Ceisteanna Coitianta
An bhfaighim cuid den fhíneáil a ghearrtar ar eagraíocht as sárú sonraí?
Ní fhaigheann. Níl aon fhoráil ann sa dlí um chosaint sonraí lena gcuirtear ar an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) an fhíneáil, nó aon chuid d’aon fhíneáil, a dhámhachtain don duine lena mbaineann.
Ceisteanna Coitianta
An bhféadfaidh an Coimisiún um Chosaint Sonraí mo shonraí pearsanta a fháil dom ó eagraíocht?
Baineann sé seo le hiarraidh Airteagal 15 ar rochtain d’ábhar sonraí.
Ceisteanna Coitianta
An bhféadfaidh mé gearán a dhéanamh thar ceann duine eile?
Déileálann an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) le hábhair sonraí iad féin i ndáil lena gcearta cosanta sonraí féin. Mar sin féin, más mian le duine éigin go ngníomhódh tríú páirtí thar a c(h)eann, beidh litir údaráis shínithe ón duine aonair sin ag teastáil. Gheobhaidh an Coimisiún an t-údarú go díreach ón duine aonair é/í féin agus, dá bhrí sin, teastóidh uaidh mionsonraí teagmhála an duine aonair sin chun déanamh amhlaidh.
Ceisteanna Coitianta
Gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí
Más mian leat ábhar imní a chur in iúl nó gearán a thaisceadh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún), is féidir leat dul chuig an rannán ‘Déan teagmháil leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí’ de shuíomh Gréasáin an Choimisiúin agus an fhoirm Ghréasáin a chomhlánú ina hiomláine.
De rogha air sin, is féidir leat ríomhphost a sheoladh chuig an gCoimisiún ag info@dataprotection.ie. Beidh ort d’ábhar imní maidir le cosaint sonraí a leagan amach go soiléir.
Ceisteanna Coitianta
Cad is gá dom a dhéanamh sula ndéanaim gearán leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí?
Sula ndéanann tú gearán leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún), moltar duit teagmháil a dhéanamh leis an rialaitheoir sonraí agus d’ábhair imní maidir le cosaint sonraí a leagan amach i scríbhinn. Moltar duit freisin freagra i scríbhinn ón rialaitheoir sonraí a iarraidh. Is é an chúis leis sin ná gurb amhlaidh, ó thaithí an Choimisiúin, is minic is féidir nithe a réiteach idir an duine aonair agus an rialaitheoir sonraí nuair a chuirtear an ní in iúl don rialaitheoir sonraí den chéad uair.
Ceisteanna Coitianta
Cad é an bonn do ghearán bailí a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí?
Tá na critéir le haghaidh gearán bailí a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) leagtha amach faoi Airteagal 77 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS). Sonraítear ansin go bhféadfaidh duine aonair gearán a dhéanamh má mheasann sé/sí go ‘sáraíonn an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi an Rialachán seo’.
Ceisteanna Coitianta
Cad is féidir liom a dhéanamh má shealbhaíonn rialaitheoir sonraí taifid lena gclúmhilltear mé nó lena ndéantar damáiste do mo chlú?
Ní fhéadfaidh an Coimisiún um Chosaint Sonraí scrúdú a dhéanamh ar aon líomhaintí faoi chlúmhilleadh (ráiteas clúmhillteach a chuirfeadh as don chlú atá ar dhuine i dtuairim daoine réasúnacha den tsochaí). Má tá fianaise agat go bhfuil na taifid míchruinn go fíorasach, féadfaidh tú a iarraidh go ndéanfaí iad a léirscriosadh nó a cheartú. Is féidir go mbeidh tú ag iarraidh comhairle dhlíthiúil neamhspleách a fháil ar an ní freisin.
Ceisteanna Coitianta
Cad is féidir liom a dhéanamh má fhaighim amach go bhfuil sonraí pearsanta a shealbhaítear fúm mícheart?
Foráiltear le hAirteagal 16 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) do shonraí pearsanta a cheartú i gcás go bhfuil na sonraí pearsanta atá á bpróiseáil míchruinn nó i gcás, agus aird á tabhairt ar chríocha na próiseála, go bhfuil na sonraí neamhiomlán ar bhealach éigin.
Ceisteanna Coitianta
Conas is féidir liom cóip de mo shonraí pearsanta a fháil ón nGarda Síochána?
Ag brath ar na sonraí a bhfuil tú ag iarraidh rochtain a fháil orthu, is féidir go dtarlóidh sé go dtagann an iarraidh rochtana faoin Treoir maidir le Cosaint Sonraí i réimse Fhorfheidhmiú an Dlí, seachas an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. Is féidir leat do chuid faisnéise a iarraidh ón nGarda Síochána trí chloí leis na treoracha ar an rannán Iarraidh ar Rochtain d’Ábhar Sonraí ar shuíomh Gréasáin an Gharda Síochána.
Ceisteanna Coitianta
An bhféadfaidh mé faisnéis a rochtain/a leasú i ndáil le gaol éagtha?
Níl feidhm ag an dlí cosanta sonraí maidir le sonraí pearsanta daoine éagtha. Mar sin féin, féadfaidh rialaitheoir sonraí ar leith, ar chúiseanna dea-thola, a roghnú sonraí a bhaineann le duine éagtha a sholáthar do ghaol leis/léi tar éis iarraidh a fháil. I gcás den sórt sin, ní mór don rialaitheoir sonraí ábhartha gníomhú go cúramach agus sonraí den sórt sin á nochtadh aige/aici chun a chinntiú nach nochtfaidh sé/sí na sonraí pearsanta de chuid tríú páirtithe.