Trédhearcacht

Faisnéis Thrédhearcach a Sholáthar

Aon ghnólachtaí agus aon eagraíochtaí a phróiseálann sonraí pearsanta, ní mór dóibh faisnéis a sholáthar do dhaoine aonair faoin gcineál próiseála a dhéantar agus faoi cé a dhéanann an phróiseáil. Ní mór na nithe seo a leanas ar a laghad a lua go soiléir san fhaisnéis sin:

  1. Cé thusa (an eagraíocht)

  2. Cén fáth a bhfuil na sonraí á bpróiseáil agat

  3. Cén bunús dlí a bhfuil tú ag brath air chun údar a thabhairt leis an bpróiseáil

  4. Cé acu a aistreofar nó nach n-aistreofar na sonraí chuig eagraíochtaí nó daoine aonair eile

  5. Cá fhad a stórálfar na sonraí

  6. Na cearta atá ag an duine aonair faoin dlí cosanta sonraí, lena n-áirítear an ceart rochtana, an ceart go ndéanfaí ceartúcháin, an ceart go ndéanfaí léirscriosadh, an ceart go gcuirfí srian le próiseáil, an ceart chun agóid a dhéanamh agus an ceart chun iniomparthacht sonraí.

Ní mór an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar freisin, i gcás go dtagann do ghnólacht nó d’eagraíocht faoi raon feidhme na bhforálacha lena mbaineann:

  • Má cheanglaítear ort Oifigeach Cosanta Sonraí a cheapadh, ní mór faisnéis teagmhála an Oifigigh Chosanta Sonraí a sholáthar.
  • Má tá tú ag brath ar leasanna dlisteanacha mar bhunús dlí don phróiseáil, ní mór duit an leas dlisteanach sin a mhíniú.
  • Má tá tú ag aistriú sonraí chuig áit lasmuigh den Aontas Eorpach, ní mór duit a mhíniú cén fáth.
  • Má tá tú ag brath ar thoiliú mar bhunús dlí don phróiseáil, ní mór duit a mhíniú conas is féidir toiliú a tharraingt siar.
  • Má tá oibleagáid dhlíthiúil ann chun na sonraí a sholáthar, ní mór an oibleagáid sin a mhíniú.
  • Má tá tú ag déanamh próiseála trí mhodhanna cinnteoireachta uathoibrithe, ní mór duit faisnéis a sholáthar faoin loighic atá taobh thiar den phróiseas uathoibrithe agus faoi aon iarmhairtí a bhíonn ag cinntí a dtagtar orthu trí mhodhanna uathoibrithe. Bí ar an eolas go bhfuil an ceart chun agóid a dhéanamh i gcoinne próiseáil uathoibrithe atá leagtha amach sa rannán um threoir do dhaoine aonair, ar cheann de na cearta a thugtar do dhaoine aonair faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí.

Tá tuilleadh faisnéise faoi Thrédhearcacht ar fáil sa Treoir ó Mheitheal Oibre Airteagal 29