Fiosrúchán ar Ospidéal Réigiúnach Lár Tíre, Tulach Mhór, Contae Uíbh Fhailí

D’fhógair an Coimisiún um Chosaint Sonraí an cinneadh críochnaitheach uaidh tar éis fiosrúchán ar ionsaí bogearraí éirice a rinneadh ar an gcóras faisnéise saotharlainne san Ospidéal Réigiúnach Lár Tíre, Tulach Mhór, Contae Uíbh Fhailí. Braitheadh an sárú an 14 Samhain 2018. Ghnóthaigh na hionsaitheoirí rochtain ar ríomhairí lenar stóráladh agus lenar próiseáladh torthaí saotharlainne ar thástálacha diagnóiseacha othar, agus bhain siad úsáid as an rochtain sin chun sonraí pearsanta othar a chriptiú.

Scrúdaíodh san fhiosrúchán ón gCoimisiún na bearta teicniúla agus eagraíochtúla a bhí i bhfeidhm ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) chun slándáil próiseála sonraí pearsanta a chinntiú ar na córais a ndearnadh ionsaí orthu. Scrúdaíodh ann freisin a mhéid a chomhlíon FSS an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) i ndáil lena chonarthaí le soláthraithe seirbhíse amhail próiseálaithe sonraí tríú páirtí, a thaifead ar ghníomhaíochtaí próiseála, agus an ceanglas atá air fógra a thabhairt do dhaoine a ndéanann sáruithe ardriosca difear dóibh. 

Tagtar ar na conclúidí seo a leanas sa chinneadh ón gCoimisiún, rud a cuireadh in iúl do FSS an 11 Meitheamh 2026:

sháraigh FSS prionsabal na sláine agus na rúndachta faoi Airteagal 5(1)(f) RGCS nuair a mhainnigh sé slándáil iomchuí na sonraí pearsanta a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta othar a chinntiú trí úsáid a bhaint as bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla;

sháraigh FSS Airteagal 28 RGCS nuair nár chinntigh sé go raibh coimircí dóthanacha ar áireamh i gcomhaontuithe le tríú páirtithe a phróiseáil sonraí pearsanta thar a cheann chun a chinntiú go mbeadh an phróiseáil i gcomhréir go hiomlán le RGCS agus go gcosnófaí cearta ábhar sonraí;

  • sháraigh FSS Airteagal 30 RGCS nuair a mhainnigh sé taifead iomlán comhlíontach a bheith aige ar ghníomhaíocht próiseála tráth an tsáraithe;
  • sháraigh FSS Airteagal 32(1) RGCS nuair a mhainnigh sé bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme chun leibhéal slándála a chinntiú a bhí oiriúnach don riosca a bhí ag baint leis an bpróiseáil a bhí á déanamh aige ar shonraí pearsanta ar na córais a ndearna an t-ionsaí bogearraí éirice difear dóibh; agus
  • sháraigh FSS Airteagal 34 RGCS nuair a mhainnigh sé an fhaisnéis ar fad a cheanglaítear leis an Airteagal sin a sholáthar do na daoine a ndearna an sárú difear dóibh.

I bhfianaise na sáruithe atá sainaitheanta thuas, rinne an Coimisiún an méid seo a leanas:

  • iomardú a thabhairt do FSS;
  • fíneáil €300,000 a ghearradh ar FSS i leith na sáruithe ar Airteagal 5(1)(f) RGCS agus ar Airteagal 32(1) RGCS; agus
  • a ordú do FSS beartais shonraithe agus nósanna imeachta sonraithe a chur chun feidhme a bhfuil mar aidhm leo slándáil iomchuí próiseála sonraí pearsanta a chinntiú.

Le haghaidh tuilleadh eolais, léigh an cinneadh iomlán i mBéarla: Fiosrúchán ar Ospidéal Réigiúnach Lár Tíre, Tulach Mhór, Contae Uíbh Fhailí (PDF, 1.3MB)

Ceisteanna Coitianta

Ceisteanna Coitianta

Ceisteanna Coitianta

Fiosrúchán ar Permanent TSB (PTSB)

Cuireadh tús leis an bhfiosrúchán tar éis do Permanent TSB (‘PTSB’) fógra a thabhairt don Choimisiún um Chosaint Sonraí (‘DPC’) faoi shraith 3 sárú a bhaineann leis an ionad teaghmhála Open 24 do PTSB. Bhain na fógraí faoi sháruithe sonraí le daoine neamhúdaraithe ag déanamh teagmháil leis an ionad teagmhála Open 24 agus ag iarraidh leas a bhaint as eolas cuntais chustaiméirí a bhí acu chun rochtain a fháil do na cuntais.

Breithníodh cé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon PTSB Airteagail 5(1)(f), 32(1) agus 33(1) RGCS. Go háirithe breithníodh cé acu a chuir nó nár chuir PTSB bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme chun leibhéal riosca a chinntiú a bheadh iomchuí do na rioscaí a bhaineann leis an bpróiseáil sonraí a dhéanann PTSB tríd an ionad teaghmhála Open 24. Scrúdaigh an DPC a mhéid a chomhlíon PTSB an oibleagáid atá air fógra a thabhairt go pras faoi aon sárú faoin RGCS freisin.

Thángthas ar na conclúidí seo a leanas sa Chinneadh gur: 

  • sháraigh PTSB prionsabal na sláine agus rúndacht faoi Airteagail 5(1) RGCS trína theip slándáil na sonraí próiseála a bhaineann le cuntais na custaiméirí a chinntiú;
  • sháraigh PTSB Airteagal 32(1) RGCS toisc nár leor na bearta teicniúla agus eagraíochtúla a bhí i bhfeidhm ag an am chun slándáil na sonraí próiseála a phróiseáiltear tríd an ionad teaghmhála Open 24 a chinntiú; agus

  • sháraigh PTSB Airteagal 33(1) RGCS nuair a mhainnigh sé fógra a thabhairt don DPC faoin sárú sonraí gan moill mhíchuí agus laistigh de 72 uair an chloig. 

 

Cumhachta ceartaitheacha:

  1. Leis an gcinneadh, eisíodh iomardú chuig PTSB i leith na sáruithe ar Airteagail 5(1)(f), 32(1), 33(1) RGCS.
  2. Leis an gcinneadh, forchuireadh fíneáil riaracháin €250,000 ar PTSB i leith na sáruithe ar Airteagal 5(1)(f) agus 32(1) RGCS.
  3. Leis an gcinneadh, forchuireadh fíneáil riaracháin €27,500 i leith an tsáraithe ar Airteagal 33(1) RGCS.

 

Le haghaidh tuilleadh eolais, léigh an cinneadh iomlán i mBéarla: Permanent TSB (PTSB) - Aibreán 2026 (PDF, 898KB).

Suirbhé ón gCoimisiún ar ‘Sharenting’

30th Mí Meitheamh 2026

I gcomhthráth le foilsiú na Tuarascála Bliantúla don bhliain 2025, d’eisigh an Coimisiún um Chosaint Sonraí na torthaí ar shuirbhé neamhspleách ar an gcleachtas ar a dtugtar ‘Sharenting’ freisin. ...