Polasaí Meán Sóisialta

Is é Aonad Cumarsáide an Choimisiúin um Chosaint Sonraí a bhainistíonn cuntais uile an Choimisiúin ar LinkedIn, ar Instagram, ar Bluesky agus ar X. Mionsonraítear sa bheartas seo an cineál inneachair a fhoilsímid, mar aon leis an dóigh a n-idirghníomhaímid le daoine eile ar na hardáin sin.

Trínár gcuntais meán sóisialta, is féidir leis an gCoimisiún nuacht agus an t-eolas is deireanaí a chur in iúl go tráthúil. Níl ár gcuntais meán sóisialta le húsáid mar mhodh chun fiosruithe ó na meáin a chur isteach; is féidir na fiosruithe sin a chur isteach trí iad a sheoladh le ríomhphost chuig media@dataprotection.ie.

Tá an Beartas maidir leis na Meáin Shóisialta ón gCoimisiún um Chosaint Sonraí ar fáil ina iomláine anseo