Téarmaí Tagartha an Choiste Fiosrúchán

Is é príomhchuspóir Choiste Fiosrúchán an Choimisiúin um Chosaint Sonraí breitheanna a thabhairt maidir leis na nithe seo a leanas:

  1. Fiosrúcháin a thosú faoi alt 110(1) nó faoi alt 123(1) den Acht um Chosaint Sonraí, 2018 (an “tAcht”);
  2. Freagracht as acmhainní, agus sannadh acmhainní, le haghaidh aon fhiosrúchán a deimhníodh faoi phointe i thuas a sheoladh.

Féadfaidh an Coiste Fiosrúchán breitheanna eile a thabhairt maidir le fiosrúcháin freisin agus féadfaidh sé ordachán sonrach a thabhairt maidir le nithe éagsúla, amhail iad seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh:

  • An bonn le fiosrúchán, faoi ailt 111/124 (fiosrúcháin a sheolann an Coimisiún dá dheoin féin) nó faoi ailt 112/125 (fiosrúcháin ghearánbhunaithe);
  • An cineál fiosrúcháin (agus na nósanna imeachta a leanfar), ag féachaint don rogha dá bhforáiltear in alt 110(1) den Acht agus a fheidhmeofar trí thagairt do chúlra an ní is ábhar don fhiosrúchán;
  • Fiosrúchán straitéiseach ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí a thosú, i gcás go n-ainmneoidh Údarás eile Cosanta Sonraí cás dá bhfuil an Coimisiún um Chosaint Sonraí ina Phríomhúdarás Maoirseachta;
  • Fiosrúchán reatha a thiontú ina fhiosrúchán straitéiseach ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí;
  • Fiosrúchán reatha a chur siar nó ísliú tosaíochta a thabhairt dó;
  • A oiriúnaí atá cur chuige malartach do ní ar leith, lena n-áirítear feidhmiú cumhachtaí;
  • Imscrúdú a thosú faoi alt 110(2)(b) den Acht;
  •  Láimhseáil tosaigh a dhéanamh ar aon ghearán a fuair an Coimisiún ó eagraíocht neamhrialtasach, lena n-áirítear gearáin faoi Airteagal 80(2), go háirithe maidir leis an gcur chuige a ghlacfaidh an Coimisiún i leith dul i dteagmháil leis an eagraíocht neamhrialtasach.

Áirítear le raon feidhme an Choiste Fiosrúchán breitheanna maidir le fiosrúcháin trasteorann agus fiosrúcháin eile a thosófar faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. Áirítear lena raon feidhme freisin fiosrúcháin a thosaítear faoin Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí. Tá Téarmaí Tagartha an Choiste Fiosrúchán ar fáil anseo.