Gearrann an Coimisiún um Chosaint Sonraí fíneáil €11 mhilliún ar MTCH tar éis Fiosrúchán ar iarrataí ó úsáideoirí Tinder ar a sonraí pearsanta
13th Mí na Samhna 2026
Inniu, d’fhógair an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) an cinneadh críochnaitheach uaidh tar éis Fiosrúchán ar MTCH Technology Services Limited (“MTCH”), a bhain lena sheirbhís Tinder. Sheol an Coimisiún an Fiosrúchán sin dá dheoin féin, ina ról mar Phríomhúdarás Maoirseachta do MTCH, i mí Eanáir 2020.
Baineann an cinneadh seo le mainneachtain MTCH cóip iomlán dá sonraí pearsanta a sholáthar d’úsáideoirí Tinder arna iarraidh sin dóibh, de bhun Airteagal 15(3) RGCS. Go háirithe, rinne an Coimisiún measúnú ar an dóigh ar oibrigh uirlis féinseirbhíse ar Tinder (ar a dtugtar an uirlis ‘Download My Data’), rud lenar cuireadh ar chumas úsáideoirí a gcuid sonraí a íoslódáil.
Cé gur cuireadh an uirlis sin i láthair úsáideoirí mar bhealach chun cóip dá sonraí ar Tinder a fháil, fuair an Coimisiún amach nár soláthraíodh a sonraí pearsanta go léir d’úsáideoirí léi. Fágadh catagóirí áirithe faisnéise ar lár gan fógra a thabhairt don úsáideoir, nó soláthraíodh iad i bhfoirm achoimre amháin. Fuair an Coimisiún amach freisin nach raibh na sonraí pearsanta a soláthraíodh tríd an uirlis ag comhlíonadh cheanglais an chirt rochtana faoi RGCS.
Áirítear iomardú agus fíneáil €11 mhilliún leis an gcinneadh, rud a rinne an Dr Des Hogan, an tUas. Dale Sunderland agus Niamh Sweeney Uas., na Coimisinéirí um Chosaint Sonraí.
Dúirt Graham Doyle, Leas-Choimisinéir:
“Cuireadh an uirlis ‘Download My Data’ i láthair úsáideoirí Tinder mar bhealach chun cóip dá sonraí pearsanta a iarraidh. Bhain na mílte agus na mílte úsáideoirí úsáid as an uirlis ‘Download My Data’ le linn na tréimhse ama a ndearnadh measúnú uirthi leis an bhFiosrúchán seo. Is féidir le huirlisí rochtana uathoibrithe den sórt sin a bheith ina mbealach úsáideach éifeachtúil chun rochtain a sholáthar ar shonraí pearsanta agus chun tacú le daoine aonair a gcearta faoi RGCS a fheidhmiú. Ní gá go soláthrófaí leis na huirlisí sin cóip iomlán de shonraí pearsanta, ach ní mór iad a bheith cothrom agus trédhearcach do dhaoine aonair maidir le fairsinge na sonraí a sholáthraítear.
De bhreis ar an bhfíneáil riaracháin €11 mhilliún a forchuireadh, d’eisigh an Coimisiún ordú go gcaithfeadh MTCH a phróiseáil a thabhairt i gcomhréir laistigh de thrí mhí."
Ba mhaith leis an gCoimisiún buíochas a ghabháil lena chomhúdaráis mhaoirseachta as a gcuid comhair agus cúnaimh sa chás seo.
Foilseoidh an Coimisiún an cinneadh iomlán uaidh in am trátha.