé chuig eagraíocht (an rialtóir sonraí) ar chóip den fhaisnéis go léir a bhí á choinneáil maidir lena rannpháirtíocht leis an rialaitheoir sonraí. Ní bhfuair an duine freagra ar an iarratas seo. Rinne an CCS idirghabháil féachaint an bhféadfaí an cheist a réiteach go neamhfhoirmiúil.
Ní raibh an gearánach sásta go háirithe leis an bhfíric nár soláthraíodh doiciméid áirithe mar fhreagra ar a iarratas rochtana . Ba é seasamh an rialaitheora sonraí nár cuireadh na doiciméid ar fáil toisc gur soláthraíodh na sonraí pearsanta “i bhformáid eile”. Ní bhaineann cearta rochtana um chosaint sonraí le rochtain ar dhoiciméid per se . Baineann siad le rochtain ar shonraí pearsanta. Féadfar iarratas rochtana a chomhlíonadh trí achoimre iomlán ar a sonraí a sholáthar don duine i bhfoirm intuigthe. Caithfidh an fhoirm ina gcuirtear ar fáil é a bheith leordhóthanach chun ligean don iarratasóir a bheith feasach ar na sonraí pearsanta atá á bpróiseáil, seiceáil go bhfuil siad cruinn agus á bpróiseáil go dleathach. Tar éis scrúdú a dhéanamh ar na sonraí a chuir an rialaitheoir ar fáil sa chás seo, bhí an CCS sásta a chur in iúl don ghearánach gur soláthraíodh na sonraí go léir a raibh sé ina theideal faoin reachtaíocht um chosaint sonraí dó.
Cás-Staidéir Gearáin maidir le hIarrataí Rochtana
Díolúintí a bhaineann le scannánaíocht CCTV
Fuair an DPC gearán ó dhuine aonair maidir le h-iarratas ar rochtain a rinneadh chuig rialaitheoir sonraí, ar miondíoltóir a bhí ann. Ba iad na dlíodóirí a bhí ag gníomhú ar son an duine aonair maidir le héileamh ar dhíobháil phearsanta a chuir an t-iarratas ar rochtain isteach maidir le tréimhse coicíse inar tharla an teagmhas líomhnaithe. Bhí siad ag iarraidh taifid den teagmhas, lena n-airítear scannánaíocht CCTV. Eisíodh sonraí ach d’aithin an duine aonair nár eisíodh an scannánaíocht CCTV, an tuairisc maidir leis an timpiste agus ráitis ó fhinnéithe. Agus freagra á thabhairt ar an gceist ón duine aonair maidir leis na nithe seo, thug an rialaitheoir sonraí comhairle go raibh srian á chur le rochtain ar na nithe toisc go raibh sé riachtanach go seachnófaí aon bhac nó lagú a bheadh i gceist maidir leis na himeachtaí dlí agus/nó pribhléid dhlíthiúil a chur i bhfeidhm.
Aithníodh go bhféadfaí réiteach cairdiúil a bhaint amach i ndáil leis an ngearán seo faoi Alt 109 den Acht um Chosaint Sonraí 2018, tríd an ngearánach agus an rialai- theoir sonraí araon comhaontú chun oibriú leis an DPC d’fhonn an cheist a réiteach ar bhealach cairdiúil. Mhol an DPC don rialaitheoir sonraí liosta a ullmhú ina gclárófaí aon nithe a raibh an eagraíocht a chur díolúine i bhfeidhm ina leith, agus ina gclárófaí an díolúine ar a raibh sé ag brath freisin. I ndiaidh don DPC an liosta a fháil, rinne an DPC iniúchadh ar na díolúintí a bhí á n-úsáid agus d’fhéach sé le go léireodh an eagraíocht an bealach inar cinntíodh go raibh an srianadh riachtanach agus comhréireach. Chomh maith leis sin, d’iarr an DPC samplaí de na doiciméid a bhí le heisiúint ionas go bhféadfadh muid scrúdú a dhéanamh ar an mbealach ina raibh na díolúintí á gcur i bhfeidhm.
