Foilsíonn an Coimisiún um Chosaint Sonraí Tuarascáil maidir le Léargais ar an Intleacht Shaorga

25th Mí Meán Fomhair 2026

D’fhoilsigh an Coimisiún um Chosaint Sonraí tuarascáil nua ina mionsonraítear an mhaoirseacht a rinne sé ar tháirgí agus seirbhísí intleachta saorga idir na blianta 2021 agus 2025. Leagtar amach sa tuarascáil an méadú suntasach a tháinig ar an líon imeachtaí caidrimh maidir leis an intleacht shaorga, rud is féidir a chur síos go páirteach d’fhorbairt mhear na hintleachta saorga giniúnaí le blianta beaga anuas.

Ag gníomhú dó mar Phríomhúdarás Maoirseachta san Aontas Eorpach do chuid mhór de na príomhchuideachtaí teicneolaíochta ar domhan a bhfuil a gCeanncheathrú Eorpach lonnaithe in Éirinn, tá suíomh uathúil rialála ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) ag an bpointe trasnaithe idir éabhlóid theicneolaíoch mhear agus cosaint ceart bunúsach.

Rinne Feidhm Maoirseachta an Choimisiúin maoirseacht ar chruthú, oiliúint agus imscaradh na hintleachta saorga ag cuideachtaí amhail Airbnb, Apple, Deepseek, Google, LinkedIn, Meta, Microsoft, OpenAI, Pinterest, TikTok agus X (Twitter roimhe seo), mar aon le cuideachtaí eile. Rinne an Coimisiún maoirseacht ar raon cineálacha éagsúla intleachta saorga, lenar áiríodh samhlacha móra teanga, dearbhú aoise, aghaidh-aithint, córais moltaí, pearsantú, agus gníomhairí. 

Idir na blianta 2021 agus 2025, rinne an Coimisiún caidreamh le rialaitheoirí maidir le thart ar 180 ceann de tháirgí agus seirbhísí intleachta saorga a chruthú, a sheoladh agus a imscaradh, agus rinne sé measúnú ar na mílte leathanach d’achoimrí faisnéise, de mheasúnuithe riosca, de bhearta teicniúla agus eagraíochtúla agus de dhoiciméadacht maidir le comhlíonadh i ndáil leis an intleacht shaorga. 

Cuirtear i láthair sa tuarascáil seo na léargais a bhailigh an tAonad um Maoirseacht ar Chuideachtaí Ilnáisiúnta Teicneolaíochta laistigh d’Fheidhm Maoirseachta an Choimisiúin. Cuirtear in iúl i bpríomhfhionnachtana na tuarascála nach comheisiatach atá nuálaíocht agus dianchosaint sonraí. Trí líon mór imeachtaí caidrimh a sheoladh maidir le cineálacha difriúla intleachta saorga, amhail samhlacha móra teanga agus córais moltaí, d’éirigh le Feidhm Maoirseachta an Choimisiúin feabhsuithe suntasacha a áirithiú i ndáil le comhlíonadh cosanta sonraí sna réimsí seo a leanas: bunús dleathach; trédhearcacht; íoslaghdú sonraí; agus cosaint leanaí.

Léirítear sa tuarascáil gur ann do roinnt réimsí ríthábhachtacha fócais don Choimisiún, go háirithe an dóigh a gcuirtear Leasanna Dlisteanacha i bhfeidhm mar bhunús dlí le haghaidh an intleacht shaorga a oiliúint, agus an gá atá le Trédhearcacht láidir maidir le rud ar teicneolaíocht núíosach é a bhaineann le hoibríochtaí próiseála doiléire agus casta go minic.

Cé gur eisíodh moltaí de bhun fhormhór na n-imeachtaí caidrimh intleachta saorga, léirítear sa tuarascáil freisin go bhfuil an Coimisiún réidh le hidirghabháil phráinneach a dhéanamh i gcás nach maolaítear go sásúil aon rioscaí do chearta daoine aonair.  

Ar deireadh thiar, is ionann an tuarascáil seo agus taifead ar na gníomhartha a rinne an Coimisiún maidir le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, amhail an intleacht shaorga, a rialáil. Is ionann í freisin agus treoirlínte do rialaitheoirí, ina dtugtar le fios go bhfuil luathchaidreamh rialála ar an gconair is éifeachtaí i dtreo nuálaíocht inbhuanaithe fhreagrach atá dírithe ar chosaint sonraí agus ar phríobháideacht a bhaint amach.

Tá an doiciméad ón gCoimisiún um Chosaint Sonraí, Nuálaíocht Fhreagrach Intleachta Saorga: Léargais ó Mhaoirseacht an Choimisiúin um Chosaint Sonraí ar an Intleacht Shaorga (2021-2025) (5.1 MB), ar fáil lena íoslódáil anois.