Ceisteanna Coitianta
Má theipeann ar mo sholáthraí líne talún mo shainrogha pearsanta go gcuirfí ar chlár scar-rogha Bhunachar Sonraí an Eolaire Náisiúnta mé a thaifeadadh, cad is féidir liom a dhéanamh?
Tá sé faoin gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide (ComReg) déileáil leis an ní seo, a thabharfaidh an-aird air. Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le ComReg ag (01) 8049668. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, téigh chuig suíomh Gréasáin ComReg.
Ceisteanna Coitianta
Conas is eol dom cén tsainrogha phearsanta a taifeadadh i dtaca le m’uimhir theileafóin líne talún?
Tá sé de cheart ag aon síntiúsóir teileafóin líne talún iarraidh ar a s(h)oláthraí seirbhíse cóip dá liostú i mBunachar Sonraí an Eolaire Náisiúnta a thabhairt dó/di. Tá sé de cheart ag an soláthraí seirbhíse táille a ghearradh as an tseirbhís sin.
Ceisteanna Coitianta
An féidir díriú ar mo theileafón póca le haghaidh glaonna teileafóin margaíochta?
Faoi na Rialacháin um Príobháideacht agus Cumarsáid Leictreonach (I.R. Uimh 336 de 2011), coisctear glaonna margaíochta ar theileafóin phóca mura rud é:
-
Gur chuir an síntiúsóir nó an t-úsáideoir in iúl don ghlaoiteoir go dtoilíonn sé/sí le glaonna den sórt sin a fháil ar a theileafón póca nó a teileafón póca, nó
Ceisteanna Coitianta
Tá glaonna teileafóin núise/bagracha á bhfáil agam. Cad is féidir liom a dhéanamh?
Is ní é seo ba cheart do do sholáthraí teileafóin agus don Gharda Síochána a scrúdú. Baineann do chearta cosanta sonraí le glaonna chun críocha margaíochta dírí. Má bhíonn ábhair imní ann ina dhiaidh sin maidir leis an modh inar chuir an duine atá ag tabhairt na nglaonna eolas ar d’uimhir theileafóin, is féidir go mbeidh saincheist cosanta sonraí ann a bhféadfaidh an oifig seo í a shaothrú.
Ceisteanna Coitianta
An bhfuil dóigheanna ann ar féidir stop a chur le teagmhálacha poist margaíochta dírí gan iarraidh?
Is féidir stop a chur le teagmhálacha poist margaíochta dírí gan iarraidh trí iarraidh scar-rogha a sheoladh ar ais chuig an seoltóir. Ba cheart cur síos ar conas is féidir é sin a dhéanamh a bheith tugtha sa chumarsáid arna fáil. Ní mór don mhargóir cloí le do shainrogha phearsanta nár mhaith leat tuilleadh teagmhála poist margaíochta a fháil. Má bhíonn ábhair imní agat maidir le cá bhfuair an margóir d’fhaisnéis teagmhála ar an gcéad dul síos, ba cheart duit míniú a iarraidh ón margóir lena mbaineann.
Ceisteanna Coitianta
An bhféadfaidh custaiméirí agóid i gcoinne margaíocht dhíreach leictreonach?
Foráiltear leis na Rialacháin um Príobháideacht agus Cumarsáid Leictreonach go bhfuil an ceart ag daoine aonair chun agóid i gcoinne margaíocht dhíreach leictreonach a fháil agus nach mór seoladh bailí is féidir le daoine aonair a úsáid chun a chur in iúl nár mhaith leo cumarsáidí a fháil a thuilleadh a chur ar áireamh i ngach cumarsáid margaíochta.
Ceisteanna Coitianta
An dteastaíonn toiliú go sainráite le haghaidh gach cáis margaíochta dírí leictreonaí?
Is é an riail ghinearálta le haghaidh margaíocht dhíreach leictreonach ná go dteastaíonn uaithi toiliú soiléir dearfach (amhail liostáil go sonrach) faoi Rialachán 13 de na Rialacháin um Príobháideacht agus Cumarsáid Leictreonach.
Mar sin féin, ní theastaíonn toiliú go sonrach i ndáil le gach cás margaíochta dírí leictreonaí, agus tá eisceacht ann ar cheanglas ginearálta an toilithe. Níl feidhm ag an eisceacht sin, áfach, ach amháin i gcásanna lena mbaineann custaiméirí atá ann cheana, i gcás go gcomhlíontar coinníollacha áirithe eile freisin.
Ceisteanna Coitianta
Cad is cumarsáid gan iarraidh ann?
Is é is cumarsáid gan iarraidh ann go bunúsach ná rud éigin nár lorgaíodh nó nár iarradh. Más rud é, mar shampla, go bhfuil caidreamh leanúnach agat le gnólacht nó go raibh caidreamh agat le gnólacht le déanaí, is féidir nach measfar teagmháil ón ngnólacht sin a bheith ina teagmháil gan iarraidh toisc gur féidir go mbeidh cineál éigin toilithe i láthair.
Ceisteanna Coitianta
Cé na rialacha a bhfuil feidhm acu maidir le margaíocht dhíreach leictreonach?
Tá feidhm dhíreach ag an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) in Éirinn maidir le formhór na gcineálacha próiseála sonraí agus léitear é i gcomhar leis an Acht um Chosaint Sonraí, 2018. De bhreis ar na rialacha ginearálta sin, áfach, tá rialacha ann a bhfuil feidhm shonrach acu maidir le margaíocht dhíreach leictreonach (margaíocht a sheoltar ar an teileafón, trí fhacs, trí theachtaireacht téacs agus le ríomhphost). Leagtar na rialacha sin amach sna Rialacháin um Príobháideacht agus Cumarsáid Leictreonach (I.R. Uimh. 336 de 2011).
Ceisteanna Coitianta
Cad a tharlóidh má thagann breoiteacht orm le linn an scrúdaithe ar an ngearán uaim?
Féachfaidh an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) le cur ar fionraí an scrúdaithe a éascú. In amanna, is féidir gur fearr don ábhar sonraí smaoineamh ar an ngearán a tharraingt siar agus an ní a tharraingt anuas athuair nuair atá sé/sí in ann páirt ghníomhach a ghlacadh sa scrúdú.