I ndiaidh imscrúdú a dhéanamh, d’aithin an DPC go raibh roinnt sonraí pearsanta de chuid an duine aonair sna doiciméid agus d’iarr sé ar an rialaitheoir sonraí iad a eisiúint le hatheagraithe ábhartha iontu. Maidir leis an scannánaíocht CCTV, luaigh an DPC gurbh é an phríomhchúis a gabhadh na sonraí ná chun críocha slándála agus ní chun éileamh dlíthíochta a chosaint agus dá bharr sin, d’iarr sé go n-eiseofaí an scannánaíocht chuig an duine aonair le hatheagraithe ábhartha iontu. Ghlac an DPC leis go raibh na díolúintí eile á gcur i bhfeidhm mar is ceart de réir mar a rinneadh foráil in a leith sa reachtaíocht.
Cás-Staidéir Gearáin maidir le hIarrataí Rochtana
Iarratas ar phíosa scannánaíochta ó chruinniú ar líne
Ghlac duine aonair páirt i gcruinniú Zoom a ndearna an rialaitheoir sonraí taifeadadh air. Ba é cruinniú cinn bliana an chlub spóirt a bhí i gceist. Rinne an duine aonair iarratas ar rochtain chun cóip den taifeadadh seo a fháil. Dhiúltaigh an rialaitheoir sonraí don iarratas á lua nár tháinig sé laistigh de shainchúram an GDPR. Chreid an duine aonair gurbh iad a shonraí pearsanta na sonraí a bhí sa taifeadadh. Luaigh an rialaitheoir sonraí nach raibh teacht ar na fístaifeadtaí den cruinniú cinn bliana a thuilleadh mar gheall ar thruailliú nuair a bhíothas á sábháil agus mar gheall ar easpa taithí an rialaitheora sonraí maidir leis na bogearraí cianóstála físeáin seo a fheidhmiú.Luaigh sé go mbeadh na miontuairiscí den chruinniú ar fáil lena mbreathnú laistigh de roinnt seachtainí.
Ag an tráth seo, mhol an DPC an cás seo a thabhairt chun críche mar gheall gur léir nach raibh teacht ar na físeáin a d’iarr an duine aonair, ach níor aontaigh an duine aonair leis an gcur chuige seo, á lua go raibh físchomhdháil le linn an chruinnithe cinn bliana ina chleachtas coitianta don rialaitheoir sonraí ar feadh roinnt ama agus nár dhóigh leis an duine aonair go dtarlódh na deacrachtaí a ndearna an rialaitheoir sonraí cur síos orthu . I ndiaidh don DPC tuilleadh ceistiú a dhéanamh, dhearbhaigh an rialaitheoir sonraí gurbh fhíor go raibh scannánaíocht físeáin ar fáil, ach chuir sé Airteagal 15(4) den GDPR chun cinn mar chúis lena shrianadh . Luaigh an rialaitheoir sonraí anois go bhféadfaí scannánaíocht físeáin de thríú páirtithe atá le feiceáil sa taifeadadh a mheas a bheith ina sonraí tríú páirtí agus nach raibh an duine aonair ina theideal . Mar sin féin, bhí sé toilteanach tras-scríbhinní den scannánaíocht a chur ar fáil don duine aonair . Chuir an DPC ina choinne sin, agus é den tuairim, i bhfianaise nádúr poiblí na dtaifeadtaí bunaidh, mar gheall gur mar chuid de chruinniú cinn bliana a bhí siad, go ndearnadh na taifeadtaí le tuiscint na rannpháirtithe go bhféadfaí iad a mheas bheith inrochtana ag tráth níos faide anonn .
Tháinig saincheisteanna eile chun cinn nuair a fuair an duine aonair tras-scríbhinní den fhíseán . Mhaígh an duine aonair nach raibh na tras-scríbhinní cruinn agus nach raibh siad ina léiriú ar ábhar an fhíseáin bhunaidh .
