Saoráil Faisnéise

Ón 14 Aibreán 2015, beidh an Coimisiún um Chosaint Sonraí (DPC) faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014 go páirteach.

Tá an DPC faoi réir an Achta maidir le taifid faoi cheisteanna riaracháin amháin agus iad siúd a cruthaíodh i ndiaidh an 21 Aibreán 2008 go sonrach. Dá bhrí sin, níl taifid a bhaineann le, mar shampla, feidhmeanna maoirseachta, rialála, comhairliúcháin, láimhseála gearán nó imscrúdaithe (lena n-áirítear comhaid chás) a nochtadh faoin Acht.

Ní féidir scaoileadh le comhaid imscrúdaithe agus cháis faoin Acht.

Féach Sceideal 1, Cuid 1 “Gníomhaíochtaí Páirtchuimsithe” den Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014 ag an nasc seo.

Conas Iarratas a Dhéanamh:

Ní mór iarratas ar fhaisnéis faoin Acht um Shaoráil Faisnéise a dhéanamh i scríbhinn. Ba chóir a léiriú go bhfuil an fhaisnéis á lorg faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.

Ba cheart go mbeadh an t-iarratas sách soiléir go mbeidh an DPC in ann na taifid atá á lorg a shainaithint. Mura bhfuil an DPC soiléir maidir leis na taifid atá á lorg, déanfaimid teagmháil leat le soiléiriú a fháil. Má bhíonn aon deacracht agat chun na taifid chruinne a shainaithint a theastaíonn uait, féadfaidh foireann an Aonaid um Shaoráil Faisnéise cabhrú leat. Guthán: +353 1 7650100

Más fearr faisnéis a fháil i bhformáid ar leith (e.g. cóip ar pháipéar nó cóip leictreonach sa chás gur féidir), ba cheart seo a lua san iarratas. Moltar duit uimhir ghutháin a sholáthar lena éascú don DPC teagmháil a dhéanamh leat sa chás go dteastaíonn soiléiriú.

Is féidir iarratais a dhéanamh ar an ríomhphost chuig: foi@dataprotection.ie

Is féidir iarratais a sheoladh tríd an bpost freisin chuig:

An Coimisiún um Chosaint Sonraí,

An tAonad Saorála Faisnéise,

21 Cearnóg Mhic Liam Theas,

Baile Átha Cliath 2,

Éire.

Tabhair faoi deara gurb é polasaí an DPC iarratais faoi Shaoráil Faisnéise a fhoilsiú, faoinár logáil nochtadh, ar ár láithreán gréasáin. Ní chuimsíonn an fhaisnéis a thaispeántar aon sonraí aitheantais phearsanta.

Chun féachaint ar ár n-logáil nochtadh, cliceáil anseo

Chun féachaint ar Freedom of Information Scéim Foilseacháin um SF cliceáil anseo

Teorainneacha Ama:

  • Cuirfear r-phost admhála laistigh de dheich lá oibre tar éis an t-iarratas a fháil.
  • Eisítear freagra ar d'iarratas bunaidh le 20 lá oibre. Mura bhfuair tú freagra laistigh den am seo, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hAonad um Shaoráil Faisnéise an DPC. De rogha ar sin, is féidir leat achomharc a dhéanamh go díreach chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise mura bhfuair tú freagra laistigh de 4 sheachtain (20 lá oibre).

Cinntí:

Faoi réir fhorálacha an Achta, féadfaidh an DPC cinneadh a dhéanamh chun:

  • An t-iarratas a dheonú
  • Cuid den iarratas a dheonú
  • An t-iarratas a dhiúltú.

Má tá an t-iarratas le deonú, cibé acu go hiomlán nó go páirteach, deimhneoidh an DPC an fhoirm agus an bealach ina bhfeidhmeofar an fhreagra, agus aird ar rogha an iarratasóra.

Cuirfidh an DPC an t-iarratasóir ar an eolas ar an gcinneadh. Má dhiúltaítear an t-iarratas, cibé acu go hiomlán nó go páirteach, tá dualgas ar an DPC cúiseanna a thabhairt leis an diúltú.

Nósanna Imeachta Athbhreithnithe:

Sa chás go ndéantar cinneadh chun rochtain ar fhaisnéis a dhiúltú, féadfaidh duine atá míshásta leis an gcinneadh tosaigh, nó nach bhfuair freagra laistigh de 20 lá oibre (4 seachtain) tar éis don DPC an t-iarratas a fháil, athbhreithniú inmheánach a lorg. Tabharfaidh oifigeach atá ar ghrád níos airde ná an duine a rinneadh an cinneadh i dtosach, faoin athbhreithniú seo. Tá teorainn ama 3 seachtaine (15 lá oibre) ar an athbhreithniú seo. Mura bhfuil tú sásta go fóill leis an gcinneadh, tá an ceart agat chun achomharc a dhéanamh le hathbhreithniú seachtrach le hOifig an Choimisinéara Faisnéise. Ní féidir an ceart seo a fheidhmiú ach sa chás go ndéantar achomharc inmheánach don DPC ar an gcinneadh i dtosach.

Ba cheart iarratais ar athbhreithniú inmheánach a sheoladh ar aghaidh i scríbhinn chuig:

An Coimisiún um Chosaint Sonraí

21 Cearnóg Mhic Liam, BÁC 2,

DO2 RD28, Éireann.

Nó chuig: foi@dataprotection.ie

Táillí:

Níl aon táille ar iarratas a dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Gearrtar táillí, áfach, ar athbhreithnithe inmheánacha i gcásanna ina lorgaítear faisnéis neamhphearsanta.

Féadtar táillí a ghearradh ar chostas fótachóipeála agus gearrtar táillí chomh maith ar fhaisnéis eile a chuardach agus a aisghabháil. Cuirfear iad seo in iúl más infheidhme.

Táillí an Nóis Athbhreithnithe

Athbhreithniú inmheánach ar iarratais neamhphearsanta: táille €30 (€10 do shealbhóirí cárta leighis)

Nóta: Chun táille laghdaithe a fháil, b’fhéidir go dteastóidh cruthúnas i leith cárta leighis

Is féidir breis faisnéise a fháil ag www.oic.ie/