Ceisteanna Coitianta
An gá do mo shuíomh Gréasáin meirge a bheith aige?
Is gá do do shuíomh Gréasáin nó do sheirbhís faisnéis chuimsitheach shoiléir a sholáthar d’úsáideoirí sula socraítear aon fhianáin nó aon rianú. Sa chleachtas, roghnaíonn formhór na n-eagraíochtaí meirge, leathanach scáineach (leathanach idirghníomhach a lódálann de ghnáth idir leathanach amháin a stopann cuairteoir air agus an chéad cheann eile nó a lódálann laistigh de leathanach de réir mar a scrollaíonn úsáideoir é) nó mír aníos a chumasaíonn faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí agus bainistiú a dhéanamh ar a sainroghanna pearsanta maidir le toiliú le fianáin.
Ceisteanna Coitianta
Úsáideann mo shuíomh Gréasáin nó m’aip fianáin agus modhanna eile rianúcháin – an gá dom toiliú a fháil ó úsáideoirí?
Is gá. Mar sin féin, is ann do roinnt cineálacha fianán atá díolmhaithe ón gceanglas atá ann toiliú a fháil. Tá siad sin teoranta do dhá úsáid shonracha, áfach.
Is iad seo na cineálacha fianán atá díolmhaithe ón gceanglas atá ann toiliú a fháil ó úsáideoirí:
-
Díolúine d’fhianáin atá fíor-riachtanach – fianáin atá fíor-riachtanach chun an tseirbhís sochaí faisnéise ar iarr an t-úsáideoir go follasach í a sholáthar. Áirítear leo sin fianáin lena gcumasaítear do thralaí siopadóireachta ar líne cuimhneamh ar na míreanna a chuir an t-úsáideoir isteach ann.
Ceisteanna Coitianta
Cad é an dlí maidir le fianáin a úsáid?
Tá míthuiscint choitianta ann gur leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) a rialaítear fianáin. Mar a tharlaíonn, is as an Treoir maidir le Príobháideachas agus Cumarsáid Leictreonach a thagann an dlí maidir le fianáin. D’fhoilsigh an tAontas Eorpach an Treoir den chéad uair sa bhliain 2002 agus leasaigh sé sa bhliain 2009 í.
Ceisteanna Coitianta
Cad is fianáin ann?
Téacschomhaid bheaga a stóráiltear ar ghléas, amhail ríomhaire pearsanta, gléas móibíleach nó aon ghléas eile ar féidir leis faisnéis a stóráil, is ea fianáin. Úsáideann gléasanna eile fianáin freisin, lena n-áirítear gléasanna ‘Idirlíon na Rudaí Nithiúla’ a nascann leis an Idirlíon, amhail teilifíseáin chliste.
Ceisteanna Coitianta
An bhféadfar Clár na dToghthóirí a úsáid chun críocha margaíochta dírí?
Ón mbliain 2004 i leith, tá ceangal ar údaráis chlárúcháin dhá leagan de Chlár na dToghthóirí a fhoilsiú – an clár ‘iomlán’ agus an clár ‘atheagraithe’. Liostaítear sa ‘chlár iomlán’ gach duine atá i dteideal vóta a chaitheamh agus ní fhéadfar é a úsáid ach amháin chun críche toghcháin nó chun críche reachtúla eile.
Ceisteanna Coitianta
An bhféadfaidh mé iarraidh ar mo chustaiméirí eolas a thabhairt dá gcairde trí mo shuíomh Gréasáin faoi mo chuid táirgí agus seirbhísí mar chuid de scéim um “insint do chara”?
Braitheann sé sin ar an dóigh a n-oibríonn an scéim. Is mó i bhfad an dóchúlacht go mbeidh sé inghlactha má chinneann an custaiméir is seoltóir, agus an custaiméir is seoltóir amháin, a bhfuil sa teachtaireacht.Braitheann sé sin ar an dóigh a n-oibríonn an scéim. Is mó i bhfad an dóchúlacht go mbeidh sé inghlactha má chinneann an custaiméir is seoltóir, agus an custaiméir is seoltóir amháin, a bhfuil sa teachtaireacht.
Ceisteanna Coitianta
An bhféadfaidh mé iarraidh ar mo chustaiméirí na mionsonraí teagmhála leictreonaí de chuid cairde leo a sholáthar mar chuid de scéim um “chara a tharchur” ionas gur féidir liom mo chuid táirgí agus seirbhísí a mhargú dóibh?
Is cion é faoi na Rialacháin um Príobháideacht agus Cumarsáid Leictreonach (I.R. Uimh. 336 de 2011) teachtaireacht margaíochta gan iarraidh a sheoladh chuig duine i gcás nach bhfuil aon chaidreamh custaiméara ann cheana féin. Is faoin seoltóir a bheidh sé a thaispeáint gur thoiligh an faighteoir le teachtaireachtaí den sórt sin a fháil. Tá sé doiligh a fheiceáil conas a d’fhéadfadh oibriú aon saoráide um “chara a tharchur” an ceanglas sin a chomhlíonadh.
Ceisteanna Coitianta
Cé leis ar cheart dom gearán a dhéanamh?
Is féidir gearán a dhéanamh leis an oifig seo (a fhéadfaidh ciontóirí leanúnacha a ionchúiseamh) nó leis an gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide (ComReg), a fhéadfaidh ordacháin in-fhorfheidhmithe a eisiúint i gcoinne comhlachtaí áirithe.
Ba cheart d’aon duine ar mian leis/léi gearán a dhéanamh le ComReg glao a chur ar a líne tomhaltóirí ag (01) 8049668 nó cuairt a thabhairt ar shuíomh Gréasáin ComReg.
Ceisteanna Coitianta
Conas a bhainim duine éagtha ó bhunachar sonraí margaíochta dírí?
Ba cheart é sin ar an mbealach caighdeánach trí scríobh chuig an eagraíocht (rialaitheoir sonraí) agus trí na himthosca a mhíniú. Cloífear leis sin i bhformhór mór na gcásanna, ós rud é nach mbeidh aon chás gnó ag an rialaitheoir sonraí i bhfabhar leanúint le teagmhálacha margaíochta dírí a sheoladh i gcásanna den sórt sin.
Ceisteanna Coitianta
Má tá m’uimhir líne talún taifeadta ar Chlár Scar-Rogha Bhunachar Sonraí an Eolaire Náisiúnta, an bhfaighidh mé glaonna margaíochta fós ó dhaoine a ndéanaim teagmháil leo?
Gheobhaidh tú fós iad. Mura gcuireann tú in iúl do na daoine sin nár mhaith leat glaonna margaíochta a fháil uathu ar d’uimhir theileafóin líne talún, féadfaidh siad brath ar an toiliú a d’eascair as aon toiliú a thug tú mar chuid den chaidreamh sin atá ann cheana chun margú duit, beag beann ar cén tsainrogha phearsanta atá taifeadta i mBunachar Sonraí an Eolaire Náisiúnta.