Mar gheall air sin, chuaigh an DPC i dteagmháil leis an rialaitheoir sonraí an athuair, inar tarraingíodh aird ar thuairim an DPC maidir le hAirteagal 15(4) a chur chun cinn agus inar iarradh radharc a fháil ar an bhfíseán ónar cruthaíodh an tras-scríbhinn . Níor chuir an rialaitheoir sonraí ach fuaim an fhíseáin ar fáil . I ndiaidh measúnú a dhéanamh, ba léir go raibh an tras-scríbhinn ina léiriú cruinn ar ábhar fuaime an fhíseáin . D’fhonn réiteach cairdiúil a éascú ag an bpointe seo, mhol an DPC gur chóir don rialaitheoir sonraí an t-ábhar fuaime céanna, a cuireadh ar fáil don DPC roimhe sin, a scaoileadh leis an duine aonair . Chloígh an rialaitheoir sonraí leis sin ach bhí an duine aonair míshásta go fóill, agus a iarratas chun breathnú ar ábhar an fhíseáin á lua aige an athuair . I ndiaidh iarratas eile ón DPC an díolúine ar a raibh sé ag brath chun teacht ar ábhar an fhíseáin a shrianadh, chinn an rialaitheoir sonraí an t-ábhar iomlán den fhíseáin a eisiúint chuig an duine aonair . Ní bhfuair an DPC cóip d’ábhar iomlán an fhíseáin, agus dá bhrí sin, ní raibh sé in ann a mheas go díreach cibé an raibh aon éagsúlacht idir é sin agus an t-ábhar fuaime a cuireadh ar fáil . Mar sin féin, i ndiaidh don duine aonair a dhearbhú go bhfuarthas an físeán, luaigh sé go raibh sé sásta leis an ábhar agus ar an gcaoi sin, tugadh an cheist seo chun críche ar bhealach cairdiúil .
Bhí cumarsáid fhairsing i gceist leis an gcás seo idir an DPC, an rialaitheoir sonraí agus an duine aonair . D’fhéadfadh an rialaitheoir sonraí an cheist seo a réiteach dá mba rud é gur scaoil sé an scannánaíocht físeáin i ndiaidh dó an t-iarratas ar rochtain a fháil . Dá mba rud é go raibh an rialaitheoir sonraí ar an eolas faoina oibleagáidí faoin GDPR sa chéad ásc, ní thaiscfí an cás seo leis an DPC .
Cás-Staidéir Gearáin maidir le hIarrataí Rochtana
Iarratais ar aitheantas nuair atá freagra á thabhairt ar iarratais ar rochtain
Fuarthas gearán ó dhuine aonair a raibh iarratas ar rochtain curtha isteach aige chuig óstán (an rialaitheoir sonraí) chun cóip a fháil den fhaisnéis ar fad a bhain leis. D’iarr an t-óstán ar an iarratasóir cóip de bhille fóntais agus cóip d’aitheantas fótagrafach a bhí deimhnithe ag An Garda Síochána a chur ar fáil. D’iarr an DPC ar an rialaitheoir sonraí na hábhair imní a bhí aige a leagan amach maidir le haitheantas an iarrthóra in imthosca ina raibh an seoladh poist agus an seoladh ríomhphoist a d’úsáid an t-iarrthóir ar na seoltaí céanna a chuir sé ar fáil le linn an phróisis áirithinte agus an phróisis seiceála isteach san óstán. Eisíodh na sonraí chuig ag iarrthóir ina dhiaidh sin.
Maidir leis an gcur chuige ginearálta i leith aitheantas a iarraidh nuair a fhéachann ábhair sonraí lena gcearta a fheidhmiú, níor chóir do rialaitheoirí ach a laghad faisnéise breise atá riachtanach agus cuí a iarraidh chun aitheantas an iarrthóra a chruthú . Ní dócha go mbeadh sé fóirste- anach cruthúnas ar aitheantas a lorg nuair nach bhfuil aon amhras dáiríre i gceist maidir le haitheantas; ach i gcás ina bhfuil amhras ann, nó i gcás gur faisnéis íogair atá san fhaisnéis a bhfuiltear á iarraidh, d’fhéadfadh sé bheith oiriúnach cruthúnas a iarradh.
