Ceisteanna Coitianta
Cad ba cheart a bheith ar áireamh i gconradh idir rialaitheoir sonraí agus próiseálaí sonraí?
In amanna, beidh ar eagraíocht na seirbhísí de chuid fochonraitheora nó gníomhaire a fhostú chun sonraí pearsanta a phróiseáil thar a ceann. Tugtar ‘próiseálaí sonraí’ ar ghníomhaire den sórt sin faoin dlí um chosaint sonraí. Mar shampla, is féidir go mbeidh fonn ar chuideachta na seirbhísí de chuid cuideachta párolla a fhostú chun déileáil lena saincheisteanna párolla. Is é an fostóir an rialaitheoir sonraí agus is é an chuideachta párolla an próiseálaí sonraí.
Ceisteanna Coitianta
Cad ba cheart dom a dhéanamh má tharlaíonn sárú slándála?
Is é is sárú sonraí pearsanta faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) ann ná ‘sárú ar shlándáil as a dtagann scriosadh, cailleadh, athrú nó nochtadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta a rinneadh a tharchur, a stóráil nó a phróiseáil ar shlí eile, nó rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí sin, bíodh sé sin de thaisme nó neamhdhleathach’.
Ceisteanna Coitianta
An bhfuil comhalta de chuideachta bainistíochta i dteideal liosta iomlán de na comhaltaí cláraithe uile den chuideachta bainistíochta a fháil?
Faoi alt 169 d’Acht na gCuideachtaí, 2014, arna leasú, ceanglaítear ar gach cuideachta clár de chomhaltaí na cuideachta a choinneáil, rud ina gcuimsítear mionsonraí faoi ainm agus seoladh gach comhalta, i measc nithe eile. Foráiltear leis an Acht nach mór do Chuideachta Bainistíochta Úinéirí clár a choinneáil dá comhaltaí, ar clár é nach mór don chuideachta é a chur ar fáil lena iniúchadh gan mhuirear. De bhreis air sin, foráiltear le halt 216(11) d’Acht na gCuideachtaí, 2014, go bhféadfaidh aon chomhalta cóip den chlár comhaltaí, nó cóip d’aon chuid den chlár comhaltaí, a iarraidh.
Ceisteanna Coitianta
An bhféadfaidh cuideachtaí bainistíochta mionsonraí na n-úinéirí réadmhaoine sin/na gcomhaltaí sin nár íoc muirir sheirbhíse a nochtadh do na comhaltaí uile?
Ceanglaítear ar Chuideachta Bainistíochta Úinéirí le halt 18 den Acht um Fhorbairtí Ilaonad, 2011, scéim a bhunú agus a chothabháil chun muirir seirbhíse a comhaltaí uile a bhailiú. Is é atá i bhfaisnéis amhail íoc muirear seirbhíse arna fáil le linn scéim den sórt sin a oibriú ná sonraí pearsanta na ndaoine aonair lena mbaineann agus, mar sin de, ní mór an fhaisnéis sin a phróiseáil de réir an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) agus de réir an Achta um Chosaint Sonraí, 2018.
Ceisteanna Coitianta
Rinne eagraíocht gnóthaithe fiach teagmháil liom maidir le híocaíocht a dhéanamh as cáin ar allmhairiú a bhaineann le ceannachán thar lear a rinne mé tamall ó shin. Conas a fuair an eagraíocht sin mo mhionsonraí?
Ní hé atá in íocaíocht a dhéanamh as dleacht ar allmhairiú is iníoctha faoi dhlí cánach na hÉireann, ag teacht sna sála ar sheachadadh earraí, ná íocaíocht is cúis le haon saincheisteanna cosanta. Is fiach dlisteanach é a bhíonn le híoc. I gcás nach n-íoctar an fiach, is féidir go bhféachfaidh seirbhísí seachadta beartán le gníomhaireachtaí bailithe fiach a úsáid chun an t-airgead atá dlite a bhailiú.
Ceisteanna Coitianta
Tá fógra dola faighte agam ó eFlow. Conas a fuair eFlow mo mhionsonraí?
Chun bóithre dola agus an dola atá saor ó bhacainní ar an M50 a úsáid, is gá táille a íoc le eFlow, a oibríonn an córas dola. Is ainm gnó cláraithe de chuid Bhonneagar Iompair Éireann (TII) é eFlow. Is féidir an táille a íoc ar bhealaí éagsúla. Más rud é, áfach, nach n-íocann duine aonair an táille tar éis an dola a úsáid nó go ndéanann sé/sí íocaíocht dhéanach, gheobhaidh sé/sí fógra dola.
Ceisteanna Coitianta
Cén áit ar féidir liom tuilleadh faisnéise a fháil?
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, léigh an treoirnóta iomlán uainn maidir le fianáin agus teicneolaíochtaí eile rianúcháin.
Ceisteanna Coitianta
An bhféadfaidh mé brath ar bhunús dleathach eile seachas toiliú chun fianáin a stóráil nó chun teicneolaíochtaí eile rianúcháin a úsáid?
Ní fhéadfaidh. Is é toiliú an t-aon bhunús dleathach amháin a bhfuil feidhm aige maidir le faisnéis a stóráil, nó maidir le rochtain a fháil ar fhaisnéis atá stóráilte cheana féin, ar ghléas nó trealamh teirminéil an tsíntiúsóra nó an úsáideora.
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach mór toiliú a fháil i ngach cás, is cuma cé acu is sonraí pearsanta í an fhaisnéis a stóráiltear nó a bhfaightear rochtain uirthi nó nach ea.
Ceisteanna Coitianta
Tá suíomh Gréasáin nó aip ag iarraidh orm toiliú le fianáin – cé na roghanna atá agam?
Leis na huirlisí a sholáthraítear, ba cheart duit bheith in ann na fianáin ar mian leat iad a cheadú a roghnú ar bhealach gráinneach. Is é sin le rá nár cheart aon iallach a chur ort glacadh le gach fianán, lena n-áirítear fianáin a úsáidtear chun críocha rianúcháin nó fógraíochta.
Ceisteanna Coitianta
An gá dom toiliú a fháil chun fianáin anailísíochta a úsáid?
Is gá. Úsáidtear fianáin anailísíochta mar uirlis tomhais do shuíomhanna Gréasáin, lena n-áirítear chun faisnéis a sholáthar faoin líon cuairteoirí uathúla agus faoi na leathanaigh a bhrabhsálann siad le linn a gcuairteanna. Is uirlisí ‘chéad pháirtí’ atá i roinnt uirlisí anailísíochta. Is é sin le rá gur chun a chríoch féin a phróiseálann an t-oibritheoir suímh Gréasáin na sonraí a bhailítear uathu.