Ceisteanna Coitianta
An gá dom ardán bainistíochta toilithe tríú páirtí a úsáid?
Ní gá. Má roghnaíonn tú seirbhís den sórt sin a úsáid, áfach, ba cheart duit a chinntiú go bhfeidhmíonn an uirlis díreach mar atá sí curtha i láthair. Ní ceadmhach duit aon ghnéithe mealltacha deartha a úsáid i d’uirlisí bainistíochta toilithe chun úsáideoirí a spreagadh rogha ar leith a dhéanamh.
Ceisteanna Coitianta
Cé na fadhbanna coitianta a dtagann an Coimisiún um Chosaint Sonraí orthu ar shuíomhanna Gréasáin agus i gcomhéadain eile maidir le fianáin agus rianú a úsáid?
Áirítear leis na fadhbanna coitianta a dtagtar orthu an úsáid a bhaintear as ardáin bhainistíochta toilithe tríú páirtí ar leagadh amach iad chun go n-áireofaí leo boscaí nó scoráin atá réamhthiceáilte nó réamhshocraithe chun a bheith CURTHA AIR, á léiriú ‘go dtoilíonn’ an t-úsáideoir le fianáin. Ní bailí atá an toiliú le fianáin a úsáid i gcás go bhféachann tú leis an toiliú sin a fháil trí bhoscaí nó scoráin réamhthiceáilte a úsáid.
Ceisteanna Coitianta
An gá dom faisnéis a sholáthar faoi ainmneacha agus fad ama na bhfianán agus na modhanna eile stórála?
Is gá. Ní mór duit faisnéis a sholáthar faoi na cineálacha rianúcháin agus stórála atá in úsáid, faoi fheidhmeanna na bhfianán lena mbaineann agus faoi ainm agus fad ama nó saolré na bhfianán sin.
Ceisteanna Coitianta
An bhfuil feidhm ag an dlí maidir le suíomhanna Gréasáin agus leo sin amháin?
Níl. Tá feidhm ag an dlí maidir le haon fhaisnéis a stóráil, nó maidir le haon rochtain ar fhaisnéis atá stóráilte cheana féin, ar ghléas nó trealamh teirminéil an úsáideora. Féadfar aon ghléas, amhail ríomhaire pearsanta nó ríomhaire glúine, fón póca, nó gléas atá nasctha leis an Idirlíon ar ar féidir faisnéis a stóráil agus a úsáideann fianáin nó teicneolaíochtaí eile rianúcháin a mheas a bheith ina “threalamh teirminéil” chun críocha na Rialachán um Príobháideacht agus Cumarsáid Leictreonach.
Ceisteanna Coitianta
An gá do mo shuíomh Gréasáin meirge a bheith aige?
Is gá do do shuíomh Gréasáin nó do sheirbhís faisnéis chuimsitheach shoiléir a sholáthar d’úsáideoirí sula socraítear aon fhianáin nó aon rianú. Sa chleachtas, roghnaíonn formhór na n-eagraíochtaí meirge, leathanach scáineach (leathanach idirghníomhach a lódálann de ghnáth idir leathanach amháin a stopann cuairteoir air agus an chéad cheann eile nó a lódálann laistigh de leathanach de réir mar a scrollaíonn úsáideoir é) nó mír aníos a chumasaíonn faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí agus bainistiú a dhéanamh ar a sainroghanna pearsanta maidir le toiliú le fianáin.
Ceisteanna Coitianta
Úsáideann mo shuíomh Gréasáin nó m’aip fianáin agus modhanna eile rianúcháin – an gá dom toiliú a fháil ó úsáideoirí?
Is gá. Mar sin féin, is ann do roinnt cineálacha fianán atá díolmhaithe ón gceanglas atá ann toiliú a fháil. Tá siad sin teoranta do dhá úsáid shonracha, áfach.
Is iad seo na cineálacha fianán atá díolmhaithe ón gceanglas atá ann toiliú a fháil ó úsáideoirí:
-
Díolúine d’fhianáin atá fíor-riachtanach – fianáin atá fíor-riachtanach chun an tseirbhís sochaí faisnéise ar iarr an t-úsáideoir go follasach í a sholáthar. Áirítear leo sin fianáin lena gcumasaítear do thralaí siopadóireachta ar líne cuimhneamh ar na míreanna a chuir an t-úsáideoir isteach ann.
Ceisteanna Coitianta
Cad é an dlí maidir le fianáin a úsáid?
Tá míthuiscint choitianta ann gur leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) a rialaítear fianáin. Mar a tharlaíonn, is as an Treoir maidir le Príobháideachas agus Cumarsáid Leictreonach a thagann an dlí maidir le fianáin. D’fhoilsigh an tAontas Eorpach an Treoir den chéad uair sa bhliain 2002 agus leasaigh sé sa bhliain 2009 í.
Ceisteanna Coitianta
Cad is fianáin ann?
Téacschomhaid bheaga a stóráiltear ar ghléas, amhail ríomhaire pearsanta, gléas móibíleach nó aon ghléas eile ar féidir leis faisnéis a stóráil, is ea fianáin. Úsáideann gléasanna eile fianáin freisin, lena n-áirítear gléasanna ‘Idirlíon na Rudaí Nithiúla’ a nascann leis an Idirlíon, amhail teilifíseáin chliste.
Ceisteanna Coitianta
An bhféadfar Clár na dToghthóirí a úsáid chun críocha margaíochta dírí?
Ón mbliain 2004 i leith, tá ceangal ar údaráis chlárúcháin dhá leagan de Chlár na dToghthóirí a fhoilsiú – an clár ‘iomlán’ agus an clár ‘atheagraithe’. Liostaítear sa ‘chlár iomlán’ gach duine atá i dteideal vóta a chaitheamh agus ní fhéadfar é a úsáid ach amháin chun críche toghcháin nó chun críche reachtúla eile.
Ceisteanna Coitianta
An bhféadfaidh mé iarraidh ar mo chustaiméirí eolas a thabhairt dá gcairde trí mo shuíomh Gréasáin faoi mo chuid táirgí agus seirbhísí mar chuid de scéim um “insint do chara”?
Braitheann sé sin ar an dóigh a n-oibríonn an scéim. Is mó i bhfad an dóchúlacht go mbeidh sé inghlactha má chinneann an custaiméir is seoltóir, agus an custaiméir is seoltóir amháin, a bhfuil sa teachtaireacht.Braitheann sé sin ar an dóigh a n-oibríonn an scéim. Is mó i bhfad an dóchúlacht go mbeidh sé inghlactha má chinneann an custaiméir is seoltóir, agus an custaiméir is seoltóir amháin, a bhfuil sa teachtaireacht.