Agus an prionsabal ginearálta maidir le sonraí a íoslaghdú á chur san áireamh, is dócha go mbeadh sé díréireach faisnéis sa bhreis ar an bhfaisnéis atá á coinneáil cheana féin a iarraidh mar bhealach chun aitheantas a chruthú. Ní dócha go mbeadh sé cuí aitheantas oifigiúil a iarraidh ach amháin sa chás gur faisnéis íogair atá sa chatagóir faisnéise a bhaineann leis an duine aonair agus sa chás go bhféadfaí an fhaisnéis san aitheantas oifigiúil a chomhthacú leis na sonraí pearsanta atá á gcoinneáil ag an rialaitheoir sonraí cheana féin ar nós grianghraf, seoladh nó dáta breithe.
Ba chóir na catagóirí sonraí pearsanta atá á gcoinneáil agus an dóchúlacht go mbeadh rioscaí i gceist lena n-eisiúint a bhreithniú de réir an cháis d’fhonn an t-íosmhéid faisnéise atá ag teastáil a shocrú . I gcás nach bhfuil aon sonraí catagóire speisialta á gcoinneáil, d’fhéadfadh sé bheith leordhóthanach seoladh a dhearbhú . I gcásanna ina bhfuil sonraí catagóire speisialta i gceist, d’fhéadfadh sé bheith cuí faisnéis bhreise a lorg ach ná bíodh an fhaisnéis sin ach ina faisnéis amháin a bheadh leordhóthanach chun aitheantas a dhearbhú.
Cás-Staidéir Gearáin maidir le hIarrataí Rochtana
Iarraidh ar rochtain chuig club gailf ar phíosaí scannáin TCI
I mí na Samhna 2018, fuaireamar gearán ó ábhar sonraí maidir le hiarraidh ar rochtain ar a shonraí pearsanta, rud a bhí comhdhéanta de phíosaí scannáin TCI ar am agus dáta ar leith. Rinneadh an iarraidh chuig club gailf, an rialaitheoir sonraí.
Chuir an t-ábhar sonraí ar fáil dúinn an comhfhreagras tosaigh a fuarthas ón gclub gailf . Sa chomhfhreagras sin, fiafraíodh den ábhar sonraí cén fáth a raibh na píosaí scannáin ag teastáil uaidh . I gcomhfhreagras a fuarthas ina dhiaidh sin, chuir an club in iúl don ábhar sonraí gur tháinig sé ar fhadhb leis na bogearraí córais TCI agus nach raibh an club in ann na píosaí scannáin a iarradh a sholáthar don ábhar sonraí dá bharr.
Measadh go bhféadfaí an gearán a réiteach go cairdiúil faoi alt 109 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018.
Mar chuid den phróiseas réitigh chairdiúil, d’iarramar míniúchán ón gclub gailf ar cén fáth nach rabhthas in ann na píosaí scannáin TCI a iarradh a sholáthar don ghearánach.
D’inis an club gailf dúinn nach raibh a chóras TCI i mbun feidhme ar an dáta ar ina leith a d’iarr an t-ábhar sonraí na píosaí scannáin agus gurbh amhlaidh nár tháinig sé ar an eolas faoi sin ach ag an am a bhí sé ag iarraidh cloí leis an iarraidh ar rochtain . Ní raibh an Coimisiún sásta le cé chomh ginearálta is a bhí an míniúchán sin agus d’éiligh sé míniúchán níos mionsonraithe i scríbhinn ar na fadhbanna a bhí ag dul i bhfeidhm ar an gcóras TCI, ar mhíniúchán é a d’fhéadfaí a thabhairt don ghearánach freisin . Mar fhreagra ar an iarraidh sin, sheol cuideachta slándála an chlub gailf litir chugainn . Tugadh breac- chuntas inti ar na fadhbanna a bhí ann leis an gcóras TCI, lenar áiríodh an fhíric gur theip ar an tiomántán crua ar an gcóras TCI agus nach raibh an córas TCI i mbun feidhme le tamall roimhe sin . Bhí an Coimisiún sásta leis an míniúchán teicniúil a tugadh . D’aontaigh an club gailf go bhféadfaí an litir sin a chomhroinnt leis an ngearánach freisin . Bhí an gearánach sásta leis an míniúchán, rud as ar tháinig réiteach cairdiúil ar an ngearán .
