Ceisteanna Coitianta
An dteastaíonn toiliú go sainráite le haghaidh gach cáis margaíochta dírí leictreonaí?
Is é an riail ghinearálta le haghaidh margaíocht dhíreach leictreonach ná go dteastaíonn uaithi toiliú soiléir dearfach (amhail liostáil go sonrach) faoi Rialachán 13 de na Rialacháin um Príobháideacht agus Cumarsáid Leictreonach.
Mar sin féin, ní theastaíonn toiliú go sonrach i ndáil le gach cás margaíochta dírí leictreonaí, agus tá eisceacht ann ar cheanglas ginearálta an toilithe. Níl feidhm ag an eisceacht sin, áfach, ach amháin i gcásanna lena mbaineann custaiméirí atá ann cheana, i gcás go gcomhlíontar coinníollacha áirithe eile freisin.
Ceisteanna Coitianta
Cad is cumarsáid gan iarraidh ann?
Is é is cumarsáid gan iarraidh ann go bunúsach ná rud éigin nár lorgaíodh nó nár iarradh. Más rud é, mar shampla, go bhfuil caidreamh leanúnach agat le gnólacht nó go raibh caidreamh agat le gnólacht le déanaí, is féidir nach measfar teagmháil ón ngnólacht sin a bheith ina teagmháil gan iarraidh toisc gur féidir go mbeidh cineál éigin toilithe i láthair.
Ceisteanna Coitianta
Cé na rialacha a bhfuil feidhm acu maidir le margaíocht dhíreach leictreonach?
Tá feidhm dhíreach ag an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) in Éirinn maidir le formhór na gcineálacha próiseála sonraí agus léitear é i gcomhar leis an Acht um Chosaint Sonraí, 2018. De bhreis ar na rialacha ginearálta sin, áfach, tá rialacha ann a bhfuil feidhm shonrach acu maidir le margaíocht dhíreach leictreonach (margaíocht a sheoltar ar an teileafón, trí fhacs, trí theachtaireacht téacs agus le ríomhphost). Leagtar na rialacha sin amach sna Rialacháin um Príobháideacht agus Cumarsáid Leictreonach (I.R. Uimh. 336 de 2011).
Ceisteanna Coitianta
Cad a tharlóidh má thagann breoiteacht orm le linn an scrúdaithe ar an ngearán uaim?
Féachfaidh an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) le cur ar fionraí an scrúdaithe a éascú. In amanna, is féidir gur fearr don ábhar sonraí smaoineamh ar an ngearán a tharraingt siar agus an ní a tharraingt anuas athuair nuair atá sé/sí in ann páirt ghníomhach a ghlacadh sa scrúdú.
Ceisteanna Coitianta
Cad a fhéadfaidh mé a dhéanamh mura bhfuilim sásta leis an toradh ar an scrúdú?
Scrúdaíonn an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) gach gearán a mhéid is cuí, ag brath ar imthosca an ghearáin. Más rud é gur diúltaíodh don ghearán uait nó gur caitheadh amach é, áfach, féadfaidh tú achomharc a dhéanamh ina choinne sin.
Más rud é gur tugadh comhairle duit, nó go ndearnadh moltaí don rialaitheoir sonraí, agus go bhfuil tú míshásta leis sin fós, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh chun na gcúirteanna faoi alt 117 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018.
Ceisteanna Coitianta
An gá dom páirt a ghlacadh i réiteach cairdiúil?
Próiseas deonach is ea réiteach cairdiúil. Is minic is é an modh is tapa le haghaidh bunúdar na saincheiste a aimsiú é, áfach. Is cabhair i ngach cás í éisteacht ón taobh eile agus is minic is féidir míthuiscintí a dheisiú trí theagmháil dhíreach. Ní éigeantas é sin, áfach, agus ní fhágann sé nach bhféadfaidh an Coimisiún leanúint leis an ngearán a scrúdú i bpróiseas níos foirmiúla.
Ceisteanna Coitianta
Cén fáth ar féidir go dtógfaidh sé a lán ama chun an gearán uaim a scrúdú?
Tá seans ann go mbeidh tú den tuairim gur ceist shimplí atá sa ghearán uait. Mar a tharlaíonn, is minic is ann do phíosaí eile reachtaíochta agus do fhreagrachtaí eile, mar aon le héifeachtaí forleathana eile, is gá a chur san áireamh freisin. Mar shampla, is féidir go mbeidh tú ag iarraidh ar dhochtúir do thaifid liachta a scriosadh. Dá ainneoin sin, is féidir leis sin impleachtaí tromchúiseacha a bheith aige d’aon chúram a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil uait sa todhchaí.
Ceisteanna Coitianta
Cén fáth nach ndéanfaidh an rialaitheoir sonraí an rud ba mhaith liom?
Go bunúsach, is féidir nach mbeidh cead ag an rialaitheoir sonraí de réir dlí an rud atá á iarraidh agat a dhéanamh nó is féidir nach mbeidh sé lena leas déanamh amhlaidh. Sa chás sin, is féidir go bhfaighidh a leasanna an ceann is fearr ar do chearta. Más mian leat, mar shampla, go léirscriosfadh rialaitheoir sonraí na taifid atá ina seilbh aige fút ach gur bhagair tú caingean dlí freisin, is féidir go bhfaighidh ceart an rialaitheora sonraí chun é féin a chosaint sa chúirt an ceann is fearr ar do cheartsa chun go léirscriosfaí do shonraí pearsanta.
Ceisteanna Coitianta
An dteastaíonn toradh an Choimisiúin um Chosaint Sonraí uaim le haghaidh comhlacht reachtúil eile?
Ní theastaíonn. Ina lán cásanna, déanfaidh ábhair sonraí gearán leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) agus le comhlacht reachtúil eile amhail an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre, an tÚdarás Rialála Seirbhísí Dlí, Oifig an Ombudsman, agus mar sin de. Ní theastaíonn an toradh ar scrúdú an Choimisiúin ó na comhlachtaí reachtúla sin chun a gcinneadh féin a dhéanamh ar an ngearán atá os a gcomhair, áfach.
Ceisteanna Coitianta
An gá dom gearán a chur isteach sula bhféadfaidh mé dul chun cúirte?
Ní gá. Féadfaidh ábhar sonraí iarratas a dhéanamh chun cúirte faoi alt 117 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018. I gcás go gcinneann duine aonair caingean den sórt sin a shaothrú, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach bhfuil aon ról le himirt ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) in aon imeachtaí den sórt sin. De bhreis air sin, ní bheidh an Coimisiún in ann aon scrúdú atá á dhéanamh aige a bhrostú chun freastal ar aon chaingean cúirte den sórt sin. Mar an gcéanna, ní theastaíonn ón gcúirt an toradh ar scrúdú an Choimisiúin a bheith aici chun a cinneadh féin a dhéanamh.