Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid

Cloíonn an Coimisiún um Chosaint Sonraí leis na Rialacháin maidir le Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid agus spreagaimid athúsáid na faisnéise a tháirgimid.

Mura sonraítear a mhalairt, is faoi chóipcheart an Choimisiúin um Chosaint Sonraí atá an fhaisnéis ar fad a thugtar ar ár suíomh Gréasáin. Is ceadmhach duit an fhaisnéis ar an suíomh Gréasáin seo a athúsáid saor in aisce i bhformáid ar bith.

Áirítear le hathúsáid cóipeáil, cóipeanna a eisiúint chuig an bpobal, foilsiú, craoladh agus aistriú chuig teangacha eile. Áirítear taighde agus staidéar neamhthráchtála léi freisin. Féadfar faisnéis agus doiciméid a fhaightear ón suíomh Gréasáin seo a athúsáid faoi réir théarmaí an cheadúnais faisnéise earnála poiblí is déanaí atá ar fáil ag https://data.gov.ie/ga/pages/re-useofpublicsectorinformation

Féadfar faisnéis a athúsáid faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas: Ní mór duit:

  • An fhoinse agus ár gcóipcheart a aithint i gcásanna go soláthraíonn tú an fhaisnéis do dhaoine eile;
  • An fhaisnéis a atáirgeadh go cruinn;
  • Gan an fhaisnéis a úsáid ar bhealach míthreorach;
  • Gan an fhaisnéis a úsáid go príomha chun táirge nó seirbhís ar leith a fhógairt nó a chur chun cinn;
  • Gan an fhaisnéis a úsáid chun críocha neamhdhleathacha, mímhorálta, calaoiseacha nó mímhacánta ná chun tacú leis na críocha sin.

Níl an Coimisiún um Chosaint Sonraí faoi dhliteanas i leith aon chaillteanais nó dliteanais atá bainteach le faisnéis a athúsáid. Cé go ndéantar dianiarracht a chinntiú gur cruinn atá an fhaisnéis ar an suíomh Gréasáin, ní dheimhníonn an Coimisiún um Chosaint Sonraí gur cothrom le dáta agus saor ó earráidí atá an fhaisnéis ar fad. Ní thugann an Coimisiún um Chosaint Sonraí údarás d’aon úsáideoir cearta eisiacha a bheith aige/aici chun a chuid faisnéise a athúsáid.