Léirítear sa chás seo gurb amhlaidh, fiú i gcás go bhfuil sé ag obair ar son réiteach cairdiúil ar ghearán a éascú nó a shocrú, go mbeidh an Coimisiún ag súil fós le cuntasacht thar ceann an rialaitheora nó an phróiseálaí agus go háirithe go mionscrúdóidh an Coimisiún na míniúcháin agus na cúiseanna a thugtar maidir le neamhchomhlíon- adh a oibleagáidí ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí . Déanfaidh sé amhlaidh chun a chinntiú gurb infhíoraithe agus intaispeánta atá an seasamh a chuirtear ar aghaidh .
Cás-Staidéir Cuntasacht Ghinearálta
Iarraidh ceartúcháin a chomhlíonadh go páirteach
Ceithre bliana tar éis imscrúdú a chur i gcrích, d’iarr duine aonair go gceartófaí gnéithe den Tuarascáil inmheánach maidir leis an imscrúdú. Cuireadh an Tuarascáil le chéile tar éis imscrúdú neamhspleách inar cuireadh an duine aonair faoi agallamh mar fhinné. Ní raibh an duine aonair ina ábhar don imscrúdú.
Chuir an duine aonair an iarraidh ceartúcháin faoi bhráid an rialaitheora sonraí, arbh é fostóir an duine aonair sa Tionscal Oideachais é. Mar chuid den iarraidh uaidh, luaigh an duine aonair go raibh na sonraí pearsanta míchruinn, neamhiomlán nó míthreorach i roinnt áiteanna den Tuarascáil agus d’iarr sé go gceartófaí na sonraí sin de réir Airteagal 16 RGCS. Sa fhreagra uaidh don duine aonair, luaigh an soláthraí oideachais nach bhféadfadh sé an Tuarascáil a cheartú ach go bhféadfadh sé srian a chur le rochtain ar an Tuarascáil. Ós rud é go raibh an duine aonair míshásta leis an bhfreagra sin, chuir sé gearán faoi bhráid an Choimisiúin um Chosaint Sonraí (an Coimisiún).
Ní dearbhchearta iad cearta cosanta sonraí, agus ní bheidh rialaitheoirí sonraí in ann iarrataí ó ábhair sonraí a chomhlíonadh i gcásanna áirithe. Sa chás seo, scrúdaigh an Coimisiún cé acu a bhí nó nach raibh an ceart ag an soláthraí oideachais nuair a dhiúltaigh sé don iarraidh ceartúcháin ar dtús.
Mar chuid den phróiseas sin, dheimhnigh an soláthraí oideachais don Choimisiún gur tharla sé, mar gheall ar an méid ama a chuaigh thart ó cruthaíodh an Tuarascáil, gur scriosadh nótaí an imscrúdaitheora. D’fhág sé sin nach raibh sé in ann na míchruinnis líomhnaithe a sheiceáil. Mar gheall air sin, dúirt an soláthraí oideachais go bhféadfadh sé ráiteas forlíontach a chur leis an Tuarascáil faoi Airteagal 16 RGCS, lena bhforáiltear do chásanna ina bhfuil sonraí pearsanta neamhiomlán. Dá ndéanfaí amhlaidh, tharraingeofaí sa ráiteas forlíontach aird ar easaontas an duine aonair agus thaifeadfaí seasamh an duine aonair ann.
