Ceisteanna Coitianta
Rinne eagraíocht gnóthaithe fiach teagmháil liom maidir le híocaíocht a dhéanamh as cáin ar allmhairiú a bhaineann le ceannachán thar lear a rinne mé tamall ó shin. Conas a fuair an eagraíocht sin mo mhionsonraí?
Ní hé atá in íocaíocht a dhéanamh as dleacht ar allmhairiú is iníoctha faoi dhlí cánach na hÉireann, ag teacht sna sála ar sheachadadh earraí, ná íocaíocht is cúis le haon saincheisteanna cosanta. Is fiach dlisteanach é a bhíonn le híoc. I gcás nach n-íoctar an fiach, is féidir go bhféachfaidh seirbhísí seachadta beartán le gníomhaireachtaí bailithe fiach a úsáid chun an t-airgead atá dlite a bhailiú.
Ceisteanna Coitianta
Tá fógra dola faighte agam ó eFlow. Conas a fuair eFlow mo mhionsonraí?
Chun bóithre dola agus an dola atá saor ó bhacainní ar an M50 a úsáid, is gá táille a íoc le eFlow, a oibríonn an córas dola. Is ainm gnó cláraithe de chuid Bhonneagar Iompair Éireann (TII) é eFlow. Is féidir an táille a íoc ar bhealaí éagsúla. Más rud é, áfach, nach n-íocann duine aonair an táille tar éis an dola a úsáid nó go ndéanann sé/sí íocaíocht dhéanach, gheobhaidh sé/sí fógra dola.
Ceisteanna Coitianta
Cén áit ar féidir liom tuilleadh faisnéise a fháil?
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, léigh an treoirnóta iomlán uainn maidir le fianáin agus teicneolaíochtaí eile rianúcháin.
Ceisteanna Coitianta
An bhféadfaidh mé brath ar bhunús dleathach eile seachas toiliú chun fianáin a stóráil nó chun teicneolaíochtaí eile rianúcháin a úsáid?
Ní fhéadfaidh. Is é toiliú an t-aon bhunús dleathach amháin a bhfuil feidhm aige maidir le faisnéis a stóráil, nó maidir le rochtain a fháil ar fhaisnéis atá stóráilte cheana féin, ar ghléas nó trealamh teirminéil an tsíntiúsóra nó an úsáideora.
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach mór toiliú a fháil i ngach cás, is cuma cé acu is sonraí pearsanta í an fhaisnéis a stóráiltear nó a bhfaightear rochtain uirthi nó nach ea.
Ceisteanna Coitianta
Tá suíomh Gréasáin nó aip ag iarraidh orm toiliú le fianáin – cé na roghanna atá agam?
Leis na huirlisí a sholáthraítear, ba cheart duit bheith in ann na fianáin ar mian leat iad a cheadú a roghnú ar bhealach gráinneach. Is é sin le rá nár cheart aon iallach a chur ort glacadh le gach fianán, lena n-áirítear fianáin a úsáidtear chun críocha rianúcháin nó fógraíochta.
Ceisteanna Coitianta
An gá dom toiliú a fháil chun fianáin anailísíochta a úsáid?
Is gá. Úsáidtear fianáin anailísíochta mar uirlis tomhais do shuíomhanna Gréasáin, lena n-áirítear chun faisnéis a sholáthar faoin líon cuairteoirí uathúla agus faoi na leathanaigh a bhrabhsálann siad le linn a gcuairteanna. Is uirlisí ‘chéad pháirtí’ atá i roinnt uirlisí anailísíochta. Is é sin le rá gur chun a chríoch féin a phróiseálann an t-oibritheoir suímh Gréasáin na sonraí a bhailítear uathu.
Ceisteanna Coitianta
An gá dom ardán bainistíochta toilithe tríú páirtí a úsáid?
Ní gá. Má roghnaíonn tú seirbhís den sórt sin a úsáid, áfach, ba cheart duit a chinntiú go bhfeidhmíonn an uirlis díreach mar atá sí curtha i láthair. Ní ceadmhach duit aon ghnéithe mealltacha deartha a úsáid i d’uirlisí bainistíochta toilithe chun úsáideoirí a spreagadh rogha ar leith a dhéanamh.
Ceisteanna Coitianta
Cé na fadhbanna coitianta a dtagann an Coimisiún um Chosaint Sonraí orthu ar shuíomhanna Gréasáin agus i gcomhéadain eile maidir le fianáin agus rianú a úsáid?
Áirítear leis na fadhbanna coitianta a dtagtar orthu an úsáid a bhaintear as ardáin bhainistíochta toilithe tríú páirtí ar leagadh amach iad chun go n-áireofaí leo boscaí nó scoráin atá réamhthiceáilte nó réamhshocraithe chun a bheith CURTHA AIR, á léiriú ‘go dtoilíonn’ an t-úsáideoir le fianáin. Ní bailí atá an toiliú le fianáin a úsáid i gcás go bhféachann tú leis an toiliú sin a fháil trí bhoscaí nó scoráin réamhthiceáilte a úsáid.
Ceisteanna Coitianta
An gá dom faisnéis a sholáthar faoi ainmneacha agus fad ama na bhfianán agus na modhanna eile stórála?
Is gá. Ní mór duit faisnéis a sholáthar faoi na cineálacha rianúcháin agus stórála atá in úsáid, faoi fheidhmeanna na bhfianán lena mbaineann agus faoi ainm agus fad ama nó saolré na bhfianán sin.
Ceisteanna Coitianta
An bhfuil feidhm ag an dlí maidir le suíomhanna Gréasáin agus leo sin amháin?
Níl. Tá feidhm ag an dlí maidir le haon fhaisnéis a stóráil, nó maidir le haon rochtain ar fhaisnéis atá stóráilte cheana féin, ar ghléas nó trealamh teirminéil an úsáideora. Féadfar aon ghléas, amhail ríomhaire pearsanta nó ríomhaire glúine, fón póca, nó gléas atá nasctha leis an Idirlíon ar ar féidir faisnéis a stóráil agus a úsáideann fianáin nó teicneolaíochtaí eile rianúcháin a mheas a bheith ina “threalamh teirminéil” chun críocha na Rialachán um Príobháideacht agus Cumarsáid Leictreonach.