Achoimre ar na foirmeacha gréasáin nua chun fógra a thabhairt maidir le sárú

15th Mí Meán Fomhair 2021

Tá athbhreithniú déanta ag an DPC ar na foirmeacha gréasáin maidir le sárú atá in úsáid ag rialaitheoirí sonraí i láthair na huaire, foirmeacha a úsáidtear chun fógra a thabhairt maidir le sáruithe ar shonraí pearsanta i gcomhréir le hAlt 33 den GDPR agus le hAlt 86 den Acht um Chosaint Sonraí 2018. De bhun an athbhreithnithe sin, éileofar ar rialaitheoirí sonraí foirm ghréasáin leasaithe a úsáid.

Is é is cuspóir leis an bhfoirm ghréasáin leasaithe i ndáil le sárú:

  • Éascaíocht úsáidte a fheabhsú do na rialaitheoirí sonraí.
  • An modh le fógra a thabhairt maidir le sáruithe "trasteorann" ar shonraí pearsanta agus sáruithe "náisiúnta" ar shonraí pearsanta a athchóiriú chun éifeachta in aon bhealach amháin.
  • Botúin choitianta nó míthuiscintí coitianta a laghdú nuair a chuirtear foirmeacha gréasáin ar aghaidh.
  • Breithnithe agus saincheisteanna a bhí ardaithe ag rialaitheoirí sonraí roimhe sin a ghlacadh san áireamh.
  • Ceisteanna a chuirtear a fhairsingiú d'fhonn an riachtanas atá ar an DPC fiosruithe leantacha a eisiúint chuig rialaitheoirí sonraí a laghdú.

Leagtar béim thíos ar na hathruithe a bheidh á gcur i bhfeidhm ar an bhfoirm ghréasáin chun fógra a thabhairt maidir le sárú:

  • Tá ceisteanna "scagtha" le tabhairt isteach chun chuidiú le rialaitheoirí sonraí cinneadh a dhéanamh cibé an mbeidh gá fógra maidir le sárú a dhéanamh nó nach mbeidh agus chun an baol go n-úsáidfeadh daoine aonair an fhoirm ghréasáin de bhotún chun fógra a thabhairt maidir le sárú chun ábhar imní a ardú maidir lena gcuid sonraí pearsanta féin a laghdú.
  • Tá na foirmeacha gréasáin maidir le sárú "náisiúnta" agus "trasteorann" curtha ar aon fhoirm amháin, ar a dtugtar an fhaisnéis a theastaíonn le fios don úsáideoir chun a mheas cibé an mbaineann an sárú le próiseáil trasteorann nó nach mbaineann agus cibé an é an DPC an t-údarás maoirseachta atá inniúil i leith an tsáraithe nó nach é.
  • Cuirfear roghanna níos mionsonraithe faoi bhráid úsáideoirí nuair a bheidh siad ag roghnú cineál, nádúr agus cúis na heachtra agus na saghsanna sonraí lena mbaineann agus cuirfear tuilleadh treorach ar fáil maidir leis an bhfaisnéis a bheidh á lorg ar an bhfoirm ghréasáin maidir le sárú. Ba chóir go laghdódh sé sin an gá a bheadh ann don DPC ceisteanna leantacha soiléirithe a eisiúint chuig an rialaitheoir sonraí. De bharr na gceisteanna nua, beidh an fhoirm ghréasáin maidir le sárú ag teacht níos fearr le foirmeacha chun fógra a thabhairt maidir le sárú a bhíonn in úsáid ag údaráis mhaoirseachta eile de chuid an AE, a fhágfaidh go mbeidh rialaitheoirí sonraí a bhíonn i dteagmháil le go leor údaráis mhaoirseachta AE ábalta fógra a thabhairt maidir le sáruithe ar shonraí pearsanta.
  • Tá teorainn na gcarachtar méadaithe i ndáil le réimsí ina dteastaíonn freagraí níos fairsinge.

Ba chóir do rialaitheoirí sonraí leanúint de dhul i gcomhairle le treoir an DPC ar fhógraí maidir le sárú ar shonraí pearsanta d'fhonn comhlíontacht iomlán a chinntiú lena n-oibleagáidí faoi Airteagal 33 den GDPR agus alt 86 den Acht um Chosaint Sonraí 2018.

Ba chóir do soláthróirí seirbhísí agus líonraí leictreonacha leanúint d'fhógra a thabhairt maidir le sáruithe ar shonraí pearsanta a thagann faoi I.R. 336 de 2011 trí úsáid a bhaint as an bhfoirm ghréasáin ar leith chun fógra a thabhairt maidir le sárú atá ar fáil anseo. Tabhair ar aird le do thoil go mbeidh athruithe le teacht gan mhoill maidir leis an bhfoirm seo nuair a dhéanfar an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach a thrasuí ina dhlí de chuid na hÉireann.