Mar chuid den phróiseas réitigh chairdiúil, cuireadh an togra ón rialaitheoir faoi bhráid an duine aonair lena bhreithniú. Dhiúltaigh an duine aonair don togra toisc go raibh sé den tuairim go raibh an Tuarascáil neamhiomlán toisc nár tagraíodh inti don fhianaise ar fad a thug sé agus toisc, sna cásanna sin inar tagraíodh don fhianaise uaidh, gur bhraith sé gur tógadh as comhthéacs í. Sa fhreagra uaidh, d’éiligh an duine aonair go n-athscríobhfaí an Tuarascáil chun go gcuirfí a fhianaise ar fad ar áireamh inti. Cheadódh sé an Tuarascáil athscríofa ansin agus dhéanfadh sé í a shíniú agus a dhátú i láthair bheirt fhinnéithe neamhspleácha dá rogha. D’iarr sé leithscéal scríofa iomlán freisin, rud a dhéanfadh an duine aonair é a cheadú, a shíniú agus a dhátú arís i láthair bheirt fhinnéithe neamhspleácha dá rogha. Chuirfí an leithscéal sin ar aghaidh chuig gach ball ábhartha a bhí fostaithe ag an soláthraí oideachais thar thréimhse shonraithe naoi mbliana.
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach bhfuil sé mar ról ag an gCoimisiún obair an imscrúdaitheora neamhspleách a athmheasúnú ná a athdhéanamh ná an bonn a bhaint den tuairim ghairmiúil a bhí ag saineolaí. Ní thagann an méid sin faoin gceart go ndéanfaí ceartúcháin faoi Airteagal 16 RGCS ach oiread. Thug an t-imscrúdaitheoir neamhspleách an measúnú gairmiúil uaidh ar an bhfianaise ar fad a bailíodh le linn an imscrúdaithe, agus bhí lánrogha ghairmiúil aige a chinneadhcén t-ábhar a bhí ábhartha dá chur ar áireamh sa Tuarascáil. Ba é cuspóir nafianaise ón duine aonair eolas a thabhairt don imscrúdaitheoir neamhspleách ionas go bhféadfadh sé an t-imscrúdú uaidh a chur i gcrích agus tuarascáil a dhréachtú ar bhonn an mheasúnaithe uaidh. An fíoras nach n-aontaíonn an duine aonair leis an measúnú, níor fhág sé go bhfuil an Tuarascáil míchruinn nó neamhiomlán.
Sa fhreagra uaidh, luaigh an soláthraí oideachais gurbh amhlaidh, ós rud é nárbh údar na Tuarascála é, nach bhféadfadh sé leasú a dhéanamh ar a bhfuil sa Tuarascáil. Mar mhodh chun an gearán seo a réiteach, áfach, dúirt sé go bhféadfadh sé sonraí pearsanta míchruinne ar shainaithin an duine aonair iad a cheartú trí ráiteas forlíontach a dhéanamh. Dúirt sé freisin go bhféadfadh sé an Tuarascáil a scriosadh, rud lena scoirfí de shonraí pearsanta an duine aonair a phróiseáil. Níor ghlac an duine aonair leis an tairiscint sin ach oiread.
D’ainneoin gur dhiúltaigh an duine aonair don tairiscint ón soláthraí oideachais an Tuarascáil a léirscriosadh, chinn an Coimisiún go bhféadfaí an Tuarascáil a léirscriosadh más rud é nár ghá don soláthraí oideachais a thuilleadh í a choinneáil. De rogha air sin, ba cheart don soláthraí oideachais na míchruinnis a bhfuil fianaise orthu a cheartú agus an ráiteas forlíontach a chur leis chun cuntas níos cruinne a thabhairt ar na himeachtaí.
Cás-Staidéir Cuntasacht Ghinearálta
líomhain á rá go ndearnadh sonraí a choinneáil agus a phróiseáil go neamhdhleathach i ndáil le nuachtlitir
Sa chás seo, líomhain duine aonair go ndearna cuideachta bainistíochta réadmhaoine a shonraí pearsanta – a ainm, a sheoladh agus a sheoladh ríomhphoist – a choinneáil agus a phróiseáil go neamhdhleathach.
