Ceisteanna Coitianta
Ar cheart dom a insint don Choimisiún um Chosaint Sonraí nó don rialaitheoir sonraí cad ba mhaith liom?
Ba cheart. Laghdófar an méid ama a theastaíonn chun saincheist a réiteach má bhíonn na páirtithe uile ar an eolas ón tús faoi na hionchais. Ba cheart na hionchais sin a bheith réasúnach agus ba cheart é a bheith laistigh de chumhacht an rialaitheora sonraí iad a chomhlíonadh, áfach.
Ceisteanna Coitianta
An bhfaighidh mé aon airgead má sháraigh rialaitheoir sonraí mo chearta cosanta sonraí?
Níl aon sásra ann faoina bhféadfaidh an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) cúiteamh a dhámhachtain. Dá bhrí sin, ní bhfaighidh tú aon airgead choíche ón gCoimisiún tar éis duit gearán a chur isteach, fiú i gcás go ndéantar cinneadh i d’fhabhar.
Ceisteanna Coitianta
Cad a fhéadfar a dhéanamh mura bhfuilim sásta le conas a d’aimsigh m’fhostóir go ndearna mé éagóir?
Ní fhéadfaidh an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) saincheisteanna fostaíochta nó nithe coiriúla a scrúdú. Ó am go chéile, áfach, cuireann ábhair sonraí ceist faoi cé acu a fhéadfaidh a bhfostóir úsáid a bhaint as píosaí scannáin TCI ina dtaispeántar iad agus iad ag goid nó ag fágáil na hoibre go luath chun smacht a chur orthu.
Ceisteanna Coitianta
Cén fáth nach ndeir sibh gur sárú ar mo chearta é?
Laistigh den reachtaíocht um chosaint sonraí, tá brí mhínithe ag an bhfocal “sárú”. Ciallaíonn sárú sonraí go raibh sárú slándála ann ó thaobh an rialaitheora sonraí de, rud ba chúis le scriosadh sonraí pearsanta, le caillteanas sonraí pearsanta nó le nochtadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta, i measc nithe eile.
Ceisteanna Coitianta
An bhfaighim cuid den fhíneáil a ghearrtar ar eagraíocht as sárú sonraí?
Ní fhaigheann. Níl aon fhoráil ann sa dlí um chosaint sonraí lena gcuirtear ar an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) an fhíneáil, nó aon chuid d’aon fhíneáil, a dhámhachtain don duine lena mbaineann.
Ceisteanna Coitianta
An bhféadfaidh an Coimisiún um Chosaint Sonraí mo shonraí pearsanta a fháil dom ó eagraíocht?
Baineann sé seo le hiarraidh Airteagal 15 ar rochtain d’ábhar sonraí.
Ceisteanna Coitianta
An bhféadfaidh mé gearán a dhéanamh thar ceann duine eile?
Déileálann an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) le hábhair sonraí iad féin i ndáil lena gcearta cosanta sonraí féin. Mar sin féin, más mian le duine éigin go ngníomhódh tríú páirtí thar a c(h)eann, beidh litir údaráis shínithe ón duine aonair sin ag teastáil. Gheobhaidh an Coimisiún an t-údarú go díreach ón duine aonair é/í féin agus, dá bhrí sin, teastóidh uaidh mionsonraí teagmhála an duine aonair sin chun déanamh amhlaidh.
Ceisteanna Coitianta
Gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí
Más mian leat ábhar imní a chur in iúl nó gearán a thaisceadh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún), is féidir leat dul chuig an rannán ‘Déan teagmháil leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí’ de shuíomh Gréasáin an Choimisiúin agus an fhoirm Ghréasáin a chomhlánú ina hiomláine.
De rogha air sin, is féidir leat ríomhphost a sheoladh chuig an gCoimisiún ag info@dataprotection.ie. Beidh ort d’ábhar imní maidir le cosaint sonraí a leagan amach go soiléir.
Ceisteanna Coitianta
Cad is gá dom a dhéanamh sula ndéanaim gearán leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí?
Sula ndéanann tú gearán leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún), moltar duit teagmháil a dhéanamh leis an rialaitheoir sonraí agus d’ábhair imní maidir le cosaint sonraí a leagan amach i scríbhinn. Moltar duit freisin freagra i scríbhinn ón rialaitheoir sonraí a iarraidh. Is é an chúis leis sin ná gurb amhlaidh, ó thaithí an Choimisiúin, is minic is féidir nithe a réiteach idir an duine aonair agus an rialaitheoir sonraí nuair a chuirtear an ní in iúl don rialaitheoir sonraí den chéad uair.
Ceisteanna Coitianta
Cad é an bonn do ghearán bailí a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí?
Tá na critéir le haghaidh gearán bailí a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) leagtha amach faoi Airteagal 77 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS). Sonraítear ansin go bhféadfaidh duine aonair gearán a dhéanamh má mheasann sé/sí go ‘sáraíonn an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi an Rialachán seo’.