Fuair an duine aonair ríomhphost gan iarraidh ina raibh nuachtlitir ón gcuideachta, cé nach raibh aon chaidreamh gnó aige leis an gcuideachta le roinnt blianta. Rinne an duine aonair teagmháil leis an gcuideachta chun a fháil amach cén fáth ar choinnigh sí a shonraí pearsanta. Luaigh an chuideachta go raibh sí roimhe sin ina gníomhaire bainistíochta d’fhorbairt cónaithe ar leith ina raibh leas gnó ag an duine aonair. Dúirt sí gur sheol sí an ríomhphost de bhotún. D’inis an chuideachta don duine aonair go raibh sí tar éis a shonraí pearsanta a scriosadh óna bunachar sonraí.
Ní raibh an duine aonair sásta leis an bhfreagra a fuair sé ón gcuideachta agus chuir sé gearán faoi bhráid an Choimisiúin um Chosaint Sonraí. Tar éis don Choimisiún teagmháil a dhéanamh leis an gcuideachta, mhínigh an chuideachta go raibh sí roimhe sin ina gníomhaire bainistíochta do chuideachta bainistíochta úinéirí agus, tar éis fhoirceannadh an chonartha a bhí aici leis an gcuideachta bainistíochta úinéirí, gur mhainnigh sí sonraí pearsanta an duine aonair a scriosadh óna bunachar sonraí.
Mar chuid den scrúdú ar an ngearán seo, d’fhéach an Coimisiún lena shuí cé acu a bhí nó nach raibh bunús dleathach ag an gcuideachta le sonraí pearsanta an duine aonair a phróiseáil trí iad a choinneáil tar éis dheireadh an chonartha lena mbaineann. D’inis an chuideachta don Choimisiún go raibh sí ag brath ar Airteagal 6(1)(a) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (“RGCS”), ina luaitear go mbeidh próiseáil dleathach i gcás go bhfuil toiliú tugtha ag ábhar sonraí. Luaigh an chuideachta freisin go gceanglaítear uirthi faoin Acht um Sheirbhísí Maoine (Rialáil), 2011, sonraí a choinneáil ar feadh tréimhse nach lú ná sé bliana. Dúirt an chuideachta gur trí dhearmad a choinnigh sí sonraí pearsanta an duine aonair tar éis na tréimhse coinneála sé bliana. Shuigh sí freisin gur de dheasca earráid riaracháin a fuair an duine aonair an ríomhphost gan iarraidh.
Ghlac an chuideachta leis nach raibh aon bhunús dleathach aici a thuilleadh le sonraí pearsanta an duine aonair a phróiseáil trí iad a choinneáil tar éis na tréimhse sé bliana agus dheimhnigh sí gur scrios sí na sonraí pearsanta uile a bhain leis an duine aonair. Dheimhnigh an chuideachta freisin na bearta a rinne sí chun feabhas a chur ar na nósanna imeachta le haghaidh a bunachar sonraí teagmhálaithe a bhainistiú chun a chinntiú nach ndéanfaí próiseáil neamhdhleathach den chineál sin arís.
Dá réir sin, níor chloígh an chuideachta leis na prionsabail a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta de réir Airteagal 5(1)(b) RGCS (‘teorannú de réir cuspóra’) nuair a bhain sí úsáid as mionsonraí teagmhála an duine aonair chun nuachtlitir a sheoladh chuige, toisc nár cheart di mionsonraí teagmhála an duine aonair a choinneáil ar feadh na tréimhse ama sin. Níor chloígh sí ach oiread le hAirteagal 5(1)(e) RGCS (‘teorannú stórála’) nuair a choinnigh sí sonraí pearsanta lenar cumasaíodh an duine aonair a shainaithint ar feadh tréimhse a bhí níos faide ná mar ba ghá chun na críche ar chuici a fuarthas na sonraí pearsanta ar dtús.
D’eisigh an Coimisiún moltaí chuig an gcuideachta maidir leis na hoibleagáidí atá uirthi a chinntiú go bhfuil an phróiseáil ar fad dleathach, cothrom agus trédhearcach, mar a cheanglaítear faoi Airteagal 5 RGCS, agus go gcuirtear bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme chun gur féidir léi a chinntiú go ndéantar próiseáil de réir RGCS agus chun gur féidir léi an méid sin a thaispeáint.